Cosán nascleanúna

An Comhshaol
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Íomhá de lochanna Chill ÁirneIn 2013 tháinig breis agus trí mhilliún cuairteoir ar saoire go hÉirinn, agus bhí an clú agus cáil atá uirthi as a haer úr agus a tírdhreach glas méith ar na nithe a mheall chun na tíre iad.

De réir suirbhé faoi thuairimí cuairteoirí a rinne Fáilte Ireland le linn na bliana, luaigh 84% de na freagróirí gurbh é an comhshaol nádúrtha, neamhmhillte is mó ba chúis lena dteacht.

Sin cúis amháin, de chuid mhór cúiseanna, a léiríonn a thábhachtaí agus atá sé againn leanúint de bheith ag tabhairt aire d'acmhainní nádúrtha agus do thírdhreach na tíre. Tá sin ina phríomhthosaíocht ag an gcuid eile den Aontas Eorpach freisin.

Tá sé ríthábhachtach, do na glúine atá le teacht, an comhshaol a chosaint, agus ní in Éirinn amháin, mar tá truailliú agus an t-athrú aeráide ag cur thodhchaí gach duine ar an bpláinéid seo i mbaol.

Tá dul chun cinn déanta againn i réimsí ar nós bainistiú dramhaíola agus cháilíocht an aeir, ach tá go leor le déanamh fós ó thaobh an nádúr a chosaint, cáilíocht uisce a fheabhsú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Ó tharla go bhfuil Éire ina ball den AE beidh sé níos fusa againn an sprioc maidir le comhshaol níos fearr agus níos cliste a bhaint amach nó tá beartas an AE ceaptha sa chaoi is go ngníomhóidh na Ballstáit le chéile le dul i ngleic leis na nithe atá ag bagairt ar an domhan agus fás inbhuanaithe a bhaint amach i ngeilleagar ísealcharbóin.

Tá Clár Gníomhaíochta Comhshaoil ar a dtugtar Muid ag maireachtáil go maith faoi shrianta ár bpláinéid a threoróidh beartas Eorpach comhshaoil go dtí 2020, rud a aontaíodh le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2013.

