Cosán nascleanúna

Cearta na Saoránach
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Cosaint dlí san Aontas Eorpach

In 1992, bunaíodh saoránacht an Aontais Eorpaigh faoin gConradh ar an Aontas Eorpach, rud a chruthaigh gaolmhaireacht atá ina ceangal idir an saoránach agus an tAontas Eorpach. Faoi rialacha saoránachta an Aontais Eorpaigh, tá cearta ag gach saoránach san AE ach tá oibleagáidí le comhlíonadh ag gach saoránach freisin.

Cé hiad saoránaigh an Aontais Eorpaigh?

Is saoránach den AE gach duine a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit aige nó aici.

Cé na cearta atá agam mar shaoránach den Aontas Eorpach?

Is féidir cearta na saoránach san Aontas Eorpach a rangú mar seo a leanas:

Ceart chun cónaithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach

Tá sé de cheart ag saoránaigh an AE gluaiseacht gan bhac, i dteannta a dteaghlaigh, go Ballstát eile le post a fháil nó le cónaí ann gan dul ar iontaoibh chóras slándála sóisialta an Stáit óstaigh. Saoránaigh a thairbhíonn dá gceart chun oibre, tá teideal acu bheith ag obair sa Bhallstát óstach faoi na coinníollacha céanna le saoránaigh na tíre sin maidir le pá, dífhostú, ardú céime, saoirí srl.

Céard is teaghlach ann a fhad a bhaineann leis an gceart chun oibre i mBallstát eile?

Tá an sainmhíniú ar an teaghlach leagtha síos i dTreoir 2004/38 agus clúdaíonn sé céile an oibrí agus a gclann atá faoi bhun bliain is fiche d'aois, nó ar cleithiúnaigh iad, agus gaolta cleithiúnacha i líne shinsearach an oibrí nó a c(h)éile. Má tá páirtnéireacht shibhialta cláraithe ag saoránach den AE agus más ionann páirtnéireacht shibhialta agus pósadh faoi dhlí an stáit óstaigh, cuimsítear páirtnéir an tsaoránaigh sin sa sainmhíniú freisin.

Ó bhí an 1 Eanáir 2011 ann, tráth ar tháinig an tAcht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí 2010 i bhfeidhm in Éirinn, tá cead cónaithe ag an bpáirtnéir cláraithe atá ag saoránach den AE fiú murar náisiúnach den AE é nó í.

Tá catagóirí eile daoine ann a meastar a bheith ina mbaill den teaghlach faoi Threoir 2004/38. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit iontráil agus cónaí sna Ballstáit a éascú do na daoine sna catagóirí seo a leanas:

a)       baill den teaghlach seachas iad sin atá luaite thuas atá, sa tír ónar tháinig siad, ina gcleithiúnaigh nó ina mbaill de theaghlach an tsaoránaigh AE a bhfuil an príomhchead cónaithe aige nó aici nó go mbeidh ar an mball sin den teaghlach dianchúram pearsanta a fháil, ar chúiseanna tromchúiseacha sláinte, ón saoránach den AE; agus

b)       an páirtnéir atá i gcaidreamh buan leis an saoránach den AE, agus an caidreamh sin a bheith deimhnithe go cuí.

Faoi dhlí an AE, cad é an stádas, in Éirinn, atá ag tuismitheoirí linbh Éireannaigh nach náisiúnaigh den AE iad?

Mar thoradh ar chás Zambrano a chinn Cúirt Bhreithiúnais an AE i Márta 2011, ba cheart an ceart chun oibre agus an ceart chun cónaithe in Éirinn a thabhairt do thuismitheoirí linbh ar náisiúnach de Bhallstát, m.sh. Éire, é nó í le go gcosnófaí an ceart atá ag an leanbh sin cónaí san AE.

An bhfuil cead ag saoránach den AE obair a lorg i mBallstát eile?

Tá cead ag saoránaigh den AE obair a lorg i mBallstát eile agus is féidir leo fanacht sa Bhallstát sin ar feadh tréimhse réasúnta le linn dóibh bheith ag lorg oibre. Tá an tréimhse réasúnta ama sin éagsúil ó Bhallstát go chéile. Glactar leis go hiondúil gur tréimhse uasta sé mhí a bheadh ina tréimhse réasúnta, ach tá tréimhsí níos giorra i bhfeidhm i mBallstáit áirithe. Ba cheart an cás a fhiosrú sa Bhallstát sin ina dteastaíonn uait fanacht ann le hobair a chuardach.

An bhfuil cáilíochtaí a fuarthas i mBallstát amháin aitheanta i mBallstáit eile?

Daoine a ghabhann do ghairm neamhrialáilte, m.sh. teicneoirí ríomhaireachta, freastalaithe, tiománaithe srl., ba cheart go mbeadh na cáilíochtaí a fuair siad i mBallstát amháin aitheanta i mBallstát eile.

