|
|
Níl aon amhras ach gurb é an cinneadh stairiúil a ghlac mórthromlach mhuintir na hÉireann dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) i 1973 an cor is tábhachtaí a bhain d'Éirinn mar náisiún neamhspleách.
Ár mballraíocht san Aontas Eorpach, d'fheabhsaigh sí beagnach gach uile ghné de shaol na hÉireann - ár mbealaí oibre, taistil agus siopadóireachta, cáilíocht ár gcomhshaoil agus an tslí a gceannaíonn is a ndíolann ár ngnólachtaí a gcuid earraí agus seirbhísí.
Is ollmhór an tionchar atá i gceist, ach, toisc go bhfuil a lán de na hathruithe dearfacha de dhlúth agus d'inneach an tsaoil laethúil in Éirinn anois, is furasta a ligean i ndearmad gur toradh díreach ar ár mballraíocht i gcomhluadar náisiúin an AE is ea iad.
|
|
Tionchar ar gheilleagar na hÉireann
Ní réidh é cúrsa geilleagrach na hÉireann ó chuamar isteach san Aontas Eorpach breis is dhá scór bliain ó shin. Sna blianta tosaigh ó deineadh Ballstát dínn d'athraíomar ó mharbhuisce geilleagrach lag, dearóil go náisiún ina raibh lánfhostaíocht agus barrachais buiséid go rialta.
Anois tá diantréimhse anró airgeadais againn ach tú na huirlisí cuí ag Éirinn san Aontas Eorpach le tairbhe a bhaint as geilleagar domhanda atá ag feabhsú.
Is mór a bhraitheann ár ngeilleagar beag, oscailte ar onnmhairí, agus toisc gur cuid de Mhargadh Inmheánach nó Aonair an AE sinn, is fusa ár gcuid earraí agus seirbhísí a thrádáil ar mhargaí Eorpacha agus idirnáisiúnta araon.
Déanann méid ár ngeilleagair níos soghonta d'imeachtaí domhanda sinn, mar is léir ar na saolta deireanacha, agus cuimsíonn sé sin tobchlistí airgeadais domhanda. Toisc go bhfuil ár ngeilleagar chomh comhtháite i ngeilleagar na hEorpa, ámh, tugann ár mballraíocht san AE muinín dúinn go bhfuil téarnamh i ndán dúinn.
Aontaíonn formhór na saineolaithe gur mór a chuidigh ár mballraíocht san Aontas Eorpach le hathrú ó gheilleagar seanchaite, bunaithe ar an talmhaíocht, go geilleagar nua-aoiseach a bhfuil tionscail ardteicneolaíochta agus onnmhairithe domhanda á thiomáint.
Thiar sna 1960aidí, sula raibh Éire san AE, bhí sí tosaithe ag athrú cheana féin ón mbeartas traidisiúnta, seanchaite caomhnaitheachta a bhíodh aici, beartas a chuireann srian le trádáil idir thíortha trí bhíthin taraifí.
A bhuí le bearta a glacadh ó staidéar ar an bhforbairt gheilleagrach a dhíolaim feidhmeannaigh ón Roinn Airgeadais i 1958, a raibh duine de na heacnamaithe is mó in Éirinn, an Dr TK Whitaker, i gceannas orthu, bhí an tír ag ullmhú le hathrú chuig geilleagar an mhargaidh nuair a chuamar isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.
Measadh gur chéim ríthábhachtach í bheith sa CEE le geilleagar nua-aoiseach a chruthú, mar d'osclódh sé margaí nua d'earraí na hÉireann agus chuirfeadh sé ar ár gcumas ár spleáchas traidisiúnta ar mhargaí na Breataine a dhíothú.
Bhí an talmhaíocht ar an earnáil trádála ba thábhachtaí in Éirinn fós agus sinn ag dul isteach sa CEE i 1973, agus thabharfadh ballraíocht rath di nach raibh aici riamh.
Tugann Comhbheartas Talmhaíochta an CEE leibhéal amháin praghsanna d'fheirmeoirí, le hearraí a dhíol ag rátá a bhí i bhfad níos airde ná a bhí ar fáil san aon mhargadh eile a bhí ar oscailt dóibh an uair úd - margadh na Breataine.
Bhíothas ag súil le feabhas ar earnáil na talmhaíochta de bharr bhallraíocht na hÉireann sa CEE, ach ní raibh aon chinnteacht faoina tionchar ar chodanna eile den gheilleagar.
Osclaíodh margaí na mór-roinne d'earraí tionscail áitiúla agus chuidigh sé sin le hÉirinn le hinfheistíocht thathagach thionsclaíoch a mhealladh, agus le húsáid cistí struchtúracha ón Eoraip le bóithre agus iompar poiblí a fheabhsú. Fairis sin, cuireadh airgead ón Eoraip ar fáil do scéimeanna oiliúna a d'ardaigh scileanna na n-oibrithe le haghaidh na dtionscal nua.
Thosaigh an geilleagar ag forbairt agus bíodh gur cailleadh poist sna seantionscail, cruthaíodh poist nua a tharraing tuarastail níos fearr trí infheistíocht ón gcoigríoch in earnálacha monaraíochta, amhail cógais, táirgí a bhaineann le ríomhairí, miotail agus innealra.
