Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Tá togra AE faoi chosaint ainmhithe a iarrann athruithe sa tslí ina maraíonn seamlais eallaí, muca, éanlaith chlóis is beostoc eile.
Faoi na rialacha nua
, bheadh ar sheamlais faireachán a dhéanamh ar ainmhithe tar éis iad a stiúdú le cinntiú nach ndúiseoidh siad sula marófar iad
Gach bliain maraítear beagnach 360 milliún muc, caora, gabhar, is eallach agus roinnt billiún d’éanlaith chlóis dá gcuid feola san AE. Maraítear 25 milliún ainmhí eile dá gcuid fionnaidh, agus maraíonn gorlanna thart ar 330 milliún sicín fireann is iad lá amháin d’aois. Agus thug an fliú éanúil is an galar crúibe is béil marú na milliún ainmhithe eile le blianta beaga anuas.
Ní mór do sheamlais beostoc a stiúdú sula maraítear iad chun pian is anbhroid a íoslaghdú. Ach níor athraigh na rialacha faoi seo ó 1993 i leith agus níl siad anois i dtiúin leis an dul chun cinn san eolaíocht, sa teicneolaíocht is faoi leas na n-ainmhithe.
Is ionann stiúdú agus úsáid a bhaint as aibhléis, gás nó foréigean (mar aerghunna) chun an t-ainmhí a chur gan aithne gan urlabhra. Níl aon mhodh 100% éifeachtach, is tagann roinnt ainmhithe chucu féin sna nóiméid dheireanacha acu roimh an mbás.
Ní choscann an togra aon mhodh atá in úsáid faoi láthair, ach teorannaíonn sé úsáid roinnt teicnící. Aithníonn sé go bhfuil roinnt eolaithe buartha faoi dhaonnachtúlacht dhá mhodh – gásáil le dé-ocsaíd charbóin agus folcthaí uisce aibhléisithe – ach glacann sé leis nach bhfuil malairt slí a bheadh trádálach ann faoi láthair.
Faoin togra freisin:
Is gá go gceadódh rialtais uile an 27 Ballstát san AE na bearta seo. Seamlais i dtíortha lasmuigh den AE a onnmhairíonn don AE, bheadh orthu cloí le caighdeáin chomhchosúla.