Cosán nascleanúna

Buntáistí CBT
Print

Cailín óg agus rogha glasraí aiciIs mó tairbhe atá bainte ag Éirinn as buiséad an Aontais Eorpaigh ná a mhalairt ó chuaigh sí isteach sa Chomhphobal i 1973 agus is tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) atá formhór an mhaoinithe sin faighte againn.

Caitear sciar mór de bhuiséad an Aontais Eorpaigh ar thalmhaíocht ar an ábhar gurb é CBT an t-aon bheartas a mhaoinítear go hiomlán, nó geall leis, trí chistí an Aontais Eorpaigh.

Caitear an t-airgead i réimsí amhail íocaíochtaí trí thacaíocht dhíreach le feirmeoirí agus trí thacaíocht do mhargadh na hearnála talmhaíochta. Úsáidtear cistí maoinithe freisin le haghaidh forbairt tuaithe nó cláir LEADER a chuidíonn le pobail bheaga áitiúla ar fud na hÉireann.

Is maith an luach airgid a fhaigheann saoránaigh agus cáiníocóirí mar gur caiteachas an Aontais Eorpaigh atá ann in ionad caiteachas náisiúnta, nó mar fhóirdheonú ar chaiteachas náisiúnta, den chuid is mó.

Sa lá atá inniu ann, is geall le hinfheistíocht an t-airgead sin, rud nach raibh fíor roimhe seo, mar gur chinntigh na hathchóirithe a rinneadh ar CBT le blianta anuas nach ar dhreasachtaí táirgeachta a chaitear an tacaíocht airgeadais a thuilleadh ach ar thacaíocht dhíreach ioncaim a thabhairt d'fheirmeoirí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin sábháilteachta, sláinte agus comhshaoil, agus ar thionscadail a chuireann borradh faoin ngníomhaíocht eacnamaíoch i gceantair tuaithe.

Toisc nach bhfuil mórán talaimh fágtha san Eoraip chun an t-achar talmhaíochta a mhéadú, is ó nuálaíocht agus ó thaighde a thiocfaidh fás ar tháirgeacht amach anseo agus cuideoidh an leagan nua athchóirithe de CBT le feirmeoirí na hÉireann modhanna nua táirgeachta a ghlacadh chucu féin le gur féidir leis an earnáil thraidisiúnta seo teacht roimh dhúshláin an tsaoil nua-aimseartha.

I measc na ndúshlán sin tá slándáil bia. De réir mheastacháin na saineolaithe, beidh orainn an táirgeacht bia a dhúbailt chun na naoi billiún duine a bheidh beo in 2050 a bheathú.

Caithfear é sin a dhéanamh ar dhóigh inbhuanaithe, áfach, mar go mbeidh dúshláin bhreise romhainn feasta de dheasca an athraithe aeráide, amhail acmhainní nádúrtha a bhainistiú go cúramach agus an tuath a chosaint chun a chinntiú go dtiocfaidh pobail tuaithe slán ar fud na hÉireann agus ar fud an Aontais Eorpaigh go ceann i bhfad eile.

Is chuige sin atá CBT ceaptha.

Graf ina léirítear caiteachas iomlán an Aontais Eorpaigh ar thalmhaíocht in Éirinn agus meastúchán ar ranníocaíocht na hÉireann

Seo roinnt de na saincheisteanna tábhachtacha a dtugtar aghaidh orthu in CBT:

1. SLÁNDÁIL AN tSOLÁTHAIR BHIA:

Is éasca dóigh a dhéanamh de bhia in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ar ámharaí an tsaoil, ní bhíonn aon ghanntanas bia anseo ach is féidir le heaspa slándála bia tionchar a imirt ar phraghsanna i ngach aon áit.

Tá saincheisteanna ar nós athrú aeráide, ganntanas ola agus fáil ar thalamh agus ar uisce ar ardcháilíocht ag cur brú mór ar an acmhainn atá sa domhan a dhóthain bia a tháirgeadh do gach éinne.

Agus í ina tír thábhachtach ó thaobh easpórtáil bia de, tír a bhfuil fairsingeacht réasúnach acmhainní nádúrtha inti, is maith atá Éire in ann a táirgeacht agus a heaspórtálacha a mhéadú le bheith inchurtha leis an éileamh atá ag fás leis.

