Cosán nascleanúna

Taighde agus Nuálaíocht
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Réamhrá

Íomhá le taighde a chur chun cinnTá próiseas mall an téarnaimh ar bun in Éirinn ach is gá cúram agus faireachas fós agus muid ag obair le geilleagar láidir a chruthú a bheidh oiriúnach le riar ar ár riachtanais sna blianta fada amach romhainn.

Ar cheann de na gnéithe ríthábhachtacha chun todhchaí geilleagrach na hÉireann a dhaingniú tá infheistíocht chliste, agus sin an fáth a bhfuil sé den tábhacht am, airgead agus acmhainní a chaitheamh air.

Sin é an fáth freisin a bhfuil an Coimisiún Eorpach ag cur tionscnaimh nua chun tosaigh chun tuilleadh infheistíochta a spreagadh i dtaighde, i bhforbairt agus i nuálaíocht atá níos fearr.

Tá acmhainn mhór ag an smaoineamh seo fostaíocht a chruthú agus fás an gheilleagair a spreagadh. Chomh maith le buntáistí eacnamaíocha, feabhsaíonn taighde rathúil caighdeán na beatha do shaoránaigh uile na hEorpa freisin, trí fhoinsí fuinnimh glana éifeachtacha agus glasa, agus córais iompair chomhtháite a fhorbairt, rud a éascaíonn dul i ngleic le hathrú aeráide agus an comhshaol a chosaint.

Is féidir le taighde rathúil feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine freisin, de bharr dul chun cinn i gcúrsaí leighis, talmhaíocht inbhuanaithe agus sábháilteacht bia, ach tá baol os comhair an Aontais Eorpaigh go dtitfidh sé siar ó thaobh taighde de san iomaíocht lena chéilí comhraic idirnáisiúnta i Meiriceá agus san Áise.

Ní mór d'Éirinn agus don Eoraip tuilleadh infheistíochta a chur isteach sa taighde agus sa nuálaíocht, agus timpeallacht a chruthú inar féidir lenár dtaighdeoirí agus lenár ngnólachtaí bheith cruthaitheach agus rathúil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an dóigh a bhfuil seo á dhéanamh faoi láthair ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta sa Choimisiún.

Nuálaíocht

An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta Richard Bruton in éineacht leis an gCoimisinéir Máire Geoghegan-QuinnRinneadh ceann de na náisiúin is nuálaí san Eoraip d'Éirinn le 40 bliain anuas agus tríd an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (IDA) mheall sí na billiúin euro in infheistíocht dhíreach choigríche (FDI) ó chuideachtaí in earnálacha ardteicneolaíochta amhail Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (ICT), Cógaisíocht, na Meáin Dhigiteacha agus na Meáin Shóisialta.

Tá feidhmíocht nuálaíochta na hÉireann láidir go fóill in ainneoin na géarchéime eacnamaíochta. Leis an fhírinne a dhéanamh bhí Éire sa tríú háit as na hocht mBallstát is fiche sa Táscaire ar Aschur Nuálaíochta atá molta ag an gCoimisiún Eorpach agus a foilsíodh i Meán Fómhair 2013.

Mar sin féin, ina suirbhé dar teideal Economic Survey of Ireland for 2013 deir an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) nach mór borradh a chur faoin nuálaíocht i ngnólachtaí Éireannacha, cé go bhfuil timpeallacht nuálaíochta in Éirinn a thugann tacaíocht do chuideachtaí ilnáisiúnta ardteicneolaíochta.

Tá ról tábhachtach ag an gCoimisinéir Éireannach Máire Geoghegan-Quinn, agus í ina Coimisinéir um Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht chun seo a dhéanamh trí chinntiú go bhfuil nuálaíocht ag croílár bheartais an Choimisiúin Eorpaigh, a bhfuil sé mar aidhm leo fás eacnamaíoch agus fostaíocht a spreagadh.

