Cosán nascleanúna

Ceann Léime i gCo. an Chláir – Cill Chaoi (Éire)

Ceann Léime i gCo. an Chláir – Cill Chaoi

Impressive cliffTAgus é suite ar chósta creagach Iarthar na hÉireann, tá clú agus cáil ar Cheann Léime i gContae an Chláir mar gheall ar a mhuiraillte maorga a thiteann le fána isteach san fharraige mhór, mar gheall ar éagsúlacht iontach bheathra na farraige agus na n-éan agus mar gheall ar na trábhailte agus spánna suaimhneacha a théann siar go dtí ré Victeoiriach. Is iad trí shiúl, ag fánaíocht thar na conairí beaga cama cois farraige, trí rothaíocht nó trí bhádóireacht na bealaí is fearr le cuairt a thabhairt agus eolas a chur ar an gceantar seo. Caomhnaíonn Ceann Léime a áilleacht amuigh san uaigneas agus é in ann fós eispéireas proifisiúnta uathúil na hÉireann a thabhairt do chuairteoirí, eispéireas a dtugann cuid mhór príomhcheann scríbe turasóireachta a gcúl air.

Uathúlacht Cheann Léime i gCo. an Chláir – Cill Chaoi

Cliffs near Loop Head Peninsula in Co. Clare – Kilkee

Is uathúil an ceantar seo mar go gcaomhnaíonn sé a charachtar agus a mheallacacht go léir, agus tá an-suim ag muintir na háite i mbualadh le cuairteoirí agus i dtaispeáint dóibh conas an leas is mó a bhaint as a gcuairt ar Cheann Léime. Tá clú agus cáil air cheana mar cheannscríbe i measc geolaithe agus lucht fairtheoireachta éan Tá muiraillte maorga Cheann Léime ar na háiteanna is annaimhe ar domhan inar féidir le geolaithe staidéar a dhéanamh ar tír is ar muir ar an imchuach dríodair carbónmhar a cruthaíodh 340 milliún bliana ó shin.

Roimh imeacht duit, ná déan dearmad...

  • Cuairt a thabhairt ar Chumann Curacha Iarthar an Chláir (West Clare Currach Club), cumann a athbheonn saoirseacht agus rásaíocht na mbád traidisiúnta iascaireachta
  • Turas báid a dhéanamh ar an tSionainn leis na deilfeanna bolgshrónacha a fheiceáil
  • Cuairt a thabhairt ar thrá Chill Chaoi le haghaidh gach spórt uisce, amhail tonnmharcaíocht, clársheoltóireacht, cadhcáil, luamhaireacht agus tumadóireacht.
Nuashonrú is déanaí: 01/07/2011 | Barr