Cosán nascleanúna

Baol ar an iascach san AE - sábháil ár stoic - 23/04/2009

Iarrann an Coimisiún cabhair chun iascach an AE a leasú.

An bhliain 2020 is tá rath ar thionscal an iascaigh. Tá deireadh leis an ró-iascach. Tá stoic éisc na hEorpa go léir aischurtha, beagnach, agus fan na gcóstaí, is slí bheatha tharraingteach le daoine óga an t-iascach athuair.

Mar sin a thosaíonn tuarascáil AE faoin iascach san Eoraip feasta English. Ach mar a léiríonn an páipéar go tapa, is fada atáimid ón aisling sin. Ach chun a leithéid a chruthú, teastóidh athrú raidiciúil beartais ón AE.

Céad chéim i dtreo cur chuige iomlán difriúil atá sa tuarascáil, táthar ag súil. Sna míonna romhainn, iarrfaidh an Coimisiún comhairle ar an uile duine ar spéis leis an tionscal chun plean nua a ghaibhniú.

"Is mó atá uainn ná leasú eile", arsa Coimisinéir na Mara Joe Borg. "Tá ceisteanna bunúsacha á n-ardú againn faoin mbeartas is níor cheart faillí a dhéanamh in aon rud."

De ghnáth ní bheadh an beartas reatha danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska - a ollchóiríodh don uair dheiridh i 2002 - le hathbhreithniú go dtí 2012. Ach tá cúrsaí éirithe ró leochaileach chun fanacht chomh fada sin.

Cheana féin déantar ró-iascach ar 88% de stoic éisc na hEorpa, le hais 25% ar fud an domhain. Ní thig le beagnach trian de na héisc síolrú mar is gnách mar tá líon a sinsear laghdaithe rómhór. Sa Mhuir Thuaidh, mar shampla, beirtear ar 90% de na troisc sula mbíonn deis acu sceitheadh.

Léiríonn sé sin an fáth go n-allmhairíonn an Eoraip - an chumhacht iascaigh is mó ar domhan tar éis na Síne - dhá thrian dá cuid éisc anois.

An iomad soitheach éisc sa tóir ar líon róbheag éisc, sin í an phríomhfhadhb. Laghdaíodh cabhlach na hEorpa - thart ar 88 000 soitheach de mhéideanna is de chumais éagsúla – le blianta beaga anuas, ach is beag an mhaith é sin óir tá dul chun cinn na teicneolaíochta ag cur le héifeachtacht na mbád. Is gá laghduithe níos mó chun stoic a aischur is chun inbhuanaitheacht gheilleagrach a chinntiú.

Fairis sin, aibhsíonn an tuarascáil na fóirdheontais arda a íocann rialtais leis an tionscal, rud a chuireann leis an ró-iascach.

Socraíonn an tAE cuótaí ar bhraisceanna, ach theip orthusan na mara a athlíonadh is níl gean an phobail orthu. Chuir iascairí Francacha longbhac ar chuid mhaith calafort i Muir nIocht le déanaí mar agóid i gcoinne cuótaí sóil is troisc.

Foinse thábhachtach fostaíochta atá sa tionscal fós ach is sa phróiseáil, sa phacáil is i ngníomhaíochtaí eile seachas iascach atá formhór na bpost. Níl ach timpeall 190 000 duine atá fostaithe go díreach ag breith ar éisc anois.

Breis faoi bheartas iascaigh an AE danskDeutschελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links