Timpeallacht nua an mhargaidh, fara cinntí le cánacha corparáideacha ísle a thabhairt isteach agus Gníomhaireacht Forbartha Tionscail (IDA Ireland) a fhorbairt chun Éire a chur chun cinn thar lear, rudaí a d'aibigh geilleagar nua na hÉireann.
D'éirigh Éire tarraingteach do chuideachtaí ilnáisiúnta Meiriceánacha agus roghnaigh cuid mhaith acu a gcuid oibríochtaí Eorpacha a bhunú anseo, rud a chruthaigh na mílte post.
Níl geilleagar nua na hÉireann neamhspleách ar thosca domhanda. Bhí dhá mhórghéarchéim ola sna 1970aidí, fara droch-chinntí buiséid ó rialtais i ndiaidh a chéile, a chuir srian leis an bhfás agus a thug dífhostaíocht ard agus eisimirce.
Dúshlán eile is ea an ghéarchéim gheilleagrach dhomhanda faoi láthair. Ach a bhuí le claochlú geilleagrach na hÉireann ag deireadh na 1990aidí agus blianta tosaigh an 21ú Céad, is fearr atá Éire in ann tairbhiú ó théarnamh domhanda ná cuid mhaith tíortha eile.
| |
|
An Ionstraim Eorpach Aonair
Ba é Conradh na Róimhe i 1957 a bhunaigh an Cómhargadh Eorpach, rud a d'éascaigh an trádáil. Ach chabhraigh cruthú an Mhargaidh Aonair le díothú na mbacainní eile do shaorghluaiseacht na n-oibrithe, an chaipitil, na n-earraí agus na seirbhísí idir na Ballstáit.
Le linn na 1980aidí mhéadaigh míshástacht i measc cheannairí gnó agus polaitiúla ar fud na hEorpa i ngeall ar neamhréitigh i mbeartais gheilleagracha na mBallstát CEE.
Chuir an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA) deireadh le cearta crosta náisiúnta i réimsí a bhain leis an Margadh Aonair agus thug sí breis cumhachtaí do Pharlaimint na hEorpa. B'shin tús le hAontas Eorpach an lae inniu. Is i Lucsamburg, an 17 Feabhra 1986, agus sa Háig an 28 Feabhra 1986, a síníodh an Ionstraim.
Bhí fonn ar pholaiteoirí Éireannacha na linne glacadh leis an IEA, agus bhí tacaíocht aici ó fhormhór na bpáirtithe polaitiúla fara ionadaithe na bhfostóirí agus na bhfeirmeoirí.
Dearbhaíodh i gcás os comhair na Cúirte Uachtaraí, ámh, nár mhór an Bunreacht a leasú sula gcuirfí an Ionstraim i bhfeidhm, agus mar sin iarradh ar an tír vótáil faoin athrú.
Tionóladh reifreann faoin gceist an 26 Bealtaine 1987, agus thacaigh 69.9% de na vótóirí leis an leasú.
Rinneadh an leasú a achtú ina dhlí an 22 Meitheamh agus tháinig an Ionstraim Eorpach Aonair i bhfeidhm an 1 Iúil 1987.
Rinne an Ionstraim Eorpach Aonair ceangaltas ar na Ballstáit le hAontas Eorpach agus Margadh Inmheánach an lae inniu a chruthú agus a fhorbairt.
| |
|
Tionchar an Euro in Éirinn
Bhí Éire fós spleách ar an mBreatain i gcúrsaí geilleagracha nuair a chuaigh sí isteach sa CEE i 1973, bíodh go raibh neamhspleáchas bainte amach ag an tír leathchéad bliain roimhe sin.
Chuig an mBreatain a théadh breis is leath dár n-earraí onnmhairithe agus bhí ár n-airgeadra fós ceangailte le punt steirling na Breataine.
Thosaigh ardbhoilsciú na Breataine ag bagairt ar chobhsaíocht praghsanna na hÉireann, rud a chuir le tarraingteacht an togra ar Chóras Eorpach Airgeadaíochta (EMS) a bhí á phlé idir na Ballstáit an uair úd.
Is ar staidéar a dhíolaim saineolaithe faoi cheannas Phríomh-Aire Luscamburg, Pierre Werner, i 1970 a bunaíodh an smaoineamh. I dTuarascáil Werner moladh rátaí malairte seasta idir Bhallstáit an AE agus bunaíodh Meicníocht Rátaí Malairte Eorpach (ERM) faoi dheireadh i 1979. Ba í géarchéim na hola 1973, faoi deara anbhuain idirnáisiúnta airgeadraí go céim áirithe, a chuir moill ar an smaoineamh ar feadh tamaill.
D'éis tús anacair, ba í ballraíocht san EMS a thug cobhsaíocht praghsanna go hÉirinn faoi dheoidh. D'ísligh an boilsciú faoi bhun 5% i lár na 1980aidí agus thit rátaí úis gearrthéarmacha níos ísle ná sa Bhreatain den chéad uair.
I 1989 moladh i dtuarascáil nua ó choiste saineolaithe faoi cheannas an té a bhí an uair sin ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, Jacques Delors, go rachfaí ar aghaidh chuig Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) iomlán.
Is i 1990 a thosaigh AEA ach ba ghá conradh nua idir na Ballstáit chun é a chur i gcrích.
Iarradh ar vótóirí na hÉireann cinneadh ar thodhchaí na tíre san Eoraip den dara huair tar éis dul isteach san Aontas Eorpach. Bhí tacaíocht na gceithre phríomhpháirtí polaitiúil ag Conradh Maastricht agus nuair a chríochnaigh an vótáil an 18 Meitheamh 1992, bhí beagnach 70% tar éis vótáil ar son an chomhaontaithe nua.
