Cosán nascleanúna

Foinsí dhlí an AE
Print

An ann do chóras dlí de chuid an Aontais Eorpaigh a chuireann cosaint dhlíthiúil ar fáil san Aontas Eorpach?

Nuair a bunaíodh na Comhphobail Eorpacha sna 1950idí, chruthaigh na tíortha a bhí ina mBallstáit san am sin corpas neamhspleách dlí a bheadh ina cheangal orthu féin, ar Bhallstáit nua sa todhcaí, ar a saoránaigh agus ar a gcúirteanna.

Cén sórt gaoil atá idir an dlí Comhphobail agus an dlí náisiúnta?

Braitheann feidhmiú dhlíchóras an Aontais Eorpaigh ar thacaíocht ó na córais náisiúnta le feidhmiú. Ós rud é go bhfuil dlí an Aontais Eorpaigh ceannasach ar an dlí náisiúnta agus go dtugtar tosaíocht dó in aon réimse ina bhfuil feidhm aige, ní mór d'údaráis náisiúnta gach cineál dlí den Aontas Eorpach a urramú; agus ní mór dóibh é a chur chun feidhme agus éifeacht a thabhairt dó ina mBallstát féin.

Céard iad foinsí dhlí an Aontais Eorpaigh?

Is iad seo a leanas foinsí dhlí an Chomhphobail Eorpaigh:

Reachtaíocht phríomha

Céard í reachtaíocht phríomha an Aontais Eorpaigh?

Príomhfhoinse de dhlí an Aontais Eorpaigh is ea na Conarthaí lenar bunaíodh na Comhphobail Eorpacha, i.e. an Conradh Eorpach do Ghual agus Cruach, an Conradh Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa maille lena leasuithe, a nIarscríbhinní agus a bPrótacail. Leasaíodh agus comhlánadh na Conarthaí sin roinnt uaireanta ón tráth a bunaíodh na Comhphobail Eorpacha. Leasaíodh iad trí na Conarthaí Aontachais éagsúla a síníodh nuair a tháinig Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg isteach san Aontas in 1973; nuair a tháinig an Ghréig isteach in 1981; an Spáinn agus an Phortaingéil in 1986; agus ina dhiaidh sin an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualainn in 1995. Leasaíodh na Conarthaí freisin tríd an Ionstraim Eorpach Aonair, tríd an gConradh ar an Aontas Eorpach, trí Chonradh Amstardam, trí Chonradh Nice - a tháinig i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh an 1 Feabhra 2003, agus trí Chonradh Aontachais 2003 a síníodh san Aithin an 16 Aibreán 2003. Rinneadh foráil sa Chonradh sin go dtiocfadh na tíortha seo a leanas isteach san Aontas Eorpach: Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Ina dhiaidh sin, síníodh Conarthaí Aontachais na Bulgáire agus na Rómáine an 21 Meitheamh 2005 agus rinneadh Ballstáit den AE de na tíortha sin an 1 Eanáir 2007. Le Conradh Aontachais na Cróite arna shíniú i mí na Nollag 2011 rinneadh foráil maidir le haontachas na Cróite san AE an chéad lá d'Iúil 2013.

Tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Is é an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta an leasú is déanaí ar na Conarthaí bunaitheacha. Conradh idir-rialtasach is ea é, agus shínigh 25 Ballstát den AE é an 2 Márta 2012. Níor shínigh an Ríocht Aontaithe ná Poblacht na Seice é. Tháinig an Conradh i bhfeidhm an chéad lá d'Eanáir 2013. Reáchtáil Éire reifreann ar an gConradh an 31 Bealtaine 2012. D'éirigh leis an reifreann agus, dá bharr sin daingníodh an Conradh in Éirinn. Seo tuilleadh eolais faoin gConradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas.

Faoi láthair is iad an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh dlí príomha an AE.

Céard atá sna Conarthaí sin?

Tá forálacha bunúsacha sna Conarthaí sin maidir le cuspóirí agus eagrúchán an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos iontu creat d'fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus is iad institiúidí an Aontais a riarann an feidhmiú sin.

Cá háit ar féidir liom teacht ar théacsanna na gConarthaí?

Tá naisc chuig téacsanna na gConarthaí ar fáil anseo.

Barr

Comhaontuithe Idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas Eorpach páirteach iontu

Céard iad na Comhaontuithe Idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas Eorpach páirteach iontu?

Tugann an tAontas Eorpach comhaontuithe faoi dhlí idirnáisiúnta i gcrích le tíortha nach baill den Aontas iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile; ar na comhaontuithe sin tá idir chonarthaí ina ndéantar foráil maidir le dlúthchomhar i gcúrsaí trádála nó tionsclaíochta nó i gcúrsaí teicniúla nó sóisialta, agus chomhaontuithe maidir le trádáil táirgí ar leith.

Sampla de chomhaontú idirnáisiúnta is ea an comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Montainéagró i dtaobh rannpháirtíocht Mhontainéagró in oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Oibríocht Atalanta). Tháinig an comhaontú sin i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010. Tá eolas faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta eile ar fáil ar na leathanaigh seo: http://eur-lex.europa.eu/ga/accords/accords.htm

Barr

Reachtaíocht thánaisteach

Céard í reachtaíocht thánaisteach an Aontais Eorpaigh?

Tugtar reachtaíocht thánaisteach ar an dlí a dhéanann na hinstitiúidí Eorpacha agus na cumhachtaí a tugadh sna Conarthaí dóibh á bhfeidhmiú acu. Is éard atá sa reachtaíocht thánaisteach na gníomhartha dlíthiúla atá liostaithe agus sainmhínithe in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an AE (CFAE) i.e. rialacháin, treoracha, moltaí agus tuairimí.

