Cosán nascleanúna

Táirgeacht fheirme an AE á gcur chun ainn - tabhair dúinn do chuid smaointí! - 15/07/2011

Léasa cruithneachta agus an spéir sa chúlra© iStock/Dimitrije Tanaskovic

Táirgíonn feirmeoirí an AE táirgí ar ard-chaighdeán, ach d'fhéadfadh margaíocht níos fearr aitheantas - agus díolacháin - a ardú anseo agus thar lear.

Táirgíonn feirmeoirí an AE cuid den bhia is fearr ar domhain - torthaí a saineolais, a dtraidisiún, a nuálaíocht agus a gcaighdeáin arda táirgthe.

Ach ní i gcónaí a bhíonn tomhaltóirí anseo agus thar lear ar an eolas faoin gcúram a bhaineann le bia ar ard-chaighdeán a dhéanamh - grán, glasraí, torthaí, feoil, táirgí déiríochta, olaí agus táirgí traidisiúnta feirme eile.

Mar shampla, comhlíonann feirmeacha an AE caighdeáin níos doichte ná a n‑iomaitheoirí - maidir le sábháltach bhia, an timpeallacht agus leas ainmhithe. Na gnéithe sin, ba cheart go seasfadh táirgí feirme na hEorpa amach ag stainníní margaí áitiúla agus in ollmhargaí dá mbarr.

Tá an Coimisiún cinnte go bhféadfadh an AE níos mó a dhéanamh le táirgeacht an AE a chur chun cinn agus níos mó daoine a spreagadh chun táirgí Eorpacha a cheannach".

Chabhródh rialacha simplithe agus tuilleadh comhair i measc thíortha an AE le gach duine sa tionscal táirgí talmhaíochta a chur chun cinn ar bhonn níos forleithne agus dul isteach i margaí nua.

Chabhródh sé sin freisin le:

  • feirmeoirí aischur cothrom a fháil a léiríonn caighdeán a dtáirgí - d'fhéadfadh fócas ar ar chaighdeáin ceannaitheoirí a spreagadh chun praghsanna níos airde a íoc.
  • tomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus iad ag ceannach bia - mar shampla, trí chóras lipéadaithe ardmhianaigh DeutschEnglishfrançais an AE, cúram d'ainmhithe agus caighdeáin chomhshaoil a chur chun cinn níos mó.
  • ceannaitheoirí táirgeachta talmhaíochta (an tionscal agraibhia agus miondíoltóirí san áireamh) le heolas níos fearr a chur ar an raon leathan táirgí atá ar fáil dóibh.

Roimh tograí a dhéanamh, tá an Coimisiún ag iarraidh tuairimí ó fheirmeoirí, ó mhiondíoltóirí, ó onnmhaireoirí, ó thomhaltóirí agus ó dhaoine eile. Cabhróidh na tuairimí seo le pleananna le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha reatha margaíochta.

Tugtar cúleolas i bplécháipéis българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a aithníonn réimsí ina bhféadfaí margaíocht a fheabhsú. Tá an comhairliúchán DeutschEnglishfrançais ar oscailt go dtí an 30 Meán Fómhair 2011.

Idir 2006 agus 2010, dheonaigh an AE thart ar €259m le comh-mhaoiniú a dhéanamh ar 190 clár fógraíochta mar chuid dá chomhbheartas talmhaíochta (CBT).

Cabhraigh le múnlú bheartas an AE i leith táirgí talmhaíochta a chur chun cinn. DeutschEnglishfrançais

Tuilleadh eolais ar chláir le táirgí feirme an AE a chur chun cinn. DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links