Níorbh aon bhearna réidh a bhí roimh an aontas airgeadaíochta, ámh. Bhí ar an Iodáil, agus - níos tábhachtaí d'Éirinn, - an Bhreatain a n-airgeadraí a tharraingt amach as an ERM toisc nár éirigh leo fanacht laistigh de na teorainneacha rátaí malairte.
Tháinig an punt Éireannach faoi bhrú freisin ach sheas sé, agus bhí sé socair faoin am ar tháinig na ceannairí Eorpacha le chéile i Maidrid i mí na Nollag 1995 leis an 1 Eanáir 1999 a dhearbhú mar an dáta tosaigh don chéim dheiridh den aontas airgeadaíochta.
Bunaíodh an Banc Ceannais Eorpach, socraíodh rátaí malairte go buan agus rinneadh airgeadra oifigiúil den Euro in 11 Bhallstát, Éire ina measc.
Ar dtús ní raibh ann ach rud 'fíorúil' ach an 1 Eanáir 2002 tugadh isteach nótaí bainc agus boinn Euro agus bhí deireadh go deo leis an bpunt Éireannach.
Neartaigh an Euro mar airgeadra idirnáisiúnta ó tugadh isteach é, ach chuir an ghéarchéim gheilleagrach dhomhanda go mór faoi bhrú é le déanaí.
Bhí an chéad chúlú oifigiúil ag Limistéar an Euro in 2008 nuair a chrap an geilleagar iomlán 0.2% in dhá ráithe den bhliain sin i ndiaidh a chéile.
D'fhreagair an Banc Ceannais Eorpach trí rátaí úis a ísliú go leibhéil nach bhfacthas roimhe sin, agus tionóladh Comhairle Eorpach éigeandála, nó cruinniú de cheannairí na mBallstát i Limiséar an Euro an 12 Deireadh Fómhair 2008, rud a thug clár beart le leachtacht a thabhairt ar ais, an córas baincéireachta a athchaipitliú agus éarlaisí lucht coigiltis a chosaint.
Rinneadh bearta breise sna míonna ina dhiaidh sin agus tá ceannairí an AE tiomanta pé bearta is gá a dhéanamh le hairgeadra na hEorpa a chosaint.
Tá 17 dtír AE a úsáideann an Euro mar airgeadra oifigiúil anois, rud a éascaíonn an saol do lucht gnó agus do thaistealaithe ó Éirinn agus iad ag trádáil nó ar cuairt i Limistéar an Euro.
| |
|
Tionchar ar Oideachas in Éirinn
Is mó ná riamh na deiseanna a bhíonn ag mic léinn Éireannacha de gach aois a ndearcadh a fhairsingiú agus na cáilíochtaí a theastaíonn do phoist arda a fháil, a bhuí leis an Aontas Eorpach.
Le dhá scór bliain anuas, is mór a chabhraigh maoiniú ón AE le caighdeáin oideachais na hÉireann a fheabhsú agus chun a lán deiseanna staidéir thar lear a chruthú.
Agus an Eoraip ag féachaint ar tí teacht as dianghéarchéim gheilleagrach agus airgeadais, is deacra poist a fháil ná riamh. Sna blianta romhainn, is mó líon na mac léinn, agus na n-oibrithe Éireannacha a fágadh iomarcach, agus a bheidh ag iarraidh a gcuid cáilíochtaí a fheabhsú lena ndeiseanna ar fhostaíocht a mhéadú.
Is mó freisin a bheidh ar dhaonra na hEorpa, atá ag dul in aois, a gcuid scileanna a nuashonrú agus a fhairsingiú. Mar sin, beidh gá le deiseanna nua don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus tá sé sin amhlaidh i gcreat an AE do chomhar san oideachas agus san oiliúint, lenar ghlac na Ballstáit, Éire ina measc, i mBealtaine 2009.
Cumadh an creat, ET 2020, le córais oideachais agus oiliúna a leasú le gur caoithiúla a bheidh sé bogadh, staidéar agus scileanna nua a fháil in aon cheann de 27 dtír an AE.
Cuireann ET 2020 béim nua ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus is é is cuspóir dó tairbhiú ó dheiseanna oideachais a éascú do shaoránaigh na hÉireann, ó aois an linbh go hardoideachas, oiliúint ghairmiúil agus foghlaim na n-aosach.
De bharr an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (EQF), lenar aontaigh institiúidí na hEorpa in 2008, beidh aitheantas ar fud na hEorpa do na cáilíochtaí a bhain mic léinn Éireannacha amach agus iad ag staidéar thar lear.
De réir an chreata, ba chóir go mbeadh tagairt chuí EQF ag gach cáilíocht oideachais a eisíodh san Eoraip ó 2012 i leith, ionas go mbeidh fostóirí in ann a aithint go tapa cén leibhéal oideachais a shroich mic léinn a rinne staidéar thar lear.
Tugadh isteach beart nua eile i mí na Nollag 2010 nuair a bhuail airí oideachais ó 33 thír Eorpach le feidhmeannaigh ón gCoimisiún Eorpach agus le hionadaithe na bhfostóirí agus na gceardchumann agus ghlac siad le tionscnamh nua ar chuspóir dó an comhar Eorpach a ardú sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint don tréimhse 2011-2020.