Maidir leis na gairmeacha rialáilte, m.sh. na gairmeacha uile a dteastaíonn saincháilíochtaí agus taithí dóibh, tá foráil déanta i dTreoir 2005/36/CE maidir le haithint na gcáilíochtaí sin. I gcás seacht gcinn de na gairmeacha sin, ar a dtugtar 'gairmeacha earnála' – ailtirí, fiaclóirí, dochtúirí, cnáimhsigh, altraí, cógaiseoirí agus tréidlianna – déantar na cáilíochtaí gairmiúla a fuair siad san Aontas Eorpach a aithint go huathoibríoch. Más ag gabháil do cheann de na gairmeacha sin atá tú agus má tá do cháilíochtaí ar aon dul leis na cáilíochtaí atá leagtha amach sa Treoir, is féidir leat dul i mbun oibre láithreach in aon cheann de Bhallstáit an AE.

Más gairm rialáilte nach bhfuil ar cheann de na seacht ngairm thuasluaite, m.sh. múinteoir nó fisiteiripeoir, an ghairm a bhfuil tú ag gabháil di, beidh tú faoi réir an chórais ghinearálta aitheantais faoina mbeidh ort do cháilíochtaí agus do thaithí a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina dteastaíonn uait do ghairm a chleachtadh. Déanfaidh an t-údarás inniúil do cháilíochtaí agus do thaithí a mheas agus cinnfidh sé an bhfuil siad coibhéiseach leis na cáilíochtaí a theastaíonn sa tír óstach nó nach bhfuil. Má mheastar go bhfuil siad coibhéiseach, cuirfear fógra chugat á rá go bhféadfaidh tú dul i mbun oibre gan a thuilleadh foirmiúlachtaí a chomhlíonadh. Má mheastar nach bhfuil, beidh ort triail inniúlachta a dhéanamh nó tréimhse phromhaidh a chur isteach.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi aithint cáilíochtaí i mBallstát eile?

Tá tuilleadh eolais faoi aithint cáilíochtaí i mBallstát eile le fáil ar an suíomh gréasáin seo: http://ec.europa.eu/internal_market/qualifications/index_en.htm.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi aithint cáilíochtaí in Éirinn?

Tá gach eolas faoi aithint cáilíochtaí in Éirinn le fáil ó Hugh Geoghegan, Ardoifigeach Feidhmiúcháin, An Rannóg Cáilíochtaí, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Bloc 2, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1. Guthán: 01 889 6539. Ríomhphost: hugh_geoghegan@education.gov.ie.

An bhfuil an saoránach atá fostaithe, agus a t(h)eaghlach, i dteideal na sochar céanna is a fhaigheann náisiúnaigh na tíre óstaí?

Tá an saoránach atá fostaithe, agus a t(h)eaghlach, i dteideal na sochar slándála sóisialta céanna i dtaobh cánach agus lóistín de agus atá ag náisiúnaigh fostaithe na tíre sin. Ní féidir an saoránach ná a t(h)eaghlach a eisiamh ó na sochair sin ar chúiseanna náisiúntachta, cúiseanna cónaithe ná ar aon chúiseanna idirdhealaitheacha eile.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi mo cheart chun oibre in Éirinn?

Tá tuilleadh eolais faoin gceart chun oibre in Éirinn le fáil ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Is féidir tuilleadh eolais faoin gceart chun oibre i mBallstát eile a fháil ó EURES. Is líonra é EURES atá á chomhordú ag an gCoimisiún Eorpach, seirbhísí fostaíochta poiblí na mBallstát, ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí agus seirbhísí údaráis áitiúil. Tá breis agus 500 comhairleoir sa líonra sin agus is é an cúram atá orthu tacaíocht do chuardaitheoirí poist trí eolas a roinnt leo faoi dhálaí maireachtála agus oibre thar lear agus trí mhalartú faisnéise faoi fholúntais agus iarratais a éascú.

Má cheannaím réadmhaoin i mBallstát eile agus má bhíonn fadhb ann leis an tíolacas, an bhfuil aon chosaint agam faoi dhlí an AE?

