
Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Nocht an ghéarchéim fadhbanna bunúsacha agus treochtaí neamh-inbhuanaithe san iliomad tír Eorpach. Léirigh sé chomh maith cé chomh hidirspleách is atá geilleagair an AE. Méadú ar chomhordú beartais gheilleagraigh fud fad an AE, cabhróidh sé linn dul i ngleic leis na fadhbanna sin agus chun treisiú le poist is le fás feasta.
Eoraip níos láidre a thiocfaidh as an ngéarchéim: an fhís Eorpach
Ní neart go cur le chéile: mar a fuair an AE réitigh ar ghéarchéim an airgeadais, mar atá an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta á neartú aige agus mar atá sé sin uile ag réiteach na slí ionsar aontas polaitiúil láidir.
Tá rialachas geilleagrach nua an AE bunaithe ar thrí phríomh-bhloc:
Díríonn an méid seo a leanas ar roinnt eochairghnéithe de rialachas geilleagrach nua seo an AE.
An Seimeastar Eorpach, sin tréimhse sé mhí gach bliain nuair a chomhordaítear beartais struchtúrtha, maicrea-eacnamaíochta agus buiséid na mBallstát ionas gur féidir leis na Ballstáit dearcadh an AE a chur san áireamh ag céim luath ina gcuid próiseas náisiúnta buiséid agus i ngnéithe eile de chumadh beartas geilleagrach.
Seo iad eochairchéimeanna an tseimeastair Eorpaigh:
In Eanáir, eisíonn an Coimisiún a Shuirbhé Bliantúil ar Fhás, a leagann síos tosaíochtaí an AE don bhliain romhainn chun fás is cruthú post a áirithiú.
I Márta, eisíonn Cinn Stáit agus Rialtais an AE treoir do bheartais náisiúnta ar bhonn an tSuirbhé Bhliantúil ar Fhás.
In Aibreán, cuireann na Ballstáit isteach a bpleananna d'airgeadas poiblí folláin (Cláir um Chobhsaíocht nó um Chóineasú) agus leasuithe is bearta cun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo fáis chliste, inbhuanaithe, chuimsithigh (Cláir Náisiúnta um Leasú).
I Meitheamh, tugann an Coimisiún a mheas ar na cláir sin agus cuireann moltaí saintíre ar fáil más cuí. Pléann an Chomhairle na moltaí agus formheasann an Chomhairle Eorpach iad.
Faoi dheireadh, ag deireadh an Mheithimh nó tús Iúil, glacann an Chomhairle go foirmiúil na moltaí saintíre.
An Comhaontú Cobhsaíochta agus Fáis (SGP), sin sraith rialacha a spreagann na Ballstáit chun airgeadas poiblí folláin a chothabháil.
Dhá 'chuid' atá ag an SGP:
Faoi láthair, tá an SGP á nearthú le réimse d'athruithe beartaithe arna gceapadh chun:
Le deich mbliana anuas, bhí treoachtaí eacnamaíocha éagsúla ag na Ballstáit, a mhéadaigh na bearnaí iomaíochai s agus a chuir le héagrothoimí maicreacnamaíochta san AE. Leis seo a sheachaint feasta, molann an Coimisiún sásra faireachais nua le saincheisteanna a aithint agus a cheartú i bhfad níos luaithe. Tríd an sásra sin, déanfar faireachán ar gheilleagair na mBallstát chun éagothroimí maicreacnamaíochta a aithint (m.sh. boilgeoga maoine, easnaimh sa chuntas reatha a bheith ag méadú nó fuílligh nó titim san iomaíochas). Nuair a sháróidh Ballstáit na "tairsigh rabhaidh", déanfaidh an Coimisiún staidéir dhoimhne le hanailís a dhéanamh an bhfuil dochar sna éagothroimí agus, más gá, eiseoidh sé moltaí.
Clár comhlántach lena bhfuil leasuithe breise – ar a dtugtar an comhshocrú Euro Plus – d'aontaigh Ballstáit limistéar an euro air, mar chomhartha ar a n-idirspleáchas atá ag dul i ndoimhneacht, chomh maith le sé thír nach ó limistéar an euro iad, a roghnaigh síniú: an Bhulgáir, an Danmhairg, an Laitvia, an Pholainn agus an Rómáin. Ar cheithre réimse a dhíríonn sé: iomaíochas, fostaíocht, inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí agus cobhsaíocht airgeadais a neartú.
Dhaingnigh ceannairí an AE an Comhshocrú i Márta 2011. Tá na 23 sínitheoir uile tiomanta do mhionchur chun feidhme na leasuithe. Tá cead ag na ceithre Bhallstát eile síniú más mian leo. Tá sé leabaithe go hiomlán sa chreat um rialachas nua geilleagrach agus áirítear na tiomantais atá ann i gCláir Leasúcháin Náisiúnta na mBallstát lena mbaineann.
Bhunaigh an AE rialacha agus gníonmhaireachtaí nua chun aon fhadhbanna a chosc is le rialú agus maoirseacht chóir ar gach imreoir airgeadais a áirithiú. Tá a thuilleadh oibre ar siúl, go háirithe lena chinntiú go mbeidh cúlchistí caipitil imleora acu le cur ar a gcumas seasamh in aghaidh aon turraingí ar an gcóras airgeadais feasta, chun go mbeidh siad in ann leanúint leo ag feidhmiú is ag cur creidmheasa ar fáil do líonta tí is do ghnóthais.