Cosán nascleanúna

Éire agus an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT)
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Bó agus léarscáil den AE ar a taobhDlúthchuid de shaoil na hÉireann is ea an fheirmeoireacht ó tháinig na chéad daoine chun cónaí san oileán glas méith seo againn.

Foinse luachmhar bia agus trádála is ea aeráid bhog agus talamh torthúil na hÉireann leis na mílte bliain, agus is cuid dhílis dár ndúchas go fóill iad.

Chuidigh a ballraíocht san Aontas Eorpach le hÉirinn a spleáchas ar thalmhaíocht a laghdú agus anois tá cuid mhór tionscal ardteicneolaíochta againn agus easpórtálaimid earraí ar fud an domhain.

Mar sin féin, is fiú €24 billiún in aghaidh na bliana an cion a chuireann an earnáil agraibhia leis an ngeilleagar náisiúnta agus, má chuirtear na tionscail choimhdeacha san áireamh, tá 10% den fhostaíocht sa tír san earnáil agraibhia.

Dála na muintire a chuaigh rompu, tá go leor dúshlán roimh fheirmeoirí na hÉireann faoi láthair ach ní gá dóibh aghaidh a thabhairt orthu ina n-aonar mar gur Ballstát den Aontas Eorpach sinn.

Is tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) a chomhordaíonn na hocht mBallstát is fiche a gcuid oibre le go dtig le lucht talmaíochta an domhain oibriú le chéile le leas an chine daonna uile.

Is mó an CBT ná forlíonadh ar ioncam feirmeoirí — tugtar dreasachtaí freisin chun bia d'ardchaighdeán a thairgeadh i gcomhair tomhaltóirí agus spreagtar feirmeoirí chun deiseanna nua forbartha a lorg, mar shampla foinsí inathnuaite fuinnimh, rud a chuideoidh le cosaint an phláinéid seo ón athrú aeráide.

Cabhraíonn an CBT le caomhnú na tuaithe trí Chláir Forbartha Tuaithe agus tugann sé tacaíocht d'fheirmeoirí óga lena chinntiú go mealltar scoth na ndaoine óga i dtreo gairmeacha sa talmhaíocht.

Comhaontaíodh athchóiriú nua ar an CBT le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2013. Is é an CBT nua sin a stiúrfaidh cúrsaí talmhaíochta agus an earnáil agraibhia idir seo agus 2020 agus is ann atá athruithe tábhachtacha amhail íocaíochtaí díreacha a dhéanamh níos cothroime agus níos 'glaise' agus an CBT a dheánamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí.

Is mór an tairbhe atá bainte ag Éirinn as an CBT ó chuaigh sí isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in 1973, mar a thugtaí air ag an am, agus go fóill féin déanfaidh an CBT cinnte de go mbeidh an talmhaíocht in ann do dhúshláin nua agus go dtiocfaidh borradh fúithi ar le leas phobail talmhaíochta an lae inniu agus na nglúine atá le teacht é.

Féach na naisc thíos le tuilleadh eolais a fháil:

Íocaíochtaí Talmhaíochta an AE d'Éirinn


            
          jpeg - 359 KB [359 KB]

Fíricí faoin talmhaíocht

  • Tá achar talún 6.9 milliún heicteár in Éirinn agus úsáidtear timpeall 4.5 milliún heicteár den iomlán sin i gcomhair talmhaíochta — sin timpeall 64% den limistéar iomlán talún. De réir Eurostat úsáidtear 43% den achar talún iomlán ar fud an AE i gcomhair talmhaíochta, cé go bhfuil roinnt tíortha ann, ar nós na Fionlainne agus na Sualainne, nach n-úsáideann fiú 10% dá n-achar talún.
  • Is mar fhéarach nó le haghaidh féir thirim agus sadhlais a úsáidtear 81% den talamh talmhaíochta (3.67 milliún heicteár), is mar fhéarach garbh a úsáidtear 11% de (0.48 milliún heicteár) agus is curaíocht, fás torthaí agus gairneoireacht a dhéantar ar 8% de (0.38 milliún heicteár).
  • In 2012 ba é €5.58 billiún an luach a bhí ar an olltáirgeacht talmhaíochta (OTT).
  • Is in earnáil na mairteola atá an sciar is mó den OTT, mar atá 38%, agus tá 29% di in earnáil an bhainne. Is mar seo a leanas sciar na n-earnálacha eile den OTT: muca (8%), caoirigh (4%), gránbharra (6%) agus eile (15%).
  • De réir an tsuirbhé ar bheostoc a rinneadh i Meitheamh 2013 bhí 6.9 milliún beithíoch eallaigh in Éirinn. Is méadú 2% é sin ar leibhéal na bliana roimhe.
  • In 2013, easpórtáladh tuairim is 466,000 tona mairteola as Éirinn a raibh luach €2.09 billiún uirthi.
  • Tá tuairim is 139,900 feirm teaghlaigh in Éirinn agus tá gabháltas 32.7 heicteár ar an meán acu.
  • Tuairim is €9,400 an meánphraghas ar acra talaimh in Éirinn in 2013.
  • Bhain an talmhaíocht in Éirinn tairbhe mhór as íocaíochtaí an AE. Le scór bliain anuas, fuair Éire breis agus €30 billiún i nglanioncam ón AE, agus is leis an talmhaíocht go díreach a bhain timpeall 70% den mhéid sin.
  • De réir mheastacháin Bhord Bia d'easpórtáil Éire bia agus deoch dar luach beagnach €10 billiún in 2013, toisc go dtáirgeann Éire breis is a dóthain féin de na táirgí sin.

Graf ina léirítear comhdhéanamh na n-easpórtálacha bia agus dí in 2013

Naisc Úsáideacha

 




Nuashonrú is déanaí: 20/06/2014  |Barr