Cosán nascleanúna

Tionchar bhallraíocht an AE ar Éirinn
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Níl aon amhras ach gurb é an cinneadh stairiúil a ghlac mórthromlach mhuintir na hÉireann dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) i 1973 an cor is tábhachtaí a bhain d'Éirinn mar náisiún neamhspleách.

Le linn dhá scór bliain de bhallraíocht san Aontas Eorpach, d'fheabhsaigh beagnach gach uile ghné de shaol na hÉireann - ár modhanna oibre, taistil agus siopadóireachta, cáilíocht ár gcomhshaoil, ár ndeiseanna foghlama agus an tslí a gceannaíonn agus a ndíolann lucht gnó a gcuid earraí agus seirbhísí.

Ós rud é go bhfuil na hathruithe sin chomh lárnach anois i saol na hÉireann, is éasca dearmad a dhéanamh gur stát a bhí go mór i dtuilleamaí na Ríochta Aontaithe ó thaobh an gheilleagair de agus a bhí ag iarraidh teacht chuici féin ar an leibhéal idirnáisiúnta a bhí in Éirinn sula bhfuair sí ballraíocht san Aontas Eorpach.

Caithimis súil ar roinnt de na bealaí ar chabhraigh ár mballraíocht san AE an saol in Éirinn a athrú ar mhaithe leis an tír.

Geilleagar agus Fostaíocht

  • Duine ag obair in ionad glaonnaDe bharr bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, éascaíodh go mór an t-athrú ó gheilleagar traidisiúnta, bunaithe ar an talmhaíocht, go geilleagar nua-aimseartha atá dírithe go mór ar thionscail ardteicneolaíochta agus ar onnmhairí domhanda.
  • Meastar gur cruthaíodh thart ar 700 000 post in Éirinn ón mbliain 1973, agus mhéadaigh an trádáil faoi 90.
  • Is geilleagar beag oscailte atá in Éirinn atá ag brath go mór ar onnmhairí. Toisc gur cuid de Mhargadh Aonair an AE sinn, is fusa trádáil a dhéanamh ar mhargaí Eorpacha agus idirnáisiúnta araon. Tá deireadh curtha leis an rialú a dhéantar ar earraí, agus ar an rialú custaim a dhéantar ar dhaoine, ag teorainneacha laistigh den AE.
  • De bharr cé chomh hoscailte is atá ár ngeilleagar, táimid níos soghonta d'imeachtaí domhanda agus, mar is léir ar na saolta seo, do ghéarchéimeanna airgeadais ar fud an domhain. De bhrí go bhfuil Éire ina Ballstát den AE agus ina ball de Limistéar an Euro tá níos mó cosanta againn ar thubaistí airgeadais domhanda agus is féidir leis an tír sochar a bhaint as scéim tarrthála chomhordaithe agus chobhsaí a bhuíochas dár gcomhpháirtithe Eorpacha.
  • De bharr a ballraíochta san AE, bhí Éire in ann na billiúin euro a mhealladh isteach sa tír trí infheistíocht dhíreach choigríche, rud a chruthaigh a lán deiseanna fostaíochta d'Éireannaigh.
  • A bhuí le comhaontuithe idirnáisiúnta trádála an AE tá sé níos éasca agus níos saoire ag onnmhaireoirí na hÉireann a n-earraí a dhíol ar mhargaí brabúsacha an domhain, m.sh. an Chóiré Theas, an Afraic Theas agus Meiriceá Láir. Tá cainteanna trádála ar siúl freisin leis an tSeapáin agus le SAM, rud a chruthóidh deiseanna eile b'fhéidir.
  • Is féidir le muintir na hÉireann, de bharr a saoránachta san AE, dul chun cónaithe nó ag obair i mBallstát eile, rud a chiallaíonn go mbeidh níos mó deiseanna agus roghanna fostaíochta ann d'oibrithe na hÉireann.
  • Tá feabhas curtha ar chearta oibrithe trí rialacháin an AE, m.sh. bearta maidir le huaireanta oibre, dálaí oibre agus conarthaí.
  • Mar gheall ar reachtaíocht Eorpach maidir le comhionannas san ionad oibre, tá fir agus mná na hÉireann i dteideal pá comhionann a fháil as an obair chéanna a dhéanamh, is gá caitheamh go comhionann agus go cothrom leo ag an obair agus tá teidlíocht ag mná ar shaoire mháithreachais.
  • Idir na blianta 1973 agus 2011, fuair Éire níos mó ná €67 billiún de mhaoiniú ón AE agus d'íoc an tír isteach is amach le €25 billiún le cistí an AE, rud a fhágann go bhfuair an tír breis agus €42 billiún ar an iomlán.