Rialacháin

Cad is rialachán de chuid na gComhphobal Eorpach ann?

Is ionstraimí reachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta acu rialacháin. Baineann siad le réimsí ginearálta seachas cásanna ar leith. Mar shampla, baineann a lán rialachán le hoibreoirí in earnáil na talmhaíochta. Bíonn rialacháin ceangailteach ina n-iomláine. Is é sin le rá nach féidir le Ballstáit rialacháin a chur i bhfeidhm i bpáirt ná ní féidir leo na forálacha a bhfuil siad sásta leo amháin a chur i bhfeidhm. Bíonn rialacháin infheidhme go díreach freisin. Ciallaíonn sé sin nach gá do na Ballstáit rialacháin a thrasuí ina ndlí náisiúnta le go mbeadh éifeacht acu.

Sampla de Rialachán is ea Rialachán Uimh. 98/2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán.

Treoracha

Cad is treoir de chuid an Aontais Eorpaigh ann?

Is ionstraimí reachtacha treoracha a úsáidtear chun dhá chuspóir a bhaint amach, mar atá a chinntiú go bhfuil an dlí Comhphobail aonfhoirmeach go leor ach san am céanna meas a léiriú ar na traidisiúin agus na struchtúir éagsúla atá ag na tíortha éagsúla. Bíonn treoracha ceangailteach ar na Ballstáit ó thaobh an toraidh atá le baint amach, ach fágtar faoi na húdaráis náisiúnta a chinneadh conas an cuspóir Comhphobail atá leagtha amach a ionchorprú ina ndlíchórais féin roimh dháta sonrach.

Ní bhíonn feidhm ná éifeacht dhlíthiúil ag treoir go dtí go mbíonn an dáta chun í a chur chun feidhme thart.

Samplaí de threoracha a ionchorpraíodh i ndlí na hÉireann is ea Treoir 93/13/CEE maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha (ionchorpraíodh an treoir seo i ndlí na hÉireann faoi Rialacháin 1995 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra) agus Treoir 2006/123/CE maidir le Seirbhísí. Trasuíodh an Treoir maidir le Seirbhísí i ndlí na hÉireann faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Soláthar Seirbhísí) 2010 (I.R. Uimh. 533 de 2010) a thugann éifeacht d'fhorálacha na Treorach maidir le Seirbhísí in Éirinn, cé is moite d'Airteagal 42 den Treoir, a trasuíodh ar leithligh faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Orduithe Cúirte chun Leasanna Tomhaltóirí a Chosaint) 2010 (I.R. Uimh. 555 de 2010).

Cinntí

Cad is cinneadh de chuid an Aontais Eorpaigh ann?

Gníomh aonair atá dírithe ar dhuine sonrach nó ar dhaoine sonracha is ea cinneadh. Bíonn cinntí ceangailteach ar na daoine ar a bhfuil siad dírithe agus orthusan amháin. Ní gá iad a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Úsáidtear cinntí, mar shampla, chun cúnamh stáit a dheonú nó a dhiúltú, chun comhaontuithe nó socruithe a neamhniú sa chás nach luíonn siad le cothrom iomaíochta, agus chun fíneálacha nó bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm.

Moltaí agus Tuairimí

Cad is moladh nó tuairim de chuid an Aontais Eorpaigh ann?

Ionstraimí neamhcheangailteacha sa dlí Comhphobail is ea moltaí agus tuairimí. Feidhm áititheach amháin atá leo.

Barr

Prionsabail Ghinearálta an Dlí

Cad iad prionsabail ghinearálta an dlí?

Is éard atá i bprionsabail ghinearálta an dlí rialacha a léiríonn bunchoincheapa an dlí agus an cheartais agus nach mór do gach córas dlí a urramú. Tugtar éifeacht do na prionsabail seo nuair a chuirtear an dlí i bhfeidhm, go háirithe sna breithiúnais a dhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. I measc na bprionsabal ginearálta a shainaithíonn an Chúirt Bhreithiúnais, agus a chuireann sí i bhfeidhm, tá prionsabal na comhréireachta, prionsabal an ionchais dhlisteanaigh agus ráthú ceart bunúsach.

Barr

Coinbhinsiúin idir Ballstáit

Cad iad na himthosca ina dtugtar coinbhinsiúin i gcrích idir na Ballstáit?

Féadtar comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir Ballstáit chun saincheisteanna a shocrú a bhfuil dlúthbhaint acu le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh ach nach bhfuil aon chumhachtaí aistrithe chuig na hinstitiúidí Comhphobail ina dtaobh. Is ann do chomhaontuithe idirnáisiúnta iomlána idir na Ballstáit freisin a bhfuil sé mar aidhm shonrach leo na míbhuntáistí a bhaineann le socruithe atá teoranta de réir críche a shárú agus dlí a chruthú a chuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais Eorpaigh. Is i réimse an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh is mó atá tábhacht leis sin.

Áirítear ar na comhaontuithe sin an Coinbhinsiún ar Aitheantas Frithpháirteach do Chuideachtaí agus do Dhaoine Dlítheanacha (1968), an Coinbhinsiún maidir leis an bPaitinn Chomhphobail (1989) agus an Coinbhinsiún maidir le Dlínse, an Dlí is Infheidhme, Aitheantas, Forfheidhmiú agus Comhoibriú Freagrachta Tuismitheora chun Leanaí a Chosaint (1996).

Cá bhfuil tuilleadh eolais le fáil faoi na foinsí dlí a luadh?

Tá liosta cuimsitheach d'fhoinsí dhlí an Aontais Eorpaigh ag: http://eur-lex.europa.eu/ga/index.htm

Barr

Nuashonrú is déanaí: 17/07/2013  |Barr