Cosán nascleanúna

Éire agus an Margadh Aonair
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Margadh Inmheánach

Ó dhaingníomar an Ionstraim Eorpach Aonair i 1987, agus ó cuireadh chun feidhme an 1 Eanáir 1993 í, tá an tAontas Eorpach á chlaochlú féin ina "mhargadh aonair gan teorainn". Tá próiseas seo an leasaithe agus comhchaighdeáin a bhunú ar siúl fós, ach tá formhór na hoibre curtha i gcrích. Níl a leithéid de mhargadh aonair aon áit eile ar domhan agus cuireann sé deiseanna uathúla ar fáil do lucht gnó na hÉireann.

Ceithre Shaoirse

Tá ceithre shaoirse a thacaíonn le prionsabal an mhargaidh aonair agus ní mór do gach ballstát iad a chur ar fáil dá shaoránaigh agus do shaoránaigh na mballstát eile. Seo iad:

1. Saorghluaiseacht Daoine

Tig le saoránaigh na mballstát bogadh gan bhac thar fhormhór na dteorainneacha. Is fusa i bhfad anois dul go tíortha eile ar saoire, don obair nó chun staidéir.

2. Saorghluaiseacht Earraí

Íslíodh ar am seachadta agus ar chostas iompair earraí ar fud an Aontais. Laghdú ar pháipéarachas agus ar shrianta maorlathacha eile faoi deara é sin den chuid is mó. Fairis sin, rinneadh comhchuibhiú ar chaighdeáin theicniúla. Táirgí ar féidir iad a dhíol go dleathach i dtír amháin anois, is féidir iad a dhíol in aon Bhallstát.

Coinnítear praghsanna ag leibhéal iomaíoch anois, toisc gur gá do tháirgeoirí baile dul in iomaíocht le hiomaitheoirí i mBallstáit eile. Coinneoidh ardú an iomaíochais na praghsanna íseal don chustaiméir, agus cuireann an t-airgeadra aonair leis an gclaonadh sin.

3. Saorghluaiseacht Seirbhísí

Níl margadh na seirbhísí chomh hoscailte le margadh na n-earraí, agus tá iarrachtaí móra á ndéanamh chun infhaighteacht seirbhísí ar fud an Aontais a fheabhsú. Tá comharthaí den dul chun cinn le feiceáil cheana féin, óir tá árachas, maoin, iompar agus turasóireacht á margú ag cuideachtaí i mbreis is tír amháin agus margadh amháin.

4. Saorghluaiseacht Caipitil

Tá na toirmisc ar ghluaiseacht caipitil á laghdú mar thoradh ar an margadh aonair. Cuirfidh sé sin fuinneamh le cruthú gnólachtai ar fud na Eorpa méadaithe, mar tugann saorghluaiseacht caipitil na hacmhainní le go mbláthóidh cúrsaí gnó. Airgeadra aonair Eorpach a bhunú, b'shin céim mhór ar aghaidh. Anois ní mór do gach tír aontachais nua iad féin a thiomnú le dul isteach i limistéar an euro gan mhoill tar éis teacht isteach.

Éire agus an Margadh Aonair

An Clár Eorpach um an Margadh Aonair

Thug an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA) i 1987 treisiú mór do gheilleagar na hÉireann in am an ghátair, nuair ba mhór ag an tír cabhair de shaghas ar bith. Faoi 1987 bhí geilleagar na tíre i mbaol titim sa tubaiste. Ní raibh de dhóchas ag Éirinn ach a tarraingteacht idirnáisiúnta mar bhunáit mhonaraíochta ísealchostais a ardú, agus mar sin infheistiú iasachta a mhealladh agus cur le fostaíocht áitiúil. Gach iarracht AE le margadh aonair inmharthana a chruthú trí chonstaicí maorlathacha (Bacainní Nemhtharaifí) a dhíothú, amhail státchabhair, cabhair airgeadais ó rialtas náisiúnta chuig tionscal nó cuideachta baile, thabharfadh sé bonn d'Éirinn mar áit inaitheanta óna bhféadfadh monaróirí móra onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach.