Fíricí comhshaoil

  • Comhdhéanamh astaíochtaí gás ceaptha teasa in ÉirinnIn 2013 tháinig laghdú 7% ar an iomlán –i gcomparáid le leibhéal astaíochtaí na bliana 2012 – ar na hastaíochtaí gás ceapa teasa a ghin comhlachtaí Éireannacha faoi Scéim Trádála Astaíochtaí AE. Mar sin féin, léiríonn meastúcháin oifigiúla na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil gur tháinig méadú 1.4% (0.78Mt CO2) ar astaíochtaí iomlána gás ceapa teasa in Éirinn in 2012, i gcomparáid le leibhéil 2011, rud a chuir treocht na n‑astaíochtaí, a bhí ag titim ó bhí 2006 ann, ar mhalairt slí.
  • Is páirtí i bPrótacal Kyoto í Éire, prótacal a chuireann oibleagáidí ceangailteacha ar thíortha astaíochtaí gás ceapa teasa a laghdú. Faoin bprótacal, cuireadh meánteorainn 62.8 Mt coibhéis CO2 ar astaíochtaí iomlána na hÉireann in aghaidh na bliana don tréimhse 2008–2012. Faoi 2012 bhí Éire 5.68Mt coibhéis CO2 faoi bhun na teorann ach nuair a chuirtear tionchar Scéim Trádála Astaíochtaí an AE agus sliogaidí foraise sa chuntas bhí sé 2.1Mt coibhéis CO2 thar an teorainn sin.
  • Tháinig méadú 7.1% ar astaíochtaí fuinnimh (leictreachas den chuid is mó) in Éirinn in 2012. Is é is cúis leis sin an méadú 27% agus 16% a tháinig ar úsáid guail agus móna faoi seach i stáisiúin cumhachta traidisiúnta breosla intaise, agus ina cheann sin an laghdú 12% a tháinig ar úsáid gáis nádúrtha. Tháinig laghdú 8.4% ar úsáid leictreachais arna ghiniúint ag an ngaoth idir 2011 agus 2012.
  • Bhí astaíochtaí gás ceaptha teasa ó thithe cónaithe 5.9% níos ísle in 2012 ná in 2011. Ach tá cúis leis sin, mar atá, meánteochtaí a bheith ní b'airde ná mar ba ghnách in 2012 agus, dá dhroim sin, éileamh níos lú a bheith ag teaghlaigh ar fhuinneamh.
  • Ón talmhaíocht a thagann an chuid is mó d'astaíochtaí in Éirinn fós, 31.9 % den iomlán, agus tagann 21.9% ó Fhuinneamh (giniúint cumhachta thar aon ní eile) agus 18.6% ó Iompar.
  • De na limistéir atá curtha in áirithe mar láithreacha snámha, chomhlíon 97% díobh caighdeán cáilíochta íosta an AE in 2013 agus bhí 84.4% díobh sa rangú 'maith'. Ó 2014 amach déanfar cáilíocht uisce na laithreán sin a mheas de réir rialacha níos déine atá ag an AE, rialacha a leagtar amach sa Treoir maidir le hUiscí Snámha.
  • Tá 71% de na haibhneacha agus 44.6 % de na lochanna a scrúdaíodh in Éirinn ar caighdeán ard nó ar caighdeán maith. Mar sin féin, fearacht cuid mhór Ballstát eile, tá go leor dúshlán le sárú ag Éirinn le cuspóirí Chreat-Treoir Uisce an AE a bhaint amach faoi na dátaí atá leagtha síos.
  • Is iad na príomhchúiseanna atá le droch-cháilíocht uisce in Éirinn truailliú poncfhoinse, cuir i gcás ábhar a bheith ag sceitheadh ó phíopa isteach in abhainn, agus truailliú idirleata, is é sin ábhar salaithe ar nós leasachán nó ceimiceán, a bheith ag sileadh isteach i gcórais uisce. Caithfear úsáid níos fearr a bhaint freisin as gach saghas beart reachtach atá ann, agus sin a dhéanamh ar shlí chomhtháite.
  • In Éirinn faigheann 82% den daonra a chuid uisce óil trí 932 soláthar poiblí. Ó ghrúpscéimeanna uisce, ó sholáthairtí phríobháideacha agus ó thoibreacha a fhaigheann an chuid eile a gcuid uisce. Ó 2005 i leith, tá laghdú 92% tagtha ar líon na dtuairiscí a fuarthas faoin leibhéil E.coli sa soláthar uisce poiblí a bheith os cionn an leibhéil cheadaithe. Mar sin féin, tá dúshláin roimh údaráis na tíre uisce óil slán sábháilte a sholáthar, cuir i gcás roinnt mórthionscadal soláthar uisce a chríochnú agus deimhin a dhéanamh de gur féidir uisce den chaighdeán is cuí a sholáthar beag beann ar an aimsir. I mBealtaine 2014 d'fhógair Uisce Éireann plean atá aige €1.77 billiún a infheistiú le feabhsuithe phráinneacha a dhéanamh i dtaca le cáilíocht uisce.
  • Mar thoradh ar bhreith ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndiaidh don Choimisiún Eorpach cás a thionscain, thug Éire reachtaíocht nua isteach chun rialú a dhéanamh ar sceitheadh fuíolluisce ó na tithe ar fad nach bhfuil nasctha leis an ngréasán séarachais. De réir an dlí nua is gá gach umar seipteach príobháideach agus gach córas cóireála fuíolluisce a chlárú le go mbeidh sé níos fusa cigireacht a dhéanamh orthu chun cosaint níos fearr a thabhairt do shláinte an phobail agus don chomhshaol.
  • Táthar ag súil go mbeidh sprioc amháin de chuid Threoir an AE maidir le Líonadh Talún 2013 bainte amach ag Éirinn, is é sin dramhaíl in-bhithmhillte gan a bheith á cur a tuilleadh chuig láithreáin líonadh talún, faoin am a eiseofar sonraí oifigiúla faoi líonadh talún. Mar sin féin tá baol ann nach mbainfear amach an sprioc atá leagtha amach le haghaidh 2016, go háirithe má thagann an geilleagar ar ais chuici féin agus má leanann méadú dramhaíola sin. Tháinig laghdú ar líon na láithreán líonadh talún a ghlacann le dramhaíl sholadach le haghaidh diúscartha, ó 19 láithreán in 2012 go dtí 11 láithreán faoi dheireadh 2013.
  • Tá speicis fiadhúlra á gcailleadh, ar fud an domhain, suas le míle uair níos tapa ná an ráta nádúrtha, de dheasca ghníomhaíochtaí an duine go háirithe. Meastar nach bhfuil bail mhaith ach ar 17% de na gnáthóga agus ar 17% de na speicis san AE atá faoi chosaint ag an Treoir um Ghnáthóga.
  • De réir na fianaise is deireanaí, tá 'caipiteal' bithéagsúlachta na hÉireann ag fánú go han-tapa. Tuairiscítear go bhfuil cuma bhocht nó dhona ar an gcuid is mó de ghnáthóga na hÉireann atá liostaithe sa Treoir um Ghnáthóga. Meastar nach bhfuil dea-bhail ach ar 7% de na gnáthóga atá liostaithe. Tá sin 10% níos ísle ná an meán san AE. Is portaigh go leor de na gnáthóga atá liostaithe in Éirinn, agus is é baint mhóna neamhrialáilte an phríomhchúis leis an dochar atá déanta dóibh.

