Cosán nascleanúna

Tionchar na hÉireann ar an Aontas Eorpach
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Cé nach bhfuil ach daonra beagán le cois ceithre go leith milliún duine sa tír, tá an tionchar atá ag Éirinn ar an leibhéal domhanda i bhfad níos láidre ná mar a cheapfá.

Thug ballraíocht na hÉireann san AE guth do mhuintir na hÉireann i gcúrsaí a bhfuil tábhacht Eorpach agus domhanda leo, agus níl aon náire orainn an guth sin a úsáid.

Aithnítear Éire mar shárshampla den dóigh ar féidir le náisiúin bheaga a stádas mar Bhallstát den AE a úsáid chun todhchaí níos fearr a mhúnlú dá gcuid saoránach agus go deimhin do mhuintir na hEorpa ar fad.

Seo a leanas roinnt samplaí a léiríonn tionchar na hÉireann ar an Aontas Eorpach.

Uachtaránachtaí na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

An Taoiseach Enda Kenny in éineacht le hUachtaráin na Comhairle Eorpaí agus an Choimisiúin Eorpaigh, Herman van Rompuy agus José Manuel Barroso, ag an gComhairle Eorpach i Meitheamh 2013 Is ábhar bróid é an dea-obair a rinne Éire gach uair a bhí sí i bhfeidhil ar Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Bhí an Uachtaránacht againn seacht n-uaire ó ghlacamar le ballraíocht den Aontas Eorpach in 1973 agus ba mhór a baineadh amach le linn gach ceann acu si, rud a chabhraigh leis an Aontas Eorpach beartais chothroma a chur i bhfeidhm, ní amháin ar leas na hÉireann ach ar leas an AE ar fad. Seo a leanas roinnt de na clocha míle a baineadh amach le linn Uachtaránachtaí na hÉireann roimhe seo.

1975

  • Chuir Éire fáilte roimh an chéad chruinniú riamh den Chomhairle Eorpach, áit a gcruinníonn cinn stáit chun imeachtaí an AE a phlé.
  • Bunaíodh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) a thugann tacaíocht do na réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste.
  • Glacadh céim shuntasach i dtreo aontas airgeadaíochta agus an Euro nuair a glacadh aonad Eorpach cuntais, a bhí bunaithe ar bhascaed ilchodach de na hairgeadraí Comhphobail.

1979

  • Is le linn an dara hUachtaránacht a bhí ag Éirinn in 1979 a chuaigh an uachtaránacht i ngleic den chéad uair le Parlaimint na hÉorpa a bhí tofa go díreach ag an bpobal.
  • Shínigh na Ballstáit Coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa ar Chaomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa..

1984

  • Cinneadh an Córas Eorpach Airgeadaíochta (CEA) a threisiú agus ról ní ba thábhachtaí a thabhairt don Aonad Airgeadra Eorpach (ECU). Ba chéim thábhachtach eile í seo i dtreo airgeadra an Euro agus i dtreo aontas airgeadaíocht iomlán.
  • Shínigh an tSín agus an tAontas Eorpach comhaontú comhair tráchtála agus eacnamaíoch.

1990

  • Tharla an ceathrú hUachtaránacht de chuid na hÉireann roinnt bheag de mhíonna tar éis do Bhalla Bheirlín titim agus le linn chliseadh an Chumannachais ar fud oirthear agus lár na hEorpa. Aontaíodh cur chuige coiteann ar aontú na Gearmáine agus ar an gcaidreamh le tíortha lár agus oirthear na hEorpa agus iad ag dul i dtreo an daonlathais.
  • D'aontaigh an Chomhairle Eorpach an Foras Eorpach Oiliúna a bhunú agus ghlac sí rialachán faoi deara Gníomhaireacht Eorpach Comhshaoil a chruthú.

1996

  • Baineadh amach comhaontú faoi na heilimintí éagsúla is gá chun airgeadra an Euro a thabhairt isteach.
  • Ghlac an Chomhairle freisin le Dearbhú Fostaíochta Bhaile Átha Cliath chun cabhrú le dálaí a fhorbairt sna Ballstáit a thacódh le cruthú post.