Barr

Oideachas agus Oiliúint

  • Mic léinn os comhair Choláiste na Tríonóide, Baile Átha CliathLe dhá scór bliain anuas, is mór a chabhraigh maoiniú ón AE le caighdeáin oideachais na hÉireann a fheabhsú agus chruthaigh sé a lán deiseanna le dul ag staidéar thar lear.
  • Ón tráth a d'aontaigh Éire leis an AE tá breis agus €6 billiún infheistithe ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) in oideachas, oiliúint agus cruthú fostaíochta in Éirinn.
  • Faoin tionscamh nua dar teideal Ráthaíocht don Aos Óg , infheisteofar suas le €8 billiún i bhfostaíocht, oiliúint agus oideachas do dhaoine óga faoi bhun 25 bliain d'aois san Eoraip. Beidh Baile Muna i mBaile Átha Cliath ina cheantar píolóta sa scéim Ráthaíocht don Aos Óg.
  • Maidir le mic léinn a roghnaíonn tréimhse staidéir a dhéanamh thar lear beidh a gcáilíochtaí Éireannacha aitheanta ar fud an Aontais Eorpaigh faoin gCreat Eorpach um Cháilíochtaí.
  • Baineann timpeall 2 000 mac léinn as Éirinn tairbhe as an gClár Erasmus gach bliain. Faoi Chlár Erasmus, a sheol an t-iarChoimisinéir Éireannach Peter Sutherland i 1985, is féidir le mic léinn tréimhse a chaitheamh ag staidéar in ollscoil i dtír eile san Eoraip.
  • Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, thángthas ar chomhaontú faoi chiste Erasmus+ nua ar luach €16 billiún don oideachas, oiliúint, óige agus spórt.

Barr

Talmhaíocht

  • Feirmeoir agus a thréadIs ar sheilfeanna ollmhargaí ardluacha an AE a dhíoltar breis agus 95 % d'onnmhairí mairteola agus uaineola na hÉireann.
  • Is é a chiallaíonn sé d'Éirinn bheith páirteach sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) go mbaineann Éire, ina cáil mar onnmhaireoir glan, leas mór as an deis tráchtearraí talmhaíochta a thrádáil ar mhargaí an AE, ina bhfaightear praghsanna níos fearr ná ar mhargaí an domhain de ghnáth.
  • Bhain an talmhaíocht in Éirinn tairbhe mhór as íocaíochtaí an AE. Le scór bliain anuas, fuair Éire breis agus €30 billiún i nglanioncam ón AE, agus bhí baint dhíreach ag timpeall 70 % den mhéid sin leis an talmhaíocht.
  • Idir 2007 agus 2013, tugadh €5 778 billiún ó chláir forbartha tuaithe an CBT do cheantair thuaithe faoi mhíbhuntáiste in Éirinn. Fuair na cláir sin tacaíocht €2 339 billiún ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).
  • Idir 2007 agus 2011, bhí barrachas €9 billiún ag Éirinn sa trádáil a rinne sí ar tháirgí agraibhia lena comhpháirtithe san AE. In 2011, is ó na hearnálacha agraibhia agus deochanna a tháinig 11 % d'iomlán onnmhairí na hÉireann.

Barr

An Comhshaol

  • Fuarthas maoiniú ón AE leis an Iolar Fíréan a thabhairt isteach an athuair in ÉirinnD'fhág rialacha an AE go raibh ar Éirinn gníomhú ar thruailliú uisce, diúscairt dramhaíola, cáilíocht an aeir, astaíochtaí fuinnimh agus caomhnú na ngnáthóg nádúrtha. Ní sceitear camras amh isteach i Muir Éireann a thuilleadh agus tá beatha na mara feadh chóstaí na hÉireann ag baint tairbhe as uisce farraige agus tránna atá níos glaine.
  • Is de thoradh treoracha ón gCoimisiún Eorpach an chuid is mó de dhlíthe na hÉireann a bhaineann le bainistíocht dramhaíola, athchúrsáil, truailliú aeir agus dumpáil ar muir, dlíthe atá go mór chun leasa an chomhshaoil.
  • Infheistíodh na milliúin euro ó chistí an AE i gcomhshaol na hÉireann. Fuair breis agus 50 tionscadal comhshaoil beagnach €110 milliún ar an iomlán ó chistí LIFE, agus is é an tAontas Eorpach a thug breis agus €46 milliún den mhéid sin.

