Cosán nascleanúna

Ardú caighdeán don thionscal bia san Eoraip

Tá an tionscal bia agus deochanna ar na hearnálacha tionsclaíocha is tábhachtaí agus is dinimiciúla san Eoraip. Tá sé comhdhéanta de thart ar 310 000 cuideachta, agus soláthraíonn poist do bhreis is 4 mhilliún duine.

Agus láimhdeachas bliantúil de bhreis is €900 billiún aici, is easpórtálaí láidir í an earnáil ilchineálach seo, atá freagrach as táirgí deiridh gan áireamh i margaidh intíre agus idirnáisiúnta atá fíoriomaíoch. Ach tá an cumas ann fós d'fheabhsúcháin.

Tá barraíocht ró-oifigiúlachais, easpaí airgeadais, easpa deiseanna taighde agus forbartha agus deacrachtaí maidir le fáil ar bhunábhar i measc na bpríomhbhacainní a bheadh le sárú chun go mbeadh áit níos láidre ag an AE i margaidh an domhain.

I measc na mbeartas is tábhachtaí ar mhaith leis an gCoimisiún Eorpach cur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo thuas ná, forbairt chóras trádála a thugann na deiseanna céanna do ghnóthaí Eorpacha is atá ag iomaitheoirí eachtracha, agus bunú chomhaontas fabhracha le rochtain níos mó ar mhargaidh eachtracha a thabhairt don tionscal bia san AE.

Le linn a phróisis iomláin de dhréachtú agus de chur i bhfeidhm rialúchán, déanann an Coimisiún iarracht le cothromaíocht idir sábháilteacht agus iomaíochas a bhaint amach, agus ró-oifigiúlachas neamhriachtanach á laghdú aige.

Comhlíonann Aonad um Thionscal Bia an Choimisiúin beartais trí ionstraimí éagsúla a úsáid, ina measc:

  • An córas aisíocaíochta easpórtála English (en) agus an tsaoráid isteach phróiseála, a bhaineann le táirgí talmhaíochta próiseáilte, mar sheacláid, mhilseogra, deochanna milse, brioscaí, srl.
  • Idirbheartaíocht trádála English (en) le rochtain ar mhargaidh an domhain a fheabhsú do chuideachtaí Eorpacha.
  • Cur le dréachtú agus le cur i bhfeidhm de reachtaíocht English (en) a bhaineann leis an tionscal bia.

Key content

  • EU food market overview Deutsch (de)English (en)français (fr)
  • Forum for a Better Functioning Food Supply Chain English (en)
  • Competitiveness of the European Food Industry English (en)français (fr)
  • Reference documents English (en)français (fr)

Páirtigh: FacebookGoogle+LinkedInCuir an leathanach seo chuig cara

Set page to normal font sizeIncrease font size by 200 percentClóigh an leathanach seo