Cosán nascleanúna

Trealamh teirminéil raidió agus teileachumarsáide

Luchtaire amháin do chách - An ghné theicniúil

One charger for all logo © European Union 2008-2011

Tá réiteach an luchtaire chomhchoitinn bunaithe ar theicneolaíocht an nascóra Micro-USB

Clúdaíonn an Meamram Tuisceana (MT) fóin phóca atá cumasaithe do shonraí, .i. na cinn sin ar féidir iad a phlugáil isteach i ríomhaire le híomhánna, comhaid, ceol, srl.

Shainmhínigh comhlachtaí sínitheora an MT sonraíochtaí teicniúla chomhchuibhiú cumais luchtaithe do na fóin phóca in Aguisín II an MT English. Feidhmíonn na sonraíochtaí seo mar bhonn d’obair Eagraíochtaí Chaighdeáin na hEorpa le comhoiriúnacht agus feidhmiú sábháilte an luchtaire chomhchoitinn a chinntiú.

Baineann an caighdeán a forbraíodh ag Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSIEnglish) le rioscaí sábháilteachta agus astuithe leictreamaighnéadacha agus cinntíonn sé go mbíonn dóthain imdhíonachta ag na luchtairí uilechoiteanna don trasnaíocht sheachtrach. Baineann an caighdeán faoin gcomh-inoibritheacht a forbraíodh ag an gCoiste Eorpach don Chaighdeánú Leictriteicniúil (CENEnglish- CENELECEnglish)leis an gcomh-inoibritheacht, .i. go bhfuil an gnáthluchtaire comhoiriúnach le teileafóin phóca brandaí éagsúla atá cumasaithe do shonraí. Is féidir go nglacfaidh an Coiste Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (IECEnglish)le caighdeán CENELEC go luath faoi shonraíochtaí comh-inoibritheachta soláthair chumhachta seachtraí chomhchoitinn (SCS) mar chaighdeán idirnáisiúnta.

Leis an nglúin nua luchtairí a chur ar an margadh tá sé riachtanach go mbeadh na caighdeáin nua Eorpacha ar fáil agus iad foilsithe (EN 301489-34English- EN 62684English ). Is tar éis na chéad chéime seo amháin go bhfuil an tionscal in inmhe an ghlúin nua luchtaire chomhchoitinn a tháirgeadh.

Táthar ag súil leis go mbeidh na déantúsóirí in inmhe an luchtaire nua Micro-USB a sheoladh ar an margadh go luath i 2011, ach nílimid ag súil leis go mbeadh sé sna siopaí faoin dáta a fhoilsítear caighdeáin athbhreithnithe na hEorpa, de bhrí go bhfuil ar lucht an tionscail a gcuid luchtairí a chur in oiriúint leis na riachtanais nua a chomhlíonadh atá mar chuid de na caighdeáin.

Ba chóir a lua gur luchtaire comhchoiteann amháin é an luchtaire sin a chomhlíonann na caighdeáin nua Eorpacha thuasluaite, luchtaire comhchoiteann a ráthaíonn feidhmiú sábháilte ag gach cineál fóin phóca nua atá cumasaithe do shonraí.

Déan teagmháil leis na déantúsóirí aonair, le do thoil, le fáil amach an mbeifear in ann fóin phóca ar ann dóibh cheana agus a bhfuil nascóir Micro-USB acu a luchtú leis an luchtaire comhchoiteann nua.

3 types of USB plugs

Different types of USB plugs: left Micro-USB, middle Mini-USB, right Standard.
(© Popova Olga)

 

Páirtigh: FacebookGoogle+LinkedInCuir an leathanach seo chuig cara

Set page to normal font sizeIncrease font size by 200 percentClóigh an leathanach seo