Cosán nascleanúna

Príomhéachtaí Uachtaránacht na hÉireann 2013
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Lógó Uachtaránacht na hÉireannAr feadh na gcéad sé mhí in 2013 bhí aird mhuintir uile na hEorpa ag díriú isteach ar Éirinn. Ón gcéad lá d'Eanáir go dtí an 30 Meitheamh ba í Éire a bhí i bhfeighil Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh tráth a raibh cinntí tábhachtacha le déanamh a chabhródh le fostaíocht agus cobhsaíocht a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch.

Tháinig ann don seachtú Uachtaránacht Éireannach ar an AE tráth a raibh ceiliúradh cothrom daichead bliain ann de bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus ba mhór an dúshlán a bhí roimh an tír idirbheartaíocht a dhéanamh ar chomhaontuithe agus bheith ina hidirghabhálaí iontaofa ar an stáitse domhanda.

Ba mhór na dúshláin dul chun cinn a dhéanamh i réimsí ríthábhachtacha amhail fostaíocht, airgeadas agus talmhaíocht ach ó tharla nach beag a baineadh amach sna sé Uachtaránacht a bhí in Éirinn roimhe sin, bhíothas ag dréim le toradh mór maith.

Faoi dheireadh mhí an Mheithimh, d'éirigh go rímhaith le hÉirinn a léiriú go raibh sí inchurtha leis na dúshláin, agus baineadh amach spriocanna móra a chabhróidh chun fostaíocht inbhuanaithe agus slándáil airgeadais a chur ar fáil ar fud na hEorpa.

Na héachtaí is mó

MFF: D'fhéadfaí a rá gurbh é an dúshlán ba mhó a bhí roimh Uachtaránacht na hÉireann comhaontú a bhaint amach ar bhuiséad an AE, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (MFF) ar fiú na billiúin Euro é do na blianta 2014-2020.

Ní rabhthas ar aon fhocal faoin MFF ar leibhéal na Comhairle Eorpaí go dtí Feabhra 2013, rud a d'fhág níos lú ná cúig mhí chun tabhairt faoin tasc achranach cur agus cúiteamh a dhéanamh faoin mbuiséad molta le Parlaimint na hEorpa.

Cuireadh moill eile ar an MFF nuair a dhiúltaigh na Feisirí Eorpacha dó i mí an Mhárta agus thit sé ar rialtas na hÉireann idirbheartaíocht a dhéanamh thar ceann na Comhairle i gcainteanna leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún Eorpach.

Lean na cainteanna orthu go dtí seachtain dheireanach na hUachtaránachta nuair a baineadh amach comhaontú stairiúil maidir leis an mbuiséad ar fiú €960 billiún é. I bhfírinne is infheistíocht é an buiséad i réimsí tábhachtacha beartais a chabhróidh chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus fostaíocht a chruthú sna Ballstáit ar fad.


An Coimisinéir um Thalmhaíocht agus Gnóthaí Tuaithe, Dacian Ciolos in éineacht leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon CoveneyCBT: Bhí Uachtaránacht na hÉireann sóiléir ón tús go raibh rún daingean aici teacht ar réiteach maidir le leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT).

Bhain na hAirí Talmhaíochta comhaontú amach maidir le comhsheasamh i mí an Mhárta 2013 le linn idirbheartaíochtaí a raibh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Simon Coveney, ina cheann orthu.

Thug seo sainordú don Uachtaránacht tús a chur le hidirbheartaíochtaí i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún Eorpach, áit a ndearnadh dianphlé ar shaincheisteanna conspóideacha a bhaineann le bearta glasaithe agus athdháileadh íocaíochtaí.

Lean na cainteanna suas go dtí deireadh na hUachtaránachta sular thángthas ar réiteach as a dheireadh, cé go bhfuil roinnt saincheisteanna ann atá fós le réiteach sula mbeidh deireadh críochnúil leis.


BAINCÉIREACHT: Is tosaíocht de chuid an AE é na bainc a dhéanamh níos sábháilte, níos láidre agus rialú níos fearr a dhéanamh orthu agus bhí an tosaíocht sin go hard ar chlár oibre Uachtaránacht na hÉireann.