Ráiteas Brugge , sin an t-athbhreithniú is déanaí ar Phróiseas Chóvanhávan a seoladh in 2002 chun tíortha na hEorpa a spreagadh le beartais agus bearta nuálacha a fhorbairt i réimse na gairmoiliúna.
Pacáiste cuspóirí agus beart atá ann a bhfuil fúthu cáilíocht na gairmoiliúna san Eoraip a mhéadú tríd í a dhéanamh níos sorochtana agus níos ábhartha do riachtanais mhargadh an tsaothair, go háirithe i bhfianaise an chúlaithe airgeadais dhomhanda.
I dteachtaireacht eile ón gCoimisiún Eorpach in 2010 leagtar amach sraith nua beart le cuidiú le daoine óga na cáilíochtaí agus na scileanna is gá le go n-éireoidh leo i margadh na bpost a fháil.
In an Óige ag Bogadh tá bearta ar cuspóir dóibh oideachas agus oiliúint a nuachóiriú chun iad a dhéanamh níos ábhartha do riachtanas na n-óg is na bhfostóirí araon.
I measc na mbeart sin tá creat nua AE d'fhostaíocht na n-óg fara tacaí don fhoghlaim agus do phoist lena n-áirítear foinsí eolais nua ag leibhéal an AE, breis clár maoiniúcháin agus bacainní ar an tsoghluaisteacht foghlama a dhíothú.
Seachas na cora is déanaí, tá mic léinn na hÉireann ag baint tairbhe as raon clár AE a bhfuil fúthu eolas agus tuiscint a fhorbairt.
Is cuid de Chlár Foghlama ar Feadh an tSaoil an Choimisiúin Eorpaigh is ea na cláir uile, agus tá buiséad beagnach €7 billiún aige do na blianta 2007-2013 le caitheamh ar thionscnaimh éagsúla oideachais agus oiliúna.
Bunaíodh an Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil ar an bprionsabal gur próiseas leanúnach is ea an fhoghlaim agus gur cheart go mbeadh rochtain ar an oideachas ag gach céim den saol. Dhá chomhlacht a riarann comhpháirteanna éagsúla an chláir in Éirinn, an tÚdarás um Ardoideachas agus Léargas.
I measc na gcomhpháirteanna sin tá Clár Comenius a thugann tuiscint níos fearr ar chultúir, theangacha agus luachanna Eorpacha do na mílte daltaí scoile Éireannacha; agus féadann mic léinn níos sine agus foireann na n-institiúidí ardleibhéil dul i gcomhar le hollscoileanna agus le coláistí ar fud na hEorpa trí Erasmus le deis a fháil staidéar a dhéanamh nó múineadh thar lear.
Bíonn thart ar 90% d'ollscoileanna na hEorpa páirteach in Erasmus, agus tá buiséad bliantúil de bhreis is €400 milliún aige. Bíonn breis is 3,100 institiúid ardoideachais i mbreis is 30 tír páirteach in Erasmus.
Ghlac thart ar 28,000 mac léinn Éireannach páirt sa chlár ó thosaigh sé i 1987.
I measc na dtionscnamh oideachais uile-AE eile tá Clár Leonardo da Vinci , ar cuspóir dó cuidiú le hEorpaigh scileanna, eolas agus cáilíochtaí nua a fháil, agus Clár Grundtvig, a dhíríonn ar riachtanais teagaisc agus staidéir daoine san oideachas aosach agus i sruthanna oideachais malartacha.
Fairis sin, is féidir le hinstitiúidí tríú leibhéal na hÉireann tairbhe a bhaint as an gClár Jean Monnet, a bhfuil tionscadail aige ar fud chúig mhór-roinn an domhain a shroicheann thart ar 250,000 mac léinn gach bliain.
Glacann daltaí ó scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann páirt i roinnt mhaith díospóireachtaí a d'urraigh an tAontas Eorpach agus in Oilimpiad Eolaíochta an Aontais Eorpaigh (EUSO), a bhunaigh Michael A Cotter in Éirinn leis an eolaíocht a chur chun cinn sna Ballstáit.
| |
|
Tionchar ar chomhshaol na hÉireann
Is mór an feabhas a tháinig ar chomhshaol na hÉireann ó chuamar isteach sa CEE i 1973 agus thug dianrialacha AE orainn gníomhú ar thruailliú uisce, diúscairt dramhaíola, cáilíocht an aeir, astaíochtaí fuinnimh agus na gnáthóga nádúrtha a chaomhnú.
Nuair a rinneadh Ballstát d'Éirinn ar dtús bhíodh múnlach amh gan chóireáil á chaidéalú i mBá Bhaile Átha Cliath agus thug an AE cistí comhtháthaithe le cuidiú deireadh a chur leis an scannal sin agus cabhrú le mórthionscadail chomhshaoil eile amhail príomhscéimeanna draenála i Luimneach, Corcaigh, Droichead Átha agus Loch Garman agus le talamh portaigh na hÉireann a chaomhnú.
Chuaigh treoracha ón gCoimisiún Eorpach faoin gcomhshaol i bhfeidhm go mór agus go dearfach thar na blianta ar bheartas comhshaoil na hÉireann. D'fhreagair reachtóirí na hÉireann ar na treoracha sna 1990aidí le dlíthe nua ar bhainistiú dramhaíola agus ar dhumpáil san fharraige agus cuireadh buiséid ar leataobh le plé le bruscar agus le cáilíocht an uisce a fheabhsú.