I nDeireadh Fómhair 2010 sheol sí an tAontas Nuálaíochta – tionscnamh a chuireann taighde agus nuálaíocht i gcroílár bheartais an Aontais Eorpaigh chun tacú le fás agus poist.

Tá an tAontas Nuálaíochta ar cheann de sheacht dtionscnamh shuaitheanta na straitéise Eoraip 2020, atá á cur i bhfeidhm le geilleagar cliste, inbhuanaithe, uilechuimsitheach a dhéanamh den Eoraip uile.

I bplean an Aontais Nuálaíochta tá breis agus 30 pointe gníomhaíochta a bhfuil fúthu uile na trí chuspóir seo a leanas a bhaint amach:

  • A chinntiú go mbeidh an Eoraip ina gníomhaí eolaíochta den chéad scoth.
  • Deireadh a chur le moilleanna maorlathais agus constaicí eile ar nuálaíocht a chuireann bac ​​ar smaointe maithe teacht ar an margadh go tapa.
  • An tslí a mbíonn earnálacha poiblí agus príobháideacha ag obair le chéile a athrú ó bhonn le go mbeidh sé níos éasca comhpháirtíochtaí nuálaíochta a chruthú idir na hinstitiúidí Eorpacha, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus gnólachtaí beaga agus móra.

Taighde

De réir staitisticí an Udaráis Forbartha Tionscail, caitheadh €517 milliún ar thaighde agus ar fhorbairt in Éirinn in 2012. Cabhraíonn cláir an AE le taighdeoirí Éireannacha tionscadail a mhaoiniú agus oibríonn siad i gcomhar le comhpháirtithe san Eoraip agus ar fud an domhain.

A bheith mar chuid de Limistéar Eorpach Taighde (LET), is mór a chabhraíonn sé le hÉirinn a cion a dhéanamh don taighde agus don fhorbairt dhomhanda. Cruthaíodh LET le fás agus poist a chur chun cinn trí chabhrú leis an Eoraip a bheith ar an 'ngeilleagar eolasbhunaithe' is mó le rá ar domhan. Is é seo an smaoineamh: limistéar taighde aontaithe a fhorbairt, limistéar ina mbeidh taighdeoirí, eolas eolaíoch agus teicneolaíocht in ann bogadh timpeall gan bhac.

In Éirinn, tuigimid an tábhacht leis sin dár dtodhchaí féin toisc gur shocraíomar sprioc bheith inár gceannairí sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht sa Straitéis náisiúnta le haghaidh Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta (SSTI).

Tá Rialtas na hÉireann ag díriú isteach ar 14 spriocréimse don taighde eolaíoch as a bhféadfaimis an méid is mó fostaíochta agus is féidir a chruthú. Is iad na réimsí sin a gheobhaidh an chuid is mó den €500 milliún atá ar fáil faoi láthair le haghaidh taighde sa bhuiséad náisiúnta.

Faoi Eoraip 2020, chuir an tAontas Eorpach an sprioc roimhe 3 faoin gcéad den OTI a infheistiú i dtaighde agus i bhforbairt. Mar sin féin, tá an dul chun cinn fadálach go háirithe ó thaobh infheistíochta príobháidí de atá an-lag faoi láthair.

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair go dícheallach chun dul i ngleic leis an laige seo san infheistíocht. Gné ríthábhachtach den chlár Fís 2020 – clár nua an AE chun taighde a mhaoiniú – is ea beart chun dul i mbun oibre i gcomhar leis an earnáil phríobháideach agus le Ballstáit chun torthaí a bhaint amach nach féidir le tír amháin ná le gnó amháin a bhaint amach go furasta as féin.

Mhol an Coimisiún Eorpach freisin pacáiste infheistíochta gur fiú thart ar €22 billiún chun borradh a chur faoi nuálaíocht sna hearnálacha a bhfuil acmhainneacht iontu fás go rábach agus a chruthóidh fostaíocht ar ardcháilíocht.

