Cosán nascleanúna

An AE agus mná na hÉireann
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Bhí comhionannas idir fir agus mná ar cheann de na prionsabail is bunúsaí de dhlí agus de reachtaíocht an AE ó laethanta luatha an Chomhphobail Eorpaigh i leith le go gcinnteofar cearta comhionanna do mhná agus d'fhir.

Déanta na fírinne, bhí bunphrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann san áireamh i gConradh na Róimhe siar sa bhliain 1957 agus cé go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta i gcur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir, tá bearnaí inscne ann fós.

Tá an tAontas Eorpach ina údar ar chuid mhór reachtaíochta tábhachtaí a tugadh isteach chun an bhearna sin a dhúnadh, agus clúdaíodh réimsí amhail cóir chomhionann nuair a chuirtear isteach ar phost, comhionannas sa láthair oibre, cosaint oibrithe torracha agus máithreacha a bhfuil cothú cíche á dhéanamh acu, agus cearta ar shaoire mháithreachais agus ar shaoire do thuismitheoirí.

Ach ní mór tuilleadh a dhéanamh agus ní amháin i dtaca le comhionannas pá. Tá dúshláin ann fós maidir le foréigean in aghaidh na mban, comhréiteach a bhaint amach idir shaol na hoibre agus saol an teaghlaigh agus comhionannas inscne i bhfeidhmeanna cinnteoireachta agus i bpoist lena ngabhann cumhacht.

Anseo in Éirinn tá feabhas mór tagtha ar chearta na mban ó chuamar isteach sa CEE in 1973 agus is obair leanúnach atá ann fós comhionannas iomlán a bhaint amach.

Tá an dul chun cinn ag leanúint leis agus cabhraíonn Straitéis an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh comhionannais idir mná agus fir chun a chinntiú go gcuirtear comhionannas inscne chun cinn i mbeartais uile an AE.

Féach thíos le haghaidh tuilleadh eolais maidir le:

Fostaíocht

Cuairt ar ghníomhaireacht fostaíochtaLéirítear i staidreamh ón gCoimisiún Eorpach go saothraíonn mná na hÉireann, ar an meán, 14.4% níos lú ná fir na hÉireann. 16.4% an meánleibhéal ar fud an AE (2012).

Tá thart ar 975,000 bean i margadh saothair na hÉireann faoi láthair. Astu sin, tá páistí ag 500,000 duine, rud a chiallaíonn go bhfuil freagrachtaí cúraim orthu.

In ainneoin na bearna inscne, tá feabhas as cuimse tagtha ar staid na mban i margadh an tsaothair ó chuaigh Éire isteach sa CEE in 1973.

Tá teacht ag tuilleadh ban ar mhargadh an tsaothair anois, a bhuí leis gur cuireadh deireadh leis an gcosc ar mhná pósta i bpoist sna seirbhísí poiblí agus le reachtaíocht comhionannais níos láidre ón AE.

Siar sa bhliain 1961 ba é 2.8 milliún an daonra a bhí in Éirinn agus ba 26.4% líon na mban san fhórsa oibre. Faoin am a chuamar isteach sa Chomhphobal Eorpach in 1973 bhí 287,800 bean as Éirinn fostaithe as fórsa oibre iomlán de 1,132,000 duine, sin 25.4% den fhórsa oibre iomlán.

Sna blianta i ndiaidh dúinn dul isteach sa Chomhphobal tháinig méadú tapa ar na rátaí sin. In 1987, ba é 35% an ráta fostaíochta do mhná in aois oibre agus faoi cheann deich mbliana eile chuaigh an ráta sin suas go 42%. Sa bhliain chéanna, 1997, ba é 51.1% an meánráta san AE.

Leag an AE 60% síos mar sprioc le haghaidh fhostaíocht na mban faoi 2010, agus bhí an sprioc sin bainte amach ag Éirinn faoi 2007. Faoi 2008, bhí 921,600 bean fostaithe in Éirinn (i gcomparáid le 1,186,900 fear) agus ba é 60.5% an ráta fostaíochta.

Mar sin féin, le linn na géarchéime thit an figiúr go mór agus bhí sé tite chomh híseal le 56% faoi 2011. San Aontas Eorpach san iomlán ba é 62.4% an ráta in 2012.

Cé go bhfuil staid na mban san fhostaíocht ag feabhsú, tá éagothromaíochtaí ann fós. I gcásanna áirithe bíonn mná ag fulaingt mar gheall ar idirdhealú díreach as siocair go gcaitear leo ar dhóigh níos éagothroime ná fir. Sin nó caitear leo go héagothrom de bharr beartais nó cleachtais nár ceapadh chuige sin ach mar sin féin gurb í an éagothromaíocht an toradh a bhí air.

