Navigation path

Cad é an CSE ann ?

Ón mbliain 1957 i leith chuidigh CSE leis na milliúin Eorpach poist a fháil, scileanna nua a fhoghlaim agus poist níos fearr a aimsiú dóibh féin. Faigh amach faoi CSE: gach a ndéanann sé, an chaoi a gcuidíonn sé le daoine, agus na daoine a dtéann sé chun tairbhe dóibh.

 
 

Is bealach é an CSE níos mó post agus poist níos fearr a chruthú

Is é Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) ceann de Chistí Struchtúacha an AE, a bunaíodh le héagsúlachtaí um rathúlacht agus caighdeáin mhaireachtála a laghdú ar fud Bhallstáit agus réigiúin an AE, agus ag cur chun cinn an chomtháthaithe eacnamúla agus shóisialta dá réir.

Tá an CSE tiomanta do chur chun cinn na fostaíochta san AE. Cuidíonn sé leis na Ballstáit cuideachtaí agus lucht saothair na hEorpa a fheistiú níos fearr os coinne dúshlán domhanda úr. I mbeagán focal:

  • Leatar an cistiú ar fud na mBallstát agus na réigiún, go háirithe dóibh siúd mar nach bhfuil an fhorbairt eacnmaúil chomh mór sin chun cinn.
  • Is eochairchuid de straitéis 2020 an AE don Fhás agus Poist í, atá dírithe ar fheabhsú bheatha na saoránach de chuid an AE trí oilteachtaí agus ionchais phoist níos fearr a thabhairt dóibh.
  • Leithdháilfear €75 billiún i gcaitheamh na tréimhse 2007-2013 ar Bhallstáit agus réigiúin an AE lena chuid spriocanna a bhaint amach.

Na 1950adaí: gealadh Chiste Sóisialta na hEorpa

Na 1950adaí: gealadh Chiste Sóisialta na hEorpaSa bhliain 1951 shínigh an Fhrainc, Iarthar na Gearmáine, an Iodáil, an Bheilg, an Ísiltír agus Lucsamburg Conradh Pháras ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (ECSC). Bhí Ciste ECSC ar mhaithe le hAthoiliúint agus le hAthlonnú Oibrithe ar cheann de na nithe a tháinig as Conradh ECSC agus ba é sin an ciste a bhí ann roimh Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE).

Sa bhliain 1957 bhunaigh Conradh na Róimhe Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CCE), agus leis sin bunaíodh an CSE, chun deiseanna poist sa Chomhphobal a fheabhsú trí fhostaíocht a chur chun cinn agus trí shoghluaisteacht gheografach agus ghairme oibrithe a mhéadú.

Úsáideadh an CSE, i dtús báire, mar mhodh chun daoine a chúiteamh as poist a chailleadh. Chabhraigh sé le hoibrithe in earnálacha a bhí i mbun athstruchtúrú trí liúntais athoiliúna a thabhairt dóibh. Cuireadh cabhair athlonnaithe ar fáil chomh maith dóibh siúd a bhí as obair agus a d’fhág a réigiún chun poist a lorg in áit éigin eile. D’fhéadfaí úsáid níos forleithne a bhaint as an CSE seachas mar a d’fhéadfaí as Ciste ECSC ós gur áiríodh leis na hearnálacha go léir ach amháin an earnáil talmhaíochta.

Na 1960adaí: dífhostaíocht agus imirce

1960s: unemployment and migrationSna blianta tosaigh, nuair nárbh ann do straitéis uileghabhálach AE, baineadh úsáid as an CSE chun déileáil le fadhbanna ag leibhéal náisiúnta.

