Cosán nascleanúna

Éire san AE - Ag dul isteach sa Chomhphobal Eorpach
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Chuaigh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1973. Féach thíos achoimre ar an ullmhú do bhallraíocht na hÉireann.

Féach anseo le heolas níos mionsonraithe a fháil faoi thionchar na ballraíochta AE ar ghnéithe éagsúla de shaol na hÉireann. Tá fáil ar fhaisnéis faoin tslí a rinne Éire a cion don AE anseo.

Ar an leathanach Éireannaigh san AE English (en) tá roinnt faisnéise faoi Éireannaigh atá ag obair san AE agus faoi na poist éagsúla atá acu.

Ag dul isteach sa Chomhphobal Eorpach

Pádraig Ó hIrighile, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seán Ó Loingsigh, Taoiseach agus Conradh Aontachais na hÉireann á shíniú acuGhlac tromlach mór de mhuintir na hÉireann an cinneadh dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), mar a bhí, i 1973 agus bhí tionchar ag an gcinneadh sin ar ár bhforbairt mar náisiún nach bhféadfadh an duine is dearfaí faoin eachtra sin, fiú, a thuar.

An t-am sin mheas formhór an domhain nach raibh in Éirinn ach oileán gan aird, a bhí fós ag coimheascar chun a háit sa domhan a aimsiú beagnach leathchéad bliain tar éis neamhshpleáchas a bhaint amach ón Ríocht Aontaithe.

Sna blianta sula rinneadh ballstát di, bhíodh ceannairí polaitiúla amhail Seán Lemass agus níos déanaí Seán Ó Loingsigh, fara taidhleoirí sinsearacha agus eacnamaithe, ag argóint gur san Eoraip a bhí todhchaí na hÉireann.

Ní raibh an Eoraip cinnte de sin, ámh. Ar an talmhaíocht a tógadh geilleagar na hÉireann, ba mhór a bhí sé i dtuilleamaí ar mhargadh na Breataine, is bhíodh daibhreas, dífhostaíocht ollmhór agus imirce ag cur isteach ar an tír.

An cinneadh neodracht na hÉireann a choinneáil tar éis an Dara Cogadh Domhanda, ní rómhaith a thaitin sé le baill an Chomhphobail Eorpaigh a bhí in ECAT, agus diúltaíodh tar éis cúpla seachtaine dár gcéad iarratas ar dhul isteach sa CEE an 31 Iúil 1961.

Bhí amhras ar na sé thír a bhunaigh an CEE faoinár gcumas geilleagrach agus faoinár neodracht. Beartas caomhnaitheachta na hÉireann, a d'éiligh srianta ar allmhairithe, is léir nár rógheal é le comhphobal Eorpach a raibh an tsaorthrádáil de dhlúth is d'inneach ann.

Bhíodh feachtas d'fhonn an beartas eacnamaíoch a athrú ar bun ag eacnamaithe cáiliúla in Éirinn agus faoi thús na 60aidí bhí a lán polaiteoirí sinsearacha ag teacht ar an tuairim nach raibh aon bhealach eile tabhairt faoin dífhostaíocht ard agus an olleisimirce a bhí ag lagú na tíre ach aontú leis an Eoraip.

Lean Éire uirthi ag lorg ballraíochta sa CEE ach bhí deireadh le dóchas i 1963 nuair a léirigh Uachtarán na Fraince, an Ginearál Charles de Gaulle, nár theastaigh ón bhFrainc go mbeadh an Bhreatain sa chomhphobal.

Chuir a sheasamh deireadh tobann leis an gcaibidlíocht leis na tíortha uile a bhí ina n-iarrthóirí agus níor bhall den CEE í Éire go ceann deich mbliana eile.

Chuir an tUachtarán de Gaulle cosc leis an dara hiarratas i 1967 ach i 1969 gheall a chomharba, George Pompidou, nach mbeadh sé in éadan ballraíocht a bheith ag an mBreatain agus ag Éirinn.

Thosaigh caibidlíocht nua agus i 1972 síníodh an Conradh Aontachais. Dearbhaíodh i reifreann na Bealtaine 1972 go raibh Éire le dul isteach sa chomhphobal Eorpach nuair a thacaigh 83% de na vótóirí le ballraíocht.

Tairbhe bhallraíocht san AE d'Éirinn

• Tá rochtain gan bhac ag gnólachtaí na hÉireann ar mhargadh ina bhfuil breis is 500 milliún duine.

• Meastar gur cruthaíodh thart ar 700,000 post in Éirinn le linn na ballraíochta agus mhéadaigh an trádáil faoi 90.

• Tháinig méadú ollmhór ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche go hÉirinn, ó €16 milliún i 1972 go breis is €30 billiún.

• Tá cead ag saoránaigh na hÉireann bogadh, oibriú agus dul chun cónaithe gan bhac laistigh de chríocha na mballstát eile.

• Tar éis dul isteach sa CEE i 1973, leithdháileadh breis is €17 billiún ar Éirinn trí na cistí struchtúracha agus comhtháthaithe le linn an chéad 30 bliain ballraíochta. Meastar go gcuirfear thart ar €3 billiún i gcistí struchtúracha AE agus i gcistí um fhorbairt na tuaithe ar fáil le linn na tréimhse 2007-2013 .

• Idir 1973 agus 2008 fuair feirmeoirí na hÉireann beagnach €44 billiún ón gComhbheartas Talmhaíochta.

• Tá tuairimí na hÉireann le brath ar bheartais an AE maidir leis an gcuid eile den domhan.

• Chabhraigh ballraíocht san AE le síocháin agus comhaontú polaitiúil a chruthú i dTuaisceart Éireann trí thacaíocht agus trí infheistíocht i gcláir thrasteorann.

• Teanga oifigiúil oibre de chuid an AE is ea an Ghaeilge anois, rud a chosnóidh teanga dhúchais na tíre sna glúine atá le teacht.

Tagairtí

• Keogh, Dermot (1997) The Diplomacy of Dignified Calm: An Analysis of Ireland’s Application for Membership of the EEC, 1961-63

• Byrne, David (2004) Ireland and the European Union, The First Thirty Years, 1973-2002

• Hourihane, Jim (2002) The Dynamics of Membership - Thomas Davis Lecture Series, RTE 2002




Nuashonrú is déanaí: 22/04/2014  |Barr