Cosán nascleanúna

Plean le hiascaigh na hEorpa a shábháil - 13/07/2011

Scoil éisc © istock/Dirk-Jan Mattaar

D'fhreastalódh pleananna iascaigh ar éileamh agus dhéanfadh siad slite beatha a dhaingniú agus stoic éisc ídithe á gcosaint.

Dhéanfadh tograí chun athchóiriú a dhéanamh ar bhainistiú iascaigh an AE stoic éisc a thabhairt ar ais go léibhéal inbhuanaithe - ag cur soláthair bhia sheasmhaigh, dhaingin agus shláintiúil ar fáil.

Tá sé mar aidhm acu go mbeadh an tionscal iascaireachta brabúsach arís, go mbeadh sé neamhspleách ar fhóirdheontais phoiblí agus deiseanna nua fostaíochta agus fáis a chruthú sna ceantair cois cósta.

Tá géarghá le hathrú. Tá laghdú ar an mbaol atá ann do roinnt stoc éisc de bharr bhearta reatha an AE, ach tá trálaeir tráchtála fós ag gabháil éisc níos tapúla ná mar is féidir leo atáirgeadh.

An toradh air seo? Tá ró-iascaireacht déanta ar thrí speiceas éisc as ceithre speiceas, a chuireann an éiceachóras muirí iomlán i mbaol. Tá an tionscal ag fulaingt toradh laghdaitheach agus tá a thodhchaí neamhchinnte

Is léir ó mheastacháin go mbeadh meadú 70% ar stoic éisc mar thoradh ar na bearta nua. Bheadh méadú thart ar 17% ar bhaisc éisc ina n-iomlán agus bheadh an tionscal níos brabúsaí mar thoradh air sin.

I measc na dtograí English tá:

  • Bainistíocht ar iascaigh a bhunú ar spriocanna fadtéarmacha agus ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil
  • cuótaí gabhála a shocrú le gach stoc éisc a thabhairt go leibhéil inbhuanaithe faoi 2015, ag teacht le gealltanais idirnáisiúnta an AE.
  • iallach a chur ar iascairí a mbaisc éisc iomlána a thabhairt go talún - ní bheidh cead acu speicis éisc nach bhfuil uathu a chuileáil
  • líon loingeas a laghdú trí bhearta an mhargaidh seachas le fóirdheontais - mar shampla, bheadh cuótaí indibhidiúla gabhála intrádála i measc iascairí
  • tacaíocht a sholáthar le cuidiú le hiascaigh mhionscála iad féin a chur in oiriúint do na hathruithe
  • tuilleadh cumhachta a thabhairt do thíortha an AE ar bhearta caomhnaithe le gur féidir iad a chur in oiriúint do riachtanais réigiúnacha agus áitiúla - dhéanfadh iascairí a gcinntí féin maidir le méideanna loingis agus soláthar.
  • tacú le feirmeacha éisc inbhuanaithe le freastal ar an éileamh ar éisc
  • eolas níos fearr a sholáthar do thomhaltóirí ar cháilíocht, ar bhunús agus ar inbhuanaitheacht an bhia mhara a cheannaíonn siad

Deonófar tacaíocht airgeadais AE do thionscadail iascaigh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus dóibh sin amháin Cuirfidh rialuithe dochta deireadh le maoiniú dóibh siúd a bhriseann na rialacha nó tionscadail a bhfuil ró-acmhainn mar thoradh orthu.

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún chomh maith caomhú iascaireachta a chur chun cinn trí chomhaontuithe nua an AE le tíortha eile.

Na chéad chéimeanna eile

Anois cuirfear na tograí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus rialtais an AE.

Tuilleadh eolais ar iascaigh an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Tuilleadh eolais faoi athchóiriú ar bhainistiú iascaigh an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Athchóiriú ar an gComhbheartas Iascaigh: bíodh muid ag caint faoi! English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links