Cosán nascleanúna

Rogha feola leasaithe fara roinnt rollaí aráin agus tráta © AE

Cosnaíonn córas lipeádaithe ardmhianaigh an AE 1 000 ainm atá in úsáid chun táirgí agus bia traidisiúnta talmhaíochta a shonrú.

An 15 Feabhra 2001, rinneadh an míliú hainm, Piacentinu Enneses, cáis chaorach ón Iodáil faoi bhlas chróch, a chlárú faoi chóras lipeádaithe ardmhianaigh an AE.

Cabhraíonn an córas le hainmneacha branda tháirgí agus bhia traidisiúnta na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn. Ráthaíonn sé obair na mílte feirmeoirí agus táirgeoirí bia ceardaithe trí thuathoidhreacht an AE a chaomhnú agus a thógáil. Fairis sin, tugann sé muinín do thomhaltóirí as an mbia a cheannaíonn siad, a bhfuil an lipeád sin orthu.

Tar éis ainm táirgí nó bia traidisiúnta talmhaíochta a chlárú faoi cheann amháin den trí mharc ardmhianaigh, oibríonn an AE lena áirithiú nach féidir le daoine eile úsáid a bhaint as na hainmneacha atá faoi chosaint chun a dtáirgí a mhí-lipeádú.

Mar shampla, ní féidir an lipéad 'Piacentinu Ennese българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ' a úsáid ach ar cháiseanna a rinneadh ar shlí áirithe ó phór caorach áirithe agus a thagann as cúige Enna sa tSicil amháin. Táirgeoirí an cháis, is féidir leo lógó an mhairc ardmhianaigh de Shonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint an AE a chur ar taispeáint anois.

Ó cruthaíodh an marc in 1992, tá an córas tar éis táirgí ar nós liamhás Parma, cháis Roquefort agus phióga muiceola Melton Mowbray a chlárú faoi cheann den trí lipeád:

Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint: faoina gclúdaítear táirgí agus bia-ábhair thalmhaíochta a táirgeadh, a próiseáladh agus a ullmhaíodh i gceantar geografach áirithe ag baint úsáide as modhanna aitheanta.

Tásc Geografach Faoi Chosaint: faoina gclúdaítear táirgí agus bia-ábhair a bhfuil dlúthcheangal acu le ceantar geografach. Déantar, ar a laghad, céim amháin den táirgeadh, phroiseáil nó den ullmhú sa cheantar sin.

Sainearraí Traidisiúnta Faoi Ráthaíocht: faoina dtaispeántar tréithe traidisiúnta an bhia, sa chomhdhéanamh nó sa tslí ina dtairgítear é.

Go dtí seo, tá 505 cineál bia cláraithe mar STFC, 465 mar TGFC agus 30 mar STR. Ní uathchlárú atá i gceist. Ní mór den AE iarratas a phromadh agus is féidir le táirgeoirí eile dul in aghaidh aon iarratais.

Tá fíonta agus biotáillí an AE faoi chosaint ag córais lipeádaithe faoi leith.

Lipeádú cáilíochta a fheabhsú

Tá fonn ar an AE an córas lipeádaithe ardmhianaigh a fheabhsú. Rinne an Coimisiún moltaí reachtacha DeutschEnglishfrançais i Nollaig 2010 chun an córas a shruthlíniú agus chun úsáid agus tuiscint na lipeád a éascú.

Bhí láimhdeachas mórdhíola €14b in 2007 ag bia a raibh lipeád STFC agus TGFC acu, dar le staidéar българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska .

Breis faoi chóras lipeádaithe ardmhianaigh an AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links