Cosán nascleanúna

Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Cad is Uachtaránacht AE ann?

Bratacha AEBíonn sealaíocht ag gach ceann de na 27 mBallstát ar a chéile gach sé mhí faoi Uachtaránacht Chomhairle an AE. I 1958 a bhí an chéad Uachtaránacht, faoi stiúir na Beilge, agus ó shin i leith cuirtear an uachtaránacht ar aghaidh chuig an gcéad Bhallstát eile an 1 Eanáir agus an 1 Iúil gach bliain.

Le linn a théarma sé mhí is é an Ballstát óstach a bhíonn ina Chathaoirleach ar chruinnithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Tá an Chomhairle comhdhéanta d'airí rialtais ó na Ballstáit agus is é ábhar an chruinnithe a chinneann cé a fhreastalaíonn ar an gcruinniú. Mar shampla, airí talmhaíochta a bheidh ina suí más feirmeoireacht atá á plé agus airí comhshaoil a bheidh ann más é téamh domhanda an t-ábhar.

Is í an Uachtaránacht a eagraíonn na cruinnithe sin agus tá an fhreagracht uirthi obair na Comhairle a bhogadh ar aghaidh oiread agus is féidir trí chuidiú leis na Ballstáit teacht ar chomhaontú agus tograí comhréitigh a fhoirmliú a thacaíonn le leas an AE ina iomláine nuair a bhíonn difríochtaí tuairime ann. Tá dualgas ar an mBallstát atá ina óstach ar an Uachtaránacht gníomhú mar 'idirghabhálaí macánta', is tá freagracht air a bheith neamhchlaonta ar gach ábhar.

Le linn a téarma sé mhí is í an Uachtaránacht a ionadaíonn an Chomhairle ar an leibhéal domhanda ag comhdhálacha idirnáisiúnta agus ina ndéileálacha le hinstitiúidí eile an AE, lena n-áirítear an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa.

Conas a oibríonn Uachtaránacht an AE?

Íomhá de bhratacha an chéad trí uachtaránacht eile Tá Comhairle an AE ar cheann d'institiúidí cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, agus mar sin ról tábhachtach is ea glacadh leis an Uachtaránacht. An Uachtaránacht rothlach a bhíonn mar chathaoirleach ar gach ceann de chumraíochtaí na Comhairle, seachas an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, a mbíonn Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála mar chathaoirleach uirthi ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm.

Ciallaíonn athrú tábhachtach eile a tugadh isteach in 2007 go roinneann trí Bhallstát clár na hUachtaránachta thar thréimhse 18 mí anois. Ligeann sé sin do thrí Uachtaránacht i ndiaidh a chéile, nó Tríréad, a bheith ag obair le chéile thar thréimhse fhada ar chomhchlár oibre. Toisc iad a bheith ag obair le chéile i ndlúthchomhar bíonn níos mó ama ag an Tríréad le spriocanna réadúla a leagan síos ná mar a bheadh ​​acu le téarmaí sé mhí ar leith.

 

Uachtaránachtaí na hÉireann roimhe seo

Lá an Mhéadaithe 2004: Áras an UachtaráinTá stair bhródúil ag Éirinn mar óstach ar Uachtaránacht an AE. Má áirítear 2013, bhí an Uachtaránacht seacht n-uaire ag Éirinn ó rinneadh Ballstát di i 1973. Bhí nóiméid thábhachtacha i bhforbairt an Aontais Eorpaigh ag gach Uachtaránacht agus chruthaigh Éire go bhfuil sí go maith in ann comhaontuithe deacra a shocrú agus cabhrú le reachtaíocht a bhrú ar aghaidh. Seo a leanas roinnt de na clocha míle a baineadh amach le linn Uachtaránachtaí na hÉireann roimhe seo.

1975

  • Ní raibh Éire ach dhá bhliain ina Ballstát nuair a d'óstáil sí Uachtaránacht an AE ar dtús an 1 Eanáir 1975. An 10-11 Márta, is i mBaile Átha Cliath a tionóladh an chéad chruinniú oifigiúil riamh den Chomhairle Eorpach, mar ar tháinig na ceannairí stáit le chéile le himeachtaí an AE a phlé. Bhí reifreann ar a ballraíocht sa CEE ar siúl ag an Ríocht Aontaithe an uair úd ach chuir mórchinntí a glacadh ag an gcruinniú ar chumas rialtas na Breataine tacú le vóta 'tá'.
  • Bhunaigh an Chomhairle Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) chun tacú le réigiúin a bhí faoi mhíbhuntáiste agus glacadh céim shuntasach i dtreo aontas airgeadaíochta nuair a glacadh aonad Eorpach cuntais, a bhí bunaithe ar chiseán ilchodach de na hairgeadraí Comhphobail.
  • Rinne an Ghréig iarratas foirmiúil ar bhallraíocht sa CEE i rith chéad-Uachtaránacht na hÉireann agus ghlac an Chomhairle réamhchlár do bheartas ar chosaint tomhaltóirí agus faisnéise.


