Cosán nascleanúna

Leasú an CBT – cothrom, glas, tíosach - 12/10/2011

Grúpa oibrithe is fíonchaora á mbuaint acu © AE

Plean a d'athchóireodh beartas talmhaíochta an AE chun soláthar bia a áirithiú, an comhshaol a chosaint is a chinntiú go bhforbrófar ceantair thuaithe go hinbhuanaithe.

Leasuithe ar an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) tar éis 2013, tá fúthu cabhrú le feirmeoirí oiriúnú do riachtanais luaineacha an mhargaidh is soláthar bia inbhuanaithe a chinntiú.

Tá faoi na tograí DeutschEnglishfrançais an úsáid is fearr a bhaint as maoiniú trí na feirmeoirí a mhisniú le bheith níos iomaíche. Thairbheodh tomhaltóirí as sárbhia ag praghsanna cothroma.

I measc na mbeart tá:

  • tacaíocht a dhéanamh níos cothroime, níos simplí is níos saindírithe – bunchabhair d'fheirmeoirí gníomhacha a theorannú do €300 000 in aghaidh na feirme sa bhliain agus maoiniú a dháileadh níos cothroime ar fheirmeoirí, ar réigiúin is ar thíortha an AE
  • cabhrú le feirmeoirí maidir le mearathruithe praghsanna is éilimh – tacaíocht a thapú le llinn géarchéimeanna geilleagracha
  • 30% d'íocaíochtaí CBL a áirithiú d'fheirmeacha a úsáideann dea-chleachtais chomhshaoil – tacú le héagsúlú barr, le buanchothabháil féaraigh is le limistéir is tírdhreacha nádúrtha a chaomhnú
  • díriú ar thaighde is ar nuáil níos fearr – maoiniú T&F a dhúbailt, rud a dhéanfadh an taighde níos ábhartha do riachtanais an fheirmeora, is a luathódh aistriú eolais ó shaotharlann go gort
  • feirmeoirí a chumhachtú – tacú le heagrais feirmeoireachta is le breis nasc díreach a chothú le custaiméirí ach líon na n-idirghabhálaithe a ísliú
  • tacú le cosaint an chomhshaoil – tosaíocht i gceantair thuaithe a thabhairt don troid i gcoinne athrú na haeráide, agus úsáid thíosach na n-acmhainní
  • feirmeoirí níos óige a mhealladh – tacú leosan atá faoi bhun 40 le linn a gcéad chúig bliana feirmeoireachta
  • fostaíocht is fiontraíocht tuaithe a chur chun cinn – suas le €70 000 thar chúig bliana a chur ar fáil do mhion-tionscadail, mar shampla
  • farsaingiú fásaigh a chosc – maoiniú breise a chur ar fáil d'fheirmeoirí i limistéir ina bhfuil cis nádúrtha
  • rómhaorlathas a ghearradh – rialacha a dhéanamh níos simplí, go háirithe d'fheirmeoirí beaga, a gheobhadh cnapshuimeanna €500 go €1000 sa bhliain in aghaidh na feirme

A bhuí le leasuithe roimhe seo, íslíodh cion an CBT de bhuiséad an AE ó bheagnach 75% go 41%. Mhionchoigeartódh na moltaí nua an maoiniú atá ar fáil i slí níos spriocdhírithe, tíosaí.

Ba chóir go mbeidís i bhfeidhm in 2014, ach iad a bheith formheasta ag Parlaimint na hEorpa is ag airí náisiúta i gComhairle an AE.

Breis faoin CBT feasta DeutschEnglishfrançais

Breis faoi fhorbairt na talmhaíochta is na tuaithe българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links