Le linn na hUachtaránachta, thángthas ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir leis an Treoir um Cheanglais Chaipitil (CRD IV) a leagann amach na rialacha maidir le méid agus cáilíocht an chaipitil is gá a bheith i seilbh na mbanc.

D'éirigh leis an Uachtaránacht freisin teacht ar chomhaontú a réiteach faoin Sásra Aonair Maoirseachta ,atá ar cheann de na trí cholún atáthar á moladh mar chuid d'Aontas Baincéireachta, rud atá ceaptha chun cosaint a thabhairt do cháiníocóirí ó na bainc atá ag cliseadh.

Baineadh comhaontú amach maidir le creatlach le haghaidh Théarnamh agus Réiteach na mBanc - buneilimint ríthábhachtach colúin eile de chuid an Aontais Bhaincéireachta, an Sásra Aonair Réitigh.

Rinneadh dul chun cinn freisin maidir le bearta a thabhairt isteach chun srian a chur ar phá baincéirí chun a chinntiú nach mbeidh an iomarca riosca á ghlacadh acu mar gheall ar chleachtais pá.

Tá tuilleadh deacrachtaí roimh an Aontas Baincéireachta sula dtiocfaidh ann dó ach d'éirigh le hUachtaránacht na hÉireann dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar an tionscadal.

Infheistíocht an Bhuiséid:

An tUachtarán Barroso in éineacht leis an Taoiseach Enda Kenny ag cruinniú chun an MFF a phléBhí sé ríthábhachtach d'Uachtaránacht na hÉireann teacht ar chomhaontú faoin MFF mar go mbeadh sé deacar dul chun cinn a dhéanamh i mór-réimsí beartais gan é.

Ciallaíonn an comhaontú gur féidir leis an Eoraip bheith ag dréim le hinfheistíocht mhór sna réimsí a leanas ó Eanáir 2014 amach:

  • €373 billiún in acmhainní nádúrtha, an talmhaíocht agus an fhorbairt tuaithe san áireamh
  • €325 billiún i gcistí struchtúracha ar fud na hEorpa
  • €70 billiún i dtaighde agus i ndeontais nuálaíochta do lucht taighde ar fud na hEorpa
  • €30 billiún chun líonraí iompair, fuinnimh agus líonraí digiteacha a fheabhsú san Eoraip
  • €19 billiún don Chlár 'Erasmus+' chun tacú le mhalartaithe mac léinn
  • Suas le €8 billiún chun dul i ngleic le dífhostaíocht daoine óga.

Tuilleadh torthaí maithe

Jordan Casey, an ríomhchláraitheoir atá trí bliana déag d'aois, a chuir oiliúint air féin agus a bhunaigh an gnó cluichí fón póca Casey Games, ar a bhfuil sé ina Príomhfheidhmeannach. Ghac sé páirt sa Tionól um an gClár Oibre Digiteach i Meitheamh 2013Cuireadh an clár le haghaidh Uachtaránacht na hÉireann i dtoll a chéile agus é bunaithe ar bhuntosaíochtaí na fostaíochta, na cobhsaíochta agus an fháis eacnamaíoch. Mar cheann de na Ballstáit is mó a bhí thíos leis an ngéarchéim eacnamaíoch, bhí Éire in áit na garaíochta chun chun beartais agus reachtaíocht a bhrú chun cinn leis na spriocanna sin a bhaint amach.

Le linn na hUachtaránachta, bhí airí agus oifigigh na hÉireann ina gcathaoirligh ar bhreis agus 2,400 cruinniú agus bhí siad ina n-ionadaithe do na Ballstáit uile i gcainteanna le hinstitiúidí eile an AE amhail Parlaimint na hEorpa.