Rachaidh formhór an mhaoinithe chun sochair cúig chomhpháirtíocht phríobháideacha phoiblí, ar a dtugtar Comhthionscnaimh Teicneolaíochta (CTanna): cógais nuálaíocha; cealla breosla agus hidrigin; aerloingseoireacht; tionscail bhiteicneolaíochta; agus leictreonaic.

Tá thart ar €12.5 milliún faighte ag Éireannaigh atá páirteach i CTanna cheana féin ó bhuiséad taighde an AE. Chuaigh €7.2 milliún breise chun sochair eagraíochtaí Éireannacha atá páirteach i ngníomhaíochtaí taighde biteicneolaíochta agus tá Údarás Eitlíochta na hÉireann le €2 mhilliún a fháil as páirt a ghlacadh i bpáirtíocht eile a bhfuil sé mar aidhm léi bainistíocht aerthráchta a thabhairt cothrom le dáta.

Tábla: Réamh-mheastacháin na hÉireann, Déine TF, 2000-2020

 

An Seachtú Creatchlár – FBManna na hÉireann chun tosaigh

Tá teist shármhaith i dtaighde agus i nuáil ar Éirinn agus ó 2007 i leith bronnadh beagnach €500 milliún ar bhreis is 1,200 iarratasóir ón tír seo i ndeontais do thaighde agus d'fhorbairt trí Sheachtú Creatchlár an AE (FP7).

Is é sprioc náisiúnta na hÉireann €600 milliún a fháil faoi dheireadh 2013, nuair a chuirfear clár maoinithe nua, Fís 2020, in ionad FP7.

Tá Éire sa chéad áit san Eoraip as an leibhéal is airde rannpháirtíochta ag FBManna i gcláir mhaoinithe FP7 as measc 28 mBallstát an AE – tá 104 fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) páirteach ann go dtí seo, agus i ndiaidh na hÉireann tá an Bheilg (95), an Ostair (80), agus an Eastóin (76).

Mar sin féin, níl ag éirí chomh maith céanna le hÉirinn maoiniú AE a tharraingt anuas le haghaidh taighde. De réir staitisticí ón gComhairle Eorpach um Thaighde, a bhfuil buiséad €7.5 billiún aici do thaighde idir 2007-2013, tá Éire sa 17ú háit as cúig thír is fiche a fhaigheann maoiniú.

In 2012 dáileadh €800 milliún i ndeontais ón gComhairle Eorpach um Thaighde ar 537 iarratasóir ar éirigh leo, ach níorbh as Éirinn ach ceathrar acu.

Thug roinnt eolaithe Éireannacha rabhadh go bhfuil baol go gcaillfidh Éire deiseanna ar mhaoiniú AE, de bharr go bhfuil an oiread sin saineolaithe ag fágáil na tíre, sin mura gcruthófar fócas ar infheistiú níos ginearálta i dtaighde bunúsach.

Le teacht ar eolas faoi cé atá in ann iarratas a dhéanamh, faoi struchtúr FP7, faoi na scéimeanna maoinithe agus an chaoi chun freagra a thabhairt ar ghlao, féach FP7 in Brief.

Tábla ina léirítear feidhmiú bhuiséad FP7 bliain i ndiaidh bliana ó bunaíodh é in 2007

• Mhéadaigh buiséad FP7 bliain i ndiaidh bliana ó bunaíodh é in 2007

Fís 2020

Íomhá le Fís 2020 a chur chun cinnAn 1 Eanáir 2014, tiocfaidh clár nua taighde agus nuálaíochta an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm – Fís 2020. Sin an ionstraim airgeadais nua lena gcuirfear an tAontas Nuálaíochta i bhfeidhm, agus tá sí ceaptha chun comhoibriú ar thionscadail a éascú idir taighdeoirí agus gnólachtaí, FBManna san áireamh.

Fuair Fís 2020 buiséad gur fiú isteach agus amach le €70 billiún é faoi Uachtaránacht n hÉireann ar an AE i Meitheamh 2013. Úsáidfear an t-airgead sin chun borradh a chur faoi thaighde agus nuálaíocht faoi na trí cholún atá ag an gclár.