Bhí borradh faoi gheilleagar na hEorpa sna 1950adaí agus 1960adaí agus b’fhacthas gurbh eisceacht í an dífhostaíocht. Ba san Iodáil, áfach, a bhí beagnach dhá thrian díobh siúd a bhí dífhostaithe sa CEE mar go raibh beagnach 1.7 milliún duine as obair inti. Idir 1955 agus 1971, chuaigh isteach agus amach le 9 milliún duine as deisceart na hIodáile ar imirce chuig tuaisceart na tíre áit ina raibh borradh tionsclaíoch nó chuaigh siad níos faide ó bhaile chun poist a fháil. Ba iad na hIodálaigh mar sin ba mhó a bhain tairbhe as an CSE ó thaobh deontais athoiliúna agus athlonnaithe de. Ar an láimh eile bhain Iarthar na Gearmáine úsáid as an CSE chun athoiliúint a chur ar dhaoine ar bhain tionóiscí dóibh ag an obair.

Ag an tráth seo, ba ghá cheana féin maoiniú ón CSE a mheaitseáil le maoiniú náisiúnta agus cuireadh an maoiniú isteach i dtionscadail a bhí i bhfeidhm ag an earnáil phoiblí. Ní raibh cuideachtaí príobháideacha rannpháirteach sa CSE.

Na 1970adaí: aghaidh á tabhairt ar riachtanais ghrúpaí sonracha

Na 1970adaí: aghaidh á tabhairt ar riachtanais ghrúpaí sonracha Athchóiríodh an CSE sa bhliain 1971: díríodh an maoiniú ar ghrúpaí áirithe agus ar chatagóirí áirithe daoine agus cuireadh lena bhuiséad. Sa bhliain 1972 cháiligh feirmeoirí agus oibrithe feirme a bhí ag tréigean na talmhaíochta. Cháiligh an tionscal éadaigh don CSE sa bhliain 1975.

Bunaíodh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa sa bhliain 1975: agus cé gur díríodh an ciste seo ar infreastruchtúr na réigiún a bhí ag titim ar gcúl a fhorbairt, díríodh an CSE ar lámh chúnta a thabhairt do dhaoine ar fud na hEorpa le scileanna nua a fhoghlaim. Thagraítí don dá chiste le chéile amhail “Cistí Struchtúracha”.

Faoi dheireadh na 1970adaí ba mhór an t-ardú a bhí tagtha ar dhífhostaíocht i measc na n-óg agus ba é an t-ábhar tosaíochta a bhí ag an CSE aghaidh a thabhairt air sin. Agus é ag freagairt don ról méadaitheach a bhí ag mná san ionad oibre, ba mhó de thacaíocht a thug an CSE dá réir do mhná cibé an raibh a bpoist caillte acu, an raibh siad ag dul isteach sa mhargadh saothair den chéad uair nó an raibh siad ag dul ar ais ag obair tar éis sosa.
Tosaíodh chomh maith ag díriú an Chiste ar dhaoine eile, amhail daoine faoi mhíchumas nó daoine breacaosta (in aois a 50 bliain nó níos sine).

De réir mar a bhí an CSE ag díriú ar ghrúpaí sonracha ní le heagraíochtaí poiblí amháin a bheadh sé ag obair feasta: bhí fostaithe agus ceardchumainn agus fiú cuideachtaí aonair rannpháirteach ann chomh maith. D’fhág sin athrú mór ar mhodh oibre an CSE: go dtí sin d’fhorfheidhmíodh na Ballstáit tionscadail agus thugtaí aisíocaíocht dóibh ina dhiaidh sin. Ach ag an bpointe sin cuireadh córas trína bhfaighfí faomhadh roimh ré i bhfeidhm. D’fhág sin gur bunaíodh próiseas trína dtabharfadh an Coimisiún agus na Ballstáit sainmhíniú ar thosaíochtaí comónta san AE agus go leithdhálfaí maoiniú orthu.

Na 1980adaí: athrú ón ngeilleagar tionsclaíoch go dtí an geilleagar seirbhísí

Na 1980adaí: athrú ón ngeilleagar tionsclaíoch go dtí an geilleagar seirbhísíBhí éileamh mór ar oibrithe oilte, go háirithe san earnáil seirbhísí, ó tharla maolú a bheith tagtha ar thionscail thraidisiúnta amhail cruach, déantúsaíocht agus longthógáil mar aon le teicneolaíochtaí nua a bheith tagtha chun cinn. Ba iad an ghairmoiliúint agus oiliúint in úsáid teicneolaíochtaí nua na tosaíochtaí a bhí ag an CSE anois.