Barr

Taisteal

  • Líon tí ar a mbealach trí aerfortIs saoire ná riamh an taisteal ar fud an domhain, sin de bharr dírialú thionscal na n-aerlínte i mBallstáit an AE agus reachtaíocht an Aerspáis Eorpaigh Aonair a chuir srian le cleachtais neamhiomaíocha.
  • In 2003, bhunaigh an AE an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, rud a rinne an eitilt níos sábháilte agus níos éifeachtúla de bharr an chomhair idir na Ballstáit tríd an gCóras Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta.
  • Tugadh isteach rialacha nua AE a neartaigh cearta paisinéirí do dhaoine a bhíonn ag taiseal ar eitleáin, ar thraenacha nó ar longa, agus tháinig reachtaíocht nua i bhfeidhm le déanaí a chumhdaíonn an taisteal ar bhus agus ar chóiste.
  • Is é a chiallaíonn na rialacháin nua maidir le fánaíocht ar theileafón soghluaiste go bhfuil titim mhór sa chostas ar d'fhón póca a úsáid thar lear san AE i gcomparáid le 2007.
  • Leis an gCárta Eorpach Sláinte is féidir le saoránaigh na hÉireann bunchúram sláinte a fháil agus iad ag taisteal san Eoraip.

Barr

Tomhaltóirí

  • Tralaí siopadóireachta agus nótaí euroLe Straitéis um Beartas Tomhaltóirí an Choimisiúin Eorpaigh, tá sé níos sábháilte ag saoránaigh na hÉireann earraí agus seirbhísí a cheannach ar fud an AE.
  • Le rialacháin sláinte agus sábháilteachta an AE féachtar chuige go mbíonn an bia agus na táirgí eile a dhíoltar in Éirinn níos sábháilte agus ar chaighdeán níos airde.
  • Chuidigh an AE le léirscaoileadh an mhargaidh cumarsáide, rud a fhágann go bhfuil rogha níos leithne againn de sholáthraithe seirbhísí idirlín agus teileachumarsáide.
  • Tá rialacha diana AE ann maidir le sábháilteacht bia agus beatha ainmhithe agus is féidir le tomhaltóirí eolas a chur go héasca ar an áit as a dtagann an bia a cheannaíonn siad agus ar na comhábhair atá ann.

Barr

Taighde agus Nuáil

  • Íomhá le taighde agus nuáil a chur chun cinnTá Éire ar cheann de na náisiúin is nuálaí san Eoraip anois, a bhuíochas dá ballraíocht san AE. Mheall sí na billiúin euro in infheistíocht dhíreach choigríche ó ghnólachtaí in earnálacha ardteicneolaíochta, m.sh. Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide, an Chógaisíocht, na Meáin Dhigiteacha agus na Meáin Shóisialta.
  • Fuair Éire breis agus €700 milliún in infheistíochtaí nua Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta in 2011 ó ghnólachtaí ilnáisiúnta ar nós Boston Scientific, IBM, Valeo, EMC, Analog, MSD, Biotrin, Merck, Misys, Ericsson agus Covidien.
  • I Scórchlár an Aontais Nuálaíochta 2013 bhí Éire ar bharr an liosta san AE maidir le heolas agus nuálaíocht a chur ag obair ar mhaithe leis an bhfíorgheilleagar.
  • Tugadh os cionn €400 milliún de mhaoiniú AE do chláir agus do thionscadail taighde in Éirinn faoin Seachtú Creatchlár agus faoin gCiste Taighde agus Forbraíochta.
  • Faigheann fiontair bheaga agus mheánmhéide na hÉireann níos mó tacaíochta ón AE don taighde ná FBManna in aon Bhallstát eile.


 

Barr

Sochair eile

  • Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh EoChabhraigh ballraíocht san AE leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann trí infheistíocht a dhéanamh i gcláir thrasteorann.
  • Faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chosaint Oidhreacht Ailtireachta na hEorpa rinneadh a lán de na láithreacha ailtireachta is sine in Éirinn a chaomhnú agus is féidir iad a fheiceáil agus cuairt a thabhairt orthu inniu.
  • Chuir an AE tacaíocht airgeadais ar fáil don a lán conláistí turasóireachta in Éirinn, m.sh. an t-ionad léirithe ag Aillte an Mhothair.
  • Leithdháileadh breis agus €17 billiún ar Éirinn trí na cistí struchtúracha agus comhtháthaithe le linn na chéad 30 bliain ballraíochta chun míbhuntáiste a laghdú agus bonneagar a fhorbairt, m.sh. an gréasán mótarbhealaí atá sa tír.
  • Idir na blianta 1973 agus 2011, fuair Éire níos mó ná €67 billiún de mhaoiniú ón AE agus d'íoc an tír isteach is amach le €25 billiún le cistí an AE, rud a fhágann go bhfuair an tír breis agus €42 billiún ar an iomlán.
  • Fuair Éire maoiniú faoin gComhbheartas Talmhaíochta agus ó na cistí struchtúracha agus comhtháthaithe le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus i gcaipiteal daonna, oideachas agus oiliúint san áireamh. Fuaireamar maoiniú freisin le haghaidh réimsí tosaíochta eile, m.sh. iascach, taighde agus an ciste um choigeartú don domhandú.
     

Barr




Nuashonrú is déanaí: 27/08/2013  |Barr