Nuacht ar an tairseach
Comhairle d’fhiontraithe éiritheacha
Leis an mbéim ar fhiontraíocht agus ar fhéinfhostaíocht a chur chun cinn chun cuidiú leis an téarnamh geilleagrach, tá líon na saoránach Eorpach atá ag iarraidh tús a chur lena gcuid FBManna féin sa bhaile nó i dtír Eorpach eile le méadú. D’fhéadfadh go dteastódh ó mhórán acu leas a bhaint as seirbhísí EURES chuige seo. 
“Sula gcuirtear tús le gnó nua i dtír Eorpach eile, molaim go hard go ndéanfadh fiontraithe atá ag tosú amach plean gnó dea-cheaptha a dhréachtú, mar aon le plean infheistíochta agus plean airgeadais phearsanta. Is féidir leis a bheith an-chostasach bogadh go réigiún eile san Eoraip le fáil amach sé mhí níos déanaí nár éirigh le do phlean gnó,” a deir Henk Smolders, Comhairleoir Sinsearach de chuid EURES san Ísiltír atá speisialaithe i ndáil le comhairle a chur ar fhiontraithe atá ag tosú amach agus ar mian leo bogadh thar lear.
Agus maidir leis na daoine sin a bhfuil an t-ualach smaointe acu ach nach bhfuil an caipiteal acu chun tús a chur lena dtionscadal, d’fhéadfadh gurb iad eagraíochtaí micreamhaoiniúcháin atá ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa réiteach na faidhbe.
Soláthraíonn eagraíochtaí micreamhaoiniúcháin iasachtaí beaga nó ‘mionchreidmheasanna’ do roinnt de na grúpaí is leochailí san Eoraip (mná, daoine óga, mionlaigh, daoine atá faoi mhíchumas agus trádálaithe aonair) d'fhonn tús a chur lena gcuid tionscadal. Is féidir le haon fiontraí nó fiontar ina bhfuil níos lú ná 10 fostaí iarratas a dhéanamh ar mhionchreidmheas de suas le
EUR 25 000, chomh fada is go bhfuil na hoibríochtaí lonnaithe sa tír ina ndéantar iarratas ar an iasacht.
Ach b’fhéidir go bhfuil an chomhairle is fearr maidir le gnó a chur ar bun acu siúd a bhfuil an méid atá á dhéanamh agatsa bainte amach acu cheana féin. D’fhéadfadh Comhairleoirí EURES a bheith in ann tú a chur i dteagmháil le húinéirí gnó chomh maith le faisnéis ábhartha eile a thabhairt duit maidir le córais bhaincéireachta, cleachtais dhlíthiúla agus riaracháin i do thír chinn scríbe.
Léigh a thuilleadh:
Faoi céard is féidir le EURES a dhéanamh d’
fhostóirí
Obair an Choimisiúin Eorpaigh d’
fhiontraithe atá ag tosú amach
« Ar Ais