Fógra dlíthiúil | Maidir le EUROPA | Cuardaigh | Teagmháil
Treaty of LisbonSkip language selection bar (shortcut key=2)
EUROPA > Conradh Liospóin > An Conradh i sracfhéachaint > Beartais do shaol níos fearr
Leathanach BaileLeathanach Baile

Beartais do shaol níos fearr

Bheith ar thús cadhnaíochta sa troid in aghaidh an athrú aeráide, beartas spáis uaillmhianach a thógáil, tairiseacht an tsoláthair fuinnimh a chinntiú:  níl ansin ach cúpla sampla dá bhfuil ar chumas an AE anois a bhuí le Conradh Liospóin.

Bíonn tionchar ag gníomhaíochtaí forleathana an Aontais Eorpaigh ar ár saol laethúil, ach is casta éagsúil na dúshláin atá os comhair na hEorpa anois.  Cabhróidh an conradh chun an Eoraip a choinneáil ag bogadh ar aghaidh i ndomhan na dian-iomaíochta agus na n-athruithe déimeagrafaíocha.  Beidh tóradh céadach air seo, ní hamháin i réimse an fháis is na hiomaíochta, ach freisin i ngnéithe dár gcúram shóisialta. Anois beidh ar bheartais uile an AE ardú na fostaíochta, cosaint imleor shóisialta agus an troid i gcoinne an eisiata shóisialta a chuimsiú.

An tAthrú Aeráide is an timpeallacht

Ceann de na bagairtí is mó atá os ár gcomhair anois is ea an t-athrú aeráide:  tá tionchar aige ar ár saol sóisialta is geilleagrach chomh maith leis an timpeallacht. Lia binne bheartas comhshaoil an AE is ea an troid ina choinne, fara an fhorbairt inbhuanaithe.  Bíodh go bhfuil an fhorbairt inbhuanaithe agus cosaint na timpeallachta sna conarthaí cheana féin, leagann Conradh Liospóin sainmhínithe soiléire amach, ag tacú le gníomhú an AE sna réimsí seo.

Fuinneamh

Tá géarghá againn uile le soláthar fuinnimh:  tá costais ardaithe ag cur isteach ar a lán Eorpach le blianta beaga anuas. Cabhraíonn an conradh leis an Eoraip chun a soláthar a chinntiú agus tacóidh sé le úsáid na

n-acmhainní inbhuanaithe agus iomaíocha.

Sa Chonradh tá caibidil ar leith faoin bhfuinneamh a shainníonn eochair-inniúlachtaí agus mór-chuspóirí an bheartais fuinnimh: feidhmiú na margaí fuinnimh, tairiseacht an tsoláthair, éifeachtacht fuinnimh agus coigilt, forbairt na bhfoirmeacha nua, inathnuaite, fuinnimh agus idirnascadh na ngréasán fuinnimh. Don chéad uair tá prionsabal dlúthpháirtíochta, a chinntíonn go gcabhraíonn Ballstáit eile chun an soláthar a choimeád in aon tír ina mbíonn deacrachtaí ar leith fuinnimh.

Cosaint shibhialta

Tá faoi Chonradh Liospóin cosaint in aghaidh tubaistí, agus seachaint na dtubaistí, laistigh den AE a éascú, bídis nádúrtha nó de dhéantús an duine. Ceadóidh bonn nua dlí tacaíocht do ghníomhartha na mBallstát AE sa réimse seo, agus breis comhoibrithe in oibríochtaí.  De réir mar a bhuailfidh céad chomharthaí an athrú aeráide, mar thuilte agus tinte, an Eoraip, is mó ná riamh a bheidh gá le comhoibriú idir na Ballstáit.   

Sláinte Phoiblí

Tá folláine na saoránach Eorpach i gcroílár Chonradh Liospóin is mar sin tá forbairtí nua ar bheartais sláinte. Tá forálacha sa Chonradh do bhearta arb aidhm dhíreach dóibh an tsláinte phoiblí a chosaint, go háirithe maidir le tabac agus mí-úsáid alcóil. Chun cosaint na

n-othar a mhéadú, tá an AE in ann caighdeáin a leagan síos do tháirgí is do ghairis leighis. Cabhraíonn an Conradh le Ballstáit chun faireachán a dhéanamh mar luathrabhadh in aghaidh na mbagairtí tromaí trasteorann, mar an bhfliú éanúil. Má tharlaíonn a leithéid, cuireann an Conradh ar chumas na mBallstát a n-acmhainní uile a shlógadh go héifeachtach is go comhtháite.