Is iomaí éacht shuntasach a d'eascair as na cainteanna sin agus cabhróidh siad go fíor chun fostaíocht, cobhsaíocht agus fás eacnamaíoch a thabhairt do shaoránaigh na hÉireann agus na hEorpa. Ar na héachtaí sin bhí na nithe seo a leanas:

  • Comhaontú maidir leis an tionscadal 'Rathaíocht don Aos Óg' a thabharfaidh suas le €8 billiún le haghaidh fostaíochta, oiliúna agus oideachais do dhaoine óga faoi bhun 25 bliain d'aois. D'éirigh le muintir Bhaile Muna i mBaile Átha Cliath ina n-iarratas ceantar píolóta a dhéanamh dá gceantar féin le haghaidh na scéime Rathaíocht don Aos Óg .
  • Teacht ar Chomhsheasamh idir na Ballstáit maidir le cláir mhaoinithe le haghaidh príomhréimsí beartais amhail talmhaíocht tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT), an Comhbheartas Iascaigh agus taighde agus nuálaíocht trí 'Fís 2020'.
  • Dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhaontú trádala an AE leis an tSeapáin agus cainteanna a thionscnamh maidir le Comhpháirtíocht Thrasatlantach Tradála agus Infheistíochta idir an AE agus SAM (TTIP), agus cabhróidh an dá thionscadal sin chun fostaíocht a chruthú in Éirinn agus san Eoraip.
  • Comhaontú maidir le rialacha an 'Dá-Phaca' um rialachas geilleagrach, rud a chuireann bearta ar leith san áireamh chun monatóireacht a dhéanamh ar bhuiséid tíortha a bhfuil easnaimh rialtais iomarcacha acu agus ar Bhallstáit atá thíos le deacrachtaí móra airgeadais, amhail na tíortha sin atá ag teacht amach as clár de chuid an AE-CAI mar atá Éire.

Éacht mhaoinithe

Thug Uachtaránacht na hÉireann torthaí ríthábhachtacha freisin a chuirfidh na mílte post ar fáil agus ina measc sin bhí:

  • Ciste €2 billiún do FBManna trí chlár le haghaidh iomaíochais fiontar agus FBManna (COSME)
  • Breis agus €3 billiún chun tionscadail chomhshaoil a mhaoiniú trí ionstraim nua maoinithe a thiocfaidh i gcomharba an chláir 'Life+'.
  • €16 billiún don chiste 'Erasmus+' le haghaidh oideachais, oiliúna, óige agus spóirt
  • €30 billiún do Chiste na Saoráide um Chomhnascadh na hEorpa (CEF) chun iompar, fuinneamh agus líonraí teileachumarsáide a fheabhsú ar fud na hEorpa.
  • Ciste €70 billiún le haghaidh taighde agus nuálaíochta tríd an gclár 'Fís 2020'

Leasanna do Shaoránaigh

Rinne Uachtaránacht na hÉireann dul chun cinn le cinntiú go mbainfidh Saoránaigh leas as na nithe seo a leanas:

  • Tuilleadh béime ar an earnáil dhigiteach ardphoitéinsil agus cosaint níos fearr a thabhairt do mhuintir na hEorpa agus iad i mbun gnó nó ag coinneáil comhluadair ar líne
  • Cáilíochtaí gairmiúla a aithint ar fud an AE
  • Comhghuaillíocht Taighde an Aigeáin Atlantaigh idir an AE, SAM agus Ceanada.
  • Straitéis nua Comhshaoil don AE
  • Tuilleadh deiseanna do FBManna i margadh soláthair phoiblí an AE ar fiú €2 trilliún é.
  • Bearta sábháilteachta níos láidre d'fhostaithe
  • Ordú Cosanta Sibhialta nua don AE maidir le foiréigean sa bhaile
  • Rialacha creidmheasa maidir le morgáistí nua chun cosaint a thabhairt don tomhaltóir
  • Cosaint níos fearr in aghaidh paindéimí.
  • Rialacha nua maidir le pasanna do pheataí.
  • Treoracha nua maidir le hinfheistíocht iompair san AE
  • Beim níos láidre ar ocras domhanda agus ar athrú aeráide
  • Rialacha níos déine maidir le tobac
  • Cearta breise pinsin a fheabhsú d'oibrithe a bhogann idir na Ballstáit
  • Beart aisgabhála fiach a éascóidh aisghábháil airgid do ghnónna atá ag feidhmiú trasna theorainneacha an AE.
  • Cosaint do bhunchearta trí dhréacht-chomhaontú aontachais an AE leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.



Nuashonrú is déanaí: 22/04/2014  |Barr