Ceapadh CBT chun slándáil bia a chinntiú sa dóigh go mbeidh soláthar seasta iontaofa inacmhainne bia ag gach saoránach Éireannach agus Eorpach.

2. CÁILÍOCHT BIA:

Cuidíonn CBT freisin lena chinntiú go bhfaigheann tomhaltóirí na hEorpa bia atá sábháilte agus folláin. Tá rialacha diana ag an Aontas Eorpach maidir le sábháilteacht bhia an duine agus bia ainmhithe agus is féidir le tomhaltóirí eolas a chur go héasca ar an áit as a dtagann an bia a cheannaíonn siad agus ar na comhábhair atá ann.

Tugann rialacha an Aontais Eorpaigh ráthaíocht freisin go bhfuil táirgí ó fheirmeoireacht orgánach ina bhfíortháirgí orgánacha, agus tugann CBT spreagadh d'fheirmeoirí dul leis an bhfeirmeoireacht orgánach agus tugtar dreasachtaí dóibh cáilíocht a gcuid táirgí a fheabhsú. Spreagtar feirmeoirí agus táirgeoirí bia orgánaigh chun lógó orgánach AE a úsáid i gcás gur de tháirgeacht orgánach ar a laghad 95% de chomhábhair an táirge agus go gcomhlíonann sé rialacha a bhaineann le scéim oifigiúil cigireachta.

3. POBAIL TUAITHE:

Is é is aidhm do chláir forbartha tuaithe CBT na ceantair tuaithe a fheabhsú ar bhonn eacnamaíoch agus sóisialta.

Is é an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Státchiste náisiúnta a chómhaoiníonn Clár Forbartha Tuaithe na hÉireann (CFT) 2014-2020. Is tosaíocht lárnach é do CFT na hÉireann cur le héiceachórais a bhfuil baint acu le talmhaíocht agus le foraoiseacht agus iad a athbhunú agus a chaomhnú freisin. Tá trí cheathrú cuid den mhaoiniú iomlán sannta don tosaíocht sin, agus breis agus milliún heicteár de limistéar talmhaíochta mar sprioc aige.

4. AN COMHSHAOL:

Faoi rialacha de chuid an Aontais Eorpaigh, bíonn ar fheirmeoirí na dlíthe comhshaoil a urramú agus aire chuí a thabhairt dá dtalamh má theastaíonn uathu bheith i dteideal íocaíochtaí ioncaim dhírigh – gné thábhachtach de CBT. Tá cabhair airgeadais ó CBT dírithe ar bhearta forbartha tuaithe lena gcuirtear chun cinn cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe comhshaoil, ar nós scéimeanna agra-chomhshaoil.

D'iarr ceannairí an Aontais Eorpaigh ar an gCoimisiún Eorpach beartas nua a bhunú chun úsáid talaimh agus foraoiseacht a chur san áireamh mar chuid de chreat 2030 an Aontais Eorpaigh maidir le gáis ceaptha teasa a mhaolú.

5. AN GEILLEAGAR:

Tá an earnáil agraibhia ar cheann de na tionscail is tábhachtaí in Éirinn, earnáil ina gcuimsítear 8.5% den fhostaíocht, 12.7% d'easpórtálacha agus 7.2% den Oll-Bhreisluach.

In 2014, tháinig méadú de thuairim is 4% ar easpórtálacha agraibhia agus dí na hÉireann go dtí €10.5 billiún. B'shin an leibhéal ab airde riamh i dtaca le heaspórtálacha agus is léiriú é ar fhás carnach 45%, nó €3.2 billiún, ó 2009 i leith.

Ba é 40% sciar na n-easpórtálacha sin chuig an Ríocht Aontaithe. Chuaigh 31% breise chuig margaidh Eorpacha eile agus, san am céanna, tháinig méadú 15% go dtí 29% ar lastais bhia agus dí na hÉireann i dtreo margaidh idirnáisiúnta in 2014.




Nuashonrú is déanaí: 11/08/2015  |Barr