Cosán nascleanúna

An mbíonn tú ag trádáil adhmaid?

An bhfuil sé cloiste agat? Ar an 3 Márta 2013 tiocfaidh Rialachán Adhmaid an AE (EUTR) i bhfeidhm chun deireadh a chur le díol agus ceannach adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach san Aontas Eorpach. 

Faoin Rialachán Adhmaid (EUTR) toirmisctear adhmad a baineadh go neamhdhleathach agus táirgí a bhfuil a leithéid d’adhmad leabaithe iontu a chur ar mhargadh an AE. Baineann an Rialachán le hadhmad agus le táirgí adhmaid a chuirtear ar mhargadh an AE den chéad uair.