Cosán nascleanúna

An Chomhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta idir an AE agus SAM
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Faoi láthair, tá an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i mbun idirbheartaíochtaí chun teacht ar chomhaontú a chabhróidh chun na céadta míle post a chruthú agus na billiúin euro a phumpáil isteach sna geilleagair ar dhá thaobh an Atlantaigh.

Tá sé mar aidhm leis na cainteanna Comhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta (TTIP) chuimsitheach a bhaint amach a bheidh ar an socrú déthaobhach is mó riamh ar domhan le haghaidh trádála agus infheistíochta.

Tá an AE agus SAM ag trádáil earraí agus seirbhísí gach lá ar fiú €2 billiún iad, ach chruthódh an TTIP tuilleadh fáis agus deiseanna nua trí rómhaorlathas agus taraifí a dhíbirt nuair is féidir, chun costais a laghdú agus margaí nua a oscailt.

Bheadh tionchar ag a leithéid de chomhaontú freisin ar gheilleagar an domhain mar go n-ardódh sé an t-éileamh ar bhunábhar agus ar chomhpháirteanna, rud a chuirfeadh borradh airgeadais faoi thíortha eile.

Bhí ról tábhachtach ag Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun an bealach a réiteach don dá thaobh le teacht ar chomhaontú faoin bpointe tosaigh do na cainteanna ríthábhachtacha seo a chuireann fíordheis ar fáil chun teacht ar chobhsaíocht eacnamaíoch, borradh a chur faoin bhfás geilleagrach agus fostaíocht a chruthú in Éirinn, ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.

An comhardú trádála idir an AE agus SAM 

Leasanna

Táirgí biaTá cuid mhór le gnóthú ag Éirinn agus ag na Ballstáit ar fad as toradh rathúil a bheith ar na hidirbheartaíochtaí a bhaineann leis an TTIP. In 2013, ba é SAM an margadh easpórtála ba mhó ar fad le haghaidh tháirgí na hÉireann, áit a ndeachaigh breis agus aon chúigiú cuid dár n-earraí easpórtála.

Ó thaobh easpórtálacha bia agus dí de, b'fhiú $700 milliún an méid a d'easpórtáil an earnáil sin amháin chuig SAM in 2013. Is é SAM an comhpháirtí trádála is mó atá ag Éirinn i dtaca le seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta, margadh arbh fhiú níos mó ná €30 billiún é in 2012.

Easpórtáiltear 80% de tháirgíocht na hÉireann, rud a chiallaíonn go bhfuil na mílte post in Éirinn ag brath ar chaidreamh maith trádála idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe amhail an TTIP.

Tá ról mór ag gnólachtaí SAM maidir le dul chun cinn gheilleagar na hÉireann agus tá €189 billiún infheistithe acu sa tír seo ó 1990 i leith. Is mó an méid sin ná infheistíochtaí SAM sa Bhrasaíl, sa Rúis, san India agus sa tSín ar fad.

Ó 2010 i leith, is go hÉirinn a chuaigh 14% den infheistíocht uile ó na Stáit Aontaithe isteach san AE. Is ollmhór an méid sin nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil in Éirinn ach aon faoin gcéad de dhaonra an AE.

Le cúig bliana anuas, tháinig méadú 25% ar an infheistíocht a rinne SAM in Éirinn agus d'fhás líon na ndaoine atá fostaithe i gcuideachtaí ilnáisiúnacha SAM go 115,000 duine in 700 cuideachta.

Gan aon amhras, tá cuid mhór le gnóthú ag Éirinn, agus go deimhin ag na hocht mBallstát is fiche san AE, as caidreamh trádála níos fearr idir an AE agus SAM.

De réir taighde neamhspleách a rinne an Centre for Economic Policy Research (CEPR) i Londain, d'fhéadfadh geilleagar an AE leas €119 billiún in aghaidh na bliana a ghnóthú – is é sin €545 don mheánlíon tí de cheathrar san AE.

Ní bheadh mórán costais ar cháiníocóirí chun an borradh eacnamaíoch seo a bhaint amach mar gur trí fháil réidh le taraifí a dhéanfaí é, is é sin le rá na rialacha agus na baic mhaorlathacha nach bhfuil aon ghá leo agus a chruthaíonn deacrachtaí chun earraí agus seirbhísí a thrádáil trasna an Atlantaigh a bhaint.