Ba mhoille cur chun feidhme na gcaighdeán AE um bainistiú dramhaíola agus uisce óil in Éirinn ná mar a bhíothas ag súil leis, ach mar Bhallstát táimid tiomanta d'fheabhsú sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma.
Ba thapa a gníomhaíodh in Éirinn faoi threoracha eile, amhail an treoir um dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a athchúrsáil, treoir a cuireadh chun feidhme i Lúnasa 2005. Glacadh leis gur éirigh thar barr leis an Treoir maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL), agus anois téann na mílte míreanna de dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach isteach i gcórais chearta athchúrsála.
Tháinig treoir chomhchosúil ar athchúrsáil cadhnraí i bhfeidhm i nDeireadh Fómhair 2008 agus tá an dramhaíl nimhniúil á laghdú a thuilleadh aici sin in Éirinn.
Fairis sin, thairbhigh comhshaol na hÉireann ó mhaoiniú LIFE (ionstraim airgeadais an AE don chomhshaol), a thug an Coimisiún Eorpach isteach i 1992.
Maoiníodh thart ar 50 tionscadal atá dírithe ar nuáil comhshaoil agus ar chaomhnú an dúlra in Éirinn ó seoladh LIFE. Fuair na tionscadail beagnach €100 milliún go hiomlán, agus is é an tAontas Eorpach a thug breis is €41 milliún de sin.
In 2010 bhuaigh an chuideachta foraoiseachta is mó in Éirinn, Coillte, a bhunaigh an Stát in 1998, Duais Energy Globe as ceann dá cuid tionscadal LIFE ar a dtugtar ‘Príomhghnáthóga Coillearnaí na hÉireann a Athbheochan’.
D'athbheoigh an tionscadal breis is 550 heicteár gnáthóga coillearnaí trí chrainn neamhdhúchasacha a bhaint as, limistéir a chosaint ó iníor ainmhithe agus hidreolaíocht nádúrtha a chur ar ais le hathghiniúint nádúrtha a éascú.
I mí na Nollag 2010 fuair Coillte formheas ón gCoimisiún Eorpach do scéim caomhnúcháin eile faoin gClár EU LIFE+ d'fhonn caomhnú an dúlra a chur chun cinn. Beidh sé ar an tionscadal athbheochana ar phortaigh ardaithe is mó in Éirinn agus díreoidh sé ar 630 heicteár de phortach ardaithe a chaomhnú.
Éireannaigh a bhfuil imní orthu faoin gcomhshaol, tig leo gearáin a chur chuig Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh. Faigheann an oifig níos mó gearán ó Éirinn ná ó Bhallstáit mhóra amhail an Bhreatain nó an Ghearmáin.
| |
|
Tionchar ar an saol in Éirinn
Is mór a d'athraigh saol na hÉireann sna blianta tar éis dúinn dul isteach sa Chomhphobal Eorpach i 1973 agus is mó an chúis muiníne astu féin agus as a dtodhchaí atá ag fir is mná óga na hÉireann inniu ná mar a bhíodh ag na glúine rompu.
Le linn na 1970aidí bhíodh buamaí agus sceimhlitheoireacht ag crá thuaisceart na tíre, bhíodh ár ngeilleagar ag brath den chuid is mó ar tháirgí talmhaíochta a onnmhairiú chun na Breataine agus ba lú ná £30 sa tseachtain an meántuarastal – níl ansin ach €38.
Bhíodh saoire thar lear i bhfad ródhaor d'fhormhór na dteaghlach agus fiú eitiltí chuig an gcomharsa is gaire dúinn, an Bhreatain, ghearrtaí na céadta punt orthu agus só a bhí sa staidéar thar lear nárbh acmhainn ach do lucht an rachmais.
D'ainneoin an chúlaithe gheilleagraigh dhomhanda le blianta beaga anuas, is fearr go hiondúil an caighdeán maireachtála in Éirinn an lae inniu ná i 1973, agus is í an bhallraíocht san AE faoi deara a lán de na feabhsuithe go díreach.
Tá sé de cheart ag gach saoránach Éireannach inniu maireachtáil, dul ag obair, dul ag staidéar nó dul ar scor i dtír eile san AE. Agus rinne an Margadh Inmheánach nó Aonair inacmhainne agus sábháilte é. Is fusa i bhfad taisteal agus dul i mbun gnó thar lear anois toisc go bhfuilimid i limistéar an Euro.
Is saoire ná riamh taisteal ar fud an domhain a bhuí le dírialú thionscal na n-aerlínte ar fud Bhallstáit an AE sna 1980aidí agus le reachtaíocht an Aerspáis Eorpaigh Aonair, a glacadh in 2004 agus a chuir srian le cleachtais neamhiomaíocha.
Bhunaigh an AE an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta in 2003, rud a rinne an eitilt níos sábháilte agus is éifeachtúla í chomh maith, de bharr an chomhair idir na Ballstáit tríd an gCóras Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta.
Ina theannta sin, tá rialacha nua AE a tugadh isteach le déanaí a neartaigh cearta na bpaisinéirí do dhaoine a bhíonn ag taiseal ar thraenacha nó longa, agus tá reachtaíocht a chumhdóidh taisteal ar bhus is ar chóiste le teacht i bhfeidhm gan mhoill sna blianta romhainn.
