Cosán nascleanúna

Ceimiceáin

Tá tionscal na gceimiceán, tionscal na bplaisteach agus an tionscal rubair ar na hearnálacha tionsclaíocha is mó agus is dinimiciúla san AE. Cruthaíonn na hearnálacha seo timpeall is 3.1 mhilliún post i mbreis is 83 000 cuideachta. Sa bhliain 2012 díoladh ceimiceáin ar luach €539 mbilliún san AE, sé sin timpeall is 20 % de dhíolacháin cheimiceán dhomhanda. Bíonn tionchar suntasach ag an rialú ar thionscal na gceimiceán. Sin é an fáth go bhfuil cáilíocht na reachtaíochta, cur chun feidhme ceart agus forfheidhmiú cuí an-tábhachtach ní hé amháin le cuspóirí sláinte agus comhshaoil a bhaint amach ach le haghaidh iomaíochais thionscal na gceimiceán freisin.

Is iad na príomhdhúshláin rialála do na húdaráis agus don tionscal ná REACH Deutsch (de) English (en) français (fr) (Ceimiceáin a Chlárú, a Mheasúnú, a Údarú agus a Shrianadh) agus CLP Deutsch (de) English (en) français (fr) (Rialachán maidir le substaintí agus meascáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú) a chur chun feidhme i gceart. Thairis sin, tá an A-S Fiontraíochta agus Tionsclaíochta i gceannas ar reachtaíocht na gceimiceán san AE a bhaineann le hearnálacha sonracha (m.sh. leasacháin, glantaigh, srl.).

Tugann na leathanaigh gréasáin seo (Fiontraíocht & Tionsclaíocht/Ceimiceáin) tuilleadh faisnéise don léitheoir le suim aige/aici ann ar reachtaíocht na gceimiceán agus ar an obair leanúnach eile á dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an iomaíochas. Tugtar naisc, más infheidhme agus má bhíonn siad ar fáil, don obair á dhéanamh ag seirbhísí agus/nó geallsealbhóirí eile an Choimisiúin. Cuireann seirbhísí éagsúla an Choimisiúin Eorpaigh leis an obair leanúnach san earnáil seo. Is iad na páirtithe is tábhachtaí ná Fiontraíocht & Tionsclaíocht, ComhshaolEnglishdanskDeutschελληνικάespañolfrançaisitalianoNederlandsportuguêssuomisvenska, Airmheán Comhpháirteach TaighdeEnglish, Sláinte & Cosaint TomhaltóiríEnglish, Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialacha & Comhdheiseannaagus Iompar English (en) . Is é an cuspóir iomlán ná creatchoinníollacha riachtanacha a sholáthar don earnáil le forbairt inbhuanaithe a chinntiú agus páirt a ghlacadh i gcur i gcrích na gcuspóirí Liospóin.

 

Key content

  • REACH Deutsch (de)English (en)français (fr)
  • CLP/GHS - Classification, labelling and packaging of substances and mixtures Deutsch (de)English (en)français (fr)
  • CLP legislation, guidance and archives English (en)
  • Review of annexes of REACH English (en)
  • REACH legislation English (en)

Imeachtaí

Tuilleadh imeachtaíRSS

Páirtigh: FacebookGoogle+LinkedInCuir an leathanach seo chuig cara

Set page to normal font sizeIncrease font size by 200 percentClóigh an leathanach seo