Mar shampla, san am atá i láthair cuireann rialacha SAM cosc ar úlla ón Eoraip agus ar chuid mhór cáiseanna ón Eoraip, fiú amháin agus rialacháin dhaingne dá chuid féin i bhfeidhm ag an AE maidir le bia.

Agus níl cead ag aerlínte Eorpacha eitiltí intíre a reáchtáil sna Stáit Aontaithe. Mar sin, dá mba rud é gur eitil eitleán ó Bhaile Átha Cliath go Los Angeles agus gur imigh leathchuid de na paisinéirí den eitleán i Nua-Eabhrac, bheadh ar an eitleán eitilt go LA agus leathchuid de na suíocháin folamh ar an ábhar nach bhfuil cead ag an aerlíne Eorpach paisinéirí nua a thógáil ar bord i Nua-Eabhrac.

Meastar gur féidir le maorlathas costas breise idir 10% agus 20% a chur le praghas na n-earraí agus tá roinnt táirgí ann nach féidir a thrádáil ar dhóigh ar bith mar gheall ar rómhaorlathas.

Is mó an leas a bhainfidh Éire as cainteanna rathúla TTIP ná bunús na dtíortha eile. Ó 2010 i leith, is go hÉirinn a chuaigh 14% den infheistíocht ó na Stáit Aontaithe isteach san AE. Is ollmhór an méid sin nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil in Éirinn ach aon faoin gcéad de dhaonra an AE.

Le cúig bliana anuas, tháinig méadú 25% ar an infheistíocht a rinne SAM in Éirinn agus d'fhás líon na ndaoine atá fostaithe i gcuideachtaí ilnáisiúnacha SAM go 115,000 duine in 700 cuideachta.

Ar cheann de na tionscail is mó in Éirinn tá earnáil na cógaisíochta. Tá naoi gcinn de na deich gcuideachta cógaisíochta is mó ar domhan lonnaithe anseo, agus is san earnáil sin a fhaightear sampla cruthanta den leas a bhaintear as caighdeáin chomhchoiteanna – tuilleadh sábháilteachta agus costais níos ísle.

Déantar táirgí cógaisíochta a thástáil go dian in Éirinn le gur féidir iad a dhíol ar fud an AE, ach ní mór iad a chur faoi thástáil chostasach arís chun dul isteach ar mhargadh SAM, fiú amháin má tá aspairín a cheannaítear i gCorcaigh chomh sábháilte céanna agus atá an ceann a cheannaítear i Nua-Eabhrac.

Tá sé mar aidhm leis an TTIP deireadh a chur leis an tástáil chostasach fhadálach seo a dhéantar faoi dhó, gan na caighdeáin sábháilteachta a ísliú, rud a chiallaíonn go bhféadfaí córacha nua leighis i gcoinne aicídí atá bagrach don bheatha, ailse mar shampla, a chur ar an dá mhargadh ar dhóigh níos tapúla agus ar phraghas níos ísle.

Bainfidh earnáil na seirbhísí in Éirinn leas as an TTIP mar go gcabhróidh sé chun baic a laghdú nó deireadh a chur leo agus comhchuibhiú a dhéanamh ar chaighdeáin, agus bheadh fás tionsclaíochta agus seirbhísí níos saoire mar thoradh air sin.

Má dhéantar caighdeáin theicniúla a chomhchuibhiú san AE agus in SAM beidh leas ann, ní amháin do ghnólachtaí agus tomhaltóirí san Eoraip agus i Meiriceá, ach d'fhéadfadh sé bonn a chur faoi chomhchaighdeáin dhomhanda.

Tá méid an mhargaidh thrasatlantaigh chomh mór sin go mbeadh sé ar leas na dtíortha ar fad iad a ghlacadh freisin, sa dóigh agus nach mbeadh orthu earraí a tháirgeadh ach de réir aon sonraíochta amháin, agus bheadh an trádáil dhomhanda níos éasca agus níos saoire dá bharr.

D'fhéadfadh an TTIP náisiúin eile a spreagadh chun na hidirbheartaíochtaí iltaobhacha trádála a bhfuil bac orthu san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (WTO) a chur ar ais ar siúl, rud a d'fhéadfadh comhréiteach domhanda a thabhairt isteach as a dheireadh maidir le saorthrádáil. 

