Nuacht ar an tairseach
Tacaíonn Gníomhaíochtaí Marie Curie le taighdeoirí
An taighdeoir tú, atá lán de smaointe, ach gan na hacmhainní airgeadais chun iad go léir a chur i bhfeidhm? Nó b’fhéidir gur ionadaí tú ar eagraíocht nó ar fhondúireacht taighde atá ag cuardach comhpháirtithe? Is cuma cé tú féin, más i mbun taighde atá tú is acmhainn thar a bheith luachmhar í Gníomhaíochtaí Marie Curie de chuid Coimisiúin an AE. 
Tá Gníomhaíochtaí Marie Curie mar chuid de chreat níos leithne an AE i ndáil le taighde den chéad scoth a fhorbairt san Eoraip agus tá sé mar an aidhm acu, mar aon le EURES, soghluaisteacht lucht saothair na hEorpa a mhéadú. Soláthraíonn an tionscnamh oiliúint agus forbairt ghairme do thaighdeoirí chomh maith le maoiniú le haghaidh tionscadal taighde ceannródaíoch.
Dáiltear maoiniú trí mheán ocht bpríomhchlár ar thaighdeoirí, ar eagraíochtaí agus ar fhondúireachtaí tréitheacha laistigh agus lasmuigh den AE araon. Cuimsíonn na cláir seo spriocghrúpaí éagsúla ó thaighdeoirí aonair go taighdeoirí neamh-AE agus áiríonn siad scéim um malartú foirne fiú agus seirbhís a mheaitseálann taighdeoirí le gnóthaí.
Is féidir le taighdeoirí le taithí agus taighdeoirí nua araon tairbhe a bhaint as na roghanna maoinithe atá ar fáil agus cuirtear fáilte roimh thograí taighde ón gcuid is mó de dhisciplíní. Tá ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus fiontair phríobháideacha incháilithe le hiarratas a dhéanamh freisin agus breathnaítear ar thograí beag beann ar aois an iarratasóra.
Le buiséad de níos mó ná EUR 4.75 Billiún don tréimhse ó 2007 go 2013, tá na Gníomhaíochtaí in ann tacú le raon éagsúil clár agus daoine aonair agus is féidir leo maoiniú suas le 100% a áireamh do chostais saothair. Tá cabhair tugtha ag an maoiniú taighde d’Axiom cheana féin, cuideachta Bhriotanach a bhain leas as Gníomhaíochtaí Marie Curie, chun uirlis físléirithe nua a fhorbairt, atá á úsáid i Hollywood anois. Tá modhanna fisice cáithníní forbartha ag comhalta eile de chuid Marie Curie, a d'úsáid an fhoireann atá ag feidhmiú an Imbhuailteora Móir Hadróin i Zurich ina dhiaidh sin.
Léigh a thuilleadh:
« Ar Ais