1979

  • Tionóladh dara hUachtaránacht na hÉireann ó mhí Iúil go Nollaig 1979 ag deireadh iarracht mhór a rinne an Eoraip dul i ngleic le bacainní trádála idirnáisiúnta. Thacaigh an Chomhairle le comhaontú a rinneadh le linn bhabhta Thóiceo den chaibidlíocht trádála iltaobhach um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT), a bhí ag dul ar aghaidh ar feadh níos mó ná sé bliana.
  • Shínigh na Ballstáit coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa ar Chaomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa.
  • Ag cruinniú den Chomhairle Eorpach i mBaile Átha Cliath ar 29-30 Samhain, nuair a bhí Príomh-Aire na Breataine Margaret Thatcher go mór sa nuacht lena héileamh ar lacáiste ar ranníocaíochtaí na Ríochta Aontaithe chuig an CEE, pléadh cóineasú ar fheidhmiú eacnamaíoch na mBallstát agus moltaí ar rialáil na margaí talmhaíochta.


1984

  • Socraíodh ag cruinniú den Chomhairle Eorpach a tionóladh i mBaile Átha Cliath an 3-4 Nollaig an Córas Eorpach Airgeadaíochta (EMS) a threisiú agus ról ní ba thábhachtaí a dheonú don Aonad Airgeadra Eorpach (ECU). Céim thábhachtach eile i dtreo aontas airgeadaíochta iomlán a bhí anseo.
  • Shínigh an tSín agus an Comhphobal comhaontú comhoibrithe tráchtála agus eacnamaíoch.


1990

  • Tharla ceathrú hUachtaránacht na hÉireann díreach tar éis do Bhalla Bheirlín titim agus le linn chliseadh an Chumannachais ar fud oirthear agus lár na hEorpa. Ag cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach i mBaile Átha Cliath an 28 Aibreán aontaíodh cur chuige coiteann ar aontú na Gearmáine agus ar an gcaidreamh le tíortha lár agus oirthear na hEorpa agus iad ag dul i dtreo an daonlathais.
  • D'aontaigh an Chomhairle Eorpach an Foras Eorpach Oiliúna a chruthú agus ghlac sí rialachán faoi deara Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil ​ a chruthú.
  • Thosaigh an CEE agus an CSTE (Lichtinstéin, an Íoslainn, an Iorua, agus an Eilvéis) caibidlíocht fhoirmiúil d'fhonn an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a chruthú.


1996

  • Ghlac an Chomhairle rialachán maidir leis na cabhracha a deonaíodh le haghaidh athchóiriú Phoblachtaí na hiar-Iúgslaive tar éis Chogadh na mBalcán agus d'aontaigh siad ar ghníomhaíocht Chomhphobail do chosc iomlán ar mhianaigh talún fhrithphearsanra.
  • D'aontaigh cruinniú den Chomhairle Eorpach an 13-14 Nollaig i mBaile Átha Cliath ar chomhaontú ar na gnéithe éagsúla ba ghá le hairgeadra aonair a thabhairt isteach. Ghlac an Chomhairle freisin le Dearbhú Fostaíochta Bhaile Átha Cliath chun cabhrú le dálaí a fhorbairt sna Ballstáit a thacódh le cruthú post.


2004

  • An 1 Bealtaine tháinig an Conradh Aontachais i bhfeidhm agus cuireadh fáilte roimh cheannairí 10 mBallstát nua isteach san Aontas Eorpach ag searmanas speisialta Lá na bhFáiltí i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath.
  • Síníodh Cairt um Shábháilteacht ar Bhóithre an Choimisiúin Eorpaigh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Tá an chairt dírithe ar bhásanna agus gortuithe ar bhóithre na hEorpa a laghdú.

2013

  • D’éirigh le hUachtaránacht na hÉireann comhaontú a dhéanamh i dtaca le Creat Airgeadais Ilbhliantúil bhuiséad an AE do na blianta 2014-2020, ar fiú €960 billiún é.
  • Thángthas ar shocrú i dtaca le hathchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta.
  • Thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa i dtaca leis an Treoir um Cheanglais Chaipitil (CRD IV), a leagann síos na rialacha maidir le méid agus cáilíocht an chaipitil nach mór bheith i seilbh na mbanc.
  • Lena chois sin, d’éirigh leis an Uachtaránacht comhaontú a réiteach freisin i dtaca leis an Sásra Maoirseachta Aonair, ceann de thrí cholún san Aontas Baincéireachta nua atá ceaptha cáiníocóirí a chosaint ar bhainc atá ag loiceadh.
  • Thángthas ar chomhaontú freisin i dtaca le creat le haghaidh Théarnamh agus Réiteach na mBanc – gné ríthábhachtach i gcolún eile de chuid an Aontais Bhaincéireachta, mar atá an Sásra Aonair Réitigh.



Nuashonrú is déanaí: 29/05/2014  |Barr