Sreabhadh Infheistíochtaí Díreacha Eachtracha ón AE go dtí SAM agus agus ar ais

Deacrachtaí

Firíní a bhfuil píosaí míreanna mearaí de bhratacha an AE agus SAM in airde acuNí bheidh sé éasca teacht ar réiteach ach is tosaíocht pholaitiúil í ar dhá thaobh an Atlantaigh mar gheall ar an ngeilleagar domhanda. Faoi dheireadh, tá an toil ann rialacha agus rialacháin chomhoiriúnacha a dhéanamh agus taraifí a ghearradh siar más féidir.

Beidh na hidirbheartaíochtaí deacair agus beidh ar an dá thaobh teacht ar chomhghéilleadh le go n-éireoidh leis na cainteanna.

Chabhraigh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE chun an chéad chonstaic a shárú nuair a d'éirigh léi comhsheasamh a bhaint amach don AE ar fad le haghaidh na gcainteanna leis na seacht mBallstát is fiche.

Thug an toradh sin an solas glas chun tús a chur leis na hidirbheartaíochtaí faoin TTIP ach tá líon áirithe ábhar conspóideach ann ar a mbeidh comhphlé íogair de dhíth chun teacht ar chomhaontú.

  • Seirbhísí Closamhairc: Tacaíonn rialtas na Fraince lena earnáil chlosamhairc agus tugann sé deontais di agus d'áitigh sé an earnáil seo a chur as an áireamh sna hidirbheartaíochtaí. Mhol an Coimisiún Eorpach go dtiocfadh sé ar ais chuig an gComhairle chun sainordú a iarraidh lá níos faide anonn tar éis don AE tuilleadh plé a dhéanamh faoin reachtaíocht maidir leis na meáin dhigiteacha le gur féidir é a chur san áireamh sna hidirbheartaíochtaí faoin TTIP.
  • Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (OGManna): Tá curaíocht OGM ceadaithe sna Stáit Aontaithe ach cuireann roinnt Ballstát san AE bac nó cosc iomlán ar tháirgí OGM. Tá OGManna ceadaithe de réir dhlí an AEi ndiaidh dóibh dul faoi dhianmheasúnú leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA). Deir an Coimisiún Eorpach nach mbeidh aon chomhghéilleadh ann ó thaobh shláinte na dtomhaltóirí de chun brabach a ghnóthú agus is mian leis nósanna imeachta an AE a bhaineann le bainistiú riosca a choinneáil mar atá.
  • Talmhaíocht: Deir an Coimisiún Eorpach go mbeadh ar aon chomhaontú uaillmhianach trádála idir an AE agus SAM foráil a dhéanamh go n-osclófar na margaí talmhaíochta go mór. Tá cosc sna Stáit Aontaithe ar roinnt táirgí bia ón AE faoi láthair agus tá cinn eile ann atá faoi réir ag taraifí arda, mar atá an taraif 139% ar tháirgí déiríochta.
  • An Sásra um Réiteach Díospóidí idir Infheisteoirí agus Stáit (RDIS): Agus an chéad chéim sna hidirbheartaíochtaí ar siúl in 2013, bhí brú ar idirbheartaithe an TTIP i dtaca le RDIS, rud a chumhdaíonn cosaint infheisteoirí agus réitigh díospóidí idir infheisteoirí agus stáit. Mar fhreagairt air sin, chuir Coimisinéir Trádála an AE, Karel De Gucht tús le comhairliúchán poiblí faoi na forálacha infheistíochta chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil agus chun a dhearbhú gur ar mhaithe le feabhas a chur ar na forálacha atá ann cheana féin a bheidh aon chomhaontú i dtaca le RDIS .i. na forálacha sin a chosnaíonn infheistíochtaí cuideachtaí an AE i SAM, agus an bealach eile thart freisin.

An Stair

Bratacha SAM agus an AETá stair i gcoiteann ag an Eoraip agus na Stáit Aontaithe, stair a cheanglaíonn le chéile iad ar dhóigh speisialta. Fiú sula raibh a neamhspleáchas bainte amach mar náisiún ag SAM, bhí sé i dtuilleamaí lonnaitheoirí ó náisiúin na hEorpa chun cur lena dhaonra, agus chun feirmeoireacht agus mianadóireacht a dhéanamh sna machairí móra folmha.

