Cosán nascleanúna

Stair an Aontais Eorpaigh
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Aithreacha Bunaitheacha an AE

Cruthaíodh an tAontas Eorpach a mairimid ann inniu a bhuíochas de spreagadh na gceannairí físeacha seo a leanas. Gan a bhfuinneamh agus a n-inspreagadh siúd ní bheimis ag maireachtáil sa sféar síochána agus cobhsaíochta a ndéanaimid talamh slán de. Grúpa éagsúil ina raibh idir throdaithe frithbheartaíochta, dhlíodóirí agus dhaoine eile nárbh iad ab ea na haithreacha bunaitheacha ach bhí na hidéil chéanna acu i bpáirt: Eoraip shíochánta, aontaithe, rachmasach. Le cois na n-aithreacha bunaitheacha a ndéantar cur síos orthu thíos, is iomaí duine eile a spreag togra na hEorpa agus a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun é a bhaint amach. Obair idir lámha, dá bhrí sin, is ea an roinn seo ar na haithreacha bunaitheacha.

Konrad AdenauerKonrad AdenauerSicco MansholtSicco Mansholt 
 Joseph BechJoseph Bech Jean MonnetJean Monnet
 Johan BeyenJohan Beyen Robert SchumanRobert Schuman
 Winston ChurchillWinston Churchill Paul-Henri SpaakPaul-Henri Spaak
 Alcide de GasperiAlcide De Gasperi Altiero SpinelliAltiero Spinelli
 Walter HallsteinWalter Hallstein 

Léigh tuilleadh mar gheall ar Aithreacha Bunaitheacha an AE

1945 - 1959

An Eoraip faoi shíocháin – tús le comhar

Bunaítear an tAontas Eorpach chun deireadh a chur leis na cogaí fuilteacha idir chomharsana, ar thráthanna chomhghearr i ndiaidh a chéile, a chríochnaigh leis an Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1950, tosaíonn an Comhphobal Eorpach do Ghual agus do Chruach ag aontú tíortha Eorpacha ó thaobh a gcuid geilleagar agus córas polaitiúil de, d'fhonn síocháin bhuan a bhaint amach. Is iad an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír na sé thír bhunaitheora. Is é an cogadh fuar idir an oirthear agus an iarthar an díol suntais is mó sna 1950í. Cuirtear agóidí san Ungáir in aghaidh réimeas na gCumannach faoi chois ag tancanna Sóivéadacha sa bhliain 1956; agus an bhliain dár gcionn, 1957, téann an tAontas Sóivéadach chun tosaigh sa spásrás, nuair a lainseálann sé an chéad satailít spáis de dhéantús an duine, Sputnik 1. An bhliain chéanna, cruthaíonn Conradh na Róimhe Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) nó 'An Cómhargadh’. 

Tuilleadh le léamh faoi na blianta 1945-59

1960 - 1969

‘Na Seascaidí Saorálacha’ – tréimhse d'fhás eacnamaíoch

Tagann ‘cultúr na hóige’ chun cinn sna 1960í agus bíonn na sluaite déagóirí i láthair pé uair a láithríonn grúpaí ar nós 'The Beatles'. Spreagann sé sin réabhlóid chultúrtha agus leathnaíonn sé an dealú idir ghlúine. Tréimhse mhaith is ea í don gheilleagar, agus is cabhair é go stopann tíortha an AE de bheith ag gearradh dleachta custaim as trádáil lena chéile. Lena chois sin, aontaíonn siad táirgeadh bia a rialú i bpáirt, ionas go bhfuil a ndóthain le n-ithe anois ag cách – agus ní fada go bhfuil barrachas de tháirgí talmhaíochta ann, fiú. Tagann Bealtaine 1968 chun bheith cáiliúil as círéibeacha na mac léinn i bPáras, agus is iomaí athrú sa tsochaí agus in iompar daoine a shamhlaítear le 'glúin '68', mar a thugtar orthu.

Tuilleadh le léamh mar gheall ar na deich mbliana 1960 -1969

1970 - 1979

Comhphobal atá ag dul i méid – an chéad Mhéadú

Téann an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach sa Chomhphobal an 1 Eanáir 1973, rud a ardaíonn líon na mballstát go naoi gcinn. Leanann géarchéim fuinnimh agus fadhbanna eacnamaíocha san Eoraip an chogadh gearr, ach brúidiúil, idir na hArabaigh agus Iosrael i nDeireadh Fómhair 1973. Tháinig na deachtóireachtaí deireanacha de chuid na heite deise san Eoraip chun críche le coscairt réimeas Salazar sa Phortaingéil sa bhliain 1974 agus bás Ghinearál Franco na Spáinne sa bhliain 1975. Tosaítear ar shuimeanna móra airgid a aistriú chun poist a chruthú agus bonneagar a thógáil sna réigiúin is boichte, faoi bheartas réigiúnach an AE. Méadaíonn Parlaimint na hEorpa a thionchar ar ghnóthaí an AE agus sa bhliain 1979 féadfaidh gach saoránach a fheisirí a thoghadh go díreach, den chéad uair riamh.