Mar sin féin, is fiú cuimhneamh go bhfuil cosc ar idirdhealú de shórt ar bith faoi dhlí an AE, beag beann ar cé acu a dhéantar d'aon chúis é nó nach ndéantar.

Tábla le ráta fostaíochta fear agus ban in Éirinn agus san AE iomlán

Barr

Ioncam

I 1969, ceithre bliana sula ndeachaigh Éire isteach sa CEE, 47% de mheántuilleamh tionsclaíoch na bhfear a bhí ag na mná.

Mhéadaigh an céatadán go 58% faoi 1979 agus go 61% faoi 1989. I 1998, b'ionann tuilleamh na mban agus 66% de thuilleamh na bhfear, cé go n-oibrídís beagán d'uaireanta an chloig níos lú ná na fir.

In 2003, rinne Comhairle an AE moltaí maidir le cur chun feidhme beartas fostaíochta agus d'áitigh an Chomhairle ar Bhallstáit aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna leis an mbearna inscne.

Faoi 2006, mhéadaigh tuilleamh na mban go 86% de thuilleamh na bhfear, in ainneoin gur mó an tseans go bhfuil cáilíocht tríú leibhéal acu.

An Bhliain

Tuilleamh na mban mar % de thuilleamh na bhfear

1969

47%

1979

58%

1989

61%

1998

66%

2006

86%

2011

94% 

In 2009, ba é €34,317 meánioncam na bhfear in Éirinn agus ba é €25,103, nó 73.1% d'ioncam na bhfear, meánioncam na mban. Faoi 2011, nuair a dhéantar na figiúirí a choigeartú chun meánlíon na n-uaireanta a chaitear san fhostaíocht íoctha in aghaidh na seachtaine a chur san áireamh, bhí meánioncam na mban in aghaidh na huaire an chloig cothrom le 94% d'ioncam na bhfear.

Graf a léiríonn Príomhstádas Eacnamaíoch na mBan in Éirinn in 2011

Barr

Gairmréim

I gcomparáid lena gcomhoibrithe fireanna déanann mná na hÉireann níos lú uaireanta oibre, tuilleann siad níos lú airgid agus níl ionadaíocht leordhóthanach ban ann i ngnólachtaí, i dTithe an Oireachtais ná in údaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Léirítear sna staitisticí go bhfuil ar mhná tabhairt faoi chuid mhór deacrachtaí i dtaca le dul chun cinn ina ngairmréim san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach. In Éirinn tá an bhearna pá inscne thart ar ceathair faoin gcéad i dtaca leis an deich faoin gcéad d'oibrithe is lú tuilleamh, ach léimeann an figiúr sin go 24.6% i dtaca leis an deich faoin gcéad d'oibrithe is mó tuilleamh.

Tá deacrachtaí fós roimh mhná maidir le dul chun cinn gairmréimeTá ionadaíocht na mban an-lag ar leibhéal bhoird bainistíochta na ngnólachtaí is mó in Éirinn freisin. In Éirinn is mná iad 8.7% de chomhaltaí boird na gcuideachtaí is mó atá liostaithe go poiblí, rud atá i bhfad faoi bhun mheánleibhéal an AE – 15.8%.

Agus de réir staitisticí ón gCoimisiún Eorpach a foilsíodh in Eanáir 2013, ní raibh aon bhean ina cathaoirleach ar bhord bainistíochta nó ina Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin in aon cheann de na cuideachtaí atá liostaithe go poiblí ar innéacs ISEQ20.

Tá ionadaíocht na mban ar bhoird chomhlachtaí an Stáit ar leibhéal i bhfad níos fearr, ag 34%, ach d'fhan an figiúr sin mar a bhí le cúig bliana anuas.

In Éirinn is mná iad 6.5% de na stiúrthóirí feidhmiúcháin sna cuideachtaí is mó sa tír agus is mná iad 10.3% de na stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin. Tá an dá fhigiúr sin go maith faoi bhun mheán an AE sa dá ról faoi seach - 10.2% agus 16.8%.

Agus sin in ainneoin go gcreideann 96% de phobal na hÉireann, de réir fhigiúirí Eorabharaiméadair, gur cheart go mbeadh ionadaíocht chothrom ag mná mar cheannairí ar chuideachtaí má tá na hinniúlachtaí céanna acu.