Téann caidreamh oifigiúil an AE agus SAM siar chomh fada le 1952 nuair a cuireadh teachtaireacht in ainm Uachtarán na Stát Aontaithe, Harry Truman, chuig an chéad Uachtarán ar Ard-Údarás an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC), Jean Monnet, inar tugadh aitheantas oifigiúil don Chomhphobal a bhí ann roimh an tAontas Eorpach.

Ní hé an TTIP an chéad iarracht mórchomhaontú a bhaint amach idir an dá bhloc trádála is mó ar domhan. Mar shampla, is é a bhí sa Chlár Oibre Nua Trasatlantach in 1995, sa Chompháirtíocht Eacnamaíoch Thrasatlantach in 1998 agus sa chreat a aontaíodh ag an gComhairle Eacnamaíoch Thrasatlantach in 2007 ná iarracht gnó trasna an Atlantaigh a éascú, ach níor éirigh go rómhaith leo.

Mar sin féin, ag cruinniú mullaigh idir an AE agus SAM i Samhain 2011, d'aontaigh an dá thaobh ar mheitheal ardleibhéil a chruthú maidir le poist agus fás eacnamaíoch agus go mbeadh Ionadaí Trádála SAM, an tUasal Ron Kirk agus Coimisinéir Trádála an AE, an tUasal Karel De Gucht mar cheannasaithe air.

Moladh i dtuarascáil deiridh ón ngrúpa go gcuirfí tús le cainteanna a mbeadh comhaontú cuimsitheach trádala agus infheistíochta mar aidhm leo agus, i mí Feabhra 2013, d'fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe, Barak Obama, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, José Manuel Barroso agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy go raibh siad triúr le tús a chur leis na nósanna imeachta inmheánacha a theastódh chun idirbheartaíochtaí a thionscnamh.

An mhí ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún Eorpach an dréacht den sainordú le haghaidh na gcainteanna TTIP a ghlacadh agus rinneadh idirbheartaíocht maidir le comhsheasamh a aontú idir na seacht mBallstát is fiche agus baineadh seo amach faoi Uachtaránacht na hÉireann ar an AE i Meitheamh 2013.

Cad a tharlóidh anois?

Uachtarán SAM, Barack Obama, Uachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barroso agus Uachtarán na Comhairle, Herman Van Rompuy agus iad i láthair ag seoladh na n-idirbheartaíochtaí faoin TTIP le linn chruinniú mullaigh G8 ag Loch Éirne i mí an Mheithimh

Sheol an Coimisiún Eorpach Grúpa Comhairliúcháin speisialta de shaineolaithe in Eanáir 2014 ina bhfuil ionadaithe ó ghrúpaí comhshaoil, sláinte, tomhaltóirí agus oibrithe, mar aon le hearnálacha éagsúla gnó, chun comhairle d'ardcháilíocht a thabhairt d'idirbheartaithe an AE le linn na gcainteanna TTIP.

Bhí an chéad chruinniú foirmiúil ag an ngrúpa Dé Máirt an 25 Feabhra 2014 roimh an gceathrú babhta sna hidirbheartaíochtaí TTIP a bhí ann sa Bhruiséil idir an 10 agus an 14 Márta, 2014 i ndiaidh d'ionadaithe SAM agus an AE bualadh le chéile chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn i mí Feabhra.

Chun tús a chur leis na cainteanna rinne eagraíochtaí an AE agus SAM breis agus 90 cur i láthair do pháirtithe leasmhara, rud a léirigh a leitheadach agus atá suim sna hidirbheartaíochtaí. Ina dhiaidh sin, thug príomh-idirbheartaithe an AE agus SAM tuilleadh faisnéise do bhreis agus 300 eagraíocht ó dhá thaobh an Atlantaigh, rud a thug mionsonrú ar an bpróiséas agus ar an dul chun cinn go dtí sin agus a d'fhreagair ceisteanna faoi ábhair imní.

Lean na cainteanna leo le linn na seachtaine, agus dhírigh siad isteach ar bhealaí a aimsiú le go mbeadh sé níos éasca do ghnólachtaí beaga tairbhiú den mhéid a bhainfear amach tríd an TTIP. Lena chois sin, dhírigh siad isteach ar cheisteanna faoi rochtain ar an margadh, rialú agus rialacha.