Ar an drochuair, ní faoin AE atá sé rialáil a dhéanamh ar na rialacha maidir le réadmhaoin a cheannach agus a ligean ar cíos. Is é a chiallaíonn sé sin má cheannaíonn tú teach nó má ligean tú árasán ar cíos i mBallstát eile, go mbeidh an t-idirbheart faoi réir dhlíthe na tíre ina bhfuil an réadmhaoin suite. Mar sin féin, más tú atá thíos le hidirdhealú sa dóigh a gcaitheann údaráis Stáit leat agus tú ag ceannach do mhaoine, b'fhéidir go bhféadfadh an AE cabhrú leat. I Meitheamh 2013, thionscain an Coimisiún Eorpach imeachtaí i gcoinne na Fraince maidir le rialacha cánach idirdhealaitheacha faoina dtugtar cead d'infheisteoirí tairbhiú de dhímheas luathaithe ach nach dtugtar cead don rud céanna le haghaidh infheistíochtaí comhchosúla thar lear.  Ar an dóigh chéanna, in Aibreán 2013, thug an Coimisiún Eorpach an Spáinn os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bharr rialacha cánach idirdhealaitheacha maidir le maoin a chuireann bac ar chónaitheoirí nach náisiúnaigh Spáinneacha iad tairbhiú de na leasanna cánach céanna le náisiúnaigh.

Má cheannaím réadmhaoin i mBallstát eile, cad iad na rialacha oidhreachta agus comharbais a bheadh i bhfeidhm dá bhfaighinn bás?

Faoi Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú , tá sé níos éasca anois comharbais idirnáisiúnta a shocrú mar gurb é gnátháit chónaithe an duine nach maireann an critéar a úsáidtear le dlínse agus an dlí is infheidhme i gcásanna trasteorann a chinneadh. Beidh an rogha, áfach, ag daoine a bhfuil cónaí orthu thar lear dlí tíre a náisiúntachta a chur i bhfeidhm maidir lena n-oidhreacht iomlán. Bheadh Éireannach a mbeadh cónaí air sa Spáinn, mar shampla, in ann dlí na hÉireann a roghnú agus a oidhreacht á shocrú aige.

Barr

Ceart chun staidéir i mBallstát eile

Tá sé de cheart ag mic léinn dul i mbun staidéir tríú leibhéal i mBallstát eile faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

Cé na coinníollacha atá le comhlíonadh ag mic léinn sula dtéann siad ag staidéar i mBallstát eile le go bhféadfaidh siad fanacht sa Bhallstát óstach?

Mic léinn san Aontas Eorpach a bhfuil sé beartaithe acu dul i mbun staidéir i mBallstát eile ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí, beidh orthu na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • bheith cláraithe le hinstitiúid oideachais aitheanta;

  • árachas sláinte cuí a bheith acu;

  • a ndóthain acmhainní a bheith acu le nach mbeidh siad ag brath ar chóras slándála sóisialta an Bhallstáit óstaigh.

An bhfuil an mac léinn i dteideal aon chosaint slándála sóisialta le linn na tréimhse staidéir sa Bhallstát óstach?

Mic léinn ar náisiúnaigh de Bhallstát iad agus atá faoi árachas ag scéim slándála sóisialta d'fhostaithe nó d'fhéinfhostaithe agus mic léinn ar ball iad de theaghlach duine atá faoi árachas i scéim slándála sóisialta, d'fhéadfaidís bheith i dteideal cúram sláinte le linn na tréimhse staidéir ar choinníoll go gcomhlíonann siad foirmiúlachtaí áirithe.

Mic léinn atá ina gcónaí ar bhonn sealadach i mBallstát eile le linn tréimhse staidéir thar lear, tá siad i dteideal gach sochar breoiteachta comhchineáil a mbeadh gá acu leo faoi phráinn. Leis an gcúram sin a fháil, ní mór do mhic léinn Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil sula bhfágfann siad an baile. I gcás babhta breoiteachta, ba cheart an cárta sin a thaispeáint don údarás sláinte poiblí sa tír óstach.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi staidéar a dhéanamh in Éirinn?

Is féidir tuilleadh eolais faoi staidéar a dhéanamh in Éirinn a fháil ón Roinn Oideachais: www.education.ie.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi staidéar a dhéanamh i dtír eile san Eoraip?

Tá tuileadh eolais faoi staidéar a dhéanamh i dtír eile san Eoraip le fáil ar an suíomh gréasáin seo a lenas: www.study-in-europe.org

Barr

Ceart chun cónaithe i mBallstát eile den Aontas Eorpach

Tá an ceart ag saoránaigh den AE fanacht i mBallstát eile faoi réir coinníollacha agus srianta áirithe. Is féidir le saoránaigh den AE tamall a thabhairt i mBallstát eile agus iad ar saoire, ar cuairt ghnó nó má tá siad ag tairiscint seirbhísí mar dhuine féinfhostaithe nó má tá a ndóthain acmhainní acu soláthar dóibh féin agus dá dteaghlach a choinneáil agus má tá árachas sláinte cuimsitheach acu.

Cé na cúinsí faoinar féidir le saoránaigh cónaí go buan i mBallstát eile?

Is féidir le saoránaigh cónaí go buan i mBallstát eile má tá siad fostaithe nó féinfhostaithe sa tír sin nó, i gcás daoine ar scor, má bhí siad fostaithe nó féinfhostaithe inti.

An bhfuil mic léinn agus daoine ar scor i dteideal cónaí i mBallstát eile?

