Cosán nascleanúna

Tionchar na hÉireann ar an Aontas Eorpach
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Cé nach bhfuil ach daonra beagán le cois ceithre go leith milliún duine in Éirinn, tá an tionchar atá ag Éirinn ar an leibhéal domhanda i bhfad níos láidre ná mar a cheapfá.

Thug ballraíocht na hÉireann san AE guth do mhuintir na hÉireann i gcúrsaí a bhfuil tábhacht Eorpach agus domhanda leo, agus níl aon náire orainn an guth sin a úsáid.

Tionchar na hÉireann ar bheartas an AE

Ceiliúradh ar aontachas na mBallstát nua an 1 Bealtaine 2004 ag Áras an UachtaráinÓn tráth ar bhain Éire ballraíocht amach sa Chomhphobal Eorpach i 1973 tá togha na hoibre déanta ag airí agus ag oifigigh phoiblí éagsúla na hÉireann, mar chuidiú leis an treo ina bhfuil an Eoraip ag dul agus todhchaí na hEorpa a mhúnlú.

Bhí Uachtaránacht an AE i seilbh na hÉireann sé huaire go dtí seo agus chinntigh an idirbheartaíocht dheaslámhach agus na comhréitigh a rinneadh gur tharla dul chun cinn suntasach le linn gach téarma uachtaránachta, agus bhí tionchar dearfach aige ar fud na hEorpa.

Le linn Uachtaránacht na hÉireann 1990 - an chéad uachtaránacht ó thit Balla Bheirlín - d'fhorbraíomar cur chuige i leith athaontú na Gearmáine [1] agus stiúramar na chéad bhearta a rinne an AE maidir leis na stáit iarChumannacha a ghlacadh isteach i gcomhluadar náisiúin na hEorpa.

Le linn an dara hUachtaránacht againn i 1996, stiúramar cainteanna tábhachtacha a chuidigh le feoil agus craiceann a chur ar an gcreatlach as a d'eascair Conradh Amstardam [2]. Leag an conradh sin béim bhreise ar chearta shaoránaigh an AE agus cruthaíodh daonlathas níos láidre trí chumhachtaí breise a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.

Tharla Uachtaránacht na hÉireann 2004 an tráth céanna leis an eachtra stairiúil nuair a bhog oirthear agus iarthar na hEorpa níos gaire dá chéile ná riamh nuair a rinneadh Ballstáit nua AE de dheich dtír arbh iar-náisiúin den Bhloc Sóivéadach a bhformhór.

Chuir Éire go leor ama agus saineolais ar fáil le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit nua iad féin a ullmhú don bhallraíocht. Bhí scéal agus taithí na hÉireann san Eoraip ina spreagadh ag a lán acu agus bhí súil acu taithí den chineál céanna a bheith acu, rud a léiríonn an chaoi ar féidir le náisiún beag tionchar dearfach a imirt chun leasanna a shaoránach a chur chun cinn.

Mar mhalairt air sin, tá saoránaigh na hÉireann ag cuidiú leis na blianta le leasanna na hEorpa a chur chun cinn. Cé gur daonra beag go leor é daonra na hÉireann bhí agus tá fós fir agus mná Éireannacha ag obair i roinnt de na poist is airde i struchtúir pholaitíochta agus eagrúcháin an AE.

Bean Éireannach, Catherine Day atá ina hArd-Rúnaí faoi láthair ar an gCoimisiún EorpachAs an gcúigear Ard-Rúnaithe a bhí ar an gCoimisiún Eorpach ó bunaíodh é i 1957, bhí Éireannaigh - David O'Sullivan agus an tArd-Rúnaí anois Catherine Day - ar bheirt acu. Is é David O'Sullivan an Príomhoifigeach Oibriúcháin ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhachta Seachtraí faoi láthair.

Bhí an t-iarCheannaire ar Thoscaireacht an Choimisiúin chuig na Stáit Aontaithe – Ambasadóir an AE – ina Éireannach freisin; b'in é an t-iarThaoiseach, John Bruton.

Ní ródhona an ionadaíocht sin a fuair náisiún de cheithre go leith milliún in Aontas Eorpach ina bhfuil 500 milliún saoránach.

De bharr thiomantas uaibhreach agus diongbháilte na hÉireann an tsíocháin a choimeád, bhí tionchar aici ar mhórchumhachtaí an domhain trína ballraíocht san AE.

Rinneadh Óglaigh na hÉireann agus baill den Gharda Síochána, den tseirbhís taidhleoireachta agus de bhreithiúna na hÉireann a imscaradh le linn misin éagsúla bainistíochta géarchéime agus réitigh aighnis i láithreacha corracha ar fud an domhain. An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus Sead na samplaí is déanaí.

 

[ 1] Scéala báis Charles Haughey san Irish Times

[ 2] Foundations of an Ever Closer Union by Mark Callanan (Chapter XII – The Irish Contribution to ‘Treaty Making’)

Barr

Tionchar na hÉireann ar an tsíocháin san Eoraip

Ní féidir a shéanadh nach raibh rath mór eacnamaíoch agus cultúrtha ar an Aontas Eorpach ach tugann sé tacaíocht mhór freisin chun an tsíocháin a choimeád i láithreacha corracha ar fud an domhain - agus tá ról tábhachtach ag Éirinn maidir le beartas slándála an AE a stiúradh chuig an gcuid eile den domhan.

