Cosán nascleanúna

Sábháilteacht bia a rianú - 15/06/2010

Ba ag gliúcaíocht amach as veain beithíoch os comhair seamlais sa Ghearmáin © Reporters

Díríonn seachtain tréadliachta an AE ar ainmhithe a aithint is a rianú

Galar na bó mire, an galar crúibe is béil, fliú na muc is fliú na n-éan - tá feirmeacha Eorpacha buailte go dian ag scata ráigeanna dá leithéid le fiche bliain anuas. Agus tionchar léirscriosta acu ar uairibh, léirigh siad tábhacht na hinrianaitheachta - an cumas chun bia a rianú trí chéimeanna éagsúla na táirgeachta, na próiseála agus an dáilte, mar shampla trí bharrachóid, pasanna ainmhithe nó clibeanna cluaise a úsáid.

Ach is iomaí tomhailteoir nach léir dó an tairbhe fós, agus uaireanta is trom le tionscal an bhia rialacha inrianaitheachta an AE.

Ón 14-20 Meitheamh, tá tíortha an AE ag eagrú imeachtaí chun feasacht a ardú faoi inrianaitheacht, an ní is fócas do sheachtain tréadliachta an AE English i mbliana. Thosaigh an tseachtain sa Bhruiséil le comhdháil dhá lá a bhaineann le raon ceisteanna, lena n-áirítear clibiú leictreonach caorach agus inrianaitheacht sa talmhaíocht orgánach agus sa trádáil dhomhanda.

Cabhraíonn inrianaitheacht leis na húdaráis chun bagairtí ar shábháilteacht bia danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska nó ar sholáthar bia, a theorannú, bíodh an bhagairt ó ainmhithe nó ó bhia éillithe. Fairis sin, cabhraíonn sé chun bunúlacht na sainbhianna réigiúnacha, amhail mucmhás Iberico nó mairteoil Éireannach, a ráthú.

Ó 2002 i leith, cheangail an AE ar gach gnóthas i dtionscal an bhia is na beatha a bheith in ann foinsí agus cinn scríbe a dtáirgí a aithint go tapa. Chomh maith leis sin, ní mó do tháirgeoirí na húdaráis a chur ar an eolas faoi phriacail, agus táirgí faoi amhras a aistarraingt as an margadh.

"Inniu déanaimid talamh slán de gurb eol dúinn stair iomlán píosa mairteola nó go dtig linn caora ar leith san AE agus táirgí bia a rianú tríd an slabhra bia uile," arsa Coimisinéir na Sláinte, John Dalli. "Ní thar oíche a sroicheadh a chómh-mhaith de chosaint sláinte nó de shábháilteacht bia."

Breis faoi inrianaitheacht i slabhra an bhia English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links