Is cinnte go mbaineann saoránaigh na hÉireann tairbhe as an tsaoirse gluaiseachta. Fágann na mílte mac léinn Éire gach bliain le páirt a ghlacadh i gcláir oideachais agus oiliúna a bhuí le Clár Foghlama ar Feadh an tSaoil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, ar fiú €7 billiún é.
Agus lucht gnó na hÉireann, baineann siad tairbhe as an tsaoirse gluaiseachta agus as an tsaoirse a gcuid earraí agus seirbhísí a dhíol. Díothaíodh rialálacha teorann ar earraí laistigh den AE agus, táirgí a monaraíodh go dleathach in Éirinn, ní mór a ndíol a cheadú ar mhargaí na mBallstát uile.
Tá an tsaoirse ag saoránaigh na hÉireann caipiteal a bhogadh, rud a éascaíonn cuntais bainc a oscailt, maoin a cheannach agus infheistiú i scaireanna i dtíortha eile AE.
D'éascaigh an Margadh Inmheánach an trádáil in earraí agus seirbhísí go mór ach mhéadaigh sé cosaint na dtomhaltóirí freisin. Tá Straitéis um Beartas Tomhaltóirí ag an gCoimisiún Eorpach, a bhfuil fúithi deireadh a chur le priacail a bhaineann le ceannach earraí is seirbhísí do gach saoránach AE.
Tá comhairle agus cabhair le fáil ag tomhaltóirí na hÉireannn sa Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí.
Is tábhachtaí an chumarsáid anois, toisc gur dóichí go mbeimid ag taisteal, ag obair nó ag staidéar thar lear. Cúpla scór bliain ó shin bhí ar fhormhór na dtíortha AE, Éire ina measc, cur suas le monaplacht teileachumarsáide poiblí, ach sheas an AE air go léirscaoilfí margadh na cumarsáide.
Anois tá cuid mhaith soláthraithe i ngach tír, rud a dhéanann glaonna fóin níos saoire agus a chuireann rogha de sholáthraithe seirbhísí idirlín ar fáil.
Thairis sin, tá deireadh ag teacht le glaonna costasacha ar fhóin phóca laistigh den AE. Tá rialacha AE ó 2007 a thug rátaí níos saoire ar ghlaonna agus ar théacsanna agus a chuir deireadh le billí ollmhóra íoslódála agus sinn thar lear.
Chomh maith leis sin, d'áitigh an Coimisiún Eorpach ar 13 de mhórdhéantóirí fón póca an domhain éirí as an gcóras luchtairí éagsúla d'fhóin éagsúla, rud a chuireadh mearú ar dhaoine. Ba chóir go mbeadh micreaphoirt nua chaighdeánaithe USB ar an bpríomhshlí le formhór na bhfón póca a luchtú faoi dheireadh 2012.
Tá fáil ar bhreis sonraí ar an dóigh a bhfuil an tAontas Eorpach ag fónamh do shaol na mílte saoránach Eorpach agus Éireannach anseo ar shuíomh gréasáin Europa.
| |
|
Tionchar ar Thionscail Thraidisiúnta
Talmhaíocht
Is iad na hearnálacha agraibhia agus iascaigh le chéile an tionscal dúchasach is tábhachtaí in Éirinn. Tugann sé na billiúin euro go geilleagar na hÉireann agus fostaítear breis is 150,000 duine ann.
Is í Éire an ceathrú honnmhaireoir mairteola is mó ar domhan, agus luach bliantúil onnmhairithe €1.5 billiún i gceist. Is iad seilfeanna ollmhargaí ardluacha an AE a ceann scríbe do 99% d'onnmhairí mairteola na hÉireann.
Chuig margaí an AE a théann formhór ár gcaoireola, leis - 98% den onnmhairiú iomlán - agus shroich onnmhairí déiríochta na hÉireann €2 billiún in 2009.
Comhchuid thábhachtach d'earnáil na talmhaíochta in Éirinn is ea earnáil na muc, freisin, agus onnmhairítear leath dár dtáirgeadh muiceola.
Bíodh gur tháinig éagsúlú mór ar thrádáil na hÉireann ó chuamar isteach san Aontas Eorpach, b'ionann ár n-onnmhairithe agraibhia agus thart ar €7 billiún in 2009.
Chabhraigh an bhallraíocht san Aontas Eorpach le feirmeoirí na hÉireann fanacht iomaíoch i dtionscal inar tharla athruithe ollmhóra ó chuamar isteach san AE i 1973.
An uair úd bhíodh tionscal talmhaíochta na hÉireann ag brath go hiomlán ar onnmhairithe chun na Breataine, áit nár chuidigh na praghsanna ísle le brabús na bhfeirmeoirí. Ach ballraíocht san AE, rochtain ar an Margadh Aonair agus go háirithe an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), is iomaí tairbhe a thug siad d'fheirmeoirí na hÉireann.
Idir 1973 and 2009 fuair feirmeoirí na hÉireann agus ár gcuideachtaí móra agraibhia a cheannaíonn na táirgí uathu beagnach €46 billiún i maoiniú CBT. In 2009 fuair Éire í féin €1.9 billiún go díreach ón CBT.
Agus geilleagar na hÉireann á nuachóiriú, laghdaigh líon na bhfeirmeacha, ach mhaolaigh an CBT an tionchar a d'eascair as sin. Gan é, bheadh an próiseas i bhfad níos pianmhaire.