Is féidir le mic léinn agus le daoine ar scor cónaí i mBallstát eile má tá a ndóthain acmhainní airgid agus árachas sláinte acu le nach mbeidh siad ag brath ar chóras slándála sóisialta an Bhallstáit óstaigh.

An féidir le cuardaitheoirí poist fanacht i mBallstát eile agus iad ag lorg oibre ann?

Tá an ceart ag saoránaigh den AE fanacht i mBallstát eile ar feadh tréimhse réasúnta le hobair a lorg. Cheal sainmhíniú foirmiúil ar 'tréimhse réasúnta', is iondúil go gceadaíonn formhór na mBallstát do dhaoine nach náisiúnaigh iad fanacht ar a gcríoch ar feadh tréimhse sé mhí le linn dóibh bheith ag lorg oibre. Ní féidir le Ballstát óstach iallach a chur ar shaoránach den AE an Ballstát sin a fhágáil, más féidir leis an saoránach cruthúnas a thabhairt go bhfuil sé nó sí fós ag lorg oibre agus go bhfuil seans fíormhaith ann go bhfaighidh sé nó sí post sa Bhallstát sin.

An bhfuil saoránaigh den AE i dteideal sochair dífhostaíochta agus iad ag lorg oibre i mBallstát eile?

De réir phrionsabal na hineaspórtála, faoi Rialachán 883/2004/CE, atá ar cheann de phrionsabail ghinearálta an chomhordaithe ar shlándáil shóisialta, tá sé de cheart agat iarraidh go n-íocfar do chuid sochar leat sa Bhallstát óstach. Níl cead ag an mBallstát a thugann an sochar ceangal a chur ort fanacht ar chríoch an Bhallstáit bhaile mar choinníoll íocaíochta ná teidlíochta an tsochair.

Mar sin féin, ní féidir gach sochar airgid a easpórtáil fiú má thagann sé faoi raon feidhme an rialacháin um chomhordú. Níl sochair airgid speisialta neamhranníocacha cuimsithe faoi phrionsabal na hineaspórtála. Ní féidir na sochair sin a íoc ach ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ort agus faoi dhlí an Stáit sin.

Ar an gcuma chéanna, ní féidir, i bprionsabal, sochair dífhostaíochta a easpórtáil. Tá an ceart chun sochar dífhostaíochta faoi réir an choinníll go mbeidh tú ar fáil i gcónaí ar mhargadh fostaíochta an Stáit sin ina n-íoctar na sochair. Sin le rá, beidh ort cónaí sa Stát sin. Tá eisceacht amháin ann, áfach, ar feadh tréimhse trí mhí (is féidir leis na hinstitiúidí nó na seirbhísí inniúla an tréimhse a fhadú go sé mhí). Má tá tú i dteideal sochar dífhostaíochta i do Bhallstát baile agus go dtéann tú chun cónaithe thar lear, féadfaidh tú an sochar sin a tharraingt fós ón mBallstát baile ar feadh tréimhse trí mhí (nó sé mhí b'fhéidir) tar éis duit bogadh go dtí an Ballstát óstach. Beidh ort d'oifig náisiúnta sochair a chur ar an eolas faoi sin sula bhfágfaidh tú an tír agus na foirmeacha cuí a fháil. Nuair a bheidh tú sa Bhallstát óstach, ní mór duit clárú leis na seirbhísí fostaíochta sa tír sin le gur féidir leanúint den sochar a íoc. Mura bhfaighidh tú post faoi cheann trí nó sé mhí, beidh ort filleadh ar an tír atá ag íoc an tsochair, nó caillfidh tú do theidlíocht ar shochar dífhostaíochta.

Cé na cúinsí faoina mbeidh ort cead cónaithe a fháil sa Bhallstát óstach?

Ní bhíonn gá ag saoránaigh den AE le ceadanna cónaithe. Bíonn ar bhaill teaghlaigh agus ar thairbhithe nach saoránaigh den AE iad cártaí cónaithe a fháil má theastaíonn uathu fanacht níos faide ná trí mhí i mBallstát.

Má theastaíonn uait, mar shaoránach den AE, fanacht ar feadh tréimhse atá níos giorra ná trí mhí sa Bhallstát óstach, ní theastóidh ach cárta aitheantais nó pas bailí. D'fhéadfadh an Ballstát óstach a iarraidh ort a thabhairt le fios do na húdaráis ábhartha go bhfuil tú ann, ach ní iarrann gach Ballstát sin.

Má fhanann tú níos faide ná trí mhí sa Bhallstát óstach, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort clárú sa Stát sin. Gheobhaidh tú deimhniú clárúcháin ar a mbeidh d'ainm, do sheoladh agus an dáta cláraithe.

Cé na doiciméid a bheidh ag teastáil le clárú i mBallstát eile?