2004

  • Cuirteadh fáilte roimh Bhallstáit nua san Aontas Eorpach ag searmanas speisialta Lá na bhFáiltí i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath.
  • Síníodh Cairt um Shábháilteacht ar Bhóithre an Choimisiúin Eorpaigh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tá an chairt dírithe ar bhásanna agus gortuithe ar bhóithre na hEorpa a laghdú.

2013

  • Le haghaidh liosta iomlán éachtaí Uachtaránacht na hÉireann 2013 gliogáil anseo.

Barr

Daoine

Ón tráth ar bhain Éire ballraíocht amach sa Chomhphobal Eorpach i 1973 tá togha na hoibre déanta ag airí agus ag oifigigh phoiblí éagsúla na hÉireann, mar chuidiú leis an treo ina bhfuil an Eoraip ag dul agus todhchaí na hEorpa a mhúnlú.

Catherine Day, Ard-Rúnaí ar an gCoimisiún Eorpach As measc an chúigir Ard-Rúnaithe ar an gCoimisiún Eorpach ó am a bhunaithe in 1957, ba Éireannaigh beirt acu. Bhí David O'Sullivan sa phost ó 2000 go dtí 2005 sular tháinig Catherine Day i gcomharba air agus is í an státseirbhíseach is sinsearaí de chuid an Choimisiúin ó shin i leith í.

Is é David O'Sullivan an Príomhoifigeach Oibriúcháin ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhachta Seachtraí (SEGS) faoi láthair.

Thug Éire ceannasaíocht thábhachtach don Choimisiún ina rannóga éagsúla, ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireachtaí. Tá Máire Geoghegan-Quinn ina Coimisinéir le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta ó 2010 i leith. Is í atá freagrach as clár taighde an Aontais Eorpaigh, rud a thabharfaidh cuid mhór deiseanna eacnamíocha agus fostaíochta amach anseo.

Bhí Peter Sutherland ina Choimisinéir Éireannach ó 1985 go dtí 1989 agus is é a bheartaigh an clár Erasmus, a bhfuil ráchairt mhór go fóill air, le haghaidh malartuithe mac léinn ollscoile ar fud na hEorpa. Ina dhiaidh sin, ceapadh é ina Ard-Stiúrthóir ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

Coimisinéir eile mórthionchair ab é Ray McSharry (1989 go dtí 1993), a thug isteach na chéad mhórleasuithe ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT).

Ar liosta iar-Choimisinéirí na hÉireann freisin tá: Charlie McCreevy; David Byrne; Pádraig Flynn; Michael O'Kennedy; Richard Burke; agus Patrick Hillery.

Rinneadh na mílte garda, taidhleoir agus ionadaí breithiúnachta agus trúpa ó Éirinn a imscaradh ar dhualgais síochánaíochta de chuid an AE i láithreacha corracha ar fud an domhain, ar nós na Cosaive, Shead agus na Palaistíne.

Ní ródhona an ionadaíocht sin a fuair náisiún de cheithre go leith milliún in Aontas Eorpach ina bhfuil 500 milliún saoránach.

Barr

Síocháin

Trúpaí na hÉireann i SeadNí féidir a shéanadh nach raibh rath mór eacnamaíoch agus cultúrtha ar an Aontas Eorpach ach tugann sé tacaíocht mhór freisin chun an tsíocháin a choimeád i láithreacha corracha ar fud an domhain - agus tá ról tábhachtach ag Éirinn maidir le beartas slándála an AE a stiúradh chuig an gcuid eile den domhan.

Is minic a dhearmadtar go raibh sé ar cheann de na rudaí is mó a spreag daoine Aontas Eorpach a chruthú an ghéarghoin a d'oscail an Dara Cogadh Domhanda a leigheas agus féachaint nach sracfaí an Eoraip as a chéile chomh mór sin arís.

Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC), an eagraíocht a bhí ann roimh an Aontas Eorpach, i 1951, agus ba é an chúis ar bunaíodh é an chéad lá ná ceangail eacnamaíocha a chruthú idir na sean-naimdhe, an Fhrainc agus an Ghearmáin, d'fhonn rathúnas buan agus síocháin a chinntiú don dá náisiún agus don chuid eile den Eoraip.