Is minic a dhearmadtar go raibh sé ar cheann de na rudaí is mó a spreag daoine Aontas Eorpach a chruthú an ghéarghoin a d'oscail an Dara Cogadh Domhanda a leigheas agus féachaint nach sracfaí an Eoraip as a chéile chomh mór sin arís.

Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC), an eagraíocht a bhí ann roimh an tAontas Eorpach, i 1951, agus ba é an chúis ar bunaíodh é an chéad lá ná le ceangail eacnamaíocha a chruthú idir na sean-naimdhe, an Fhrainc agus an Ghearmáin, d'fhonn rathúnas buan agus síocháin a chinntiú don dá náisiún agus don chuid eile den Eoraip[3].

Faoin uair a d'aontaigh Éire le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) i 1973, bhí an sprioc sin bainte amach, ach bhí amhras ar na ballstáit faoi céard a d'fhéadfadh tír a bhí bocht ó thaobh an gheilleagair de agus neodrach ó thaobh na cosanta de a thabhairt mar thacaíocht don Eoraip.

Is í fírinne an scéil, dar ndóigh, gur chuidigh Éire go mór le cur chun cinn na hEorpa.

Tá neodracht na hÉireann cumhdaithe i mBunreacht na hÉireann agus i reachtaíocht AE agus tugadh soiléiriú breise faoin neodreacht sin i nDearbhuithe Sevilla ar Chonradh Nice in 2002. Mar bhall gníomhach den chomhluadar Eorpach, áfach, fuair dearcadh sin na neodrachta guth domhanda agus bíonn tionchar aige ar na beartais cosanta i náisiúin eile.

Is é beartas eachtrach na hÉireann tacú leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád faoi Chairt na Náisiún Aontaithe agus bhí an prionsabal sin ar intinn ag Éirinn nuair a ghlac sí páirt san idirbheartaíocht roimh shíniú Chonradh Maastricht i 1992.

Trúpaí na hÉireann i SeadBhí Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) nua AE sa chonradh sin agus is tríd an mbeartas sin a chloistear dearcadh na hÉireann ar leibhéal domhanda.

In éineacht leis an gcúig Bhallstát neodracha eile nach bhfuil i gcomhghuaillíocht, bíonn go leor tionchair ag Éirinn ar na 22 Ballstát eile atá ina gcomhaltaí de ECAT freisin.

Tá beartas slándála an AE - a dréachtaíodh i gcomhar le polaiteoirí agus taidhleoirí Éireannacha - dírithe ar bhainistiú géarchéimeanna agus réiteach coinbhleachtaí.

Is misin shibhialta formhór na misean agus rinneadh gardaí, taidhleoirí agus ionadaithe breithiúnachta agus trúpaí ó Éirinn a imscaradh ar dhualgais síochánaíochta i láithreacha corracha ar fud an domhain, ar nós na Cosaive, Shead agus na Palaistíne.

Tá meas ag an AE ar thraidisiún uaibhreach neodrachta na hÉireann agus tá rannpháirtíocht na hÉireann in oibríochtaí den saghas sin cosanta faoin gcóras 'trí ghlas'.

Is éard a chiallaíonn sé sin nach mór go mbeadh na misin faoi shainordú na Náisiún Aontaithe, faoi údarú an Rialtais agus faoi vóta i nDáil Éireann sular féidir le trúpaí nó pearsanra sibhialta na hÉireann páirt a ghlacadh san oibríocht.

Tá an comhar idir Bhallstáit an AE faoin CBES ina chuidiú mór freisin le haghaidh a thabhairt ar an gcoireacht in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Tarlaíonn malartú faisnéise agus taithí idir na Gardaí agus fórsaí póilíní ar fud na hEorpa chun dul i ngleic leis an troid i gcoinne na coireachta, na sceimhlitheoireachta, na gáinneála ar dhrugaí agus ar dhaoine agus sciúradh airgid.

Ní raibh aon bhaint dhíreach ag Éirinn leis an dá chogadh domhanda a scaip tríd an Eoraip sa 20ú haois, ach bhí a fadhbanna féin ag an oileán seo de bharr coimhlint inmheánach.

Tá eolas forleathan ar na Trioblóidí a tharla sa Tuaisceart agus cé nach bhfuil na buamaí ná na gunnaí in úsáid a thuilleadh a bhuíochas le hidirbheartaíocht pholaitiúil, tá na cistí a thugann an AE ina thacaíocht mhór don phróiseas síochána agus athmhuintearais.

Tugann an Comhphobal Eorpach €15 mhilliún sa bhliain don Chiste Idirnáisiúnta d'Éirinn a bunaíodh chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn, agus athmhuintearas a spreagadh idir an pobal náisiúnach agus an pobal aontachtach.

Bhunaigh an AE Clár speisialta um Shíocháin agus Athmhuintearas – ar a dtugtar Clár PEACE de ghnáth – agus tá sé i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann agus i gcontaetha na teorann in Éirinn.

Tá cláir éagsúla Eorpacha um chabhair réigiúnach ann a thacaigh le fás agus poist a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann thar na blianta ach cuireadh Clár PEACE, a tugadh isteach i 1995 agus a athnuaíodh in 2000, in oiriúint go sonrach chun tacú le riachtanais shainiúla an réigiúin le go mbainfear amach athmhuintearas buan agus cobhsaíocht bhuan.

Sa tréimhse idir 2007 agus 2013, gheobhaidh an réigiún infheistíocht €1.1 billiún trí shé chlár nua Eorpacha, tríú Clár PEACE san áireamh.

 

[ 3] Na Conarthaí

Barr




Nuashonrú is déanaí: 18/01/2013  |Barr