Cosán nascleanúna

Cabhlaigh ilnáisiúnta imscartha chun trosc is tuinnín a shábháil - 29/07/2008

An soitheach patróil Jean Charcot ar muir

Tionscnaíonn tíortha AE comh-phatróil mhara i gcoinne an ró-iascaigh ar specis i mbaol. 

I bhFeabhra, sheol cúig long le cúltaca faire eitleán amach sa Mhuir Bhailt. Bhí siad ar mhisin i gcoinne ró-iascach españoldanskDeutsch????????EnglishfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska an troisc, a bhíodh líonmhar tráth sna huiscí oighreata, ach atá ag dul i ndísc go mear anois.

Ar feadh coicíse, thug cigirí ón Danmhairg, ón bPolainn, ón Liotuáin is ón tSualainn 112 cuairt gan choinne – ag dul ar bord bád ar muir is á seiceáil is iad at teacht i dtír. Thángthas ar dheich sárú, go príomha tuairisciú baisce a bhí ró-íseal. 

Gníomhaireacht Rialála Iascaigh an AE English a d'eagraigh an oibríocht. Liostálann sí tíortha AE i gcomh-iarrachtaí chun iascach mídhleathach a chosc. I 2005 a bunaíodh an ghníomhaireacht, de dheasca imní nach raibh cuótaí ar bhaiscí agus rialacha eile á gcur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Buiséad bliantúil €5m agus thart ar 50 ball foirne atá aici. 

Go dtí seo chomhordaigh an Ghníomhaireacht thart ar 20 misean dá leithéid, go háirithe sna mara Bailt is Thuaidh. Ach ní sna huiscí sin amháin a bhí sí gnóthach. Fad is a bhí cigirí ag mionchuardach na Mara Bailte i bhFeabhra, bhí an Jean Charcot  English, soitheach patróil Francach a chairtfhostaigh an Ghníomhaireacht, i gcomhrac leis na stoirmeacha ag faire ar bháid san Atlantach Thiar Thuaidh.

Anois tá an Ghníomhaireacht ag casadh ar fharraigí níos ciúine. San  fheachtas i gcoinne ró-iascaigh españolDeutsch????????Englishfrançaisitalianoportuguês is mó aici fós, tá comhordú ar siúl aici ar imscaradh 50 bád patróil, 16 aerárthach is 30 cigire chun na Meánmhara is an Atlantaigh Thoir, chun maolú ar an mbrú ar an tuinnín gorm, atá i mbaol. Seacht dtír atá páirteach: an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an Phortaingéil is an Spáinn.

D'oirnigh an Ghníomhaireacht a ceanncheathrú nua i Vigo na Spáinne an 19 Iúil. Bhí Coimisinéir Iascaigh an AE DeutschEnglishfrançaisMalti Joe Borg ina measc siúd a bhí i láthair. 

Is é an tAE an tríú táirgeoir is mó ar domhan in earnáil an iascaigh is an dobharshaothraithe, agus is mór-onnmhaireoir táirgí éisc ard-luacha é. San Atlantach Thoir is sa Mheánmhuir a bheirtear ar fhormhór na mbaiscí AE. 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links