Faoin uair a d'aontaigh Éire le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) i 1973, bhí an sprioc sin bainte amach, ach bhí amhras ar na Ballstáit faoi céard a d'fhéadfadh tír a bhí bocht ó thaobh an gheilleagair de agus neodrach ó thaobh na cosanta de a thabhairt mar thacaíocht don Eoraip.

Is í fírinne an scéil, dar ndóigh, gur chuidigh Éire go mór le cur chun cinn na hEorpa.

Tá neodracht na hÉireann cumhdaithe i mBunreacht na hÉireann agus i reachtaíocht AE agus tugadh soiléiriú breise faoin neodreacht sin i nDearbhuithe Sevilla ar Chonradh Nice in 2002. Mar bhall gníomhach den chomhluadar Eorpach, áfach, fuair dearcadh sin na neodrachta guth domhanda agus bíonn tionchar aige ar na beartais cosanta i náisiúin eile.

Is é beartas eachtrach na hÉireann cabhrú leis an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád agus bhí an prionsabal sin ar intinn ag Éirinn nuair a ghlac sí páirt san idirbheartaíocht roimh shíniú Chonradh Maastricht i 1992.

Bhí Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) nua AE sa chonradh sin agus is tríd an mbeartas sin a chloistear dearcadh na hÉireann ar an leibhéal domhanda.

In éineacht leis an gcúig Bhallstát neodracha eile nach bhfuil i gcomhghuaillíocht, bíonn go leor tionchair ag Éirinn ar na 23 Ballstát eile atá ina gcomhaltaí de ECAT freisin.

Tá beartas slándála an AE - a dréachtaíodh i gcomhar le polaiteoirí agus taidhleoirí Éireannacha - dírithe ar bhainistiú géarchéimeanna agus réiteach coinbhleachtaí.

Is misin shibhialta formhór na misean agus rinneadh gardaí, taidhleoirí agus ionadaithe breithiúnachta agus trúpaí ó Éirinn a imscaradh ar dhualgais síochánaíochta i láithreacha corracha ar fud an domhain.

Tá meas ag an AE ar thraidisiún uaibhreach neodrachta na hÉireann agus tá rannpháirtíocht na hÉireann in oibríochtaí den saghas sin cosanta faoin gcóras ar a dtugtar 'córas na dtrí ghlas'.

Is éard a chiallaíonn sé sin nach mór go mbeadh na misin faoi shainordú na Náisiún Aontaithe, faoi údarú an Rialtais agus faoi vóta i nDáil Éireann sular féidir le trúpaí nó pearsanra sibhialta na hÉireann páirt a ghlacadh san oibríocht.

Tá an comhar idir Bhallstáit an AE faoin CBES ina chuidiú mór freisin le haghaidh a thabhairt ar an gcoireacht in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Tarlaíonn malartú faisnéise agus taithí idir na Gardaí agus fórsaí póilíní ar fud na hEorpa chun dul i ngleic leis an troid i gcoinne na coireachta, na sceimhlitheoireachta, na gáinneála ar dhrugaí agus ar dhaoine agus sciúradh airgid.

Ní raibh aon bhaint dhíreach ag Éirinn leis an dá chogadh domhanda a scaip tríd an Eoraip sa 20ú haois, ach bhí a fadhbanna féin ag an oileán seo de bharr coimhlint inmheánach.

Tá eolas forleathan ar na Trioblóidí a tharla sa Tuaisceart agus cé nach bhfuil na buamaí ná na gunnaí in úsáid a thuilleadh a bhuíochas le hidirbheartaíocht pholaitiúil, tá na cistí a thugann an AE ina thacaíocht mhór don phróiseas síochána agus athmhuintearais.

Déanta na fírinne, gan príomhfhoinsí tacaíochta airgeadais an AE a chur san áireamh ó na Chistí Struchtúracha agus ón CBT, thug an tAontas Eorpach breis agus €1.3 billiún do Chláir an AE um Shíocháin agus Athmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i Réigiún na Teorann in Éirinn ó 1995 i leith.

Is ranníocóir mór é an tAontas Eorpach don Chiste Idirnáisiúnta d'Éirinn , a bunaíodh chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn, agus athmhuintearas a spreagadh idir an pobal náisiúnach agus an pobal aontachtach.

Barr




Nuashonrú is déanaí: 27/09/2013  |Barr