Cosán nascleanúna

Acmhainní
Print

Tá réimse acmhainní oideachais faoi na hocht mBallstát is fiche agus faoi stair agus beartais an Aontais Eorpaigh le fáil in Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn. Tá cuid mhór de na foilseacháin seo dírithe go sonrach ar scoileanna dara leibhéal agus ar bhunscoileanna. Is i mBéarla atá a bhformhór ach tá liostaí thíos de na hacmhainní sin atá ar fáil i nGaeilge. Beifear ag cur le liosta na n-acmhainní Gaeilge de réir a chéile.

Tá liosta de na hacmhainní atá ar fáil faoi láthair do scoileanna dara leibhéal le feiceáil anseo.

Tá liosta de na hacmhainní atá ar fáil faoi láthair do bhunscoileanna le feiceáil anseo.

Tá gach acmhainn saor in aisce.

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar Chúinne na Múinteoirí ar láithrean gréasáin Europa: http://europa.eu/pol/av/index_ga.htm

Chun acmhainní a ordú, iarrtar ort dul i dteagmháil linn:
R-phost: eu-ie-info-request@ec.europa.eu
Teil. (01) 6341111
Facs. (01) 6341112

Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, 18 Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2




Nuashonrú is déanaí: 20/03/2015  |Barr