I nDeireadh Fómhair 2013, thug Feisirí na hEorpa a dtacaíocht do thogra ón gCoimisiún comhionannas inscne a chinntiú ar bhoird cuideachtaí atá liostaithe go poiblí. Is é a iarrann an beart seo ar na gnólachtaí is mó san Eoraip a chinntiú gur mná iad 40% de na comhaltaí boird neamhfheidhmiúcháin. Beidh go dtí 2020 ag cuideachtaí atá liostaithe go poiblí an sprioc a bhaint amach agus ní mór do chuideachtaí poiblí sin a dheanamh faoi 2018.

Tá deighilt fós ann freisin de réir earnála ar leith ar fud na hEorpa. Is oibrithe fireanna is mó atá in earnálacha traidisiúnta amhail foirgníocht, seirbhísí fóntais, cumarsáid agus monarú.

Is iad na mná atá i dtreis in earnálacha na sláinte agus an oideachais, agus tá líon níos mó ban in earnálacha mórdhíola agus miondíola agus i dtionscail eile a bhaineann le seirbhísí.

In Éirinn is mó an tseans gur mná a bhíonn ag obair in earnálacha na sláinte agus an oideachais seachas fir, cé gur a mhalairt atá fíor i dtaca le hoibrithe sa talmhaíocht agus in iompar.

Barr

Oideachas

Mac léinn mnáÓ thaobh oideachais de in Éirinn, tá claonadh ar fhir an scoil a fhágáil níos luaithe agus, dá thoradh sin, bíonn níos mó cáilíochtaí ag mná go ginearálta. Tá níos mó cailíní ag gabháil do ghnó, do riarachán agus don dlí ná buachaillí ach tríd agus tríd is é domhan na bhfear atá ann go fóill i dtaca leis na poist is airde sna hearnálacha sin.

Ba é 8.4% an ráta a bhí ann do mhná a d'fhág an scoil go luath idir 18 mbliana d'aois agus 24 bliain d'aois in 2010, i bhfad níos ísle ná ráta na bhfear – 12.6%. In 2011, ba fir beagnach cúig shéú cuid de chéimithe tríú leibhéal san innealtóireacht, sa mhonarú agus san fhoirgníocht agus 57% de chéimithe san eolaíocht, agus ba mhná iad 82% de chéimithe sláinte agus leasa, 74% san oideachas agus 63% sna healaíona agus sa léann daonna.

Tá an céatadán is airde san AE de dhaoine óga a éiríonn leo oideachas tríú leibhéal a chríochnú in Éirinn, de réir figiúirí ón oifig staidrimh Eurostat.

Ó na seacht mBallstát is fiche den AE in 2012, bhí oideachas tríú leibhéal críochnaithe ag 35.8% de dhaoine idir 30 agus 34 bliain d'aois. Mar sin féin, is é 51.1% an figiúr in Éirinn.

Ar fud an AE, ar an meán, tá céatadán níos airde de mhná idir 30 agus 34 bliain d'aois a bhfuil oideachas tríú leibhéal críochnaithe acu ná fir – 40% i gcomparáid le 31%. In Éirinn, tá an difear inscne níos airde don aoisghrúpa seo, nó tá oideachas tríú leibhéal críochnaithe ag beagnach 58% de mhná na hÉireann i gcomparáid le 44% de na fir.

Barr

An Pholaitíocht

Is réimse eile í an pholaitíocht nach bhfuil ionadaíocht leordhóthanach ann de mhná na hÉireann. Níl ach 27 bean i measc na 166 ionadaí tofa is airde sa tír, cé gurb iad mná leathchuid den daonra.

Is é sin 16% de na Teachtaí Dála, agus tá Éire sa 24ú háit as ocht mBallstát is fiche an AE ó thaobh chéatadán na mban atá ina n-ionadaithe polaitíochta. Is fearr na figiúirí sa Seanad, áit ar mná iad 30% de na seanadóirí, rud atá níos airde ná an meán Eorpach – 24% le haghaidh na mBallstát a bhfuil tithe uachtaracha acu.

An Coimisinéir Máire Geoghegan-Quinn ar chuairt chuig Medtronics i nGaillimh in 2013Thug Rialtas na hÉireann bearta isteach chun an eagothromaíocht inscne a réiteach sa Dáil. Beidh ar pháirtithe polaitíochta cuóta 30% d'iarrthóirí ar a laghad a chur san áireamh ag an gcéad olltoghchán eile, agus tiocfaidh méadú ar an bhfigiúr sin go 40% i dtaca leis an gcéad cheann eile ina dhiaidh sin.

Mar sin fein, i dtaca leis an AE, is fearr a éiríonn le mná na hÉireann.