Beartas

Lógó Chlár Gníomhaíochta Comhshaoil an AEAithníonn údaráis na hÉireann go gcaithfidh cúrsaí comhshaoil a bheith lárnach sa phróiseas ceaptha beartas agus sa phróiseas cinnteoireachta ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.

In 2012 leag Rialtas na hÉireann a straitéis amach ina Chreat le haghaidh forbartha inbhuanaithe , creat a leagann amach bonneagar fadtéarmach chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus an geilleagar glas in Éirinn.

Le go mbeidh rath ar an gcreat sin, ní mór an beartas comhshaoil agus an reachtaíocht chomhshaoil atá againn a bheith bunaithe ar fhorbairtí Eorpacha agus domhanda mar go dteastaíonn cur chuige comhordaithe uilíoch leis an domhan a chosaint agus comhshaol a dhéanamh níos fearr.

Tá creat dá cuid féin ag an Eoraip – Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (CGC) – chun a chinntiú go gcuirtear cúram an chomhshaoil san áireamh i ngach leibhéal den phróiseas déanta cinntí san AE.

Thug an Coimisiún Eorpach isteach CGC den chéad uair in 1973, an bhliain chéanna a rinneadh Ballstát d'Éirinn.

Ón uair sin i leith bhí seacht gcinn de CGCanna ann agus is é an ceann is deireanaí, ‘Maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid’ – atá ag treorú an bheartais chomhshaoil faoi láthair agus a bheidh á threorú go dtí 2020.

Tá an beartas sin ina dhlúthchuid den Straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh.

Sa CGC atá ann faoi láthair, leagtar amach fís don staid ina bhféadfadh an Eoraip a bheith faoi 2050 agus, chuige sin, liostaítear naoi gcuspóir tosaíochta agus tugtar cuntas ar a bhfuil le déanamh ag an AE lena mbaint amach faoi 2020.

Ina theannta sin, sainaithnítear sa CGC trí réimse tosaíochta a bhfuil gníomhaíocht de dhíth iontu. Ina measc sin tá 'caipiteal nádúrtha' amhail ithir thorthúil, farraigí agus fionnuisce glan mar aon leis an mbithéagsúlacht a ghabhann leis agus tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit baint amach na gcuspóirí a leagtar amach sa Straitéis Bithéagsúlachta 2020 a luathú.

Déanfar tuilleadh iarrachta geilleagar ísealcharbóin atá níos tíosaigh ar acmhainní a dhéanamh de gheilleagar an AE, trí dramhaíl a laghdú, athchúrsáil a mhéadú agus na spriocanna aeráide agus fuinnimh atá leagtha síos sna spriocanna ‘20-20-20’ a bhaint amach.

Tá tosaíochtaí eile ag an CGC atá i bhfeidhm faoi láthair, e.g. dul i ngleic le truailliú an aeir agus truailliú uisce, agus leis an mbarraíocht calláin agus ceimiceán tocsaineach atá ann, rudaí atá ag teacht leis an ngné Fás Inbhuanaithe den Straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fáis agus crúthú fostaíochta.

Tá Éire píosa maith faoi bhun mheán an AE ó thaobh athrú aeráide agus fuinnimh de, gan ach 7.2% de thomhaltas fuinnimh ag teacht ó fuinneamh inbhuanaithe, sin bearna 8.8 pointe faoin gcéad ón sprioc atá leagtha síos don tír le haghaidh Straitéis Eoraip 2020, 16%.

Tá straitéis ag an AE atá ceaptha stop a chur faoi 2020, freisin, leis an meath ar speicis agus gnáthóga i mbaol. I gcroílár na straitéise sin tá Natura 2000, gréasán de 26,000 limistéar nádúrtha faoi chosaint a chlúdaíonn 18% den AE. Tá 583 láthair faoi chosaint in Éirinn, a chlúdaíonn 13% den tír.