Beidh ort an fhianaise seo a leanas a thaispeáint: cárta aitheantais nó pas bailí, dearbhú ó fhostóir go mbeidh post ar fáil duit nó deimhniú fostaíochta nó cruthúnas go bhfuil tú féinfhostaithe nó, mura bhfuil tú ag obair, fianaise go bhfuil do dhóthain acmhainní airgid agat agus go bhfuil tú faoi árachas sláinte.

Más mac léinn thú, beidh ort an fhianaise seo a leanas a thaispeáint: cárta aitheantais nó pas bailí, cruthúnas go bhfuil tú cláraithe in institiúid aitheanta, fianaise go bhfuil tú faoi árachas sláinte agus dearbhú i dtaobh acmhainne.

Céard faoi bhaill de mo theaghlach nach saoránaigh den AE iad - an mbeidh orthu siúd clárú in Éirinn agus i mBallstáit eile?

Baill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, beidh orthu iarratas a dhéanamh ar chárta cónaithe sa Stát óstach, Éire san áireamh, má theastaíonn uathu fanacht níos faide ná trí mhí. Tá tuilleadh eolais faoi chártaí cónaithe in Éirinn le fáil ón tSeirbhís Eadóirseachta agus Inimirce: www.inis.gov.ie

Barr

Ceart go gcaithfí go cothrom leat

Ní mór caitheamh go cothrom le gach saoránach agus níl cead idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná gnéis. Tá foráil i gConradh Amstardam maidir le bearta a thabhairt isteach le comhrac a chur ar an idirdhealú atá bunaithe ar bhunús ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach. Chun roinnt d'fhorálacha Chonradh Amstardam a chur i bhfeidhm, rinneadh dlí den Treoir um Chomhionannas Ciníoch an 19 Iúil 2003. Tá reachtaíocht rite in Éirinn cheana le comhrac a chur ar an idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, aois, míchumas, claonadh gnéasach, cine, stádas pósta nó toisc duine a bheith ina dhuine den lucht siúil.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais má cheapaim go ndearnadh idirdhealú orm in Éirinn?

Tá tuilleadh eolais faoin gcóir chomhionann le fáil ón Údarás Comhionannais ag www.equality.ie.

Barr

Ceart chun taisteal gan bhac ar fud an Aontais Eorpaigh

Tá sé de cheart ag saoránaigh den AE, cé is moite de shaoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, dul chuig aon Bhallstát agus taisteal ann gan foirmiúlachtaí speisialta a chomhlíonadh. Ní theastóidh ach cárta aitheantais nó pas bailí.

Cén fáth a mbíonn ar shaoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe pas a thaispeáint le dul isteach i mBallstáit eile?

De bhrí nach bhfuil Éire ná an Ríocht Aontaithe ina bpáirtithe i gComhaontú Schengen, bíonn ar shaoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe pas a thaispeáint le dul isteach i mBallstáit eile.

An féidir bac a chur ar an gceart taistil atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh?

Ní féidir bac a chur ar an gceart taistil go Ballstát eile ach amháin ar chúiseanna a bhaineann le beartas poiblí, slándáil phoiblí nó sláinte phoiblí.

Cad is féidir liom a dhéanamh má chuirtear bac ar mo cheart taistil chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír agus mé ag pointe iontrála na tíre sin?

Más saoránach d'Éirinn thú agus go gcuirtear bac ar do cheart taistil chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír agus go bhfuil comhairle nó cúnamh uait, déan teagmháil le hambasáid nó le consalacht na hÉireann sa tír sin. Mura bhfuil ambasáid ná consalacht ag Éirinn sa tír sin, tá sé de cheart agat cúnamh a lorg ó ambasáid nó ó chonsalacht aon cheann de na sé Bhallstát is fiche eile atá sa tír sin a dteastaíonn uait dul isteach inti. Má bhíonn aon deacrachtaí eile agat ionadaíocht taidhleoireachta nó chonsalach a fháil, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha. Ní gá ach glaoch ar an uimhir 01 4082308.

Más saoránach de thír eile thú, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an ambasáid nó an chonsalacht atá ag do Stát baile sa tír sin a dteastaíonn uait dul isteach inti.

An bhfuil ceadúnas tiomána a eisíodh i mBallstát amháin aitheanta i mBallstáit eile?

Tá ceadúnas tiomána bailí a d'eisigh Ballstát amháin bailí freisin ar fud an Aontais Eorpaigh san aicme nó sna haicmí feithiclí faoinar eisíodh é sa Bhallstát bunaidh.

An gá árachas gluaisteáin breise a fháil agus mé ag taisteal sa charr i mBallstát eile?

Tabharfaidh do pholasaí árachais an clúdach íosta (dliteanas tríú páirtí) duit, atá ceangailte le dlí, gan costas breise a íoc. Tá an dlí sin i bhfeidhm sna Ballstáit uile agus san Íoslainn, san Iorua agus san Eilvéis.