Dúirt Príomh-Idirbheartaí an AE, Ignacio Garcia Bercero, go raibh sé féin agus a chomhpháirtí as SAM, Dan Mullaney tiomanta sásraí a fhiosrú, mar chuid de chaibidil shainiúil den chomhaontú, le go mbeidh sé níos éasca d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide leas a bhaint as an TTIP.

Lena chois sin, dúirt sé,"Caibidil a chruthú a bheidh dírithe ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, sin é an chéad uair don Aontas Eorpach a leithéid a dhéanamh." "Léiríonn sé a dháiríre agus atáimid faoin ábhar seo."

"Is iad na gnólachtaí beaga a fhostaíonn formhór mór na ndaoine san AE agus i SAM. Tá dhá cheann as gach trí phost in earnáil phríobháideach an AE san áireamh. Is cnámh droma ár ngeilleagar iad agus is ionann sin agus 99% de na gnólachtaí ar fad san AE. Chuideodh an TTIP leo méadú - trí phoist a chruthú ar dhá thaobh an Atlantaigh."

Tar éis críoch a chur leis na cainteanna, d'fhoilsigh an AE agus SAM doiciméad inar léiríodh an dóigh a dtiocfadh le gnólachtaí beaga leas a bhaint as an gcomhaontú, agus an dóigh a bhfuil sé beartaithe ag an dá thaobh cuidiú leo é sin a dhéanamh.

Thuairiscigh na foirne idirbheartaíochta go ndearnadh dul chun cinn i dtaca le gach ceann de na trí cholún a bheidh sa chomhaontú a bheidh ann amach anseo - rochtain ar an margadh, an braisle rialachán agus na ceisteanna a bhaineann le 'rialacha'.

Bhí an chéad mhalartú tairiscintí i dtaca le taraifí idir an AE agus SAM ann cheana féin agus le linn an ceathrú babhta de chainteanna rinne siad grinnscrúdú ar an dóigh le bogadh i dtreo tairiscintí a mhalartú i dtaca le seirbhísí agus le soláthar poiblí.

Bhí réimse leathan saineolaithe agus rialaitheoirí ón dá thaobh i gcuideachta na n-idirbheartaithe chun plé a dhéanamh faoi chomhleanúnachas rialála agus faoi chomhoiriúnacht rialála a mhéadú agus faoi bhacainní teicniúla ar an trádáil (BTT), ábhar a raibh moltaí scríofa cheana féin ag an dá thaobh fúthu.

Tá an dá thaobh á n-ullmhú féin chun moltaí i scríbhinn a fháil i dtaca le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) agus táthar ag fiosrú bealaí chun breis comhoiriúnachta rialála a bhaint amach in earnalácha ríthábhachtacha áirithe amhail cógaisíocht, cosmaidí, gléasanna leighis, feithiclí agus ceimiceáin.

Sa cheathrú babhta de na cainteanna bhí comhphlé san áireamh freisin faoi rialacha trádála a thabhairt isteach nuair a bhíonn cur chuige nuálaíoch á fhorbairt ag idirbheartaithe. Lena chois sin, cuirfear le rialacha a chumhdaítear cheana féin le socruithe trádála idir an AE agus SAM i dtaca le forbairt inbhuanaithe, lucht saothair agus an comhshaol.

Bhí cainteanna ann freisin faoi thrádáil i bhfuinneamh agus i mbunábhair - réimse ar mian leis an AE a chur san áireamh mar chuid de chreat comhaontaithe sa TTIP.

Bhí rialacha éascaithe trádála agus custaim ar an gclár oibre freisin, agus bhí an dá thaobh ag féachaint le nósanna imeachta a shimpliú agus a athchóiriú mar is iad na gnólachtaí beaga is mó a bhíonn thíos le rialacha imréitigh custaim agus bíonn drogall ar fhiontraithe díol thar sáile dá bharr.

Chomhaontaigh foirne an AE agus SAM babhta eile cainteanna a reáchtáil in Washington roimh an samhradh agus leanfaidh na hidirbheartaíochtaí leo i rith 2014 ar fad.

Beidh ar rialtas SAM cibé socrú deiridh a bheidh ann a fhormheas agus san Eoraip ní mór formheas a fháil ón gComhairle Eorpach agus ó Pharlaimint na hEorpa araon.

