Navigation path

Éire agus an tAontas Eorpach
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

Tugann "Éire agus an tAontas Eorpach" réamheolas beacht ar an Aontas Eorpach, ar an mbunús atá leis, ar an tslí inar fhorbair sé agus ar na sochair inbhraite a thug an bhallraíocht san Aontas d'Éirinn. Tugann an áis oideachasúil seo, atá ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, léargas ginearálta ar an tslí ina n‑oibríonn na hinstitiúidí agus conas is féidir tionchar a bheith agat ar na cinntí a dhéantar ar leibhéal na hEorpa.

Faightear eolas ar an gcúis lenar bunaíodh an AE, ar an gcúis ar ghlac Éire ballraíocht ann i 1973 agus ar na hathruithe a tharla do shaol an ghnáthdhuine in Éirinn de dheasca bheartais an AE.

Tá an DVD roinnte i gcúig chaibidil:

  • An tAontas Eorpach duitse
  • Sochair phraiticiúla
  • Forbairt an AE
  • Institiúidí an AE
  • Tusa agus an tAontas Eorpach

D'Aontas Eorpach-sa

Forléargas gairid ar ról na hÉireann san Eoraip agus ar a ballraíocht san Aontas Eorpach. 

Top

Tairbhe phraiticiúil

Tugann an chaibidil seo samplaí nithiúla den tslí inar fheabhsagh ballraíocht san AE saol laethúil na hÉireann. 

 

Top

Forbairt an AE

Stair an Aontais Eorpaigh le 60 bliain anuas, óna thús sna 1950aidí le bunú an Chomhphobail um Ghual is Cruach go dtí Aontas Eorpach an lae inniu gona 27 Ballstát. 

Top

Institiúidí an AE

Forléargas ar gach ceann de phríomh-institiúidí an AE:   An Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa, An Chúirt Iniúchóirí, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún, Banc Ceannais na hEorpa, An Banc Eorpach Infheistíochta. 

Top

Tusa agus an tAontas Eorpach

Léiríonn an chaibidil seo conas a thig le saoránaigh Éireannacha ar leith tionchar a imirt ar phróiseas cinnteoireachta an AE is tugann sí forléargas ar chomhlachtaí an AE atá lonnaithe in Éirinn. 

Top




Last update: 14/02/2013  |Top