Má tá mótarárachas cuimsitheach agat sa bhaile, ba cheart fáil amach an bhfuil an clúdach sin bailí i dtíortha eile. B'fhéidir nár mhiste duit cuimhneamh ar árachas a chlúdaíonn cliseadh feithicle a fháil freisin.

Cad a tharlódh dá mbuailfeadh tinneas mé nó dá mbainfeadh timpiste díom i mBallstát eile? Cá gcuirfí cúram sláinte orm?

Sula bhfágfaidh tú an baile, ba cheart duit Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil i d'oifig áitiúil slándála sóisialta nó árachais sláinte.   Má bhuaileann tinneas thú nó má bhíonn timpiste agat agus tú ar cuairt i mBallstát eile, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua nó san Eilbhéis, beidh tú in ann cóir leighis saor in aisce nó ar chostas laghdaithe a iarraidh ach do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a thaispeáint.

An bhfuil fáil agam ar chóir leighis saor in aisce i mBallstát eile faoi mo Chárta Eorpach um Árachas Sláinte?

Ní chlúdaíonn an scéim ach cóir éigeandála sa chóras poiblí. Bíonn ar gach tír a rialacha féin a leagan síos maidir le cóir leighis, agus bíonn an chóir éigeandála saor in aisce i dtíortha áirithe. I dtíortha eile, áfach, b'fhéidir go mbeadh ort cuid den chostas sin a íoc agus tá tíortha eile ann ina mbeidh ort an costas iomlán a íoc agus aisíocaíocht a éileamh níos déanaí.

Cá bhfaighidh mé an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte?

Is féidir leis an gcuid is mó de na daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil saor in aisce. Is féidir foirm iarratais a fháil i d'ionad sláinte áitiúil nó in oifig an phoist. Is féidir an fhoirm a íoslódáil freisin ón suíomh gréasáin www.ehic.ie. Tugann an suíomh sin faisnéis mhionsonraithe faoi úsáid an chárta freisin.

An gá árachas taistil a fháil?

De bhrí nach bhfuil mórán tíortha ann a íocann as an gcostas iomlán ar chóir leighis faoin gCárta Eorpach um Árachas Sláinte, moltar árachas taistil a fháil. Is tábhachtach a mheabhrú go bhféadfadh costais bhreise a bheith ort de bharr tinnis nó timpiste thar lear, m.sh. costas breise taistil, lóistín agus aisdúichiú. Theastódh árachas chun na cineálacha sin costais a ghlanadh.

Cad iad na rialacha faoi láthair maidir le leachtanna a iompar ar eitiltí?

Níl cead ach coimeádáin 100ml nó níos lú de leachtanna, glóthacha, taosanna, lóiseanna agus cosmaidí a iompar trí na pointí slándála in aerfoirt an Aontais Eorpaigh. Ní mór na nithe sin a thabhairt ar láimh ag na pointí slándála i mála trédhearcach in-athdhúnta nach mó ná lítear amháin an toilleadh ann .i. 20cmx20cm.

Baineann na rialacha sin freisin le huisce agus deochanna eile, cannaí aerasóil agus earraí maisíochta eile amhail taos fiacla, glóthach ghruaige, snas béil agus uachtair.

Tá dhá eisceacht ann ó na rialacha sin: bia naíonáin a bheidh ag teastáil le linn na heitilte agus cógais leighis a bheidh ag teastáil le linn na heitilte. Ní mór na nithe sin a chur i mála trédhearcach in-athdhúnta ar leith agus iad a thabhairt ar láimh leo féin sa limistéar slándála.

Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi na rialacha a bhaineann le leachtanna ar eitiltí?

Tá tuilleadh eolais faoi na rialacha a bhaineann le leachtanna ar eitiltí le fáil anseo.

An bhfuil aon dualgas ar na haerlínte cúiteamh a thabhairt dom má bhíonn moill ar m'eitilt nó má chuirtear ar ceal í?

Is cuma gnó nó pléisiúr an chúis leis an aerthaisteal, ceanglaítear le dlí an AE go bhfuil cearta áirithe agat maidir le faisnéis, moilleanna, cealú, ró-áirithintí agus damáiste do bhagáiste. Tá feidhm ag go leor de na rialacha fiú más dálaí eisceachtúla a chuir isteach ar an eitilt. Baineann na cearta sin le heitiltí sceidealaithe intíre laistigh den AE agus le cairteitiltí atá ag tuirlingt in aerfort san AE nó ag imeacht ó aerfort san AE. Ní bhaineann na cearta sin ach le haerlínte de chuid an AE i gcás eitiltí atá ag teacht isteach ó aerfoirt lasmuigh den AE. Tá tuilleadh eolais faoi do chearta mar phaisinéir aerlíne le fáil anseo.

