Cosaint sonraí pearsanta

Leasú ar an reachtaíocht um shonraí a chosaint
Mhol an Coimisiún mórleasú ar chreat dlí an AE um shonraí pearsanta a chosaint. Tá faoi na tograí cearta an duine a neartú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an domhandaithe is na nuatheicneolaíochtaí. Léigh na sonraí iomlána
Do shonraí pearsanta a chosaint - ceart bunúsach is ea é!
Saorshreabhadh sonraí pearsanta - tairbhe choiteann!
Nuair a osclaíonn tú cuntas bainc, nuair a chláraíonn tú le suíomh líonraithe shóisialta nó nuair a chuireann tú eitilt in áirithe ar líne tugann tú uait faisnéis phearsanta fhíorthábhachtach ar nós d'ainm, do sheoladh agus uimhir do chárta chreidmheasa.
Cad a dhéantar leis na sonraí seo? An bhféadfadh an duine mícheart seilbh a fháil orthu? Cad iad na cearta atá agat maidir le d'fhaisnéis phearsanta?
Tá de cheart ag gach aon duine cosaint a bheith tugtha dá chuid sonraí pearsanta.
De réir dlí an AE, ní fhéadfaí sonraí pearsanta a charnadh go dleathach le haghaidh críocha dlisteanacha. Ina theannta sin, ní mór do dhaoine nó d'eagraíochtaí a bhailíonn do chuid sonraí pearsanta agus a bhainistíonn iad, na sonraí sin a chosaint ó mhí-úsáid agus ní mór dóibh cearta áirithe atá ag úinéirí na sonraí agus atá ráthaithe i ndlí an AE a urramú.
Aistríonn gnólachtaí, údaráis phoiblí agus daoine aonair méideanna ollmhóra sonraí pearsanta trasna teorainneacha laistigh den AE gach aon lá. Chuirfeadh rialacha um chosaint sonraí a thagann salach ar a chéile isteach ar mhalartaí idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin tá seans ann nár mhaith le daoine sonraí pearsanta a aistriú thar lear dá mba rud é nach mbeidís cinnte faoin leibhéal cosanta atá i bhfeidhm i dtíortha eile.
Dá bhrí sin bunaíodh rialacha comhchoiteanna san AE chun a chinntiú go mbeidh ardchaighdeán cosanta i bhfeidhm maidir le do chuid sonraí pearsanta i ngach áit san AE. Tá de cheart agat gearán a dhéanamh agus cúiteamh a fháil má bhaintear mí-úsáid as do chuid sonraí in áit ar bith san AE.
I dTreoir um Chosaint Sonraí





















an AE tá coinne le rialacha leis, i dtaobh aistriú sonraí pearsanta lasmuigh den AE chun a chinntiú go gcosnaítear do chuid sonraí chomh maith agus is féidir má sheoltar go háiteanna lasmuigh den AE iad.



