Cosán nascleanúna

Juvenes Translatores 2013

Nuacht

Juvenes Translatores 2013

  • Start date : 29/08/2013 10:53:37

Is ag dul i méid de shíor atá an spéis sa chomórtas aistriúcháin Juvenes Translatores, agus in 2013 reáchtálfaidh an Coimisiún Eorpach an comórtas den seachtú huair

 

Eagraítear an comórtas seo ar fud an Aontais Eorpaigh do dhaltaí meánscoile atá 17 mbliana d'aois .

Aistríonn siad téacs leathanaigh amháin idir a rogha féin de 2 theanga as measc 24 teanga oifigiúil an AE. "Saoránaigh" téama na dtéacsanna i mbliana.

Gheobhaidh údar an aistriúcháin is fearr ó gach tír san AE cuireadh chun na Bruiséile chun go mbronnfar duais orthu, chun bualadh le Coimisinéir an Ilteangachais agus chun aistritheoirí gairmiúla an AE a fheiceáil i mbun oibre.

Chomh maith leis sin, deis a bheidh ann dóibh aithne a chur ar a gcomhbhuaiteoirí tallannacha ó na tíortha eile go léir.

Is féidir le scoileanna clárú don chomórtas ón 1 Meán Fómhair go dtí an 20 Deireadh Fómhair 2013http://ec.europa.eu/translatores/

Lá an chomórtais: 28 Samhain 2013

Fógairt na mbuaiteoirí / searmanas bronnta: an chéad leath de 2014

Teagmháil: DGT-TRANSLATORES@ec.europa.eu  

Facebook: http://ec.europa.eu/translatores/facebook

Info sheetpdf Roghnaigh aistriúcháin an naisc roimhe seo.