Tá imní ann faoin gcaoi a bhfuil rialtas na hÉireann ag cur chun feidhme na reachtaíochta atá ag an AE a chosnaíonn gnáthóga portach móna atá clúdaithe faoi Natura 2000. Ní amháin gur cineálacha bithéagsúlachta faoi bhagairt atá sna gnáthóga sin, ach is cúltaiscí tábhachtacha carbóin atá sna portaigh mhóna freisin agus tá ról tábhachtach acu san éiceachóras, maidir le cosc tuillte mar shampla.

D'iarr an Coimisiún Eorpach ar Éirinn bearta práinneacha a dhéanamh le portaigh mhóna na hÉireann a chaomhnú i ndiaidh do lucht eolaíochta rabhadh a thabhairt go bhfuil suas le 35% de ghnáthóga áirithe tosaíochta scriosta ó tugadh isteach an Treoir um Ghnáthóga.

Creideann an Coimisiún freisin nach ar shlí éifeachtach a tugadh faoin toirmeasc ar bhaint mhóna i 56 portach ardaithe, toirmeasc a tugadh isteach in 2010 agus 2011, agus is cnámh spairne go fóill í an cheist seo in Éirinn. 

Maoiniú

Is leis an gClár LIFE a mhaoinítear cur chun feidhme bheartas comhshaoil an AE. Ó 1992 i leith, tá isteach agus amach le €3.1 billiún tugtha do chosaint an chomhshaoil ar fud na hEorpa.

San iomlán tugadh cómhaoiniú do 55 tionscadal in Éirinn; baineann 38 díobh sin le nuálaíocht agus 17 díobh le caomhnú an nádúir.

Infheistíodh €112.5 milliún san iomlán sna tionscadail sin, agus is é an tAontas Eorpach a thug breis agus €48 milliún den mhéid sin.

Tá an clár LIFE+ do na blianta 2014–2020 ag teacht faoin rialachán nua Rialachán LIFE don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide . Is é €3.4 billiún buiséad iomlán an chláir don tréimhse sin i bpraghasanna mhí na Nollag 2013, agus tá fochlár comhshaoil agus fochlár um ghníomhú ar son na haeráide ag gabháil leis.

Boilerhouseproject, Baile MunnaI measc na dtionscadal a dtabharfar maoiniú dóibh ó LIFE, tá WISER LIFE, atá á reáchtáil ag an lárionad Rediscovery Centre Ltd i mBaile Munna, Baile Átha Cliath. Tugadh maoiniú €3.6 milliún don tionscadal in 2014 chun coire-theach áitiúil, nach rabhthas a úsáid, a athrú ó bhun agus ionad comhshaoil a dhéanamh de a bheidh ina eiseamláir dea-chleachtais ó thaobh dramhaíl a athúsáid agus dramhaíl a ullmhú le haghaidh athúsáide.

In 2014 tugadh maoiniú do dhá thionscadal i gCúige Mumhan freisin arbh fhiú €8.1 milliún iad faoin chatagóir Nádúr (Nature) de chuid LIFE+.

Ceann den dá thionscadal sin 'LIFE Kerry', tá sé á reáchtáil ag an Roinn Ealaíne, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus tá sé d'aidhm leis feabhas a chur ar stádas caomhnaithe na ndiúlicíní péarla i ndobharcheantracha na Cárthaí agus an Phoill Ghoirm, limistéir atá ina gcuid de Pháirc Náisiúnta Chill Áirne.

Tá an tionscadal eile Raptor LIFE, á reáchtáil ag IRD Duhallow Ltd i gContae Chorcaí, is é is cuspóir leisr daonraí chromáin na gcearc a chur ar ais mar a bhí agus gnáthóga roinnt speiceas sa cheantar a fheabhsú.

Is é an Coimisiún Eorpach a reáchtálann an clár LIFE+ agus is trí iarratas ar líne a dhéanamh a iarrtar maoiniú. Is féidir leo siúd a bhfuil maoiniú uathu dul i dteagmháil leis an Aonad LIFE sa Roinn Comhshaoil trí ríomhphost a sheoladh chuig LIFE@environ.ie, má tá comhairle nó cabhair de dhíth orthu ó thaobh iarratas a dhéanamh.