Tá sé beartaithe breis agus €24 billiún a thabhairt faoin gcolún Eolaíocht den Scoth chun cabhrú le maoiniú a chur ar fáil don Lárionad Eorpach um Thaighde, do bhonneagar ríthábhachtach agus do theicneolaíochtaí sa todhchaí agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus úsáidfear beagnach €31 billiún faoin gcolún Dúshláin na Sochaí chun a chinntiú go ndíreofar an taighde ar na hábhair is mó a chuireann imní ar shaoránaigh agus ar lucht gnó amhail sláinte, aeráid, bia, slándáil, iompar agus fuinneamh.

Gné nuálach de Fís 2020 is ea an colún Tionscail Iomaíocha, faoina bhfuil sé beartaithe breis agus €17 billiún a chaitheamh. Sa cholún seo tá bearta tacaíochta sonracha le haghaidh FBManna agus chun teicneolaíochtaí tionsclaíocha a chumasú amhail nanaitheicneolaíochtaí, biteicneolaíochtaí agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (ICT).
 

Scéalta Ratha ó Éirinn

Tá earnáil dhúchasach urrúnta ICT in Éirinn a bhfuil an-rath uirthi, agus í tógtha ar dhúshraith eolais nach beag agus ar thaighde a rinneadh in iliomad ollscoileanna agus institiúidí taighde ICT.

As an líon sin tá Institiúid Náisiúnta Tyndall, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. A bhuí lena saineolas i micreachórais agus i nanaileictreonaic, tá sé le maíomh as a teist go dtí seo go raibh sí páirteach in iliomad tionscadal FP7 agus go ndearna sí comhordú orthu freisin.

Faoi láthair tá Institiúid Náisiúnta Tyndall i mbun trí thionscadal thábhachtacha FP7 a chomhordú, agus ina measc siúd tá tionscadal ina bhfuiltear ag forbairt teicneolaíochta a d'fhéadfaí a úsáid chun fuileadáin a dheisiú nó gléasanna a rialaíonn leathadh artairí. Tá baint aige freisin le trí thionscadal eile san fhótónaic atá i mbun taighde faoi fheidhmchláir a d'fhéadfaí a bheith ann sa leigheas agus i dteileachumarsáid ísealchumhachta.

Ní hí Institiúid Náisiúnta Tyndall an t-aon eagraíocht mór le rá san earnáil taighde agus forbartha in Éirinn. Mar shampla, is speisialtóir í Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge i réimse muiníne, slándála agus iontaoibh le haghaidh an idirlín amach anseo agus tá comhordú déanta aici ar ocht dtionscadal FP7 agus is ceannaire í ar thogra uile-Eorpach le haghaidh braisliú agus malartú faisnéise idir thionscadail iontaoibh agus slándála a fhaigheann maoiniú ón AE.

Is eagraíocht mór le rá eile i réimse an taighde é Coláiste na Tríonóide agus tá dhá thionscadal thábhachtacha á gcomhordú aige faoi láthair atá mar chuid den chlár taighde Clear Sky. Déanann an chéad cheann, WENEMOR, iniúchadh ar iarmhairtí torainn mar gheall ar dhearadh nua ar inneall aerárthaigh agus féachann an dara ceann, ALLEGRA, le torann a eascraíonn ó fhearas tuirlingthe a laghdú mar gur seo a chruthaíonn 30 faoin gcéad de thorann aerárthaigh.

Bhí Coláiste na Tríonóide ar cheann de na páirtithe is mó sa tionscadal N4C a bunaíodh chun teicneolaíochtaí nua líonraithe a chur i mbun oibre agus a scrúdú le haghaidh ceantar geografach san Eoraip ina bhfuil drochnaisc ICT.

