Cosán nascleanúna

Géarchéim eacnamaíoch na hÉireann: conas a tharla sé agus céard atá á dhéanamh faoi?
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Borradh fáis na hÉireann

Sa chuid is mó den tréimhse iarchogaidh, bhí feidhmíocht gheilleagar na hÉireann go mór ar gcúl i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip. Níor tháinig mórán athrú ar an gcás sin go dtí lár na 1990daí, nuair a tháinig borradh tapa ar fhás eacnamaíoch agus lean sé ag ráta níos tapa ná mar a bhí i dtíortha eile na hEorpa. Bhí fachtóirí áirithe ann - déimeagrafaic fhabhrach, fórsa oibre an-oilte, ráta ard táirgeachta agus timpeallacht cairdiúil agus rátaí ísle cánach corparáide - a d'fhág go raibh Éire in ann leas maith a bhaint as a ról mar thairseach ar mhargaí an AE, go háirithe d'infheistíocht dhíreach choigríche ó SAM.

Idir 1995 agus 2002, tháinig méadú mór ar tháirgeacht, bhí seasamh fioscach na hÉireann an-láidir agus thit an ráta dífhostaíochta go timpeall 4%, leibhéal a measann eacnamaithe gur léiriú é ar "lánfhostaíocht".

Figiúr 1 – Rátaí dífhostaíochta in Éirinn agus in 12 bhallstát eile i limistéar an euro 1993 – 2011 (Foinse: Eurostat)

Tábla ina dtaispeántar na rátaí dífhostaíochta in Éirinn agus in 12 bhallstát eile i limistéar an euro idir 1993 agus 2011 

Barr

Déantar boilgeog den bhorradh

Ó 2002 ar aghaidh, tháinig athrú ar an gcineál borrtha a bhí ag tarlú. Ní raibh méadú ag teacht ar an táirgeacht a thuilleadh, bhí an ráta boilscithe ard agus d'éirigh an nasc níos dlúithe idir an bhfás ar OTI agus an margadh tithíochta. Bhí ardú pá ar fud an gheilleagair ag cur iomaíocht na tíre i mbaol. Faoi 2006, cé gur measadh fós go raibh an t-airgead poiblí slán sábháilte, ba dhallamullóg a bhí ann mar go raibh go leor d'ioncam an Stáit ceangailte leis an margadh tithíochta. I measc an ioncaim a bhain le réadmhaoin bhí an dleacht stampála agus an cháin ar ghnóthachain chaipitiúla, ach bhí tábhacht freisin leis na suimeanna móra CBL a bhí á n-íoc ag na forbróirí, agus an cháin ioncaim a bhí á híoc ag na hoibrithe in earnáil ollmhór na foirgníochta. Bhí an bonn cánach sin an-teoranta go deo, agus spleách den chuid is mó ar an mborradh sa tithíocht.

Figiúr 2 – An tobchliseadh ar ioncam cánach ó réadmhaoin a chruthaigh an ghéarchéim fhioscach in Éirinn

Graf ina dtaispeántar an tIoncam Cánach ó Thithíocht

Ainneoin an bhaoil a bhí ann, níor stop an méadú ar chaiteachas poiblí na hÉireann, agus tugadh maoiniú do thionscadail chostasacha caipitil, agus fágadh gur tháinig méadú mór ar an gcaiteachas i roinnt mhaith réimsí.

Chuir an borradh in iasachtaí bainc neart breise i mboilgeog amhantrach na tithíochta, agus d'fhás cláir chomhardaithe bhainc na hÉireann go mór as líne le méid gheilleagar na tíre. Roimhe sin, bhraith na bainc ar an mbonn taiscí a bhí acu lena ngníomhaíocht iasachtaithe a mhaoiniú. I ngeall ar an gcomhtháthú breise airgeadais a rinneadh, i bpáirt, ó tháinig an euro ar an saol, bhí deis ag na bainc dul i muinín iasachtaí gearrthéarmacha ón gcoigríoch, a fuair siad ó mhargaí mórdhíola airgid. Sa tréimhse sin, tháinig méadú mór ar fud an domhain sa dúil a bhí ag na margaí airgeadais i rioscaí, agus bhí bainc na hÉireann gafa leis an obair sin.

Bhí an treocht sin le tabhairt faoi deara ón méid a díríodh ar iasachtaí tithíochta, agus ar chleachtais iasachtaithe a raibh riosca mór ag baint leo, agus ba bhuille tubaisteach a bhí sna cleachtais sin nuair a phléasc an bhoilgeog. Lena chois sin, fágadh de bharr na maoirseachta éadroime a bhí á déanamh ar bhainc gur chlis ar mhaoirseoirí agus ar rialtóirí na rioscaí a bhí ag teacht chun cinn sa chóras airgeadais a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Ba chúis eile leis an bhfás uaibhreach san earnáil tithíochta an fás ar chaiteachas poiblí.

Barr

Géarchéim

Faoin mbliain 2007, ní raibh a thuilleadh borrtha le déanamh sa mhargadh tithíochta. Tháinig ísliú tobann, an bhliain sin, ar an ioncam ó cháin, tháinig laghdú don chéad uair ó 1988 ar líon na dtithe nua a bhí á dtógáil, agus in 2008, bhí an chéad mhéadú suntasach ann i ndífhostaíocht le cúig bliana déag. Bhí tuairisc ag bainc na hÉireann ar riaráistí ina leabhair iasachtaí, agus de bharr easpa muiníne sna taisceoirí, ní raibh de dhóchas acu ach nach dtógfaidís na taiscí amach as na bainc. An tráth céanna, bhí sé ag éirí níos deacra iasachtaí gearrthéarmacha idirbhainc a fháil de bharr na géarchéime idirnáisiúnta airgeadais, iasachtaí a raibh bainc na hÉireann ag brath orthu go mór.

Mar fhreagairt ar na brúnna sin, chinn an rialtas dliteanais iomlána na mbanc a ráthú agus iad a athchaipitliú trí chistí poiblí. Na costais mhóra a bhain leis na bearta sin, chuir siad brú breise ar an easnamh a bhí sa bhuiséad, easnamh a tugadh faoi deara nuair a chlis ar an margadh tithíochta.

Mhéadaigh an fiachas bainc sin an t-easnamh mór a bhí sa bhuiséad cheana féin, agus thosaigh infheisteoirí idirnáisiúnta ag ceistiú cé chomh hinbhuanaithe agus a bhí fiachas ceannasach na hÉireann. I Samhain 2010, bhí an toradh ar fhiacha rialtas na hÉireann ag leibhéal neamh-inbhuanaithe 9%, rud a chiallaigh go raibh bac ar an rialtas iasachtaí a fháil ó na margaí idirnáisiúnta bannaí. Gan an deis a bheith aige iasachtaí a fháil leis an easnamh a chúiteamh, bheadh ar Éirinn coigeartú ollmhór agus tobann a dhéanamh ar na seirbhísí poiblí, le go gcuirfí an caiteachas ar aon líne leis an ioncam.

Barr

Clár coigeartaithe eacnamaíoch an AE/CAI d'Éirinn

Le nach mbeadh gá an coigeartú tobann sin a dhéanamh, tháinig an rialtas ar chomhaontú, an 29 Samhain 2010, leis an AE agus leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) faoi phacáiste cúnaimh airgeadais €85 billiún (bhí ranníocaíocht €17.5 billiún ó acmhainní dílse na hÉireann san áireamh sa mhéid sin). Tá an maoiniú atá á thabhairt ag comhpháirtithe an chláir ina fhaoiseamh don chroitheadh mór a tugadh do gheilleagar agus d'airgead poiblí na hÉireann tráth a phléasc an bhoilgeog úd. Tá an cúnamh sin tábhachtach leis na seirbhísí poiblí a rith. In Iúil 2011, tháinig ceannairí an AE ar chomhaontú maidir leis an ráta úis a laghdú agus fuascailt iasachtaí an AE a fhaigheann Éire faoin gclár a shíneadh. D'fhág an méid sin gur cruthaíodh sábháil mhór do cháiníocóirí na tíre agus cuireadh feabhas ar inbhuanaitheacht fiachais na tíre.

Trí phríomhghné

Tá trí phríomhghné sa chlár. Ar an gcéad ghné acu sin tá straitéis don earnáil airgeadais le go mbeidh earnáil baincéireachta níos lú agus níos dea-chaipitlithe ag Éirinn. Ar an dara gné tá comhdhlúthú fioscach a chuirfidh airgeadas poiblí na tíre ar bhóthar inbhuanaithe a leasa sa mhéantéarma. Ar an tríú gné tá clár uaillmhianach um athchóiriú struchtúrach le hiomaíocht na tíre a shlánú agus acmhainn fáis an gheilleagair a neartú. Cé gur aontaigh comhpháirtithe an chláir (údaráis na hÉireann, an AE, an CAI agus an BCE) spriocanna ginearálta beartais sna trí réimse sin, is é rialtas na hÉireann amháin a bheidh in ann iad a chur i bhfeidhm.

Figiúr 3 – Miondealú ar chlár cúnaimh airgeadais an AE/CAI

Graf: Clár Cúnaimh Airgeadais an AE/CAI d'Éirinn - miondealú

Tá seilbh glactha ag an rialtas ar an gclár agus tá sé á chur i bhfeidhm go daingean aige, rud a chiallaíonn go bhfuil dul chun cinn déanta sna réimsí uile den chlár:

  • Athchóiriú na hearnála baincéireachta – tá athchaipitliú na mbanc Éireannach críochnaithe anois, ar chostas i bhfad níos ísle ná mar a bhí súil leis. Tá cláir chomhardaithe na mbanc á ndíghiaráil faoi láthair, ainneoin na ndálaí deacra sa mhargadh. Tá an cumasc idir bhainc tugtha chun críche roimh an sprioc, agus tá boird na mbanc á n-athnuachan.
  • Comhdhlúthú fioscach – tá an rialtas ag déanamh dul chun cinn maidir le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach an airgeadais phoiblí a athshlánú. Comhlíonadh sprioc 2012 i dtaobh an easnaimh sa bhuiséad agus meastar go mbeidh sé faoi theorainn an chláir (sin 7.5% de OTI) in 2013. Tá an rialtas tiomanta an t-easnamh a laghdú faoi bhun 3% faoi 2015.
  • Athchóirithe struchtúracha – d'athchóirigh an rialtas na comhaontuithe earnála maidir leis an margadh saothair, agus tá bearta ar siúl aige leis an deis a bhíonn ag daoine dífhostaithe dul ar ais sa mhargadh saothair a fheabhsú. Tá iarrachtaí ar siúl freisin breis iomaíochta a spreagadh in earnálacha teoranta, cleachtóirí dlí mar shampla, le go n-ísleofar na costais agus le go mbeidh Éire níos iomaíche.

Is léir go bhfuil níos mó comharthaí feabhais le tabhairt faoi deara:

  •  
    • Tá borradh faoin bhfás arís de bharr an mhéadaithe as cuimse ar onnmhairí na hÉireann. Tá barrachas mór ar chuntas reatha na hÉireann anois.
    • Cé gur éileamh íseal atá in Éirinn féin, rinneadh roinnt dul chun cinn le déanaí i dtaobh príomhtháscairí eacnamaíocha áirithe, mar shampla miondíolacháin, déantúsaíocht agus uimhreacha innéacs na mbainisteoirí a cheannaíonn seirbhísí (PMI). Tá roinnt comharthaí ann go bhfuil na margaí tithíochta á gcobhsú. Tá fás ag teacht arís ar an ráta fostaíochta, agus níl an ráta dífhostaíochta ag ardú a thuilleadh, cé go bhfuil an ráta ard mar sin féin.
    • Tá feabhas mór tagtha ar dhearcadh infheisteoirí i leith na hÉireann. Tá laghdú mór tagtha ar na raonta difríochta ar bhannaí rialtais na hÉireann agus tá ag éirí le hÉirinn filleadh ar na margaí bannaí trí fhiachas gearrthéamach agus fhiachas fadtéarmach a eisiúint gan fhadhb. Thug Fitch Ratings dearcadh dearfach le fios i dtaobh na hÉireann le déanaí. B'in an chéad tuairim dhearfach a thug siad faoi stát sa limistéar euro ó thosaigh an ghéarchéim. Tá comhlachtaí leathstáit agus bainc na hÉireann in ann fiachas fadtéarmach a eisiúint arís.
    • Tugadh léirmheas dearfach ar Éirinn i gconclúidí chruinniú mullaigh an limistéir euro an 29 Meitheamh 2012. D'aithin cinn stáit agus rialtais an gá an nasc idir na bainc agus an stát a bhriseadh agus tugadh sainordú d'airí airgeadais an Ghrúpa Euro cás earnáil airgeadais na hÉireann a scrúdú d'fhonn inbhuanaitheacht an chláir choigearaithe atá ag feidhmiú go seoigh a neartú tuilleadh.

Ainneoin an dul chun cinn ar fad atá déanta, tá dúshláin romhainn freisin. Tá an t-easnamh i mbuiséad na hÉireann fós ar cheann de na heasnaimh is mó sa limistéar euro agus tá fiachas an rialtais an-ard. Is dífhostaíocht fhadtéarmach an cineál dífhostaíochta is coitianta anois. Níl lánacmhainneacht fós in institiúidí airgeadais na hÉireann le go bhféadfaidís tacú leis an tarrtháil trí iasachtaí nua a thabhairt, go mór mór d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le poist a chruthú don todhchaí. Beidh gá clár an AE/CAI a chur chun feidhme go buanseasmhach agus go daingean leis na ceisteanna sin uile a réiteach.

Barr




Nuashonrú is déanaí: 21/12/2012  |Barr