Tuilleadh le léamh mar gheall ar na deich mbliana 1970 – 1979

1980 - 1989

Aghaidh na hEorpa ag athrú – titim Bhalla Bheirlín

Tagann an ceardchumann Polannach, Solidarność, agus a cheannaire Lech Walesa, chun bheith i mbéal an phobail ar fud na hEorpa agus an domhain tar éis stailceanna i longchlós Gdansk i samhradh na bliana 1980. Sa bhliain 1981, tagann an Ghréig chun bheith ar an deichiú ball den AE agus leanann an Spáinn agus an Phortaingéil í cúig bliana ina dhiaidh sin. Sínítear an Ionstraim Eorpach Aonair sa bhliain 1987. Conradh é seo a sholáthraíonn an bonn do chlár ábhalmhór sé bliana dírithe ar réiteach a fháil ar fhadhbanna le saorsreabhadh na trádála ar fud na hEorpa agus ‘Margadh Aonair’ a chruthú dá bharr. Tarlaíonn mórchorraíl pholaitiúil nuair a leagtar Balla Bheirlín an 9 Samhain 1989 chun an teorainn idir Oirthear agus Iarthar na Gearmáine a oscailt den chéad uair i 28 mbliana, as a leanann athaontú na Gearmáine nuair a aontaítear Oirthear agus Iarthar na Gearmáine i nDeireadh Fómhair 1990.

Tuilleadh le léamh mar gheall ar na deich mbliana 1980-1989

1990 - 1999

An Eoraip gan teorainneacha

Le cliseadh an chumannachais ar fud lár agus oirthear na hEorpa, tá níos mó i bpáirt ag muintir uile na hEorpa. Tugtar an Margadh Aonair chun críche sa bhliain 1993 nuair a bhaintear amach na ‘ceithre shaoirse’ de: gluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus airgid. Is sna 1990í chomh maith a cheaptar dhá chonradh, Conradh 'Maastricht’ ar an Aontas Eorpach sa bhliain 1993, agus Conradh Amstardam sa bhliain 1999. Údair imní i measc an phobail is ea conas an comhshaol a chaomhnú agus conas is féidir le hEorpaigh dul i gcomhar le chéile ar cheisteanna slándála agus cosanta. Sa bhliain 1995 déantar trí bhall nua den AE den Ostair, den Fhionlainn agus den tSualainn. Tugann sráidbhaile beag i Lucsamburg a ainm do chomhaontuithe ‘Schengen’ a cheadaíonn de réir a chéile do dhaoine taisteal a dhéanamh gan pas a sholáthar lena sheiceáil ag teorainneacha. Téann na milliúin duine óg i mbun staidéir i dtíortha eile le tacaíocht an AE. Is fusa cumarsáid a dhéanamh de réir mar a thosaíonn líon mór daoine ag baint úsáide as an bhfón póca agus as an idirlíon.

Tuilleadh le léamh mar gheall ar na deich mbliana 1990-1999 

2000 – inniu

Deich mbliana eile d'fhorleathnú

Is é an euro an t-airgeadra nua i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa. Tagann an 11 Meán Fómhair 2001 le bheith comhchiallach leis an ‘Cogadh in Éadan na Sceimhlitheoireachta’ tar éis aerlínéir fhuadaithe a bheith eitilte isteach i bhfoirgnimh i Nua Eabhrach agus Washington. Treisíonn tíortha an AE a gcuid iarrachtaí chun an choireacht a chomhrac. Fógraítear go bhfuil na deighiltí polaitiúla idir oirthear agus iarthar na hEorpa leigheasta ar deireadh nuair a théann 10 dtír nua isteach san AE sa bhliain 2004. Measann mórchuid daoine gur mithid don Eoraip bunreacht a bheith aici ach ní furasta cineál an bhunreachta sin a aontú, mar sin leantar den díospóireacht theasaí mar gheall ar thodhchaí na hEorpa.

Tuilleadh le léamh mar gheall ar 2000 – inniiu

2010 – inniu

Deichbhliain de dheiseanna agus de dhúshláin

Tosaíonn an deichbhliain nua le géarchéim mhór gheilleagrach, ach tá dóchas ann, leis, go bhfeicfear fás agus leas san fhadtéarma de thoradh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nua glasa atá báúil leis an timpeallacht agus comhar níos dlúithe i measc mhuintir na hEorpa.

Léigh tuilleadh mar gheall ar an deichbhliain 2010 – inniu 




Nuashonrú is déanaí: 17/05/2013  |Barr