An bhfuil aon chearta agam faoi dhlí an AE agus mé ag taisteal ar thraein in Éirinn?

Níl an taisteal ar thraein intíre na hÉireann ar áireamh, den chuid is mó, faoi Rialachán Uimh. 1371/2007 lena ndéantar foráil maidir le cosaint paisinéirí iarnróid, ach is féidir le paisinéirí ar sheirbhísí iarnróid intíre na hÉireann leas a bhaint anois as bearta áirithe a chuireann na dualgais seo a leanas ar oibreoirí iarnróid:

  • é a éascú do phaisinéirí iarnróid ticéid a cheannach (Airteagal 9)
  • paisinéirí a chúiteamh nuair atá an t-oibreoir faoi dhliteanas i leith chaillteanas na bagáiste (Airteagal 11)
  • árachas leordhóthanach a bheith acu (Airteagal 12)
  • rochtain neamh-idirdhealaitheach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hiompar d'iarnród, stáisiúin, áirithintí agus ceannach ticéad san áireamh, gan costas breise a ghearradh orthu (Airteagal 19)
  • faisnéis faoi inrochtaineacht na seirbhísí iarnróid a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (Airteagal 20(1))
  • slándáil phearsanta paisinéirí a chinntiú i stáisiúin iarnróid agus ar thraenacha (Airteagal 26)
  • cúiteamh a thabhairt má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir (Airteagal 13).

Maidir leis an tseirbhís ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, chomh maith leis na cearta a thugtar do phaisinéirí seirbhísí intíre faoin Rialachán thuasluaite, is féidir le paisinéirí na seirbhíse sin tairbhiú de bhearta breise:

  • a chuireann oibleagáid ar oibreoirí iarnróid agus ar dhíoltóirí ticéad faisnéis taistil a thabhairt do phaisinéirí (Airteagal 8)
  • a chuireann oibleagáid ar oibreoirí iarnróid réamhíocaíochtaí a dhéanamh le costais láithreacha a ghlanadh i gcás bás nó gortú a bhaineann le húsáid na seirbhíse iarnróid (Airteagal 13)

Barr

Cearta a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a cheannach

Tá sé de cheart ag saoránaigh táirgí sábháilte a cheannach faoi dhálaí cothroma trádála.

Cén chaoi a bhféachtar chuige go gcuirtear táirgí sábháilte ar fáil san Aontas Eorpach?

Tá sé de cheangal dlí ar tháirgeoirí gan ach táirgí sábháilte a chur ar mhargadh na hEorpa. Bíonn ar tháirgeoirí aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

  • Saintréithe an táirge, mar shampla a chomhdhéanamh nó a phacáistíocht;

  • Éifeachtaí an táirge ar tháirgí eile más dócha go mbeidh sé in úsáid in éineacht le táirgí eile;

  • Cur i láthair an táirge, na lipéid air agus aon treoracha úsáide agus diúscartha;

  • Catagóirí na dtomhaltóirí a bheadh i mbaol mór agus an táirge in úsáid acu, go háirithe leanaí.

Tá rialacha Comhphobail ann freisin a rialaíonn dliteanas i leith táirgí lochtacha. Má dhéanann táirge lochtach dochar do thomhaltóir, beidh táirgeoir an táirge sin faoi dhliteanas i leith gach damáiste a rinneadh mar gheall nach raibh an táirge sábháilte mar a bheadh súil leis go réasúnta.

Má chreidim gur sáraíodh mo chearta mar thomhaltóir in Éirinn nó le linn turais i mBallstát eile, céard ba cheart dom a dhéanamh?

Tá an nós imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar cheann de na bearta cúitimh is simplí atá ar fáil chun díospóidí trasteorann a réiteach i gcásanna nach mó an cúiteamh ná €2,000. Is i dtír chónaithe an tomhaltóra, nó i dtír pháirtí na cosanta, má thograíonn an tomhaltóir sin, a thabharfar breithiúnas sa chás. Tugann an nós imeachta sin cosaint do chearta nós imeachta an tomhaltóra agus beidh an breithiúnas infheidhme go díreach i dtír an pháirtí a chaill an cás agus i ngach Ballstát eile san AE.

Le mionsonraí a fháil faoi do chearta mar thomhaltóir agus faoin gcúnamh atá ar fáil chun na cearta sin a chosaint, déan teagmháil leis an Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí: www.eccdublin.ie.

Barr

Ceart chun vótáil agus chun seasamh i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa

Gach saoránach den AE a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát agus nach náisiúnach den Bhallstát sin é nó í, tá sé de cheart aige nó aici vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.

An bhfuil foirmiúlachtaí ar leith le comhlíonadh le tairbhiú de na cearta toghcháin sin?

