Cosán nascleanúna

Todhchaí thalmhaíocht na hEorpa - cloisimis uaitse - 13/04/2010

Ba á mbeathú ag feirmeoir © EU

Osclaíonn AE plé poiblí faoina bheartas talmhaíochta, roimh mhór-leasú in 2013.

D'fhógair an Coimisiún pleananna an tseachtain seo chun a bheartas talmhaíochta a athnuachan de réir straitéis gheilleagrach nua fhadtéarmach an AE.

In óráid българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska i bParlaimint na hEorpa, dúirt an Coimisinéir Talmhaíochta, Dacian Cioloş, gur léir dó mórdhúshláin roimh an mbeartas, agus athrú na haeráide, fadhbanna le hinfhaighteacht bia agus brú ar acmhainní is ar gheilleagar na tuaithe á lua aige.

Molfar athruithe roimh dheireadh na bliana, d'éis don Choimisiúin tuairimí an phobail a athbhreithniú. Rachaidís i bhfeidhm tar éis don chlár reatha maoinithe dul as feidhm in 2013.

I Meitheamh a bheidh deireadh leis an gcomhairliúchán agus tá súil go dtarraingeoidh sé tuairimí ó thomhaltóirí, ó fheachtasóirí comhshaoil is ó ghrúpaí leasa na n-ainmhithe, chomh maith le feirmeoirí.

Tá an AE ag obair ar phlean geilleagrach 10 mbliana, straitéis na hEorpa 2020. Is dócha go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige don talmhaíocht, go háirithe i ngeall ar a bhéim ar gheilleagar íseal-charbóin.

Tá faoi bheartas talmhaíochta an AE - an CBT - caighdeán réasúnta maireachtála a ráthú d'fheirmeoirí, dóthain bia ar phraghsanna cothroma a chinntiú, agus oidhreacht tuaithe na hEorpa a chaomhnú. Agus costas thart ar €55bn sa bhliain air, is ionann é agus 40% de bhuiséad an AE, a fhormhór á íoc le feirmeoirí mar fhóirdheontais dhíreacha. Timpeall 5% den daonra oibre atá ag gabháil don talmhaíocht.

Dhein an AE athruithe fairsinge ar an mbeartas le blianta beaga anuas, le cealú na cabhrach feirme a bhunaítí ar tháirgeadh agus le breis saoirse d'fheirmeoirí chun a bhfuil ón margadh a tháirgeadh.

Taispeánann suirbhé AE le déanaí DeutschEnglishfrançais tacaíocht leathan don bheartas, agus seisear ag gach deichniúr ag rá go dtacaíonn siad leis an leibhéal reatha caiteachais nó le buiséad níos mó fós.

Agus an AE sa tóir ar bhreis leasuithe, tugann an Coimisinéir Cioloş rabhadh faoina mórthábhacht: "Cur i gcuimhne faoi sin is ea na himeachtaí a bhain don domhan le dhá bhliain anuas."

In 2008 tharla ardú géar tobann i bpraghsanna bia a tharraing agóidí in a lán tíortha. Bhí feoirmeoirí déiríochta na hEorpa ar na sráideanna anuraidh is fearg orthu faoi thitim na bpraghsanna bainne.

An Comhbheartas talmhaíochta d'éis 2013 - cloisimis uaitse българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links