 

Beart a dhéanamh

  • ATHRÚ AERÁIDE: Is é an Creat Náisiúnta um Athrú Aeráide , a foilsíodh i mí na Nollag 2012, an plean a threoróidh beartas na hÉireann i dtaca le hathrú aeráide uaidh seo amach. Tá an plean ceaptha anailís agus gléasanna a sholáthar do ghníomhaireachtaí áitiúla chun cabhrú leo dul i ngleic le drochthionchar an athraithe aeráide agus é a laghdú. Tá reachtaíocht nua maidir le gníomhú ar son na haeráide agus forbairt ísealcharbóin ar na bacáin freisin agus tá tuarascáil maidir leis na dúshláin atá le sárú ag Éirnn foilsithe ag Rúnaíocht na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíche agus Sóisialta na Ranna Comhshaoil.
  • CÁILÍOCHT AN AEIR: Déantar monatóireacht agus measúnú in Éirinn ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh i gcomhréir le ceanglais Threoracha an AE ina leagtar amach spriocanna do réimse leathan truailleán, mar shampla sulfar, nítrigin, aonocsaíd charbóin agus ózón. Tá toirmeasc curtha ag údaráis na hÉireann ar ghual biotúmanach (toiteach) i ngach cathair agus baile mór agus tá sé mar aidhm ag údarais na tíre deireadh a chur le díol an ghuail sin faoi 2016.
  • DRAMHAÍL: Tá beartas na hÉireann maidir le bainistíocht dramhaíola bunaithe ar rialacha an AE agus tá bearta ann a bhfuil sé d'aidhm leo dramhaíl a chosc, a athúsáid, a athchúrsáil nó a dhiúscairt go sábháilte. Ceapadh é le sochaí athchúrsála a chur chun cinn, agus dírítear ar thíosacht acmhainní agus ar dheireadh ar fad, geall leis, a chur le dramhaíl na mbailte móra a bheith á cur i láithreán líonadh talún. Cuirtear béim láidir ar bhailiú dramhaíola tí chun cuspóirí an bheartais iomláin a bhaint amach. Tá droch-cháil ar Éirinn go dtí seo i dtaobh bainistíochta dramhaíola; níor bhaineamar ach 19 bpointe as 42 phointe i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach i mí Lúnasa 2012. Mar chomparáid, ghnóthaigh an Ostair agus an Ísiltír 39 bpointe as 42 phointe. Bhí Éire sa 15ú háit i liosta na seacht mBallstát is fiche. In 2013 thug Éire rialacháin nua isteach atá ceaptha sórtáil agus aisghabháil dramhbhia tithe cónaithe a chur chun cinn agus cabhrú a thabhairt chun spriocanna a bhaint amach faoin Threoir ón AE a bhfuil sé mar aidhm léi méid na dramhaíola a chuirtear chuig láithreáin líonadh talún a laghdú.  
  • CÁILÍOCHT UISCE: Tá cáilíocht uisce aitheanta as an tábhacht straitéiseach atá léi do gheilleagar na hÉireann, agus is rud é nach mór a fheabhsú. Is gá acmhainní uisce a bhainistiú ar dhóigh inbhuanaithe agus tá gealltanas tugtha ag an Rialtas tabhairt faoi chur chuige náisiúnta chun an éifeachtúlacht costais a ghabhann le soláthar uisce a fheabhsú. Beidh baint mhór ag an méadrú agus ag na táillí uisce atá á dtabhairt isteach d'úsáideoirí uisce tí leis an sprioc sin a bhaint amach. 50–100 méadar ciúbach in aghaidh an duine an meánráta bliantúil úsáide fionnuisce san AE. In Éirinn, is é 141 méadar ciúbach an meán atá ann mar go bhfuil an soláthar poiblí saor in aisce. Tá de chumhacht ag na húdaráis áitiúla faoin reachtaíocht náisiúnta an dlí a chur ar lucht truaillithe uisce.
  • BITHÉAGSÚLACHT: Tuairiscítear go bhfuil an chuid is mó de na gnáthóga is tábhachtaí in Éirinn ar chaighdeán íseal nó dona, mar shampla portaigh ardaithe agus bratphortaigh, córais dumhcha, lochanna, eanaigh agus seascainn olagatrófacha, féaraigh agus coillearnaigh nádúrtha. Speicis áirithe fiadhúlra, go háirithe i dtimpeallachtaí bogaigh agus fionnuisce, faoi bhagairt freisin, mar shampla an bradán Atlantach agus an diúilicín péarla fionnuisce. Tá fianaise ann go bhfuil cúlú mór ag teacht ar roinnt speiceas éan freisin. Is é an Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta 2011–2016 an phríomhuirlis atá ag Éirinn lena cuid gealltanas idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

 

 

Naisc úsáideacha

Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil:




Nuashonrú is déanaí: 17/06/2014  |Barr