Tá roinnt Ballstát ann a iarrfaidh ort clárú ar an rolla toghthóirí. B'fhéidir go mbeadh ort doiciméid aitheantais a thaispeáint agus an seoladh deireanach a bhí agat i do Bhallstát baile a thabhairt chun deimhniú gur saoránach den Aontas Eorpach thú. B'fhéidir go mbeadh ar vótálaithe i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa fianaise a thabhairt go mbeidís i dteideal vóta a chaitheamh dá mbeadh cónaí orthu ina Stát baile. B'fhéidir go mbeadh ar iarrthóirí a sheasfadh sa toghchán sin fianaise a thabhairt go mbeidís i dteideal seasamh sa toghchán dá mbeadh cónaí orthu ina Stát baile.

Cén áit ar féidir liom clárú le vóta a chaitheamh i dtoghcháin in Éirinn?

Is féidir clár na dtoghthóirí a sheiceáil agus clárú le vóta a chaitheamh in Éirinn ar an suíomh gréasáin seo: www.checktheregister.ie.

Barr

Cearta taidhleoireachta agus consalachta

Le linn do shaoránach den AE a bheith ar chríoch tríú tír nach bhfuil ionadaíocht ag a Stát féin inti, tá sé de cheart aige nó aici cosaint a lorg ó údaráis taidhleoireachta nó chonsalacha aon Bhallstáit eile faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin. Bhí go leor saoránach den AE i mbaol le linn géarchéimeanna éagsúla a bhí ann le deireanas, mar shampla sa Libia, san Éigipt agus i mBairéin, de bharr éirí amach an earraigh 2011, nó tar éis an chreatha talún a tharla sa tSeapáin i Márta 2011. Is minic freisin a bhíonn tábhacht mhór ag baint le cosaint chonsalach má bhuaileann tinneas duine nó má tá duine thíos le coir a rinneadh nó má bhaineann timpiste de dhuine.

An bhfuil coinníollacha ar leith le comhlíonadh le tairbhiú de na cearta sin?

Níl aon choinníollacha le comhlíonadh chun tairbhiú de chosaint údaráis taidhleoireachta nó chonsalacha na mBallstát eile.

Barr

Ceart chun achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Ceart achomhairc a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach

Má mheasann saoránaigh den AE (nó daoine a bhfuil cónaí dleathach orthu san AE) gur tugadh neamhaird dá gcearta, is féidir leo

  • achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa i dtaobh ceist ar bith a bhaineann le cearta, a bhfuil gné AE i gceist inti agus a bhfuil baint aici le hinstitiúid de chuid an AE, údarás náisiúnta nó údarás áitiúil;

  • is féidir achomharc a chur freisin chuig an Ombudsman Eorpach i dtaobh aon mhíriarachán a rinne institiúid nó gníomhaireacht de chuid an AE.

Le heolas a fháil faoin bpróiseas le gearán a dhéanamh, nó le foirm ghearáin agus sonraí teagmhála a fháil, gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh: http://www.ombudsman.europa.eu

An gá foirmeacha speisialta a líonadh le hachainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa nó le hachomharc a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach?

Is féidir foirmeacha caighdeánacha a fháil ó Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh i ngach Ballstát. Is féidir achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, nó achomharc a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach, i bhfoirm litreach freisin.

Ba chóir achainí do Pharlaimint na hEorpa a sheoladh chuig: An tUachtarán, Parlaimint na hEorpa, L2939 Lucsamburg.

Ba chóir achomhairc d'Oifig an Ombudsman Eorpaigh a sheoladh chuig: An tOmbudsman Eorpach, 1 Avenue du President Robert Schuman, F-67001 Strasbourg, An Fhrainc.

Barr

Ceart scríobh chuig aon institiúid nó aon chomhlacht AE in aon cheann de theangacha na gConarthaí

Tá sé de cheart ag saoránach den AE scríobh chuig Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, an Chomhairle, an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Iniúchóirí, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, Coiste na Réigiún nó chuig an Ombudsman in aon cheann de thrí theanga is fiche na gConarthaí agus freagra a fháil sa teanga chéanna. Is iad an Béarla, an Bhulgáiris, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlannais, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollannais, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Barr

Ceart rochtana ar dhoiciméid oifigiúla

Tá rochtain gan srian, beagnach, ag saoránaigh den AE (agus daoine a bhfuil cónaí dleathach orthu san AE) ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa. D'fhéadfadh srianta áirithe a bheith i bhfeidhm ar dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh agus na Comhairle.

Cá bhfaighidh mé sonraí breise faoi mo chearta mar shaoránach den Aontas Eorpach?

Is féidir sonraí breise faoi chearta na saoránach a fháil ar shuíomh gréasáin An Eoraip Agatsa.

Barr

Nuashonrú is déanaí: 17/07/2013  |Barr