In Éirinn, tá saineolaithe idirnáisiúnta earcaithe ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta chun grinnscrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an TTIP ar an ngeilleagar agus ar na deiseanna a d'fheadfaí a bheith ann d'Éirinn.

Beidh an staidéar seo, atá idir lámha ag Copenhagen Economics, ag díriú isteach ar an tionchar a bheidh ag aon chomhaontú ar gheilleagar na hÉireann a shainaithint. Eagrófar cruinnithe idir comhairleoirí agus páirtithe leasmhara agus úsáidfear toradh a gcuid oibre chun ionchur na hÉireann a chinneadh mar chuid de sheasamh idirbheartaíochta an AE.

STAIDREAMH TRÁDÁLA AE-SAM

  • Is é SAM an margadh is mó easpórtála d'Éirinn. Tháinig méadú beagnach1.3% ar easpórtálacha go dtí SAM in 2013 i gcomparáid leis an mbliain roimhe - suas le $18.4 billiún.
  • Maidir le trádáil na hÉireann leis na Stáit Aontaithe i dtáirgí a bhfuil breis luacha ag baint leo, tá sé níos airde arís ag €25 billiún. Is in SAM a chaitear 10% den luach ar fad a tháirgtear i ngeilleagar na hÉireann.
  • Faoi láthair tá beagnach 100,500 fostaí i ngnólachtaí cleamhnaithe Meiriceánacha ag obair in Éirinn agus 130,500 fostaí i ngnólachtaí cleamhnaithe Éireannacha ag obair in SAM.
  • Tá breis agus €2.8 trilliún infheistithe ag SAM agus an AE le chéile ar dhá thaobh an Atlantaigh.
  • Tá SAM ar an margadh easpórtála is mó atá ag an AE, mar is ansin a cheannaítear €264 billiún de tháirgí an AE (isteach is amach le 17% d'easpórtáil iomlán an AE) in aghaidh na bliana.
  • Easpórtálann an AE seirbhísí freisin ar fiú €127 billiún iad gach bliain go dtí SAM (2010).
  • Táthar ag dréim leis go ngnóthódh an meánlíon tí san Eoraip €545 d'ioncam breise mar thoradh ar TTIP rathúil.
  • D'fhéadfaí cothrom 0.5% den OTI (agus chomh hard le 1% má chuirtear an brabach éifeachtúlachta san áireamh), nó €65 billiún in aghaidh na bliana, a chur faoi gheilleagar an AE mar gheall ar an TTIP.
  • Tá infheistíocht SAM san AE trí oiread níos airde ná a chuid infheistíochta san Áise ar fad, agus tá infheistíocht an AE in SAM ocht n-oiread níos mó ná infheistíocht an AE san India agus sa tSín le chéile.
  • Meastar go bhfuil an geilleagar trasatlantach ina chrann taca ag 15 milliún post, a bheag nó a mhór. Tá ceithre mhilliún duine ag obair do ghnólachtaí cleamhnaithe SAM san Eoraip agus tá 3.5 milliún duine ag obair do ghnólachtaí cleamhnaithe an AE i Meiriceá.
  • D'fheadfadh TTIP uaillmhianach agus cuimsitheach airgead breise ar fiú €119 billiún é in aghaidh na bliana a chur isteach i ngeilleagar an AE agus €95 billiún breise in aghaidh na bliana i ngeilleagar SAM.
  • Dá léirscaoilfí an trádáil idir an AE agus SAM, bheadh tionchar dearfach aige ar thrádáil agus ar ioncam ar fud an domhain, trí bheagnach €100 billiún breise a chur le OTI sa chuid eile den domhan.
  • Bheadh méadú 28% ar easpórtálacha go dtí SAM, coibhéis €187 billiún breise de luach easpórtála earraí agus seirbhísí an AE. Bheadh méadú de bhreis agus €33 billiún ar thrádáil an AE agus SAM leis an gcuid eile den domhan freisin.
  • Mar gheall ar thrádáil bhreise idir an AE agus SAM, agus tuilleadh trádála le páirtithe eile, bheadh méadú 6% ar easpórtálacha an AE agus 8% in easpórtálacha SAM ar an iomlán. Is é sin le rá go mbeadh €220 billiún de dhíolachán breise earraí agus seirbhísí ag an AE.

Tuilleadh eolais

Ceisteanna agus freagraí faoin TTIP




Nuashonrú is déanaí: 11/04/2014  |Barr