Cosán nascleanúna

  • 
     
  • 
     
 

Eolas fúinn

Statue

Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh

Tá na beartais um cheartas, cearta bunúsacha agus saoránacht bunaithe ar na luachanna agus ar na prionsabail is mó a bhfuil meas ag pobal na hEorpa orthu, is é sin, daonlathas, saoirse, caoinfhulaingt agus riail an dlí.

San Eoraip, mar atá sí i gcorp an lae inniu, tá na milliúin saoránach gafa i ngnóthaí trasteorann - ina saol príobháideach nó de bharr a gcuid oibre, staidéir nó mar thomhaltóirí.

Léiríonn bunú Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais na deiseanna nua a tháinig chun cinn de bharr Chonradh Liospóin, feabhas a chur ar ghnáthshaol na saoránach san AE.

Cuirimid réitigh phraiticiúla ar fáil maidir le fadhbanna trasteorann, i dtreo go mbeidh na saoránaigh ar a suaimhneas maidir le maireachtáil, taisteal agus obair i mBallstát eile agus go mbeidh muinín acu go bhfuil a gcearta arna gcosaint, is cuma cén áit san Aontas Eorpach a bhfuil siad.

Eagrú na hArd-Stiúrthóireachta um Cheartas

http://ec.europa.eu/justice/images/about/francoise-le-bail.png

Cuireadh an Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas ar bun ar an 1 Iúil 2010 mar thoradh ar an Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas, Saoirse agus Slándáil a bhí ann roimhe seo a roinnt ina dhá Ard-Stiúrthóireacht faoi leith.

Ag an am céanna chuaigh Francoise Le Bail Roghnaigh aistriúcháin an naisc roimhe seo. , Ardstiúrthóir nua na hAS um Cheartas i mbun oifige.

Clár na mór:

Tá ceithre stiúrthóireacht san Ard-Stiúrthóireacht - Ceartas Sibhialta, Ceartas Coiriúil, Cearta Bunúsacha agus Saoránacht an Aontais, agus Comhionannas.

Ardstiúrthóireacht um Cheartas

Cairt na hEagraíochtapdf(15 KB) Roghnaigh aistriúcháin an naisc roimhe seo.