Díríodh maoiniú CSE ar dhaoine óga gur bheag é a n-ionchais ar phoist mar gheall ar easpa gairmoiliúna nó oiliúint mhíchuí; díríodh ar dhífhostaíocht fhadtéarmach é chomh maith. Leathnaíodh é chomh maith chun luathfhágálaithe scoile a thabhairt san áireamh ann. Chabhraigh an CSE chomh maith le mná le dul isteach sa mhargadh saothair.

Chuir mór-athrú a tugadh isteach sa tréimhse mhaoinithe 1983-1988 deireadh leis an gceanglas gur ghá do dhaoine ar cuireadh athoiliúint orthu a bheith ag obair i bpost a bhain leis an oiliúint a cuireadh orthu ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad i ndiaidh na hoiliúna. Ba léargas é sin ar réadúlacht an mhargaidh shaothair a bhí ag síorathrú agus sholáthair sé an deis don CSE chun oiliúint a chur ar fáil i ngach réimse den gheilleagar.

Ba í an talmhaíocht an earnáil ba mhó fós sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa Spáinn agus ba lú i bhfad an t-ioncam per capita ná an meán ioncam san AE. Cinneadh sa bhliain 1983 go ndíreofaí maoiniú an CSE ar réigiúin a bhí i ngátar go sonrach. Athchóiríodh an CSE sa bhliain 1988 chun cabhair níos fearr a thabhairt do na réigiúin ba mhó a bhí ag titim ar gcúl. Faoi dheireadh na 1980adaí dáileadh breis is leath de mhaoiniú CSE ar na réigiúin agus na tíortha ba bhoichte amhail Andalucía, Na hOileáin Chanáracha, an Ghréig, réigiúin thar sáile faoi réim na Fraince, Éire, Mezzogiorno i ndeisceart na hIodáile, Tuaisceart Éireann agus an Phortaingéil.

Seoladh athchóiriú nua ar an CSE sa bhliain 1988. Go dtí sin chabhraíodh an CSE le beartais a raibh sainmhíniú orthu, a bheag nó a mhór, i gcomhthéacs náisiúnta na mBallstát. Maidir le gach tionscadal CSE, áfach, b’éigean do na Ballstáit iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin a dhéanfadh measúnú ansin ar gach uile iarratas agus a thabharfadh faomhadh do na hiarratais rathúla. Chuir sé sin le castacht an CSE ó thaobh na mBallstát agus an Choimisiúin de araon.
Bhain an t-athchóiriú le bogadh ó thionscadail (aonair) a ndeachthas ina mbun i gcomhthéacs náisiúnta chuig iarracht chláraithe ilbhliantúil ar bhonn ar ar aontaíodh i gcomhpháirtíocht idir na Ballstáit agus an Coimisiún. Sa bhliain 1988, bhog an tAE ó bhuiséad bliantúil go peirspictíocht mheántéarma bhuiséadach (1988/1989-93). Thosaigh na Ballstáit ag babhtáil sonraí agus straitéisí dífhostaíochta ionas go bhféadfaí an CSE a chomhtháthú le beartais na mBallstát maidir leis an margadh saothair.

D’fhág an t-athchóiriú go ndíreodh an CSE a iarrachtaí ar na réigiúin nó ar na grúpaí daonra ba mhó a bhí i ngátar agus ina theannta sin treisíodh an athuair an prionsabal go gcuirfí maoiniú an Chomhphobail le gníomhartha náisiúnta.

Cuireadh le hacmhainní an CSE chomh maith. Bhí gairmcháilíochtaí nó poist á bhfáil ag breis is 2 mhilliún duine in aghaidh na bliana le cabhair an CSE.

Na 1990adaí: an domhandú agus an tsochaí faisnéise

Na 1990adaí: an domhandú agus an tsochaí faisnéiseAg freagairt don mhéadú a bhí ag teacht ar dhífhostaíocht d’aontaigh an tAE le Straitéis Fostaíochta sa bhliain 1994 agus d’fhág Conradh Amstardam gur bunaíodh creat maidir le treoirlínte fostaíochta agus comhstraitéis sa bhliain 1997. Bhain an CSE a bhéim den dífhostaíocht agus leagadh ar an bhfostaíocht í, go háirithe ar dhaoine a bhí ag obair chun cabhrú leo fanacht ina bpoist agus iad féin a chur chun cinn ina bpoist. Ba iad an oiliúint, cruthú post, treoir fostaíochta agus comhairliúchán a bhí i gcroílár an CSE.

Lean an CSE, áfach, ag cur oiliúna ar dhaoine óga, ar dhaoine dífhostaithe agus ar dhaoine a bhí eisiata as an margadh saothair. De réir mar a bhí an aois ag teacht ar dhaonra na hEorpa leithdháil an CSE breis cistí chomh maith chun oiliúint a chur ar dhaoine breacaosta san ionad oibre chun cur ar a gcumas fanacht san fhostaíocht níos faide nó chun iad a thabhairt ar ais sa mhargadh saothair. Thacaigh sé chomh maith le tionscnaimh inar tugadh cúram do dhaoine breacaosta chun deis a thabhairt do bhaill a dteaghlaigh fanacht ag obair nó filleadh ar obair.

Chuir an CSE 5% dá bhuiséad i leataobh chomh maith chun scéimeanna nuálacha a mhaoiniú; chun féachaint ar éifeachtúlacht tionscadal arna maoiniú ag an CSE; agus chun cuidiú le babhtáil taithí idir Ballstáit chun nuálaíocht a scaipeadh ar fud na hEorpa. D’fhág na tionscnaimh seo gur bunaíodh trí mhórchlár de chuid an Chomhphobail:

  • EUROFORM, a thriail bealaí nua gairmoiliúna agus fostaíochta;
  • HORIZON, a dhírigh ar oiliúint a chur ar dhaoine faoi mhíchumas; agus
  • NOW (Deiseanna Nua do Mhná), a bhreathnaigh ar bhealaí ina bhféadfaí mná a thabhairt isteach, nó a thabhairt ar ais isteach sa mhargadh saothair.

Bunaíodh cláir nua chun díriú ar shaincheisteanna an mhargaidh shaothair agus chun babhtáil thrasnáisiúnta de smaointe agus de chineálacha cur chuige a chur chun cinn:

  • YOUTHSTART, chun cabhrú le daoine óga gan cháilíochtaí a gcéad phost a fháil;
  • INTEGRA, a chabhraíonn le grúpaí amhail tuismitheoirí aonair, daoine gan dídean, dídeanaithe, príosúnaigh agus iarphríosúnaigh chun poist shlána a fháil, agus idirdhealú ar bhonn cine nó ar bhonn nithe eile a chomhrac san oiliúint nó san fhostaíocht; agus
  • ADAPT, a chabhraíonn le daoine iad féin a chur in oiriúint d’athruithe i ngnó agus i dtionscal, amhail oiliúint i dteicneolaíocht na faisnéise.

Cuireadh a dhá oiread leis na Cistí Struchtúracha don tréimhse 1994-1999 i gcomparáid le 1988-1993. Leithdháladh isteach is amach le 70% den chúnamh seo ar na réigiúin ba mhó a bhí i ngátar. Tugadh isteach an Ciste Comhtháite sa bhliain 1994 in éineacht leis na Cistí Struchtúracha chun cabhrú leis na tíortha ba bhoichte san AE tionscadail chomhshaoil agus infreastruchtúr iompair a fhorbairt.

Na 2000adaí ag tacú le straitéis Liospóin agus le Straitéis Fostaíochta na hEorpa

2000s: supporting the Lisbon strategy and the European Employment StrategyGhlac an tAE le Straitéis Liospóin sa bhliain 2000 chun go mbeadh an tAE ar an ngeilleagar ab fhearr chun cinn a bheadh bunaithe ar eolas faoin mbliain 2010. Bhí sé ar cheann dá aidhmeanna go sroichfeadh ráta foriomlán fostaíochta an AE an 70% agus go sroichfeadh ráta fostaíochta na mban breis is 60%. Cuireadh sprioc eile leis sin ina dhiaidh sin: an ráta dífhostaíochta i measc oibrithe breacaosta a ardú go 50% faoin mbliain 2010.

D’fhonn tacú le Straitéis Liospóin ghlac an CSE leis na tosaíochtaí seo a leanas sa tréimhse 2000-2006:

  • beartais ghníomhacha sa mhargadh saothair chun dífhostaíocht a chomhrac agus a chosc
  • comhdheiseanna do chách ó thaobh rochtain a fháil ar an margadh saothair
  • cur le hoiliúint agus le hoideachas, mar chuid den bheartas foghlama ar feadh an tsaoil chun rochtain ar an margadh saothair a fheabhsú, chun infhostaitheacht a chothabháil, agus chun soghluaisteacht poist a chur chun cinn;
  • lucht saothair le scileanna, oilte agus inoiriúnaithe agus bealaí nua ó thaobh eagrú oibre de
  • fiontraíocht agus coinníollacha a éascaíonn cruthú post,

Chomh maith le gníomhartha dearfacha i bhfabhar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, thug an CSE isteach cur chuige príomhshruthú inscne agus seoladh an tionscnamh EQUAL English sa bhliain 2000 mar ghorlann chun bealaí nua a fhorbairt chun idirdhealú agus éagothroime sa mhargadh saothair a chomhrac agus chun saol oibre níos comhtháite a chur chun cinn trí idirdhealú agus eisiamh ar fhorais ghnéis, tionscnaimh chine nó eitnigh, reiligiúin nó chreidimh, mhíchumais, aoise nó treoshuímh ghnéasaigh a chomhrac.

Is í an tosaíocht le linn na tréimhse reatha 2007-2013, inoiriúnaitheacht na n-oibrithe, na bhfiontar agus na bhfiontraithe a mhéadú trí fheabhas a chur ar bhealaí tuartha agus ar bhainistiú dearfach ó thaobh athrú ar an ngeilleagar de. Sa tosaíocht sin, tacaíonn an CSE le nuachóiriú agus treisiú institiúidí an mhargaidh shaothair, ó thaobh bearta gníomhacha an mhargaidh shaothair agus gníomhartha foghlama ar feadh an tsaoil lena n-áirítear gníomhartha i gcuideachtaí.

Tugann an CSE aghaidh fós ar shaincheisteanna fostaíochta agus cinntíonn an ciste go mbíonn rochtain ar an margadh saothair agus cuireann an ciste rannpháirtíocht sa mhargadh saothair chun cinn. Ina theannta sin, oibríonn an ciste chomh maith chun eisiamh sóisialta a chosc agus chun idirdhealú a chomhrac trí rochtain agus cuimsiú na “n-oibrithe faoi mhíbhuntáiste” a chur chun cinn.

Ón mbliain 2007 i leith treisíonn an CSE chomh maith cumas na n-institiúidí poiblí chun beartais agus seirbhísí a fhorbairt agus a sholáthar. Cuireann sé comhpháirtíochtaí idir fostaithe, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus córais riaracháin phoiblí chun cinn chun athchóiriú a éascú i réimse an fhostaithe agus an chuimsithe.
Déantar an comhar trasnáisiúnta agus an nuálaíocht thrasnáisiúnta a phríomhshruthú i ngníomhartha uile an CSE.

Foinse: European Social Fund - 50 years investing in people [Ciste Sóisialta na hEorpa – 50 bliain ag infheistiú i ndaoine] - ISBN 92-79-03357-3


Nuashonrú is déanaí: 18/01/2012 | Barr