Seo a leanas roinnt scéalta ratha taighde eile ó Éirinn:

  • Bhronn an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) gradam maoinithe gurbh fhiú €3 mhilliún é ar an Ollamh Valerie O'Donnell, as Co. Chill Mhantáin, chun tionscadal taighde a dhéanamh chun tuiscint a fháil ar ról na lipidí (nó geireacha) i bhforbairt an ghalair chardashoithíoch agus an ghalair néaltraithe i ndaoine a bhfuil an claonadh géiniteach iontu bheith thíos leis na galair sin. Rinne Valerie a cuid staidéir ar Chothú Daonna agus ar Dhiatéitic i Sráid Chaoimhín / Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tá sí anois ina Déan gníomhach ar Thaighde i Scoil an Leighis in Ollscoil Cardiff sa Bhreatan Bheag. An tionscadal atá ar siúl aici, "LIPIDARRAY - Development and application of global lipidomic arrays to inflammatory vascular disease", cinnfidh sé líon iomlán agus éagsúlacht na lipidí in dhá chineál cille fola a chabhraíonn leis an troid i gcoinne ionfhabhtaithe agus a choscann fuiliú (macrafagaigh agus pláitíní). Gliogáil anseo le sonraí a fheiceáil.
  • Tá an tOllamh Brian Lawlor, as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, i gceannas ar thionscadal a mhairfidh cúig bliana dar teideal NILVAD a bhfuil sé mar aidhm leis dul chun cinn an ghalair Alzheimer a mhoilliú nó a chosc fiú. Tá an tOllamh Lawler dóchasach go mbeidh rath ar an tionscadal ar an ábhar go bhfuil sé ag comhoibriú le saineolaithe as deich dtír, nuair a chuirtear san áireamh nár tháinig aon druga nua amach in aghaidh an ghalair sin ó bhí 2002 ann. Léiríodh i dtriall phíolóta den druga 'nilvadipine', atá ceadaithe cheana féin le haghaidh úsáide ag daoine i dtaca leis an ngalar cardashoithíoch, go bhféadfadh sé bheith slán mar chógas ar an ngalar Alzheimer. Gliogáil anseo le sonraí a fheiceáil.
  • Tá an tOllamh Fergal O'Brien ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn ag obair ar thionscadal atá maoinithe ag an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC) maidir le leigheas athghinúnach. Is réimse nua é seo san eolaíocht a dhíríonn isteach ar chabhair a thabhairt do dhaoine cneasú ar dhóigh níos tapúla trí chealla, fíocháin agus orgáin mhalartacha a fhorbairt chun feidhm bhitheolaíoch a dheisiú, a fheabhsú nó a chur ar ais sa chuid sin den cholainn atá thíos leis an ngalar. Tá sé de chuspóir ag an Ollamh O'Brien ré nua a thabhairt isteach maidir le bristeacha a chneasú agus uaireanta cóireála agus téarnaimh a laghdú d'othair, trí leaganacha malartacha nuálacha ar nódú cnámha agus ar thrasphlandú a chruthú trí bhithinnealtóireacht. Gliogáil anseo le sonraí a fheiceáil.
  • D'fhág an t-eolaí Gillian Hendry ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad, a post agus chuir sí bainis ar athló in Éirinn chun tabhairt faoi thaighde sa saotharlann Langer Lab (SAM) a bhfuil clú agus cáil dhomhanda uirthi. Le linn a cuid ama sa tsaotharlann sin, chuir sí eolas ar phróisis úrnua bitheolaíochta, tháinig sí slán trí stoirmeacha móra agus, a bhuí lena dúthracht féin, tá seans go bhfuil ábhar aimsithe aici a d'fhéadfadh athghiniúint néaróg a thapú i ngéaga a bhfuil damáiste déanta dóibh. Gliogáil anseo le sonraí a fheiceáil.

Gliogáil anseo le haghaidh scéalta eile ratha ina bhfuil rannpháirtithe as Éirinn.

Naisc úsáideacha

 

An Príomh-Oifig Staidrimh




Nuashonrú is déanaí: 14/05/2014  |Barr