Cosán nascleanúna

AA+A++Leagan clóLéarscáil suímhRSSRSS

Aontas baincéireachta molta ag an Uachtarán Barroso

I gComhairle mhí an Mheithimh 2012, déanfaidh Ceannairí Stáit agus Rialtais agus an Coimisiún Eorpach plé ar straitéis fáis an AE, ina mbeidh na bearta láithreacha chun borradh a chur faoin ngeilleagar agus fís fhadtéarmach d'Aontas Eorpach atá níos láidre.

Le linn óráide os comhair Pharlaimint na hEorpa, thug Uachtarán an CE, José Manuel Barroso, achoimre ar na príomhghnéithe a bhaineann leis an tslí a bhfuil an AE ag dul i ngleic leis an ngéarchéim agus le fás sa todhchaí.

Fás

Teachtaireacht shoiléir ón gCoimisiún Eorpach roimh Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh: ní chuirfear borradh faoin bhfás gan airgeadas poiblí fónta, dianathchóirithe struchtúracha agus infheistíocht spriocdhírithe.

Ba cheart don Chomhairle Eorpach teacht ar chomhaontú faoi thionscnamh fáis a mbeadh trí ghné ann:

  1. Na cistí struchtúracha a athchlárú agus iad a dhíriú ar fhás agus ar iomaíochas.
  2. Borradh a chur faoin infheistíocht ar an leibhéal Eorpach trí acmhainn iasachtaithe an BEI agus an tionscnaimh um bannaí tionscadail a mhéadú
  3. Acmhainn iomlán an Mhargaidh Aonair a fhíorú

Rialachas eacnamaíoch níos déine

Tá na dara moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith agus a glacadh an 30 Bealtaine ina shampla maith de bheartas an tSeimeastair Eorpaigh atá in úsáid.

Athbhreithniú atá ann ar an riocht buiséadach agus eacnamaíoch i ngach ceann de na 27 Ballstát. Moltar cóiriú áirithe i gcás na bhfachtóirí riosca agus na n-éagothroimí a aithnítear.

Tá sé iarrtha ag an gCoimisiún ar an gComhairle Eorpach na Moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a fhoirmhuiniú go láidir, gan iarracht a dhéanamh iad a mhaolú.

Buiséad an AE

Más rud é go bhfuil gach páirtí ar aon fhocal faoi, is é sin go bhfuil gá le hinfheistíocht phoiblí spriocdhírithe mar chomhlánú ar na hathchóirithe struchtúracha chun borradh a chur faoin bhfás, beidh gá é sin a chur san áireamh i mbuiséad an Aontais Eorpaigh.

Dá nglacfaí an Creat Airgeadais Ilbhliantúil go gasta, thabharfaí teachtaireacht láithreach go bhfuil an Eoraip ullamh chun infheistíocht a dhéanamh inár dtodhchaí, agus go bhfuilimid dáiríre faoin bhfás.

NÍ buiséad don 'Bhruiséil', do struchtúir agus d'institiúidí an AE é buiséad an Aontais Eorpaigh. Is airgead atá ann do réigiúin, do chathracha, do mhic léinn, do FBManna, agus do thaighdeoirí na hEorpa i measc a lán eile.

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhaingniú

Aontas Baincéireachta

Tá fás ag teacht ar an smaoineamh go bhfuil gá le comhtháthú breise i limistéar an euro agus san Aontas Eorpach i gcoitinne.

Tá comhtháthú airgeadais ar cheann de na réimsí ina bhféadfaí an-dul chun cinn a dhéanamh, fiú gan athrú ar na Conarthaí, agus buntáiste mór a bheadh ann do na saoránaigh agus d'infheisteoirí maidir le cosaint a bheith acu agus muinín an mhargaidh a chur ar ais san Eoraip.

Is léir, dá bhrí sin, go bhfuil aontas baincéireachta ina thosaíocht nádúrtha.

Dar leis an Uachtarán Barroso tá dhá bheart mhóra le déanamh:

  1. Tograí atá á bplé cheana a ghlacadh go gasta, mar shampla córas amháin rialacha agus Réiteach baincéireachta българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska
  2. Comhaontú ar phríomhthograí a bheadh ullmhaithe ag an gCoimisiún faoin bhFómhar, lena n-áirítear mar shampla maoirseacht baincéireachta níos comhtháite nó scéim choiteann ráthaithe taiscí

Léigh an achoimre ar na bearta a rinneadh cheana agus a bhfuil súil a dhéanamh amach anseo българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Aontas Fioscach

Is trí aontas fioscach a fhorbairt an t-aon slí is féidir sochar iomlán a bhaint as daingniú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus as cruthú aontais bhaincéireachta.

Céard a chaithfear a dhéanamh?

  1. Comhordú éifeachtach ar bheartais българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a ghlacadh go gasta.
  2. Na cúltacaí airgeadais a mhionoiriúnú – an EFSM, an EFSF English agus an ESM a tháinig ina dhiaidh.

Plé dáiríre a sheoladh faoi eisiúint choiteann agus faoi chomhpháirtiú coiteann an fhiachais náisiúnta i bhfoirm Eurobhannaí (Féach Páipéar Uaine an Choimsiúin English)

Aontas Polaitiúil

Teastaíonn cuntasacht agus dlisteanacht níos daingne d'aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta níos daingne. Is gá cinntí a bhfuil gné stairiúil ag baint leo a ullmhú, agus ní mór do na saoránaigh bheith páirteach sa díospóireacht.