Ba é cuspóir tosaigh an CBT an Eoraip a dhéanamh neamhspleách ó thaobh bia agus chuidigh sé freisin le praghsanna bia níos ísle a fháil do thomhaltóirí an AE, nach gcaitheann ach 13% dá mbuiséad teaghlaigh ar bhia anois, seachas 30% mar a bhí ag tús na 1980aidí.
Thairbhigh na feirmeoirí trí chuidiú a fháil de réir mhéid a dtáirgeachta. Is í an talmhaíocht an t-aon earnáil san AE ina bhfaigheann gach aon ghnólacht íocaíocht dhíreach ón mBruiséil.
Is é an chabhair dhíreach d'fheirmeacha a chur ar chumas mhórán teaghlach feirme in Éirinn fanacht i mbun gnó, ach le linn na 1980aidí bhíodh 'cairn' bia ag an AE beagnach i gcónaí, agus ba léir gurbh iad na táirgeoirí ba mhó a bhí ag baint tairbhe as an CBT ar shlí dhíréireach.
Cuireadh an milleán ar an CBT freisin as margaí idirnáisiúnta a shaobhadh (cé nach leis féin a bhí an AE san ábhar sin), agus theastaigh breis luacha ar a gcuid airgid ó cháiníocóirí eile Eorpacha. Bhí ar an CBT athrú... agus d'athraigh sé.
Leasú Mhic Shearraigh (faoi Choimisinéir na hÉireann Ray Mac Searraigh) i 1992, b'shin an chéad athrú mór. Ó shin i leith, d'aontaigh rialtais an AE tacaíocht airgeadais a dhícheangal ó tháirgadh.
Is é sin, ní íoctar feirmeoirí a thuilleadh díreach le bia a tháirgeadh. Leantar le híocaíochtaí díreacha, ach nasctar anois iad le cúram an fheirmeora mar gharda na tuaithe, agus le sábháilteacht bia agus caighdeáin leas na n-ainmhithe.
Tairbhíonn Éire agus an chuid eile de na 'seantíortha' AE go díréireach ó mhaoiniú an CBT, mar ní chaitear ach faoi bhun 20% sna Ballstáit 'nua'.
Thart ar €55 billiún sa bhliain nó 40% de bhuiséad iomlán an AE a chosnaíonn an CBT. Is lú sin ná 0.5% d'OTI an AE. An CBT an t-aon bheartas a mhaoiníonn buiséad an AE go hiomlán. Faigh breis eolais faoin CBT anseo.
Tá buiséad an CBT faoi ráthaíocht go dtí 2013 ach tá sé á leasú. Bhí plé poiblí fairsing ann in 2010 agus d'aontaigh an mórthromlach gur cheart go bhfanfadh an CBT ina chomhbheartas láidir feasta.
Tá faoin leasú earnáil talmhaíochta na hEorpa a dhéanamh níos fuinniúla, níos iomaíche agus níos éifeachtaí le freagairt ar fhís Eoraip 2020, is é sin fás inbhuanaithe, cliste agus uilechuimsitheach a spreagadh.
Iascach
Tá cabhlaigh iascaigh na hÉireann - amhail speicis ar leith d'éisc fhiáine - faoi bhrú agus faoi mheath. Tá meath domhanda ar stoic éisc, tá laghdú ar an méid iomlán a gceadaítear don AE breith orthu agus tá limistéir áirithe iascaigh á ndúnadh go sealadach.
Na huiscí thart timpeall ar imeallbhord 7,500km na hÉireann, tá saibhreas beatha mara iontu agus is iontach an timpeallacht do bhia mara iad.
Meastar onnmhairithe de bhia mara na hÉireann ag €309 milliún don bhliain a chríochnaigh i Samhain 2009, sin timpeall 42% de dhíol iomlán bia mara na hÉireann. Is le margaí an AE a dhíoltar thart at 75% d'onnmhairí bia mara na hÉireann, agus is sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Bhreatain, sa Ghearmáin agus san Iodáil atá siad.
Thairbhigh agus tairbhíonn Éire ó Mhaoiniú Iascaigh na hEorpa, agus úsaideadh cuid den airgead sin le tacú le soithí iascaigh a dhíchoimisiúnú agus le hinfheistíocht sa dobharshaothrú.
Tuartar go bhfaighidh Éire maoiniú €42,266,603 don tréimhse maoiniúcháin 2007-2013. Caithfear sin ar thionscadail a bhfuil fúthu earnáil iascaigh inmharthana a bhunú, ceann a léiríonn meas ar an gcomhshaol, agus ar thacú le pobail iascaigh leochaileacha thart ar an gcósta.
Gach bliain, faoin gComhbheartas Iascaigh, tagann airí rialtais atá freagrach as an iascach le chéile i gComhairle an Aontais Eorpaigh le socruithe a chaibidliú d'fhonn stoic éisc a bhainistiú.
Sa chaibidlíocht sin socraítear na gabhálacha iomlána is incheadaithe (TACanna) agus cuótaí. Thug an próiseas is déanaí deiseanna iascaigh d'earnáil na hÉireann arbh fhiú €223 milliún in 2011 iad. Sa chomhaontú cuimsítear cuótaí den iasc geal ar fiú thart ar €116 milliún iad agus iascach cloicheán na hÉireann, ar fiú €54 milliún é, a chosaint.
| |
|
Tionchar ar Thaighde
Comhpháirt lárnach de Straitéis 2020 an Aontais Eorpaigh is ea taighde agus forbairt (T&F). Tá faoin Straitéis geilleagar cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach a fhorbairt don todhchaí.
