Cosán nascleanúna

Téamaí agus cinn scríbe EDEN

EDEN participating countries

Tá prionsabal simplí i bpróiseas EDEN: i ndlúthchomhar le comhlachtaí náisiúnta turasóireachta roghnaíonn an Coimisiún Eorpach téama amháin gach bliain, agus roghnaítear ceann scríbe amháin ó gach tír atá rannpháirteach.

Le gach téama a roghnaítear, leagtar béim ar ghnéithe éagsúla de bhuntáistí na réigiún Eorpach agus baineann gach téama, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, le forbairt inbhuanaithe, bíodh sé ón taobh cultúrtha, eacnamaíoch, áitiúil nó comhshaoil de.

Ní mór do na cinn scríbe atá rannpháirteach a léiriú gur forbraíodh turasóireacht atá inmharthana ó thaobh an gheilleagair de bunaithe ar théama EDEN na bliana sin. Is deis iad téamaí EDEN chun an saibhreas ilghnéitheachta atá san Eoraip a thaispeáint, lena n-áirítear a hacmhainní nádúrtha, a hoidhreacht stairiúil, a searmanais traidisiúnta, a gastranómachas áitiúil, agus mar sin de.

Ar an gcaoi sin tá na cinn scríbe incháilithe, is é sin le rá na cinn scríbe nach bhfuil cáil chomh mór sin orthu agus nach bhfuil tarraingt an tslua orthu, tá siad in ann a ngnéithe uathúla a thaispeáint agus a chur in iúl do thurasóirí go bhfuil saoire iontach rompu iontu. Is iad na cinn scríbe a bhuann iadsan is fearr a léiríonn téama na bliana sin agus a thairgeann eispéireas turasóireachta uathúil, atá ag luí le patrúin inbhuanaithe.

Féadfaidh tú do cheann scríbe EDEN a roghnú de réir téama nó de réir tíre.

Téamaí EDEN

 

Tíortha atá rannpháirteach in EDEN

Tá réimse ollmhór seod rúnda san Eoraip agus tugaimid cuireadh duit teacht chun féachaint orthu, ag cur tús le do thuras i do rogha tíre. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin tír féin agus faoin gceann scríbe a bhuaigh, agus pictiúir iontacha a fheiceáil a léiríonn áilleacht uathúil na gceann scríbe éagsúil.

Tugtar cuireadh do gach Ballstát agus gach tír iarrthach páirt a ghlacadh i dtionscnamh EDEN. Is iad na cinn scríbe a bhuann iadsan is fearr a léiríonn an téama roghnaithe don bhliain áirithe sin, agus é seo a dhéanamh i gcomhréir leis an turasóireacht inbhuanaithe. Roghnaítear na cinn scríbe seo ar leibhéal náisiúnta sa chéad leath den bhliain, agus bronntar an duais orthu i searmanas a eagraíonn an Coimisiún Eorpach san fhómhar gach bliain.

Go dtí seo ghlac na tíortha seo a leanas páirt in EDEN. I mbliana, tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh an bPortaingéil:

  • An Bheilg Deutsch (de) English (en) français (fr) Nederlands (nl)
  • An Bhulgáir български (bg) English (en)
  • Poblacht na Seice čeština (cs) English (en)
  • An Eastóin eesti keel (et) English (en)
  • An Íoslainn English (en)
  • Éire
  • An Ghearmáin Deutsch (de) English (en)
  • An Ghréig ελληνικά (el) English (en)
  • An Spáinn English (en) español (es)
  • An Fhrainc English (en) français (fr)
  • An Iodáil English (en) italiano (it)
  • An Chipir ελληνικά (el) English (en)
  • An Laitvia English (en) latviešu valoda (lv)
  • An Liotuáin English (en) lietuvių kalba (lt)
  • Lucsamburg Deutsch (de) English (en) français (fr)
  • An Ungáir English (en) magyar (hu)
  • Málta English (en) Malti (mt)
  • An Ísiltír English (en) Nederlands (nl)
  • An Ostair Deutsch (de) English (en)
  • An Pholainn English (en) polski (pl)
  • An Phortaingéil English (en) português (pt)
  • An Rómáin English (en) română (ro)
  • An tSlóivéin English (en) slovenščina (sl)
  • An Fhionlainn English (en) suomi (fi) svenska (sv)
  • An Chróit English (en) hrvatski (hr)
  • An Tuirc English (en) Türkçe (tr)
Nuashonrú is déanaí: 19/11/2013 | Barr