Seirbhísí Poiblí

Aithníonn Conradh Liospóin ról na seirbhísí poiblí sa chomhtháthú sóisialta is réigiúnach – coinníonn an t-iompar, na scoileanna agus cúram na sláinte ag dul ar aghaidh sinn.  Cuireadh prótacal ar leith leis an gConradh, a leagann amach na slite is tábhachtaí chun seirbhísí don mhórphobal a dhéanamh éifeachtach agus bainteach le hábhar.

Beartas Réigiúnach

Fairis sin, comhdhlúthaíonn an Conradh comhtháthú geilleagrach, sóisialta agus dúichíoch san Aontas; don chéad uair, tá prionsabal an chomhtháthaite dhúichíoch mar chuid de chuspóirí an AE. Neartaíonn Conradh Liospóin ról na réigiún agus baineann an sainmhíniú nua ar phrionsabal na coimhdeachta - nach ngníomhaíonn an tAE ach amháin nuair is fearr a gheofar torthaí ag leibhéal an AE ná ag an leibhéal náisiúnta – baineann sé leis na leibhéil áitiúla is réigiúnacha feasta.

Taighde

Ag croílár bheartas taighde Chonradh Liospóin tá bunú Limistéar Taighde Eorpaigh ina mbeidh saorghluaiseacht ag taighdeoirí, ag eolas eolaíochta agus ag teicneolaíocht.  Agus imreoirí nua domhanda ag teacht chun cinn, a bhfuil mórspéis i dtionscadail spáis acu, cruthaíonn an Conradh bonn nua dlí do bheartas comhtháthaithe spáis:  aitheantas soiléir é seo nach acmhainn don Eoraip dearmad a dhéanamh ar an tairbhe gheilleagrach is straitéiseach a bhaineann le beartas spáis.  

Beartas tráchtála

Ní mór an trádáil a choimeád cothrom agus saor ar mhaithe le cách.  Leathnaíonn Conradh Liospóin raon an bheartais tráchtála AE chun infheistíocht dhíreach choigríche.  Fórsa dreasaithe don nuáil, don fhás is don chumas iomaíochta is ea uirlisí na maoine intleachtúla:  trádmhairc, dearaí, paitinní, cóipcheart. Éascaíonn Conradh Liospóin a gcosaint aonfhoirmeach ar fud an Aontais.

Spórt

Réitionn Conradh Liospóin an tslí do thoise Eorpach dáiríre sa spórt.  Cuirfidh forálacha nua ar chumas an AE tacú le gníomhartha na mBallstát, cur leo agus iad a chomhordú.  Cuirfidh sé an neodracht is an trédhearcacht sna comórtais spóirt, agus comhoibriú idir chomhlachtaí spóirt, chun cinn. Fairis sin, cosnóidh sé fir is mná spóirt go fisiciúil is go morálta, le béim go háirithe ar an aos óg.

Geilleagar

Faoi Chonradh Liospóin, is éifeachtaí a reáchtálfar an limistéar euro, ina bhfuil na tíortha a ghlac leis an gcomhairgeadra. Tá an Coimisiún in ann rabhadh “díreach” a thabhairt do Bhallstáit ar baol go mbeadh a

n-easpa smachta buiséid ag cur isteach ar cheart-fheidhmiú an limistéir euro.

Cosaint sonraí

Maíonn Conradh Liospóin go soiléir go bhfuil sé de cheart ag cách go gcosnófaí a sonraí pearsanta.  Cumhdaítear an ceart seo i gCairt na mBuncheart freisin.

Turasóireacht

Cruthaíonn Conradh Liospóin bonn nua dlí nach mbainfidh ach leis an turasóireacht, chun  ionad an AE mar phríomh-cheann scríbe turasóireachta an domhain a dhaingniú.

Fógra dlíthiúil | Maidir le EUROPA | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh