Cosán nascleanúna

  •  
  •  
Baile
Françoise Le Bail

Françoise Le Bail

Françoise Le Bail

An tArd-Stiúrthóir um Cheartas, an Coimisiún Eorpach

Chuir Françoise Le Bail tús lena gairmréim sa Choimisiún Eorpach in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh.

Ó 1985 go 1989, bhí sí ina hurlabhraí ar Chaidreamh Sheachtrach.   Ó 1989 go 1991, bhí sí ina ball agus ina Chef de Cabinet cúnta ag an gCoimisinéir um Chánachas agus um an Aontas Custaim.

In 1991, bhí sí ag obair arís i réimse an chaidrimh sheachtraigh agus in 1997 bhí sí ar ais in Ard-Stiúrthóireacht na Tráchtála   In 2000, ainmníodh í ansin mar Stiúrthóir Gnóthaí Ginearálta.

Ó Shamhain 2004 go Samhain 2005, bhí sí ina hurlabhraí don Choimisiún.

Ó Nollaig 2005 go Meitheamh 2010, bhí sí ina hArd-Stiúrthóir cúnta ar an Ard-Stiúrthóireacht Fiontraíochta agus Tionscail.  Ina cáil sa phost sin, tá beartas FBManna (fiontair bheaga agus mheánmhéide), an beartas nuálaíochta agus an beartas rialála faoina cúram. Bhí sí ina Toscaire speisialta thar ceann FBManna.

Ón 1 Iúil 2010 tá sí ina hArd-Stiúrthóir um Cheartas.

Tá dochtúireacht Stáit sa Dlí Poiblí ag Françoise Le Bail agus tá céim aici ón Institut d’Etudes Politiques de Bordeaux.

Conas a roinntear na cúraimí?

Eagraghram Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais: