Cosán nascleanúna

Lógó orgánach an AE, marc muiníne - 04/07/2012

An lógo orgánach: 12 réalta bhána agus cuma duilleoige orthu ar chúlra glas © AE

Tig leat bheith muiníneach gur bia is deoch orgánach atá á gceannach agat nuair a fheiceann tú lógó "duilleoige" an AE ar phacáiste.

Ní mór an lógó (atá ar taispeáint san íomhá) a bheith ar gach bia orgánach pacáistithe a táirgeadh san AE tar éis tréimhse trasdula dhá bhliain a chríochnaigh an 1 Iúil.

Ciallaíonn sé sin gur chloígh déantóirí bia – agus na feirmeoirí óna bhfuair siad na comhábhair – le rialacha diana don AE uile българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ar bhia is ar dheoch orgánach.

Tá faoi na rialacha – agus faoin lógó – feirmeoirí orgánacha an AE, a gcúram don talamh, don bhithéagsúlacht is d'ardchaighdeáin na cosanta d'ainmhithe, a chur chun cinn.

Tá an margadh ag méadú le blianta beaga anuas. Deimhnítear gur bianna orgánacha iad thart ar 2% de na bianna a cheannaíonn tomhaltóirí an AE, agus deimhnítear gur táirgeoirí orgánacha iad timpeall 200, 000 feirm san AE.

Riachtanais eile

Agus lógó orgánach an AE á úsáid acu, ní mór do mhonaróirí na nithe seo a leanas a chur ar an lipéad: uimhir thagartha an údaráis deimhniúcháin agus ainmeacha an táirgeora, an phróiseálaí nó an dáileora is deireanaí a láimhseáil an táirge. Féadtar marcanna deimhniúcháin orgánacha náisiúnta a úsáid freisin fara lógó an AE.

Tá an lógó roghnach fós ar tháirgí gan phacáistiú nó ar allmhairí. Sular féidir táirgí orgánacha a onnmhairiú anseo, ní mór rialacha orgánacha agus údaráis deimhniúcháin tíortha eile a aithint mar choibhéis na gcaighdeán AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska .

Na chéad chéimeanna eile

An 1 Lúnasa déanfar dlí de rialacha nua ar fhíon orgánach. I bhFeabhra, shínigh an AE comhaontú leis na Stáit Aontaithe ar chomhaitheantas do tháirgí orgánacha a chéile. Laghdóidh an comhaontú sin an rómhaorlathas do lucht onnmhairiúcháin.

Faoi láthair, tá slite eile le rialacha orgánacha an AE a fheabhsú á meas ag an gCoimisiún.

Cuirtear béim ar chosaint an chomhshaoil is ar leas na n-ainmhithe san fheirmeoireacht orgánach. Ní mór d'fheirmeoirí a gcuid úsáide ar cheimiceáin shintéiseacha amhail leasacháin, lotnaidicídí, breiseáin agus cógais a sheachaint nó a laghdú go mór.

Féadtar 'orgánach' a thabhairt ar bhianna más orgánach atá 95% ar a laghad dá gcuid comhábhar talmhaíochta. Tá cosc ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe (GMOanna) agus ar tháirgí a rinneadh as GMOanna a úsáid.

Tuilleadh faoin bhfeirmeoireacht orgánach san AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links