Cosán nascleanúna

An Spás Poiblí Eorpach
E-mail this pageE-mail this pagePrintPrint

suíocháin sa Spás Poiblí Eorpach* Cuirtear ionad tarraingteach ardghradaim do chomhdhálacha, cruinnithe, taispeántais agus imeachtaí cultúrtha ar fáil sa Spás Poiblí Eorpach. Níl aon chostas ar na háiseanna atá ann a úsáid.

Bíonn sé ar oscailt don phobal ó Luan go hAoine idir 9 r.n. agus 5 i.n.

* Déantar cur i láthair sa Spás Poiblí Eorpach le rannpháirteachas daltaí a spreagadh agus taispeántar físeáin faoin AE do ghrúpaí daltaí. Is féidir le múinteoirí cur i láthair a iarraidh ar ábhar sonrach AE a bhfuil spéis ag daoine óga ann. Bíonn an-tóir ag daltaí na hidirbhliana agus OSSP ar na cineálacha sin cur i láthair.

* Cuirtear eolas agus foilseacháin saor in aisce ar fáil a bhaineann le hábhair éagsúla ar nós chúlra agus fhorbairt an AE, institiúidí an AE agus a modhanna oibre agus réimsí eile beartais an AE.

Taispeántas sa Spás Poiblí Eorpach Maidir leis an Spás Poiblí Eorpach

  • Tá tuairim is 225 méadar cearnach de spás urláir sa Spás Poiblí Eorpach

     

  • Is féidir an seomra a roinnt ag úsáid sciath inghiorraithe más gá

     

  • Tá spás ann do idir 100 agus 120 duine ag brath ar leagan amach an tseomra.

 

Áiseanna

  • Suíocháin inaistrithe

     

  • limistéar suí agus foilseacháinScáileán closamhairc anuas agus trealamh buan

     

  • Ionad caife / sóláistí

     

  • Limistéar suí don phobal le seastán bróisiúr agus láthair fáiltithe (le haghaidh fiosrúchán)

     

  • Wi-Fi saor in aisce

     

  • Áiseanna cistine do lónadóirí

     

Chun spás a chur in áirithe do thaispeántais, déan teagmháil leis an Oifigeach Faisnéise Julio Gonzalez (teil. 01 634 1121, Julio.gonzalez-romero@ec.europa.eu). Chun spás a chur in áirithe do chomhdhálacha agus cruinnithe, déan teagmháil le Bainisteoir an Spáis Phoiblí Eorpaigh Roman Zdanov (teil. 01 634 1144, Roman.Zdanov@ec.europa.eu).




Nuashonrú is déanaí: 12/08/2014  |Barr