Má threisítear le T&F, cruthófar cineálacha nua post agus ní hamháin go gcuideoidh siadsan leis an Eoraip téarnamh ón gcorraíl airgeadais le blianta beaga anuas ach seasfaidh siad i gcoinne bhrúnna an domhandaithe agus tacóidh siad le fás inbhuanaithe.
Tá an oiread sin tábhachta ag baint le T&F gur sheol Coimisinéir an AE um Thaighde, Nuáil agus Eolaíocht, Máire Geoghegan-QuinnAontas Nuála in 2010, treoir-thionscnamh nua le tacú le T&F, agus thosaigh cruinnithe den Chomhairle Eorpach a bhí dírithe go hiomlán ar thaighde agus ar nuáil in 2011.
D'éirigh go maith le taighdeoirí Éireannacha sa T&F cheana féin. Thacaigh an séú Creatchlár um Thaighde (FP6), idir 2002 agus 2006, le taighde na hÉireann trí thart ar €200 milliún a chur ar fáil dó.
Le linn na tréimhse sin, d'éirigh thar barr le taighdeoirí a bhí lonnaithe in Éirinn maoiniú a fháil d'oiliúint taighde, forbairt gairmréimeanna agus scéimeanna soghluaisteachta. Fuair 162 rannpháirtí Éireannach taighde breis is €54 milliún.
D'éirigh go maith le hÉirinn i réimsí amhail 'Teicneolaíochtaí Shochaí na Faisnéise' (breis is €42 milliún); ‘Nanaitheicneolaíocht agus Naineolaíochtaí’ (beagnach €21 milliún); agus ‘Forbairt Inbhuanaithe, Athrú Domhanda agus Éiceachórais’ (€17 milliún).
Fairis sin, bhí eagrais Éireannacha gníomhach le tionscadail faoi FP6 a chomhordú agus páirt a ghlacadh iontu. Bhí bhaint ag 891 eagras Éireannach le 715 tionscadal; eagrais Éireannacha a bhí i gceannas ar 175 acu sin.
Cúis mhórtais na figiúirí sin, ach is dócha nach aon ionadh iad agus aon trian d'onnmhairithe na hÉireann i réimsí ardteicneolaíocha amhail teicneolaíocht na faisnéise agus eolaíochtaí na beatha anois.
Thosaigh an Seachtú Creatchlár um thaighde agus um fhorbairt theicneolaíoch (FP7) in 2007 agus beidh deireadh leis in 2013. Sa tréimhse go dtí Aibreán 2010, fuair lucht taighde ó chuideachtaí agus ó institiúidí Éireannacha ardoideachais maoiniú €213 milliún do thionscadail taighde chomhoibríocha i réimsí amhail Teicneolaíochtaí Cumarsáide agus Faisnéise, sláinte, nanaitheicneolaíocht agus taighde fuinnimh.
Institiúidí Éireannacha ardoideachais a fuair 61% nó beagnach €130 milliún den mhaoiniú agus caitheadh 13% eile ar chomhlachtaí poiblí agus ar eagrais a dhéanann taighde amhail Foras na Mara agus Teagasc. Fuair cuideachtaí príobháideacha Éireannacha €55.5 milliún de mhaoiniú FP7 go dtí seo, agus caitheadh 69% de sin ar FBManna.
Thaispeáin figiúirí a eisíodh in 2010 go bhfuair eagrais taighde Éireannacha FP7 tiomantais airgeadais sna hearnálacha seo a leanas: • Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide - €66,737,287 • Sláinte €16,387,087 • Naineolaíocht, Nanaitheicneolaíocht, Ábhair agus Próisis Táirgthe - €21,288,951
Fuair siad maoiniú suntasach freisin trí ‘Bhearta Marie Curie’ d'oiliúint sa taighde, forbairt gairmréimeanna agus scéimeanna soghluaisteachta lucht taighde (€37,552,442).
Tá maoiniú ar fiú €27 billiún é ar fáil do thaighdeoirí Éireannacha do na blianta atá fágtha in FP7, go 2013. Seo dhá shampla de thionscadail reatha ina bhfuil rannpháirtithe Éireannacha:
• Chuaigh an ollchuideachta Iodálach FIAT i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus le Solar Print, FBM atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, le painéil ghréine a fhorbairt ar féidir iad a chur isteach i ngriandíonta carranna le foinsí malartacha fuinnimh a ghiniúint. An tionscadal ‘SMARTOP’, sin tionscadal taighde €3 mhilliún a mhaoiníonn an Coimisiún Eorpach faoi FP7.
• Beidh Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath i gceannas ar dhá thionscadal taighde ar ailse ar fiú €18 milliún iad faoin mbabhta deireanach de FP7. Ceann de na tionscadail, ar bronnadh maoiniú €6 mhilliún air, imscrúdóidh sé cóirithe féideartha do chineálacha ailse brollaigh ar deacair iad a leigheas. Sa dara tionscadal, ar bronnadh maoiniú €12 mhilliún air, fiosrófar sócháin ghéiniteacha faoi deara cealla ailse a fhorbairt. Díreoidh an tionscadal sin ar ailsí leanaí a thuiscint.
| |
|
|