|
• Juvenes
Translatores: Gach bliain eagraíonn an Coimisiún Eorpach 'Juvenes
Translatores', comórtas aistriúcháin do dhaltaí meánscoile an AE. Deis iontach
atá ann do scoláirí na hÉireann a bheith páirteach in eachtra uile-Eorpach agus
a scileanna teanga a chleachtadh. Tá gach eolas faoin gComórtas le fáil anseo:
http://ec.europa.eu/dgs/translation/programmes/jt/index_ga.htm.
Scoláire as Oileán Thoraigh a bhuaigh craobh na hÉireann sa chéad chomórtas sa
bhliain 2008; tá tuairisc air an scéal sin ar an leathanach gréasáin seo: http://archives.tcm.ie/irishexaminer/2008/03/11/story57467.asp
• Tréimhse
Oiliúna: Ó tharla go bhfuil an Ghaeilge anois ina teanga oifigiúil oibre de
chuid an AE is féidir le Gaeilgeoirí cur isteach ar thréimhse oiliúna (nó
'stage' mar a thugtar go minic uirthi) agus seal a chaitheamh i mbun oibre in
Aonad Gaeilge an Choimisiún Eorpaigh (an Bhruiséil). D'oirfeadh an tréimhse
oiliúna do mhic léinn Ghaeilge agus do mhic léinn dlí a bhfuil an chéim bainte
amach acu, ach is amhlaidh is féidir le pé duine incháilithe ag a bhfuil
ardchaighdeán Gaeilge cur isteach uirthi. Is iontach an deis é seo cúig mhí a
chaitheamh sa tseirbhís aistriúcháin is mó ar domhan.
Tá na sonraí praiticúla go léir (spriocdhátaí srl.) i dtaca leis an tréimhse
oiliúna le fáil anseo. Ós
rud é nach bhfuil baint ag Aonad na Gaeilge féin leis an bpróiseas roghnúcháin,
ní miste scríobh (i nGaeilge nó i mBéarla) chuig an seoladh teagmhála atá
luaite ar an leathanach gréasáin thuas má bhíonn aon cheisteanna praiticiúla
ann.
|