Tionscnamh seo Jacques Delors, mar Uachtarán an Choimisiúin an tráth úd, measadh gurb í an toisc ba thábhachtaí i dtéarnamh agus in athshlánú gheilleagar na hÉireann í. A gealltanas thairis sin go rachfaí níos faide leis an lánpháirtiú, mheall sé aire lucht leibhéil infheistíochta níos airde ó thíortha mar an tSeapáin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fairis sin, bhrúigh an IEA ar aghaidh athrú i straitéis gnó na hÉireann. B'fhusa d'onnmhaireoirí Éireannacha leathnú thar lear. Caighdeáin teicneolaíochta chomhchoitinne nua agus ráthaíocht cosanta ó reachtaíocht neartaithe AE, chuir siad margadh aonair níos iontaofa ar fáil. Tairbhe eile, b'shin gur brúdh ar aghaidh méadú ar tháirgiúlacht agus ar éifeachtúlacht na ngnólachtaí onnmhaireoirí, idir Éireannach agus eile. An dúshlán dul in iomaíocht le tionscail na hEorpa, neartaigh sé 'oirbheart tráchtála' na hÉireann corparáidí.

Thug na deiseanna dúshláin leo. Ar feadh na mblianta, bhíodh geilleagar na hÉireann ag brath go hiomlán ar an gcomharsa ba ghaire, an Ríocht Aontaithe. Dá gcruthófaí margadh níos comhtháthaithe, bheadh cás nua trádála ann, agus bheadh deireadh go deo leis an spleáchas ar an mBreatain. Dá nochtfaí d'iomaíocht sheachtrach iad, bheadh tionchar láithreach ar thionscail Éireannacha áirithe. Conas a bhainisteofaí a leithéid d'athrú geilleagrach agus de chlaochlú sóisialta?

Geilleagar Éireannach Athraitheach

Bhí forlámhas ag tionscail áirithe, ar leis an stát iad, in earnálacha tionscail áirithe i ngach Ballstát.

Ó 1993 ar aghaidh, cuireadh cosc le státchabhracha sainráite. Mhéadaigh sé sin an spreagadh freisin do bhreis infheistíochta ón earnáil phríobháideach, rud a chruthaigh tuilleadh post. Maidir le hÉirinn, cuireadh cosc le státchabhair do chuideachtai amhail Irish Steel, Aer Lingus agus Telecom Éireann. Cé go raibh sé íogair go polaitiúil ar dtús, bhí an dírialú seo thar a bheith tairbheach do thomhaltóirí na hÉireann. Cruthaíodh iomaitheoirí nua thar oíche, rud a d'ísligh praghsanna do thomhaltóirí. Ní fhéadfadh cuideachtaí Éireannacha dúchasacha amhail Ryanair agus Esat Telecom rathú chomh mór sin mura mbeadh margadh aonair níos comhtháthaithe cruthaithe.

Treisiú mór do mhargadh na hÉireann i seirbhísí airgeadais ab ea saorghluaiseacht caipitil a thabhairt isteach. Tá institiúidí airgeadais idirnáisiúnta tar éis iad féin a bhunú in Éirinn, fara Lárionad Seirbhísí Airgeadais na hÉireann (IFSC), rud a chruthaigh na mílte post. Chomh maith leis sin, tig le saoránaigh na hÉireann infheistiú i raon níos leithne gnáthscaireanna, bannaí agus cistí éagsúla infheistíochta laistigh den Eoraip agus lasmuigh di. Chuir an rogha mhéadaithe sin brú ar chuideachtaí sochair níos mó a thabhairt dá gcuid scairshealbhóirí, rud a chinntigh margadh an-iomaíoch.

Go hachomair, is mór agus is díréireach a thairbhigh an Ionstraim Eorpach do na tíortha beaga ar fad san Aontas. Toisc gur cruthaíodh caighdeáin choitinne agus lánchosaint faoi reachtaíocht an AE, tá cothrom na Féinne san iomaíocht ag gach tír anois. Cuireann na tosca sin deireadh le meáchan polaitiúil is geilleagrach na mBallstát mór AE, rud a chinntíonn iomaíochas níos cothroime. Bhain, agus baineann, Éire tairbhe as an mbuntáiste sin.

 




Nuashonrú is déanaí: 18/01/2013  |Barr