Tar éis thodhcháin Eorpacha mhí na Bealtaine 2014, is mná iad 55% d’Fheisirí Eorpacha na hÉireann, nó seisear as duine déag san iomlán. Is mór idir sin agus meán an AE, 37%, i dtaca le hionadaíocht na mban sa tionól nua i bParlaimint na hEorpa (a toghadh i mí na Bealtaine 2014).

Maidir leis an gCoimisiún Eorpach, is mná iad naoi gcinn de na 28 coimisinéirí. Is í Máire Geoghegan-Quinn an chéad bhean, agus go dtí seo an t-aon bhean amháin, as Éirinn a bhí riamh ina Coimisinéir agus tá sí ina Ceann Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Bean eile as Éirinn is ea an t-iar-Ombudsman Emily O’Reilly, a ndearnadh ombudsman Eorpach di i Meán Fómhair 2013.

Agus is í an tArd-Rúnaí Catherine Day an t-oifigeach is airde rang sa Choimisiún Eorpach.

Barr

Straitéis

Is é atá i Straitéis an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh comhionannais idir mná agus fir 2010-2015 creatlach chuimsitheach an Aontais Eorpaigh chun comhionannas inscne a chur chun cinn i ngach aon bheartas.

Is iad seo a leanas cúig thosaíocht na Straitéise:

  1. Neamhspleáchas eacnamaíoch cothrom do mhná agus d'fhir;
  2. Pá cothrom as obair ar an luach céanna;
  3. Comhionannas sa chinnteoireacht;
  4. Dínit, iontaofacht agus deireadh a chur le foréigean inscne;
  5. Comhionannas inscne a chur chun cinn lasmuigh den AE.

Tá 24 gníomhaíocht thábhachtach sa Straitéis a glacadh in 2010 agus é mar aidhm leo na tosaíochtaí seo a chur chun cinn agus is mór atá bainte amach cheana féin. Seo a leanas roinnt de na rudaí a baineadh amach go dtí seo.

I Samhain 2012, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhionannas inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cuideachtaí atá liostaithe ar stocmhalartáin. Tá sé mar aidhm leis seo líon na mban ar bhoird chorparáideacha a mhéadú trí sprioc íosta 40% a leagan síos.

  • I mBealtaine 2011, ghlac an Coimisiún pacáiste beart a raibh sé mar aidhm leis cearta íospartach coiriúlachta a láidriú, lena n-áirítear íospartaigh foréigin sa bhaile agus íospartaigh stalcaireachta.
  • I Márta 2013, sheol an Coimisiún sraith gníomhaíochtaí chun tacú leis an troid in aghaidh chiorrú ball giniúna ban agus seasamh le cearta ban ar íospartaigh foréigin iad.
  • Faoin Straitéis an Eoraip 2020, tá géarmhonatóireacht déanta ag an gCoimisiún ar na beartais náisiúnta a glacadh chun cothromaíocht inscne a fheabhsú i margadh an tsaothair agus borradh a chur faoi chuimsiú sóisialta na mban.
  • Tá sé ríthábhachtach seirbhísí cúraim leanaí a bheith ar fáil le cabhrú le fostaíocht na mban. Ag an gComhairle Eorpach in Barcelona, leagadh síos 'Sprioc Barcelona' a ghríosaíonn Ballstáit chun rochtain ar chúram leanaí a chur ar fáil do 90% ar a laghad de pháistí idir trí bliana d'aois agus aois éigeantach na scolaíochta, agus é a chur ar fáil do 33% de pháistí faoi thrí bliana d'aois.
  • In 2011, bhunaigh an Coimisiún Eorpach an Lá Eorpach um Chomhionannas Pá a bheidh ann gach bliain chun feasacht a ardú faoi go bhfuil bearna inscne fós ann idir fir agus mná agus le cur i gcuimhne a fhaide agus a gcaithfidh mná bheith ag obair i gcomparáid leis na fir chun an t-airgead céanna a thuilleamh.
  • Chun tacú le tionscnaimh ar son pá cothrom san ionad oibre, thosaigh an Coimisiún an tionscadal "Equality Pays Off" in 2012. Tugann an tionscadal sin tacaíocht do chuideachtaí ina gcuid iarrachtaí chun dul i ngleic leis an mbearna pá inscne trí oiliúint a thabhairt do chuideachtaí agus trí mhalartuithe dea-chleachtais a eagrú faoi ghníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo comhionannas inscne a chothabháil.

Barr




Nuashonrú is déanaí: 16/07/2014  |Barr