Cosán nascleanúna

News feeds

Gas_electricity

Cearta tomhaltóirí

Leictreachas agus gás a cheannach don teach nó don ghnólacht agat.

Cad iad na cearta atá agat?

Mar thomhaltóir, is fearr an chosaint atá ort anois agus tá sé de cheart agat an pacáiste gáis agus leictreachais is fearr duitse a roghnú, a bhuí leis an Aontas Eorpach.

  

Faigh breis eolais faoi do chearta, ach lean naisc do thíre.


                    
                  pdf - 225 KB [225 KB] Roghnaigh do thír

Pointe teagmhála amháin

Pointe teagmhála amháin i ngach tír san AE, cuideoidh sé leat teacht ar fhios do cheart agus ar dheiseanna le haighnis a láimhseáil.

Praghsanna trédhearcacha, inchomparáide

Cuideachtaí a dhíolann leictreachas agus/nó gás inniu, tá iallach orthu eolas trédhearcach faoina gcuid tairiscintí praghsanna/taraifí a chur ar fáil ina mbillí. Mar sin, féadfaidh tú praghsanna a chur i gcomparáid ar líne trí uirlisí comparáide praghsanna.

Nósanna imeachta gasta, simplí

Ní mór do chuideachtaí é a dhéanamh gasta (níos lú ná trí seachtaine) agus simplí duit athrú chuig do rogha cuideachta (soláthraí).

Tá ceart agat freisin ar dhea-chaighdeán seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ó do sholáthraí seirbhíse fuinnimh. Mar shampla, tig leat réiteach malartach aighnis a úsáid d'fhonn réiteach gasta, éifeachtach, lasmuigh den chúirt, a fháil.

Cosaint do chách

Ní mór do gach tír san AE a chinntiú go mbeidh ardchaighdeáin le tomhaltóirí a chosaint acu, go háirithe dóibh siúd ar mó a ngá. Go háirithe, ní mór dóibh bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhaibhreas fuinnimh pé áit ina n-aimseofar é. Ar shamplaí de na bearta sin, tá leasanna trí chórais slándála sóisialta le soláthar imleor leictreachais a chinntiú, nó tacú le feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh.