Cosán nascleanúna

An AE agus an geilleagar
Print

Bratach na hÉireann ar shiombail an euroBhí rath eacnamaíoch na hÉireann go mór faoi chaibidil sna meáin le deich mbliana anuas nó mar sin.

Le linn bhlianta rathúla an Tíogair Cheiltigh, blianta ina raibh fás as cuimse sa siúl, tharla tobchliseadh eacnamaíoch mórthaibhseach a d'fhág go raibh ar Rialtas na hÉireann cabhair airgeadais a lorg ón gCoimisiún Eorpach, ón mBanc Ceannais Eorpach agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), nó an 'troika' mar is fearr aithne orthu.

Ba dhea-shampla os comhair an tsaoil ab ea Éire roimhe sin, tír bheag le geilleagar oscailte a bhain dea-cháil amach ar an margadh nua-aimseartha domhanda, ach d'imigh an cháil sin agus bhí Éire ar tí titim go mór ar gcúl.

Tá Éire ag téarnamh anois agus tá bearta á gcur i bhfeidhm chun fás a spreagadh agus ár ngeilleagar a chosaint don todhchaí atá romhainn.

Tá an chuma ar an scéal go dtiocfaidh méadú beag ar fhás geilleagrach in 2014 agus tá fáilte roimh an bhfeabhas atá ag teacht ar mhargadh an tsaothair freisin, anois go bhfuil an CAI ag tuar go dtitfidh líon na ndífhostaithe go dtí 10.5% in 2015, sin titim mhór ón bpointe ab airde a bhí ann in 2012, 14.7%.

Mar sin féin, ní mór d'Éirinn gníomhú i ndlúthpháirtíocht le Ballstáit eile Limistéar an Euro chun leanúint ar aghaidh ar mhaithe le téarnamh geilleagrach, agus tá céimeanna á nglacadh chun a chinntiú go bhfuil cosaint níos fearr ann don gheilleagar as seo amach.

Mar sin féin, tá ar Éirinn gníomhú i ndlúthpháirtíocht le Ballstáit eile Limistéar an Euro . Díreach mar a chuidigh ár mballraíocht san Aontas Eorpach leis an athrú ó gheilleagar talmhaíochta go geilleagar nua-aoiseach atá dírithe ar thionscal ardteicneolaíochta agus ar onnmhairí domhanda, cuideoidh sí linn ár gcosa a chur i dtaca le cobhsaíocht airgeadais a chruthú.

An Ghéarchéim

Ní Éire amháin ba chionsiocair leis na fadhbanna airgeadais a tháinig chun cinn sa tír in 2007 nó mar sin. Bhí Éire thíos leis de bharr cúlú eacnamaíoch domhanda a tháinig go mór chun cinn tar éis chliseadh Lehman Brothers - an ceathrú mórbhanc infheistíochta sna Stáit Aontaithe - in 2008.

Stop bainc ar fud an domhain ag tabhairt iasachtaí dá chéile agus ní raibh aon chreidmheas ar fáil. Bhí Éire neamhchosanta go mór ar an ngéarchéim i ngeall ar bhoilgeog tithíochta a bhí ag imeacht as smacht agus as cuimse ar feadh tréimhse deich mbliana.

Ba rátaí ísle úis faoi deara an líon iasachtaí as cuimse a bhí á bhfáil agus thug bainc na hÉireann suimeanna móra airgid, d'fhorbróirí tithíochta den chuid is mó, rud a d'fhág go raibh córas baincéireachta na hÉireann neamhchosanta nuair nach bhféadfaí cistí a fháil ar iasacht a thuilleadh ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta.

De réir mar a scaip an ghéarchéim ar fud Bhallstáit limistéar an euro, tháinig rialtais i gcabhair ar na bainc agus tugadh tacaíocht phráinneach dóibh, rud nach bhfacthas riamh cheana ar scála chomh mór sin.

Gealladh suim ollmhór, €4.5 trilliún, idir 2008 agus 2011 chun na bainc a chosaint, sin coibhéis 37% de OTI iomlán bliantúil an AE.
Sheachain an beart sin nach n-aistarraigeofaí na taiscí uile agus thug sé cosaint do choigilt an ghnáthshaoránaigh. Chuidigh sé freisin luach an euro a choinneáil seasta le go gcosnófaí Ballstáit limistéar an euro ar na héifeachtaí is measa a bhain leis an ngéarchéim agus cinntíodh go raibh deis chothrom iomaíochta ar fáil ag gnólachtaí an AE agus iad i mbun trádála agus infheistíochta go hidirnáisiúnta.

Ba ghá díol go mór as an straitéis sin, dar ndóigh, mar gur ghá an t-airgead a úsáideadh leis na bainc a chosaint a fháil ar iasacht agus faoi dheireadh 2009 ní raibh ag éirí leis na Ballstáit ba neamhchosanta i limistéar an euro, Éire san áireamh, freastal ar an bhfiach sin.

Bhí géarchéim airgeadais phoiblí san Eoraip anois agus laghdaigh na bainc an méid a d'fhéadfadh siad a thabhairt do ghnólachtaí agus do theaghlaigh in iasachtaí, rud a chruthaigh breis dífhostaíochta agus cruatan.

Bhí brú breise ar fhiacha stáit na hÉireann mar gur ráthaigh an Stát dliteanais na mbanc le nach n-aistarraingeofaí taiscí agus nach gclisfeadh go hiomlán ar bhainc na hÉireann. Lena chois sin, bhí Éire i ndiaidh dul go mór i dtuilleamaí cáin maoine, rud a d'imigh as radharc le pléascadh bhoilgeog na tithíochta.

Mar thoradh ar na heasnaimh mhóra sa bhuiséad agus fiacha a bhí ag imeacht as smacht, ní raibh muinín a thuilleadh ag na margaí airgeadais go bhféadfadh an tír a cuid fiach a íoc ar ais, agus bhí ag teip ar an Stát airgead a fháil ar iasacht ag rátaí inmharthana.

In 2010, ba léir nach bhféadfadh an tír an t-ualach a bhí uirthi a sheasamh níos mó agus i mí Samhna na bliana sin rinne Rialtas na hÉireann iarratas oifigiúil ar chabhair airgeadais, agus thacaigh an BCE agus an Coimisiún Eorpach leis an iarratas sin.

Sa phacáiste cabhrach €85 billiún a chomhaontaigh Éire bhí ceangaltais airgeadais €22.5 billiún ón Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (SásCAE) agus €17.7 billiún ón tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach (SaorCAE).

Tháinig €22.5 billiún eile ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus chuir an Ríocht Aontaithe, an tSualainn agus an Danmhairg €5 billiún in iasachtaí déthaobhacha le chéile leis an bpacáiste. Thairis sin, cuireadh €12.5 billiún ón gCúlchiste Náisiúnta Pinsean agus €5 billiún ó chúlchistí airgid na hÉireann leis an gciste freisin. 

Tábla ina dtaispeántar airgeadas rialtais sa limistéar euro mar chéatadán de OTI

Amlíne na hÉireann

2007Gan a thuilleadh borrtha faoin margadh tithíochta in Éirinn.
2008Boilgeog tithíochta na hÉireann ag díbholgadh agus thosaigh cúlú eacnamaíochta; an chéad Bhallstát i Limistéar an Euro ar éirigh leis sin a dhéanamh. Tháinig méadú mór tobann ar an dífhostaíocht. Cliseadh ar iasachtaí idir bainc. Beart ó Rialtas na hÉireann le córas baincéireachta na tíre a chosaint agus ráthaíodh na taiscí uile le nach dtosódh daoine ag aistarraingt ó na bainc.
2009An ráta dífhostaíochta is airde a bhí sa stát seo riamh. Lucht agóide ar na sráideanna agus Stocmhalartán na hÉireann ag an ráta is ísle le 14 bliana. Chuir an Rialtas na billiúin euro isteach i mbainc na hÉireann le nach gclisfeadh siad. Bunaíodh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) agus ghlac sí ról baincéara i gcás drochfhiach réadmhaoine.
2010An ghéarchéim ag éirí níos measa de réir mar a thugtar níos mó airgid do na bainc agus rinne Rialtas na hÉireann iarratas oifigiúil ar chabhair airgeadais ón AE, ón CAI agus ó Bhallstáit eile. Rinneadh idirbheartaíocht faoi phacáiste arbh fhiú €85 billiún é, ar an gcoinníoll go dtabharfadh Éire cead don Troika (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an CAI) súil ghéar a choinneáil ar an mbuiséad ar bhonn rialta le go gcomhlíonfaí na spriocanna airgeadais.
2011Theip ar Rialtas na hÉireann in olltoghchán a eagraíodh trí mhí tar éis an pacáiste a chomhaontú. D'ísligh rátáil fiachais na hÉireann go dramhghrád.
2012Vótáil 60% de phobal na hÉireann i bhfabhar Chonradh Fioscach an Aontais Eorpaigh i reifreann.
2013D'éirigh le hÉirinn €5 billiún a thiomsú trí bhanna tagarmhairc deich mbliana sindeacáite a eisiúint ar na margaí airgeadais. Ba é an chéad díolachán é de bhannaí sindeacáite ó bhí an cliseadh baincéireachta ann in 2010.
2013D'éirigh le hÉirinn teacht amach as clár trí bliana an Troika an 15 Nollaig 2013.
2014D'fhill Éire ar mhargaí na n-iasachtaí fadtéarmacha arís agus banna flaithiúnais €3.75 billiún ina seilbh aici agus thug Moody's uasghrádú di in Eanáir 2014.

Na ceachtanna a foghlaimíodh

Nótaí euro mar dhuilleoga ar chrannLe linn na géarchéime airgeadais bhí ar cheannairí na hEorpa aghaidh a thabhairt arís ar an bplé faoi aontas fioscach.

Ba léir go mbeadh ar an Eoraip aontas eacnamaíoch níos dlúithe a chruthú mar chomhlánú ar an aontas airgeadaíochta reatha, agus lena chinntiú go mbeadh an t-airgeadas poiblí inmharthana.

Cuireadh brú mór ar an euro agus rinneadh é a cháineadh go minic le linn na géarchéime, ach sheas an t-airgeadra an fód agus níor chaill sé a luach den chuid is mó.

Is é an buntáiste atá ag Ballstáit limistéar an euro gur féidir le Ballstát atá i gcruachás brath ar dhlúthpháirtíocht na mball eile. Tá geilleagair an limistéir sin idirspleách ar a chéile, agus bíonn rath orthu uile má bhíonn rath ar gheilleagar amháin, ach tarlaíonn an tionchar céanna má bhíonn geilleagar amháin i gcruachás, rud a chiallaíonn gur as lámha a chéile a bhíonn orthu gníomhú.

Cruthaíodh doicheall nuair a tugadh le fios gur chruthaigh roinnt tíortha i limistéar an euro fiacha iomarcacha poiblí agus príobháideacha agus gur theip orthu a gcuntais airgeadais a choinneáil faoi smacht, fad agus a d'éirigh le stáit eile níos stuama bainistiú níos fearr a dhéanamh ar a ngeilleagair sular thit an ghéarchéim amach.

Is é an ceacht is mó a fuarthas le linn na géarchéime airgeadais go dteastóidh cur chuige níos comhordaithe ón Eoraip i leith ábhar fioscach. Ní rud éasca é fás eacnamaíoch a chur ar ais sa gheilleagar, ach glacadh bearta áirithe lena chinntiú go n-éireoidh leis an Aontas Eorpach teacht ón ngéarchéim i riocht níos láidre ná riamh.

Bóthar an leasa

Sa straitéis Eoraip 2020 atá ag an gCoimisiún Eorpach leagtar amach treophlean réadúil do thodhchaí eacnamaíoch agus shóisialta na hEorpa. Ceapadh an straitéis sin le geilleagar cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a dhéanamh den AE, geilleagar ina mbeadh leibhéil arda fostaíochta, táirgeachta agus cuimsithe shóisialta.

Le nach n-imítear ó threophlean Eoraip 2020 de bharr na géarchéime eacnamaíche, tháinig Ballstáit an AE, le chéile, ar chomhaontú faoi bhearta leis an gcobhsaíocht airgeadais a athshlánú agus an Eoraip a chosaint ó ghéarchéimeanna eacnamaíocha amach anseo.

Tá roinnt beart curtha i bhfeidhm cheana féin agus tá cinn eile ar na bacáin, agus an uair amháin iad curtha i gcrích cinnteoidh siad go mbeidh sé ar chumas na hÉireann agus na hEorpa araon dul i ngleic le cibé doineann airgeadais atá romhainn amach.

  1. Tá rialacha níos déine maidir le rialachas eacnamaíoch tugtha isteach ag an AE le súil níos géire a choinneáil ar fhiacha poiblí agus ar easnaimh phoiblí le nach mbeidh tíortha ag caitheamh thar a n-acmhainn. Síníodh conradh fioscach in 2012 le muinín bhreise a spreagadh; fágfaidh sin nach bhféadfaidh easnaimh struchtúracha bhliantúla a bheith níos airde ná 0.5% de OTI. Léirigh an ghéarchéim nach geilleagar inbhuanaithe ná inmharthana é geilleagar atá bunaithe ar fhiacha, mar a tharla in Éirinn. Faoin gconradh, féachfaidh an Coimisiún Eorpach chuige anois go gcuirfear na teorainneacha ar fhiacha agus ar easnaimh i bhfeidhm agus nach gcuirfidh buiséid náisiúnta geilleagair eile na hEorpa i mbaol. Sin an aidhm atá le haontas fioscach.
  2. Tá tuilleadh maoirseachta airgeadais á dhéanamh san Eoraip anois lena chinntiú go ndéantar na bainc a chaipitliú níos fearr, go mbeidh siad níos freagraí agus go mbeidh siad in acmhainn iasachtaí a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Osclaíonn sin an bealach go haontas baincéireachta, lena chinntiú go gcosnófar taiscí na dtaisceoirí agus nach mbeidh ar na cáiníocóirí íoc as faillí na mbanc.
  3. Leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) tugadh isteach ciste tarrthála deiridh nó 'Cúlstop' chun an t-airgeadra aonair a chosaint – is ciste é a chuideoidh leis na tíortha sin i limistéar an euro nach féidir leo airgead a fháil ar iasacht go sealadach ó na margaí airgeadais. Tabharfar iasachtaí do na tíortha sin má aontaíonn siad a ngeilleagair a athchóiriú agus a gcobhsaíocht airgeadais a athshlánú.
  4. Déanfaidh an AE na cuspóirí sin a shaothrú sa straitéis Eoraip 2020, agus cuirfidh sé athchóirithe struchtúracha i bhfeidhm le leas a bhaint as acmhainn fostaíochta na hEorpa, agus borradh a chur faoin táirgeacht agus faoin iomaíocht. Déanfar an méid sin trí infheistíochtaí spriocdhírithe, úsáidfear cistí AE agus náisiúnta le tacaíocht a thabhairt do thaighde ceannródaíoch, déanfar an nuálaíocht agus na teicneolaíochtaí is déanaí a spreagadh, gréasáin iompair agus fuinnimh na hEorpa a chónascadh agus idirlíon ardluais a thabhairt do gach Eorpach, is cuma cá bhfuil cónaí air nó uirthi.
  5. 5 I mí na Nollag 2011, tháinig cúig Rialachán nua agus Treoir amháin i bhfeidhm san AE. Tugtar an ‘Sé-Phaca' orthu agus tá siad ceaptha chun an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) a láidriú .i. an creat rialacha a cruthaíodh chun beartais náisiúnta fioscacha na mBallstát a chomhordú agus a chosaint.
  6. I Márta 2013 chuidigh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE comhaontú a shocrú thar ceann na mBallstát i dtaca le rialacha nua chun geilleagair limistéar an euro a chobhsú. Cuirfear na rialacha nua nó an ‘Dé-Phaca', mar is fearr aithne air, faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus na Parlaiminte le haghaidh formheasa sula gcuirfear i bhfeidhm iad mar dhlíthe. Tá dhá rialachán sa Dé-Phaca. Déanann an chéad cheann faireachán agus measúnú ar phleananna tíortha ina bhfuil an iomarca easnamh agus, sa dara ceann, tá bearta ann do na tíortha sin atá ag fulaingt de bharr géardheacrachtaí airgeadais, amhail iad sin atá ag teacht amach as clár AE-CAI, cosúil le hÉirinn.
  7. Réitigh Uachtaránacht na hÉireann comhaontú i gcomhar le Parlaimint na hEorpa i dtaca leis an maoirseoir bainc aonair san AE. Leis an gcomhaontú sin, tabharfar cumhachtaí faireacháin don Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) maoirsiú a dhéanamh ar gach banc san Aontas Eorpach ag úsáid Sásra Maoirseachta Aonair (SMA).
    Déanfar sin a láidriú arís trí Shásra Aonair Réitigh (SRA), rud a chuideoidh chun an ceangal idir airgeadas an rialtais agus earnálacha baincéireachta na tíre a bhriseadh.
    Tá airí airgeadais agus Feisirí Eorpacha ag obair le chéile chun teacht ar chomhaontú reachtach i dtaca leis an Sásra Aonair Réitigh le go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015. Beidh tuilleadh feidhmeanna fós i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2016 amach. Chaith Parlaimint na hEorpa vóta an 15 Aibreán 2014 chun an comhaontú reachtach a rinneadh i gcomhar leis an gComhairle a ghlacadh, mar sin níl de dhíth anois ach toradh dearfach ar vóta na Comhairle i dtaca leis an gcomhaontú céanna, chun an chéim dheireanach a chur i gcrích.
     

Dul chun Cinn Eacnamaíoch na hÉireann

In ainneoin dhul chun cinn eacnamaíoch na hÉireann tá go leor le dhéanamh go fóill chun fás a spreagadh agus cobhsaíocht fhadtéarmach a chinntiú.

Tá na spriocanna eacnamaíocha ag díriú isteach anois ar thrí chuspóir ríthábhachtacha:

  • dífhostaíocht a laghdú,
  • airgeadas poiblí a bhainistiú, agus
  • an córas baincéireachta agus airgeadais a athstruchtúrú.

Tá sé den tábhacht freisin éileamh a fhaghairt sa tír, an margadh tithíochta a chobhsú agus straitéis eacnamaíoch a thacaíonn le fás san fhostaíocht a choinneáil sa siúl laistigh de chreat fioscach faoi réir.

Réamh-mheastacháin na Roinne Airgeadais

• Réamh-mheastacháin na Roinne Airgeadais a foilsíodh i bhFeabhra 2014

Tá an Plean Gníomhaíochta Ilbhliantúil le haghaidh Fostaíochta de chuid Rialtas na hÉireann ceaptha chun dul i ngleic le dífhostaíocht sa tír trí na ranna ar fad a shlógadh chun an ceann scríbe a bhaint amach, is é sin fostaíocht a chruthú.

Seoladh an chéad Phlean Gníomhaíochta i bhFeabhra 2012, agus de réir fhigiúirí an Rialtais, cuireadh breis agus 58,000 post le líon na bhfostaithe sa bhliain dar críoch Meán Fómhair 2013.

Cuireadh breis agus 500 beart i bhfeidhm tríd an tionscnamh le linn 2012 agus 2013 agus tabharfaidh na 16 Roinn Rialtais agus na 46 Áisíneacht Stáit faoi 385 gníomhaíocht eile in 2014.

Faoi Uachtaránacht na hÉireann, chuir ceannairí an AE rompu mar thosaíocht scéim chomhordaithe a fhorbairt le tabhairt faoi dhúshlán na dífhostaíochta i measc daoine óga. Ráthaíocht d'Aos Óg na hEorpa mar is fearr aithne ar an scéim sin. Is ráthaíocht í, a bhfuil maoiniú lárnach tacaíochta ón AE ar fiú €6 billiún é taobh thiar di, le go dtabharfar cuidiú do dhaoine óga dífhostaithe san AE fostaíocht, taithí oibre, oiliúint nó tuilleadh oideachais a fháil.

Tá Rialtas na hÉireann ag obair ar mhaithe leis an airgeadas poiblí a choigeartú freisin. Tá gealltanas tugtha againn an t-easnamh a chur ina cheart faoi 2015 tríd an ngné cheartaitheach de Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis an AE a úsáid.

Cosúil le Ballstáit eile an AE, déanfar faireachán ar bhuiséid na hÉireann trí chomhpháirtíocht an tSeimeastair Eorpaigh atá ceaptha chun géarchéimeanna a sheachaint sula mbeidh bonn láidir fúthu.  

Naisc úsáideacha

Post-Programme Surveillance for Ireland

Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sa Choimisiún Eorpach

An Geilleagar Eorpach

An Roinn Airgeadais

Memo: The EU's Economic Governance Explained




Nuashonrú is déanaí: 18/11/2014  |Barr